Ar Luch agus ar Dhuine

Ar Luch agus ar Dhuine

Cúis áthas dúinn sliocht a fhoilsiú as aistriúchán nua le Colmcille Ó Monacháin ar Of Mice and Men le John Steinbeck

Príomhcharachtair an scéil, George agus Lennie — beirt spailpíní i gCalafóirne i dtríochaidí an chéid seo caite — fuair siad jab ar rainse agus bhí siad le tosú an mhaidin áirithe seo. Ach níor bhain siad an rainse amach go dtí go raibh páirt mhór den mhaidin caite.

II

Foirgneamh fada dronuilleogach a bhí sa bhotaí. Bhí na ballaí aoldaite ar an taobh istigh de, agus an t-urlár gan phéinteáil. Bhí fuinneoga beaga cearnógacha i dtrí cinn de na ballaí, agus sa bhalla eile bhí doras daingean a raibh laiste adhmaid air. De chois na mballaí bhí ocht gcinn de leapacha bunc, cúig cinn acu fá phlaincéid, cóirithe, agus na trí cinn eile lom fána n-éadach tochta heiseáin. Os cionn gach aon bhunc bhí sean-úllchráta tairneáilte den bhalla, a bhéal amach sa dóigh go ndearna sé dhá sheilf ar a gcoinníodh an fear ar leis an bunc a chuid cleathainsí. Agus bhí na seilfeanna sin lán mionáirgí agus giuirléidí — sópa, púdar talcaim agus rásúir, agus na hirisí Buachaillí Bó sin ar breá le fir rainse bheith á léamh agus ag magadh fúthu ach a bhfuil an-chreideamh acu iontu, faoi rún. Bhí cógais ar na seilfeanna, agus fiala agus cíora; agus corrcharbhat crochta ar thairní ar thaobh cuid de na bocsaí. Le taobh balla amháin bhí sornóg iarainn theilgthe dhubh, agus píopa an tsimléara ag síneadh díreach in airde aisti agus amach fríd an tsíleáil. Agus i gcroílár an tseomra bhí tábla mór cearnógach a raibh cártaí imeartha scaipthe ar a fhud, agus bocsaí thart fá dtaobh de a suíodh an lucht imeartha orthu.

I dtrátha a deich a chlog ar maidin chaith an ghrian ga solais fríd cheann de na fuinneoga a bhí ar bhalla fhada an bhotaí; rinne an solas léas geal stúir, agus bhí na cuileoga mar a bheadh caortha beaga tine ann ag scinneadh anonn is anall fríd an tsolas.

Baineadh an laiste. Ina sheasamh sa doras bhí seanfhear ard cromshlinneánach, é cóirithe in éadaí deinime agus scuab urláir leis ina lámh. Ina sheasamh taobh thiar den tsean-duine bhí George, agus taobh thiar de George bhí Lennie.

‘Bhí an bas ag dréim le bhur dteacht aréir,’ arsa an seanfhear. ‘Bhí sé míshásta i gceart nuair nach raibh sibh anseo le a ghabháil amach ar maidin.’

Dhírigh sé a sciathán deas ar bheirt de na leapacha a bhí ar bhalla na sornóige; ní lámh a tháinig as faoin mhuinchille ach stumpa de chaol láimhe a bhí chomh cruinn le murlán bata siúil.

‘Thig libh na leapacha adaí thall a bheith agaibh,’ ar seisean, agus é ag díriú méire ar dhá bhunc a bhí in aice na sornóige.

Chuaigh George anonn agus chaith sé a chornán plaincéad ar an tsac cocháin a bhí ag déanamh gnó tochta. D’amharc sé isteach ar a sheilf bhocsa; agus thóg sé ina lámh canna beag buí a bhí ar an tseilf.

‘Huth! Caidé faoi Dhia anuas atá ann seo?’

‘Níl a fhios agam,’ arsa an seanfhear.

‘Is é rud a deir sé: “Maróidh seo míola, dreancaidí agus ciapairí de gach sórt.” Caidé an cineál leapa atá tú a thabhairt dúinn ar chor ar bith, in ainm Dé? Níl muidinne ag iarraidh dearnaidí ar bith.’

