Fáilte fhaichilleach roimh an bplean

Fáilte fhaichilleach roimh an bplean

Céim chun tosaigh atá i bplean nua an Rialtais don Ghaeilge ach tá go leor céimeanna eile le glacadh, a deir Dónall Ó Riagáin

Tá breis is ocht mbliana anois ann ó scríobh mé alt do Comhar (Iml. 70, Uimh 5 - Bealtaine 2010) faoin Straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Straitéis nó Sobal a thug mé air. Ní mó ná sásta a bhí daoine áirithe liom i ngeall ar a ndúirt mé san alt céanna. Cuireadh diúltachas agus soiniciúlacht i mo leith. Bheinn níos mó ná sásta dá gcruthófaí in imeacht aimsire gur ag lucht mo cháinte a bhí an ceart ach, faraor, ní hamhlaidh a thit amach. Ní léir dom gur tharla mórán breise, a thacódh leis an nGaeilge, a d’eascair as an Straitéis.

Ní mise amháin atá den tuairim seo. Ba spéis liom a léamh ar Tuairisc.ie ar 9 Lúnasa 2018 go raibh Pat Carey, iar-aire Gaeltachta mórán den tuairim chéanna. Agus é faoi agallamh ag Séamus Mac Donnchadha ar an gclár Gníomh na Polaitíochta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an t-iarTheachta Dála de chuid Fhianna Fáil go bhfuil ‘cás’ le déanamh gur chóir ‘cuid mhaith’ den straitéis a athscríobh. Dúirt Carey nach bhfuil ‘éinne’ sásta leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh maidir le spriocanna na Straitéise ó foilsíodh í. Ní raibh “aon rud cearr” leis na “prionsabail” inti, a dúirt sé, ach b’amhlaidh nach raibh na ranna stáit éagsúla ‘toilteanach’ dóthain tacaíochta ná áiseanna a chur ar fáil di.

Bhí áthas agus ábhairín iontais orm, más ea, nuair a foilsíodh Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022. Is mar chuid den Straitéis a foilsíodh an Plean. Foilseachán bisiúil atá anseo ina bhféachtar ar réimsí éagsúla inar chóir an Ghaeilge a chur chun cinn. Murab ionann is an Straitéis leagtar síos aidhmeanna nó spriocanna atá cinnte agus insroichte, ina ndeirtear cén foras stáit atá freagrach as a mbaint amach agus ina luaitear na hacmhainní riachtanacha. Tá naoi réimse ar leith clúdaithe ag an bPlean – Oideachas, An Ghaeltacht, An Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh, Riarachán, Seirbhísí agus Pobal, na Meáin agus an Teicneolaíocht, Foclóirí, Reachtaíocht agus Stádas, Saol Eacnamaíochta agus Tionscnaimh Leathana.

Aon duine againn a rinne staidéar riamh ar phleanáil tuigeann sé go bhfuil eilimintí riachtanacha in aon phlean inchreidte – spriocanna, acmhainní (daonna agus airgid), amchlár, córas monatóireachta, córas athbhreithnithe, tuairisciú etc.

Murab ionann is doiciméad na Straitéise féin, aithnítear na heilimintí riachtanacha seo san fhoilseachán nua seo.

Gaeltacht, ceantair nó pobail le Gaeilge

Tá cuid againn ag rá le fada go bhfuil sé thar am breathnú ar an nGaeltacht mar phobal na Gaeilge. Faraor, léirítear an seandearcadh gurb ionann ‘Gaeltacht’ agus na ceantair scáinte úd, go príomha ar imeallbhord an iarthair, atá aitheanta mar cheantair Ghaeltachta. Is rómhithid dúinn éirí as a bheith ag smaoineamh ar an nGaeltacht mar áit agus smaoineamh uirthi mar dhaoine i.e. pobal na Gaeilge.

Léiríonn daonáireamh 2016 go bhfuil 1,761,420 duine sa Stát a deir go bhfuil Gaeilge acu. Faraor, ní deir ach 73,803 díobh seo go labhraíonn siad an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Smaoinímis ar an nGaeltacht mar phobal na Gaeilge i.e. na daoine úd a úsáideann an Ghaeilge go laethúil (lasmuigh den chóras oideachais). Tá 73,803 duine a thiteann isteach sa chatagóir seo ach níl cónaí sa Ghaeltacht oifigiúil ach ar 20,586 (27.9%) díobh.

