Sé ní faoin Ghaeilge a d’fhoghlaim muid ó cháipéisí stáit 1988 ...
Déanann Breandán Delap cur síos ar chuid de na scéalta a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta atá le léamh ó cháipéisí an stáit atá scaoilte faoin Riail 30 Bliain
Dhiúltaigh an Taoiseach, Garret Fitzgerald, scun scan d’iarratas ó Chonradh na Gaeilge go reáchtálfaí fiosrúchán poiblí 30 bliain ó shin chun staid na Gaeilge agus na Gaeltachta a scrúdú. Mhol Rúnaí Príobháideach an Taoisigh, don Dr Fitzgerald an chluas bhodhar a thabhairt d’achainí an Chonartha ar chúpla cúis. Ar an chéad dul síos dúradh go mbeadh a leithéid d’fhiosrúchán poiblí ag teacht salach ar an obair a bhí ar bun ag an Chomhchoiste Oireachtais don Ghaeilge. San áireamh i dtéarmaí tagartha an Chomhchoiste bhí athbhreithniú a fhoilsiú agus moltaí a dhéanamh maidir le cur chun cinn na Gaeilge go ginearálta. Dúradh fosta go raibh Bord na Gaeilge i mbun oibre ar a phlean gníomhaíochta eile don Ghaeilge agus go mbeadh sé sin foilsithe go luath ina dhiaidh sin. Scríobh Rúnaí Príobháideach an Taoisigh chuig an gConradh i 1986 ag rá leis gur chreid an Taoiseach nach mbeadh sé cuí fiosrúchán poiblí a thionscnamh go dtí go mbeadh deis aige moltaí an Chomhchoiste agus Bhord na Gaeilge a scrúdú.
Fonn léitheoireachta ort?
Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.
Tá síntiús agam!
Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.
Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.
Sínigh isteachBa mhaith liom síntiús a fháil
Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!
Ceannaigh síntiús