Níl anseo ach tús …

Níl anseo ach tús …

An picéad taobh amuigh de Theach Furbo, ar an 18 Márta 1969, nuair a bhí an clár Quicksilver á thaifeadadh. [Le caoinchead an Churadh Connachtach]

Caoga bliain ó bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gConamara, sa chéad alt de dhá cheann déanann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an gcaoi ar bunaíodh an Ghluaiseacht

Bealtaine 1969, ar an gclúdach den iris Comhar, liostáladh aidhmeanna Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta, eagraíocht radacach nuabhunaithe a bhí difriúil ó chuile eagraíocht a bunaíodh sa Ghaeltacht riamh roimhe sin.

Bhí an eagraíocht nua faoi cheannas glúin óg sa Ghaeltacht a bhí míshásta leis an mbealach a raibh an státchóras ag caitheamh leis an bpobal. Picéid, agóidíocht agus action direct na modhanna oibre a bhí ag an eagraíocht nua. Ar ndóigh, ag deireadh na seascaidí bhí an agóidíocht fairsing agus faiseanta i measc daoine óga radacacha ar fud an domhain agus iad ag tabhairt dúshlán na n-údarás sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin, i bPáras, i bPrág, agus in Éirinn. Bhí daoine óga le feiceáil ag máirseáil is ag agóidíocht go minic ar nuacht Theilifís Éireann, mar a tugadh ar chainéal teilifíse RTÉ ag an am: ag máirseáil in aghaidh an chogaidh i Vítneam, ar son cearta sibhialta sna Stáit Aontaithe agus, níos gaire don bhaile, i dTuaisceart Éireann. Bhí muintir Acla dúisithe agus Cearta Sibhialta Acla i mbun oibre le cúpla mí. Bhí an chuma ar an scéal go raibh an ghlúin óg ag éirí amach i mórán gach tír in iarthar an domhain.

I nGaeltacht Chonamara bhí glúin óg tagtha in inmhe a raibh oideachas maith orthu agus a bhí ag fanacht sa mbaile seachas dul ar imirce. Ach má bhíodar le fanacht theastaigh caighdeán maireachtála níos fearr uathu: uisce reatha sna tithe, mar shampla, agus bóithre nach scriosfadh a gcuid carranna. Bhí cuid mhaith dá gcomhaoisigh imithe ar imirce. Fianna Fáil a bhí i réim i nGaeltacht Chonamara agus struchtúr maith acu: cumann i ngach leathpharóiste agus an páirtí cinnte de 75% de na vótaí sa gceantar. Anseo is ansiúd bhí pócaí tacaíochta traidisiúnta ag Fine Gael ach gan mórán eagair ar an bpáirtí ar an talamh le hais Fianna Fáil. Dá mbeadh bóthar le deisiú, nó céibh le déanamh, nó scéim uisce le ceadú nó cead pleanála le hiarraidh is ag cruinniú den chumann áitiúil d’Fhianna Fáil a dhéantaí an cheist a tharraingt aníos leis an gComhairleoir Contae nó leis an Teachta Dála áitiúil. Mar a dúirt Deasún Fennell, bhí mórán an ról céanna ag Fianna Fáil i gConamara is a bhí ag an bPáirtí Cumannach sa Rúis. Má bhí tú istigh leo bhí sé le tuiscint go raibh fabhar áirithe le fáil agus tú ag déileáil leis na húdaráis éagsúla.

Ach bhí daoine óga tagtha in inmhe a bhí sásta dúshlán á thabhairt do cheannas Fianna Fáil sa gceantar agus iad ag ceistiú cén fáth a raibh an ceantar fágtha cheal seirbhísí bunúsacha, ar nós uisce reatha agus fiú amháin leictreachas, in ainneoin dílseacht an cheantair don pháirtí a bhí i gcumhacht an chuid is mó den am ó 1932 i leith.

Ba é bunú coiste pobail i 1966 i gCois Fharraige, Cumann Forbartha Chois Fharraige, an chéad dúshlán a tugadh don chóras mar a bhí. I gceantar Chois Fharraige, taobh thiar den Spidéal, ní raibh aon uisce reatha sna tithe ag an am. Níos faide siar i gCarna, áit a raibh Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil ina chónaí ach nach raibh aon dochtúir ann, bunaíodh Coiste Pobail tús na bliana 1969. Bhí na coistí pobail in ann brú díreach a chur ar an státchóras, neamhspleách ar Fhianna Fáil.

