Is muidne an ghlúin chéanna a bhí faoi gheall ag an bPápa Eoin Pól II i 1979 ...

Máirín Ní Ghadhra 
Is muidne an ghlúin chéanna a bhí faoi gheall ag an bPápa Eoin Pól II i 1979 ...

Más fúithi teacht slán in Éirinn ní foláir don Eaglais Chaitliceach muinín a chothú sna daoine óga lena ndúirt an Pápa deireanach a thug cuairt ar an tír seo ‘I love you’, a deir Máirín Ní Ghadhra

‘Young people of Ireland, I love you!’ arsa an Pápa Eoin Pól 11 i mBaile an Bhriotaigh i bhFómhar na bliana 1979. Fuair sé na gártha molta agus áthais an lá sin ó na mílte a bhí i láthair.

Ocht mbliana d’aois a bhí mise ag an am agus cé gur beag tuiscint a d’fhéadfadh a bheith agam ar céard a bhí ag tarlú, thuig mé tábhacht na hócáide agus shuigh mé síos in éineacht leis an gcuid eile den teaghlach ag faire ar an ócáid.

Ag breathnú siar anois ar an Aifreann sin i mBaile an Bhriotaigh meabhraítear dom go ndearna an Eaglais faillí orainne, páistí na linne. Thuas ar an altóir an lá sin bhí Easpag na Gaillimhe Éamonn Casey agus an tAthair Michael Cleary ag iarraidh an slua a spreagadh. Beirt fhear ar tháinig sé chun solais fúthu sna blianta ina dhiaidh sin go raibh mná agus páistí acu. Mná agus páistí a shéan siad. Cé go raibh na geallúintí sollúnta a thug siad do Dhia sáraithe acu, lean siad den bhréag agus den chur i gcéill. Cén chaoi a meallfadh tú glúin nua eile le creideamh ina leithéid d’Eaglais?

Ó shin, ar ndóigh tá uafás na mí-úsáide a rinneadh ar pháistí i bparóistí agus i ndeoisí ar fud na tíre tagtha chun solais. Daoine amhail Mícheál Ledwith, Brendan Smith, Seán Fortune agus John McGee. Tá tuilleadh ainmneacha a d’fhéadfaí a lua agus ní sagairt ná cléir iad ar fad. Bhí na scórtha acu i gceist. Cuireann a gcuid coireanna uafás agus déistin orainn ar fad. Is muidne an ghlúin chéanna a bhí faoi gheall ag Eoin Pól 11 i 1979. Dá mhéid an t-uafás, ba chosúil gur mhó an drogall a bhí ar an Eaglais aghaidh a thabhairt air.

Scoileanna tionsclaíocha, ionaid níocháin Magdalene, páistí á gcur ar altramas go mídhleathach. Níl ansin ach shampla beag de na huafáis a bhí coitianta sa tír, le caoinchead an Stáit, go minic. Cuireadh go leor ceisteanna ach ar frítheadh na freagraí? Comhartha sóirt eile ar dhoicheall na hEaglaise aghaidh a thabhairt ar a cuid peacaí féin go raibh amhras dá laghad ann fiú go gcasfadh an Pápa Proinsias le daoine a ndearnadh mí-úsáid orthu.

Fearacht go leor conspóidí eile sa saol is mó a bhíonn an fhírinne ag teastáil ó dhaoine ná an cúiteamh. Nuair a chuirtear scéal i lámha na ndlíodóirí bíonn an chuma air gur lena dtreoir sin a éistear, seachas le hachainí na ndaoine a bhíonn ar thóir an chirt. Ba léir ó na tuarascálacha ar fad a rinneadh faoi mhí-úsáid sa tír seo gur mó imní a bhí faoi chlú na hEaglaise, clú na sagart agus na nEaspag agus sócmhainní na hEaglaise ná faoi phian na ndaoine a d’fhulaing.

Níl mise cinnte an dtuigeann lucht na hEaglaise sa tír seo go fóill gurb é an t-iontas go bhfuil aon duine de chlann na ndaoine ar dhearbhaigh Eoin Pól 11 a ghrá dóibh ag taobhú leo i gcónaí. Tá an oiread cloiste agus feicthe againn faoi bhrúidiúlacht agus cruálacht. Tá daoine go leor sa tír a bhfuil lorg na n-ionsaithe soiléir orthu go fóill agus níl a dóthain déanta ag an Eaglais Chaitliceach mar eagraíocht chumhachtach idirnáisiúnta leis an bhfulaingt sin a aithint.

Tá lochtanna go leor ar an Eaglais, ach, de réir an daonáirimh, deir tromlach de phobal na tíre seo i gcónaí gur Caitlicigh iad. Tá claonadh sa tromlach a bheith báúil le teagasc na hEaglaise Caitlicí, fiú mura gcloíonn siad 100% leis. Ach tá an pobal gonta, iad ligthe síos ag na fir agus na mná a bhí á dteagasc. Tá a muinín iontu scriosta. Tá deis anois ag an bPápa Proinsias cuid de sin a chúiteamh. B’fhéidir go mbeadh na dlíodóirí agus lucht an mhaorlathais sa Vatacáin ag moladh dó gan aon leithscéal mór a ghabháil ná aon ráiteas mór a dhéanamh, ach caithfidh sé muinín a chothú sna daoine óga ar dúradh ‘I love you’ leo i 1979 agus ar baineadh aimhleas as a ndílseacht.

Táthar éiginnte faoina bhfuil i ndán don Eaglais sa tír seo. Ganntanas sagart, laghdú ar an bhfreastal ar Aifrinn agus easpa muiníne orthu siúd a bhfuil na scéalta uafáis cloiste agus feicthe acu le blianta fada – sin iad comharthaí sóirt Eaglais an lae inniu.

Ré nua tar éis chuairt an Phápa Proinsias? Braithfidh go leor ar an mbealach a dtabharfar aghaidh ar an stair.

Máirín Ní Ghadhra 

Is iriseoir agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra. Tá na leabhair Taibhse an Dá Thaobh, Lámh Mharbh Abú!, scríofa aici, agus aistriúchán déanta aici ar An Cúigear Cróga (The Famous Five): A Lazy Afternoon, agus ar an sraith Dónall Dána (Horrid Henry).