Is i líonraí, seachas i bpobail, a labhraíonn an chuid is mó de na húsáideoirí laethúla seo an Ghaeilge.

Cruthaíodh pobail bheaga, áfach, inar tháinig teaghlaigh le Gaeilge le chéile. Cruthaíodh an chéad cheann díobh seo i bhFionnbhrú i mBaile Átha Cliath i bhfichidí an chéid seo caite – Páirc na Gaeltachta. (Bhí alt den scoth faoin tionscadaI seo ag Aodh Ó Canainn i Comhar, Eanáir 1964 - Iml. 23, Uimh 1). I mBéal Feirste atá an ceann is mó agus is bisiúla ar Bhóthar Seoighe. Bunaíodh é i seascaidí an chéid seo caite agus áirítear go bhfuil os cionn 300 duine le Gaeilge ina gcónaí ann anois. Bunaíodh cinn níos lú i nGleann Maghair i gCorcaigh agus sa Nás i gCo. Chill Dara. Tá cónaí orm féin sa cheann sa Nás le nach mór dhá scór bliain – ceithre theach as a chéile inar tógadh cúig pháiste dhéag leis an nGaeilge mar theanga bhaile. (Féadaim a rá nach bhfuaireamar riamh aitheantas dá laghad ná an focal molta féin ó aon fhoras stáit ach ina ainneoin sin d’éirigh go breá leis an nglúin óg agus tá cuid díobh ag tógáil clainne le Gaeilge anois). Tá pobal nua á fhorbairt faoi láthair i gcontae Dhoire ag Carn Tóchair. Guímis gach rath orthusan atá taobh thiar de.

Tá ganntanas tithíochta ann faoi láthair agus tá obair thógála le feiceáil i gcuid mhór den tír. Cén fáth nach bhféadfaí teacht i dtír air seo agus iarraidh ar údaráis áitiúla agus ar fhorbróirí tithíochta líon beag tithe (6-10 dteach) as a chéile a chur i leataobh do theaghlaigh la bhfuil Gaeilge acu. Sa tslí seo d’fhéadfaí mionphobail Ghaeltachta a chruthú gan aon chostas breise. Chuirfidís leis an éileamh ar ghaelscolaíocht agus ar sheirbhísí eile trí Ghaeilge. Creidim gur chóir d’Fhoras na Gaeilge an tosaíocht a ghlacadh san obair seo.

Ní hamháin gurbh obair fhónta inti féin a bheadh inti seo ach thabharfadh sé misneach do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht oifigiúil.

Tá an chuid den Phlean a bhaineann leis an nGaeltacht oifigiúil lag agus bearnach in áiteanna ach caithfear a rá go dtugann sé aghaidh ar réimsí áirithe den saol ar deineadh neamart iontu cuid mhór go dtí seo. Tá a bhuíochas-san ag dul do dhaoine mar an Dr. Conchúr Ó Giollagáin a bhfuil druma na Gaeltachta á bhualadh acu le blianta fada.

Gaelscolaíocht

Is dócha gurbh é an borradh a tháinig faoi ghaelscolaíocht an rud ba bhisiúla a tharla i saol na Gaeilge le 30 bliain anuas. Tá 145 bunscoil lán-Ghaeilge anois ann sa stát, taobh amuigh den Ghaeltacht, maille le 125 scoil eile sa Ghaeltacht agus 35 eile fós i dTuaisceart Éireann. Maidir le hiar-bhunscolaíocht, tá oideachas lán-Ghaeilge le fáil i 44 scoil sa ‘Ghalltacht’, maille le 22 ceann eile sa Ghaeltacht agus sé cinn eile i dTuaisceart Éireann.

Ba dhóigh le duine, más ea, go mbeadh spriocanna uaillmhianacha á leagan síos sa Phlean. Ach níl: tá na moltaí i bhfad Éireann ró-theibí agus neamhchinnte. Ba chóir go mbeadh sé mar aidhm ag an Stát an rogha idir oideachas trí Ghaeilge nó oideachas
trí Bhéarla a bheith ag gach páiste sa
tír. Agus d’fhéadfaí é sin a bhaint
amach réasúnta éasca ach cur chuige
ar bonn pleanáilte.

