Neart gan réiteach…

Breandán Delap
Neart gan réiteach…

rollingnews.ie

Amharcann Breandán Delap ar a bhfuil i bpáipéir an stáit ó thríocha bliain ó shin faoi chúrsaí Gaeilge sa Tuaisceart… 

Cuireadh tús thar a bheith fuilteach leis an bhliain 1988 i dTuaisceart Éireann nuair a mharaigh an SAS triúr ball den IRA i nGiobráltar i mí an Mhárta. Chuir an eachtra sin tús le sraith imeachtaí a bhain croitheadh as pobal na hÉireann. D’ionsaigh ball den UDA, Michael Stone, an slua ag tórramh an triúir i Reilig Bhaile an Mhuilinn; maraíodh triúr agus gortaíodh trí scór duine. Trí lá ina dhiaidh sin, nuair a bhí na mairbh ó shléacht na reilige á gcur, thiomáin beirt saighdiúirí Breataineacha isteach sa slua agus maraíodh go brúidiúil iad gar do Pháirc Mhic Easmuinn. Bhí droch-chaidreamh idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine mar thoradh ar na heachtraí seo agus na líomhaintí a bhí déanta ag iar-leas-Phríomhchonstálba Mhanchain, John Stalker, agus ar mharú Aidan McAnespie agus é ag trasnú na teorann in Achadh na Cloiche. Cén t-iontas mar sin gurbh í 1988 an bhliain ba lú a pléadh cúrsaí teanga sna struchtúir thaidhleoireachta éagsúla ó síníodh an Comhaontú Angla-Éireannach i 1985. Mar sin fhéin, bhí neart ábhar gan réiteach.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Breandán Delap

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4 agus údar é Breandán Delap.