Tharraing an sean-splaisire* chuige a scuab, chuir idir a ascaill agus a sciathán í, agus shín amach a lámh gur ghlac an canna. Bhreathnaigh sé an lipéad go staidéartha.

‘An bhfuil a fhios agat caidé,’ ar seisean sa deireadh, ‘an fear deireanach a raibh an leabaidh sin aige, gabha a bhí ann ... duine iontach deas agus duine comh glan agus a chasfaí ort. Go fiú nach níodh sé a lámha i ndiaidh a chodach.’

‘Agus más fíor sin, caidé mar a tharla na comrádaíonnaí leapa aige?’

Bhí an fhearg ag líonadh agus ag téamh in George. D’fhág Lennie a bhunal ar an bhunc eile de dheas dóibh agus shuigh ar an bhunc. Bhí sé ag coimhéad ar George, agus a bhéal oscailte aige.

‘Inseochaidh mé duit,’ arsa an sean-splaisire. ‘An gabha seo — Whitey a bheireadh siad air — ba é an cineál duine é a chroithfeadh thart an stuif sin san áit nach mbeadh míola ar bith — go díreach ar eagla na heagla, an bhfuil a fhios agat an dóigh? An bhfuil a fhios agat caidé ba ghnách leis a dhéanamh? Ag am dinnéara bhaineadh sé an craiceann de na préataí bruite, agus phiocadh sé amach achan uile spota astu — súil nó smál nó a dhath eile dá mbeadh ann — phiocadh, sula n-itheadh sé iad. Agus dá bhfeicfeadh sé balscóid dhearg ar ubh, scríobfadh sé díthe í. Sin an rud a thug air imeacht sa deireadh — bhí sé míshásta den bhia. Sin an seort diúlaigh a bhí ann — boc glan. Ba ghnách leis é féin a chóiriú suas achan Domhnach, fiú nuair nach gcorraíodh sé amach ar chor ar bith — sea, chuireadh sé air carbhat agus deireadh, agus ansin shuíodh sé anseo sa bhotaí.’

‘Níl a fhios agam, muise,’ arsa George go hamhrasach. ‘Caidé seo a dúirt tú a thug air imeacht?’

Chuir an seanfhear an canna buí ina phóca agus chuimil sé an coinleach liath féasóige a bhí air le hailt a dhoirn.

‘Bhail ... go díreach ... lá amháin bhuail an nóisean é agus d’imigh sé ... tá a fhios agaibh féin an dóigh a ndéanfaidh fear sin. Dúirt sé féin gurbh é an bia a thug air a dhéanamh. Ba mhian leis a bheith ag bogadh leis, go díreach. Sin a raibh de. Cha dtug sé siocair ar bith eile leis ach an bia. “Tabhair domh mo scór,” a deir sé oíche amháin, mar a déarfadh fear ar bith é.

Thóg George an tocht agus d’amharc isteach faoi. Chrom sé agus scrúdaigh sé an sacéadach go cúramach. D’éirigh Lennie ina sheasamh agus rinne sé féin mar an gcéanna lena leaba féin. Bhí an chuma ar George go raibh sé sásta. Scaoil sé amach a bhunal agus chuir sé a chuid giuirléidí ar an tseilf — rásúr, barra sópa, cíor, buidéilín piollaí, agus a chuid ungtha, agus braisléad leathair. Ansin chóirigh sé a leaba go néata fá phlaincéid.

Arsa an seanfhear:

‘Morm go mbeidh an bas amach chugaibh i gceann bomaite. Bhí sé meallta i gceart nuair nach bhfuair sé roimhe anseo ar maidin sibh. Tháinig sé isteach agus sinn ag déanamh ár mbricfeasta. ‘C’áit faoi Dhia a bhfuil na fir úra sin?” a d’fhiafraigh sé. Áí, agus thug sé aghaidh a chraois ar ghiolla an stábla.’

Bhí George i ndiaidh clupaid a réiteach as an éadach leapa, lena bhos. Shuigh sé síos.

‘Thug sé aghaidh a chraois ar ghiolla an stábla, an dtug?’