Tá ganntanas de mhúinteoirí oilte le Gaeilge líofa ann. Le roinnt laethanta anuas léigh mé go raibh trí iarbhunscoil i gceantair Ghaeltachta – ar Thoraigh, ar Inis Oírr agus ar Inis Meáin chun roinnt ábhar a mhúineadh trí Bhéarla le linn na scoilbhliana seo chugainn toisc gur theip orthu múinteoirí le Gaeilge a aimsiú. Ábhar scannail agus léiriú ar easpa pleanála é seo. Tá an plean nua ró-éiginnte faoin bhfadhb seo. Thairis sin, tá gá le coláiste oiliúna a chuirfeadh sainoiliúint ar ábhar bunmhúinteoirí ar mhaith leo dul ag múineadh i ngaelscoileanna.

Foclóireacht

Tá a bhfuil luaite sa roinn ar fhoclóireacht agus ar théarmaíocht le moladh. Ach tá bearnaí suntasacha inti chomh maith. Maidir le foclóireacht sa phlean seo cheapfá nach raibh ach dhá theanga ar domhan – an Ghaeilge is an Béarla. Níl aon fhoclóir Gaeilge-Fraincis ar fáil. Foilsíodh Foclóir Gaedhilge agus Fraincise Risteáird de Hae i 1952! Tá sé as cló le blianta. Sa ré iarBhreatimeachta atá chugainn beidh cumarsáid le tíortha na mór-roinne níos tábhachtaí ná riamh. Ba chóir díriú mar thosaíocht sna blianta beaga atá romhainn amach ar fhoclóirí Gaeilge don Fhraincis is don Ghearmáinis a chur ar fáil.

Ceist eile a seachnaíodh ná EUROVOC, teasáras ilteangach an AE. Tá EUROVOC ar fáil i 23 teanga na mballstát (ach amháin an Ghaeilge), móide trí theanga na dtíortha atá ag iarraidh dul isteach san Aontas i.e. an Mhacadóinis, an tSeirbis agus an Albáinis. Is í an Ghaeilge an eisceacht thar theangacha eile an Aontais. Cén fáth? Nach teanga oifigiúil í an Ghaeilge anois? An bhfuil aon phlean ann chun an bhearna seo a líonadh? Cúram é seo a fhéadfaí a leagan ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ach na hacmhainní riachtanacha a chur ar fáil don choláiste.

Peirspictíocht Eorpach

Níl focal ráite ach oiread faoin gCairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Ionstraim idirnáisiúnta dlí í an Chairt atá sínithe ag 33 stát Eorpach agus atá daingnithe ag 25 tír díobh seo. Níl Éire ina measc. Tugadh mar mhíniú ar dhearcadh an Rialtais gur teanga oifigiúil í an Ghaeilge ach tá sé ráite go sonrach sa Chairt gur féidir an Chairt a shíniú is a dhaingniú i leith ‘gach teanga réigiúnach nó mionlaigh, nó teanga oifigiúil nach n-úsáidtear chomh forleathan ar a chríoch ar fad. Cur síos an-chruinn ar an nGaeilge! Spéisiúil go leor bhain an Eilvéis leas as an gclásal seo chun an Iodáilis (i Ticino) agus Rhaeto-Rómainis a chlúdach. Sa tslí chéanna, d’úsáid an Fhionlainn é chun an tSualainnis a thabhairt faoi fhorálacha na Cairte. An é go bhfuil drogall ar Rialtas na hÉireann ligean do Chomhairle na hEorpa monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú a pholasaí Gaeilge?

Tuairisciú

Ní bheadh sé inghlactha go mbeadh tost ceithre bliana ann faoi fheidhmiú an phlean seo. Tá gá le tuairisciú rialta ar bhonn bliantúil – cad a rinneadh, cad a baineadh amach, cérbh iad na rudaí nár baineadh amach agus cén fáth. Níl aon ghá le tuarascáil chostasach, ildaite, chlóite. Ba leor tuarascáil ar an idirlíon ach í a bheith cuimsitheach agus macánta.

Céim chun cinn é an plean seo. Fáiltímis roimhe ach tá go leor céimeanna eile le glacadh.