Peadar Mac an Iomaire ar ‘Fish-In’ a d’eagraigh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ar Abhainn Chasla, Luan Cásca 1969, go gairid tar éis bhunú na heagraíochta. Bhí Peadar ina chéad Chathaoirleach ar an ngluaiseacht. [Le buíochas do Mhaolsheachlainn Ó Caollaí a thóg an pictiúr]

Picéad ar Theach Furbo

Faoi 1969 bhí taithí áirithe faighte ag an dream óg a bhí i gceannas ar Chumann Forbartha Chois Fharraige agus méid áirithe á bhaint amach trí bhrú a chur ar na húdaráis. Oíche Lá ‘le Pádraig craoladh clár ceoil ó Theach Furbo, Óstán Chois Fharraige mar atá anois air. Is i mBéarla beagnach ar fad a bhí an clár, gan mórán aitheantais tugtha do theanga ná do chultúr na Gaeltachta as a raibh sé á chraoladh. An chéad oíche eile, oíche an 18 Márta, bhí sé socraithe ag RTÉ clár Tráth na gCeist ar a dtugtaí Quicksilver a thaifeadadh san óstán céanna. Socraíodh picéad a chur ar an gclár.

Seo mar a tharla.

Bhí an fógra feicthe sa gCuradh Connachtach ag Maolsheachlainn Ó Caollaí a thug le fios go mbeadh an clár Quicksilver á thaifeadadh ar an Máirt, an 18 Márta i dTeach Furbo. An bhliain roimhe sin toghadh Maolsheachlainn ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag Ardfheis na heagraíochta i Mainistir na Féile. Ar feadh na mblianta bhí an chuma ar an gConradh go mba é an eite Ghaelach d’Fhianna Fáil. Eagraíocht ómósach agus coimeádach a bhí ann. Bhí fonn ar Mhaolsheachlainn an Conradh a bhogadh i dtreo eile. Tharla go raibh Peig Ní Choinceanainn, bean chéile Mhaolsheachlainn ina dhiaidh sin, ar scíth óna cuid oibre i mBaile Átha Cliath de bharr timpiste. Bhí Peig ar Choiste Gnó an Chonartha. Chuaigh sí siar le labhairt le Pádraig Ó Coincheanainn, duine muinteartha léi, a bhí bainteach le Cumann Forbartha Chois Fharraige agus le hEagras na Gaeltachta ag an am. Tugadh cruinniú beag le chéile deireanach san oíche i dteach athair Pheig i Saile Thúna ag a raibh Tomás Ó Ráighne, Peadar Mac an Iomaire agus Pádraig Ó Coincheanainn ó Chumann Forbartha Chois Fharraige i láthair chomh maith le Peig í féin agus Uinsionn Ó hArdagáin, timire a bhí fostaithe ag Conradh na Gaeilge le hobair an Chonartha a chur chun cinn i gCúige Chonnacht. Beartaíodh picéad chur ar Theach Furbo ar an Máirt, 18 Márta, le linn do RTÉ a bheith i mbun taifeadta ar an gclár Quicksilver.

Ní fhéadfadh go raibh sé éasca picéad a eagrú ag an am ach eagraíodh é. Ní raibh gutháin ach i ndornán beag tithe. Ach bhí carr ag Pádraig Ó Coincheanainn agus thug sé Peig thart ar dhaoine ag iarraidh orthu dul ar phicéad. Nuair a tháinig an oíche, cé go raibh sé ag stealladh báistí, bhí 70 duine ar an bpicéad.

Bhí bileog réitithe ag Conradh na Gaeilge ag míniú údar an phicéid, a bhí á déanamh ag ‘muintir Chois Fharraige agus Conradh na Gaeilge ar son cearta mhuintir na Gaeltachta mar phobal agus i gcoinne gníomhaíochtaí, ranna agus forais stáit atá ag brú Béarla mar phríomhtheanga ar mhuintir na Gaeltachta’. Cháin an bhileog RTÉ, idir sheirbhís raidió is teilifíse, mar go raibh sé ‘de dhánaíocht iontu teacht anseo go dtí an Ghaeltacht chun a gcuid clár Béarla a dhéanamh’. Bhí na plaicird déanta roimh ré ag Conradh na Gaeilge i Sráid Fhearchair, san áit a bhfuil Club an Chonradh anois, agus iad déanta ag baill Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
Ón mbosca fóin ar an Spidéal a d’éirigh le Peig Ní Choinceanainn ráiteas a thabhairt an oíche sin do na nuachtáin náisiúnta agus áitiúla. Bhain an picéad poiblíocht amach sna meáin náisiúnta an chéad lá eile agus bhí pictiúr den phicéad ar an gcéad leathanach den Churadh Connachtach, an Déardaoin dár gcionn.

Bhí níos mó ná picéad ann. D’éirigh le ceathrar ticéad a fháil le bheith sa lucht féachana.

‘Stop the Lights’

Fear séimh ab ea Bunny Carr, láithreoir Quicksilver, a fuair bás anuraidh in aois a 91 bliain. Bhí an-dúil ag daoine sa gclár mar bhí na ceisteanna réasúnta simplí: ‘How many wheels does a tricycle have?’ mar shampla nó ‘what was Hitler’s first name?’, ceist a freagraíodh, dála an scéil, leis an bhfocal ‘Heil’. £5 an méid is mó a d’fhéadfadh duine a bhuachan. Bhí clár a raibh 30 solas lasta air ar an stáitse agus 30 soicind ag an imreoir le ceist a fhreagairt.