‘Thug, muise. An dtuigeann tú, nigear atá i ngiolla an stábla,’ arsa an seanfhear.

‘Nigear, ab ea?’

‘Sea. Diúlach deas atá ann. Tá cam ina dhroim ón uair a fuair sé cic ó bheathach. Bheir an bas droch-am dó am ar bith a dtig fearg air. Ach dheamhan a miste le giolla an stábla fá sin. Léigheann sé cuid mhór. Tá leabharthaí ina sheomra aige.’

‘Cén seort duine an bas?’ a d’fhiafraigh George.

‘Duine maith go leor atá ann leoga. Thig cuil chonfach air corruair, ach duine lách go leor atá ann. An bhfuil a fhios agat caidé a rinne sé? An Nollaig seo a chuaigh thart tháinig sé isteach anseo agus galún uisce bheatha leis. “Ólaigí bhur sáith, a bhuachaillí,” a deir sé, “chan achan lá a bíos an Nollaig ann.”’

‘Á! Cha dtearn! Lán galúin?’

‘’Mise i mbannaí go dtearn. Lán galúin. Cha chreidfeá an chraic a bhí againn. Lig siad don nigear a theacht isteach an oíche sin. Chuir feannadóir* beag arbh ainm dó Smithy, chuir sé troid ar an nigear. Thug sé dreas maith dó, muise, thug. Cha ligfeadh na fir dó a chosa a úsáid an dtuigeann tú, agus m’anam go bhfuair an nigear an bhuaidh air. Is é rud a dúirt Smithy go mairbhfeadh sé an nigear dá mbeadh cead aige a chosa a úsáid. Bhí na fir ag déanamh nach mbeadh sé cothrom aige a chosa a úsáid as siocair go bhfuil droim creapalta ar an nigear.’

Thost sé ansin, óir ba deas leis bheith ag cuimhneamh siar ar an oíche úd.

‘Chuaigh na fir isteach go Soledad ina dhiaidh sin agus damnú go raibh oíche rua acu. Cha dteachaigh mé féin isteach. Níl an spionnadh ionam faoina choinne níos mó.’

Faoin am seo bhí a leaba cóirithe ag Lennie. Baineadh an laiste adhmaid arís agus osclaíodh isteach an doras. Bhí bollatach fir ina sheasamh sa doras oscailte. Bhí bríste deinime air, léine fhlainnín, casóg veiste dhubh a bhí caite ar oscailt, agus cóta dubh. Beilt fá bhúcla chearnógach cruach fána choim, agus a dhá ordóg sáite taobh istigh den bheilt aige, ar dhá thaobh an bhúcla. Hata Stetson smolchaite donn air agus péire de bhuataisí sál ard fá spoir, agus an chuma air gur mhian leis a fhios a bheith ag cách go raibh sé céim os cionn an ghnáthoibrí fir.

D’amharc an sean-splaisire go gasta air, agus chuaigh ag lapadán anonn ionsair agus é ag cuimilt a fhéasóige le hailt
na méar.

‘Tá na fir sin i ndiaidh leaindeáil,’ ar seisean leis, agus chuaigh sé de tharraingt na gcos thart leis an tsaoiste agus amach ar an doras.

Thug an saoiste cúpla coiscéim isteach sa tseomra, de choiscéimeanna gairide gasta an fhir a bhfuil barraíocht feola fá na másaí air.

‘Chuir mé litir toigh Mhurray agus Ready ag iarraidh beirt fhear faoi choinne toiseacht maidin inniu. An bhfuil bhur gcuid cárdaí oibre agaibh?’

*splaisire: swamper sa Bhéarla, fear a raibh sé de chúram air na botaithe, teach an bhia agus teach an níocháin a choinneáil glan, na soithí a ní, srl.

*feannadóir: gíománach (tiománaí) capall nó miúileanna. Ar ndóigh, an té a mbeadh an cheird go maith aige, is dóigh gurbh fhurasta dó stiall den chraiceann a bhaint d’ainmhí le buille den lasc — ‘an feannadh’.

- Tá Ar Luch agus Ar Dhuine foilsithe ag Leabhar Breac

Is aistritheoir é Colmcille Ó Monacháin