TEACH AN GHEAFTA

Léirmheas le Pádraig Ó Siadhail

TEACH AN GHEAFTA

CATHAL Ó SEARCAIGH

LEABHAR BREAC, 2018, 241 LCH, CRUA, €18

Bliain nótáilte eachtrach ba ea an bhliain 2018 d’úrscéalaíocht na Gaeilge. B’ann do na buaicphointí. Foilsíodh Úrscéalta na Gaeilge, bailiúchán aistí a bhí curtha in eagar ag Ronan Doherty, Brian Ó Conchubhair is Philip O’Leary. Ábhar lúcháire nach raibh coinne ag pobal léitheoireachta na Gaeilge leis ba ea Sliocht ar Thír na Scáth, an chéad úrscéal le Breandán Ó Doibhlin le dhá scór bliain anuas. Thabhaigh an mórghradam don aistriúchán Seicise le Radvan Markus a thuilleadh aitheantais idirnáisiúnta do Cré na Cille is don Chadhnach. Agus seoladh Lámh, Lámh Eile, úrscéal nua le hAlan Titley, le déanaí.

Buaileadh buillí móra uirthi fosta. Cailleadh Liam Ó Muirthile, fear a raibh úrscéalta breátha curtha de aige. D’eisigh Cois Life a fhógra scoir inar dhearbhaigh siad “go bhfuil an scíthléitheoireacht sa Ghaeilge dulta ar gcúl go tubaisteach agus nach bhfuil téarnamh i ndán di.” Agus thug Éilís Ní Dhuibhne, duine de na húrscéalaithe mná is bisiúla i nGaeilge, le fios ina cuimhní cinn, Twelve Thousand Days (2018), gur éirigh sí as ficsean a scríobh i ndiaidh bhás a céile, Bo Almqvist: “My interest in writing fiction vanished completely …,” a deir sí (201). Is cinneadh é sin a ndéanfaidh sí athbhreithniú air, tá súil agam.

Cheapfá go mbeadh foilsiú Teach an Gheafta, an chéad úrscéal fada le Cathal Ó Searcaigh, ar na buaicphointí thuas. Is file aitheanta é Ó Searcaigh atá cleachta ar an Ghaeilge a aclú go healaíonta is a thuigeann an éifeacht le réimeanna teanga is le códmheascadh le pearsana éagsúla a dhealú óna chéile nó le pointe a chur abhaile orainn. Is scríbhneoir oilte é a bhfuil taithí na mblianta aige ar an phrós fosta, idir dhrámaí is shaothar taistil, gan trácht ar a noibhille, Pianó Mhín na bPréachán (2011). Mar sin, tá na dintiúir ag Cathal Ó Searcaigh le húrscéal den scoth a scríobh.

Is leabhar dea-scríofa soléite tarraingteach tathagach é Teach an Gheafta. Is fiú go mór é a léamh. Tá a phlota neamhchasta go leor. Mac léinn ollscoile ó Bhaile Átha Cliath is ábhar file is ea Mánas Ó Dónaill, ógfhear 20 bliain d’aois. Tar éis bhriseadh 10 mbliana, filleann sé ar Theach an Gheafta, faoi scáth na hEaragaile i nGaeltacht Thír Chonaill, teach ina gcaitheadh sé a laethanta saoire lena sheanmháthair. Faoi thús a chuairte, tá Mánas corraithe tharla go bhfuil a leannán, Bashir, ógfhear Arabach ó Mharacó, san ospidéal ina thír dhúchais agus támhnéal air de dheasca timpiste gluaisrothair. Agus gan a fhios ag Mánas an mbeidh Bashir ar a sheanléim choíche, teach téarnaimh is ea Teach an Gheafta do Mhánas. Ní fada ar ais i nDún na nGall é, áfach, go mbíonn Mánas sáite i gcúrsaí an tsaoil ansin, aithne á cur aige ar mhuintir na háite agus, in ainneoin Bashir, dúil chollaí aige in Éamonn, ógfhear Conallach.

Scéal Mhánais atá ann, mar sin. Ach tá dhá chuid de: a chairdeas le Bashir roimh theacht go Tír Chonaill dó; agus an samhradh a chaitheann sé ina chónaí ina aonar i dTeach an Gheafta. Ar an drochuair, ní thugann an t-údar an dá chuid le chéile go slachtmhar. Ar ndóigh, ní pearsa ghníomhach san aicsean é Bashir don chuid is mó den úrscéal, agus é sínte ar shlat a dhroma i leaba agus é gan aithne gan urlabhra. Cuir i gcás, níl deis againn an tArabach Moslamach Maracach sin a fheiceáil i dTir Chonaill agus é ar shiúl óna chultúr is a chúlra féin (gné aisteach den úrscéal sa ré iar-9/11 seo is ea díth tagairtí do mhórchoimhlintí domhanda polaitiúla is reiligiúnacha ár linne). Ach is é struchtúr an leabhair is mó a mhartraíonn sruth inste an úrscéil. Baineann Caibidlí 1-3 leis an tréimhse luath tar éis do Mhánas cur faoi i dTeach an Gheafta. Ach i gCaibidil 4, caibidil atá iontach fada (65-107), cuirtear síos ar an dóigh gur casadh Bashir ar Mhánas i Maracó agus ar an tslí inar fhás a gcumann, idir chorp is anam, taobh istigh d’aon seachtain fhada the amháin. Fad na slí, tugtar mionchuntas lom ar bhabhtaí collaíochta na leannán cé nach bhfuil a dhath ann nár léamar fiche bliain ó shin in Sna Fir le Micheál Ó Conghaile. Is mór an logha don bheirt ógfhear an nua-theicneolaíocht le bheith i dteagmháil lena chéile go laethúil agus Mánas ar ais ar an ollscoil in Éirinn sula dtagann an droch-scéala faoi thimpiste Bashir aniar aduaidh ar Mhánas. Ó Chaibidil 5 ar aghaidh, leanaimid scéal is eachtraí Mhánais i dTir Chonaill go dtéann sé abhaile go Baile Átha Cliath san Fhómhar ag deireadh Chaibidil 10.

Tá cur síos Uí Shearcaigh ar Mharacó agus ar chumann na leannán i gCaibidil 4 cumasach go leor. Ach in ionad a scéal a chur inár láthair in aon chnap amháin, b’éifeachtaí go mór, dar liom, dá ndéanfaí an cuntas sin a roinnt ina míreanna agus iad siúd a fhí isteach ar a seal tríd an úrscéal. Choimeádfadh cur chuige mar sin muid ag cuimhneamh ar Bashir bocht na bhfeadán oscaigine. Faoi mar atá sé sa leabhar, is ar éigean a luaitear Bashir — is ar éigean a smaoiníonn Mánas air fiú amháin — i ndiaidh Chaibidil 4 go bhfaigheann Mánas an dea-scéala ag deireadh an úrscéil go bhfuil a ghrá geal ag teacht chuige féin arís is nach fada go bhfeicfidh siad a chéile i Maracó.

Is go ciúin a thosaíonn seal Mhánais i dTeach an Gheafta. Cuireann sé caoi ar an gharraí, leanann dá phromhadh filíochta, is buaileann le beirt, Micí, seanfhear, is a gharmhac, Dinny nó ‘An Gasúr,’ mar a thugtar air, a réitíonn an tslí don chuairteoir sa phobal. Gné amháin dá chaidreamh le Micí is ea an deis atá ag Mánas, fear a tógadh le Gaeilge sa phríomhchathair is atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge mar ábhar céime, saibhreas teanga atá ag an tseanghlúin a shealbhú, saibhreas ‘nach raibh le fáil aige i rang breac-Ghaeilge na hollscoile’ (112). Ach níl an Ghaeltacht glan ar fhadhbanna nó scoite ón saol mór amuigh. De réir mar a chuireann Mánas aithne ar an phobal óg go háirithe — agus ceann de bhuanna an úrscéil is ea an scaifte pearsan inchreidte ann — feiceann sé go bhfuil fáil éasca acu ar dhrugaí agus —
le filleadh ar cheisteanna teanga — gur teanga hibride is mó, idir chomhréir is fhoclóir, a labhraíonn aos óg na Gaeltachta, nuair a labhraíonn siad Gaeilge ar chor ar bith. Bhainfeadh sé deora as pleanálaí teanga de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ach fáisceann Ó Searcaigh greann nach beag as na suíomhanna sin. Lena chois sin, de réir cheart an Bildungsroman, foghlaimíonn Mánas go leor faoina phearsantacht is faoina charachtar féin. Tá cairde úra aige ach ceacht pianmhar amháin is ea é gan a bhfeiceann sé a chreidbheáil, i dtaca le hÉamonn de go háirithe. Ach faoina dheireadh, caithfidh mé a admháil, tá plota an úrscéil ag sleamhnú is ag sciorradh go díoscánach i dtreo an mhéaldráma.

Diomaite de struchtúr an úrscéil, b’ábhar buartha dom dhá ghné eile den leabhar mar shaothar liteartha. An chéad cheann ná an stíl reacaireachta. Is gnách leis an údar cloí leis an chlaoninsint in ionad na pearsana a chur i mbun cainte le chéile. Dá dheasca sin, ceiltear deis mhór orainn aithne a chur ar na pearsana. Is é an feall é mar tá tréan samplaí againn tríd an úrscéal a thaispeánann go bhfuil Ó Searcaigh in ann comhrá beoga a chumadh is a chur i mbéal na bpearsan. An dara gné ná Mánas féin. Is ógfhear é ach tá ceann críonna air, ceann atá róchríonna ró-aibí dá aois, dar liom. Níl anseo ach sampla beag amháin. Tar éis do Gharda a áiteamh go bhfuil tromlach phobal na Gaeltachta sásta a gcuid gnótha oifigiúla a dhéanamh i mBéarla ach amháin “when it’s to their legal advantage to use Irish as a loophole”, “Bhí Mánas ag smaointiú gurb iad na leithscéil údarásacha sin agus iarrachtaí bacacha rialtais, a raibh tarraingt na gcos riamh ina gcuid polasaithe Gaeilge, i dteannta le heaspa muiníne an phobail lena gcearta teanga a éileamh, a ba chúis le cúlú na Gaeilge sa Ghaeltacht” (165). Cé atá ag caint anseo? An é Mánas é nó an é an t-údar é? A thiarcais, tá líne leis an Ríordánach de ghlanmheabhair ag Mánas, fochéimí ollscoile! (23).

Agus ós rud é go bhfuilimid ag caint ar an fhilíocht … Mar mhaisiú ar an leabhar tá sraith dánta ag a chúl — fómhar Mhánais, de réir dealraimh, tar éis a shéasúir i dTír Chonaill, ar nós na ndánta do Lara a chuirtear i leith Zhivago ag deireadh Doctor Zhivago le Boris Pasternak. Níl mé sách oilte ar an fhilíocht le rá ar éirigh níb fhearr le hiarrachtaí Chathail Uí Shearcaigh taithí saoil, mothúcháin shuaite is aigne Mhánais a léiriú tríd an fhilíocht ná san úrscéal. Bíodh sin mar atá, ní miste tarraingt ar líne amháin san úrscéal: “Ach níl sé furast dán maith a chumadh agus chan i bhfad gur thuig Mánas é sin” (118). In ainneoin dhícheall Uí Shearcaigh, a mhórbhuanna mar fhile, agus codanna áirithe dá úrscéal a bheith go breá láidir, cruthaíonn Teach an Gheafta nach bhfuil sé furas úrscéal maith a chumadh ach oiread.