'Sé an caoi go múchtaí solas gach soicind a thóg sé an cheist a fhreagairt agus bhí an duais airgid ag laghdú dá réir. Mura raibh an freagra agat ar an toirt d’fhéadfaí ‘Stop the Lights’ a rá le stop a chur le múchadh na soilse. Is ón lucht féachana a piocadh na hiomaitheoirí, ar tugadh ticéad dóibh ag dul isteach sa seó. D’éirigh le Joe Steve Ó Neachtain, Seosamh Ó Cuaig, Timín Joe Tim Ó Curraidhín agus an t-amhránaí ar an sean-nós Tomás Ó Neachtain fáil isteach agus suí i measc an lucht éisteachta.

Thosaigh an clár. Joe Steve a sheas suas ar an stáitse i dtosach ag cur isteach ar Bhunny Carr. Ansin labhair Timín Joe Tim. Cuireadh fios ar na Gardaí. Dúirt Seosamh Ó Cuaig go n-imeoidís amach go síochánta as a stuaim féin, ós rud é go raibh a bpointe déanta acu agus shiúil an ceathrar amach le castáil leis an ngrúpa a bhí ar an bpicéad, dream a bhí fliuch báite faoin tráth seo. Lean an seó ar aghaidh taobh istigh.

Mar a thuigfeá bhí roinnt daoine sa lucht féachana an-spréachta faoin agóid, ina measc Ciarán Mac Mathúna, fear céile Dolly McMahon, an bhean a chuir na ticéid ar fáil don cheathrar a chuir tús an taifeadta trína chéile. Foilsíodh litir ó Sheosamh Ó Cuaig ar an Irish Times ar an 24 Márta, 1969 faoin teideal ‘Quicksilver’ inar tugadh le fios gur sheas Ciarán Mac Mathúna suas le linn na hagóide taobh istigh agus go ndúirt sé leis an slua ‘only for Bill Fuller many of the lads from this area would be over in Camden Town’. Chuir Ó Cuaig críoch leis an litir le habairt i nGaeilge:

Agus daoibhse, a chairde dílse, idir shagart, dhochtúir, fhir agus mhná a d’fhan go dtí an deireadh faoin doirteadh báistí; níl anseo ach.

B’fhíor dhó. Ní raibh ann ach an tús.

An fhad is a bhí an picéad ar Theach Furbo chuir baill de Chonradh na Gaeilge san ardchathair picéad ar stiúideo raidió RTÉ ar Shráid Enrí chomh maith le stiúideo teilifíse RTÉ i nDomhnach Broc.

Bunú na Gluaiseachta

Tar éis don cheathrar a bhí istigh teacht amach, bhí cruinniú ag an ngrúpa a bhí ar an bpicéad. Tuairiscítear gur labhair Peadar Mac an Iomaire (Cumann Forbartha Chois Fharraige), Roibeard Ó Cuinn (Eagras na Gaeltachta); Peig Ní Choinceanainn (Coiste Gnó an Chonartha); Tadhg Ó Curraidhín agus an tAthair Pádraig Ó Máille, sagart ó Mhaigh Eo a bhí ag teagasc i nGaillimh ag an am. Socraíodh cruinniú a thabhairt le chéile an Domhnach dár gcionn, an 23 Márta, i Scoil Náisiúnta an Chnoic, sa bhfoirgneamh céanna ina bhfuil Seanscoil Sailearna in Indreabhán anois. Is ann a bhí seomra a d’úsáidtí le haghaidh cruinnithe den Chumann Forbartha agus cruinnithe poiblí eile.

Ní raibh áit sa seomra do chuile dhuine a tháinig ag an gcruinniú agus bhí cuid de na daoine ag seasamh sa bpóirse. De réir na tuairisce a bhí sa nuachtán Inniu, bhí 90 duine i láthair, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Maolsheachlainn Ó Caollaí ina measc. Ba é Peadar Mac an Iomaire, Rúnaí Chumann Forbartha Chois Fharraige a bhí ina chathaoirleach. Socraíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a bhunú.

Ba as Paróiste an Chnoic na hoifigigh ar fad a roghnaíodh: Peadar Mac an Iomaire, Ruaidhrí Ó Tuathail, Pádraig Ó Coincheanainn, Tomás Ó Ráighne, Joe Steve Ó Neachtain agus Maidhc Beag Ó Fátharta. Roghnaíodh na hionadaithe seo a leanas ó na ceantair éagsúla: Joe Sheáinín Ó Tuairisg (Carna, an áit a raibh cónaí air ag an am); Seosamh Ó Cuaig (Cill Chiaráin); Tomás Ó Conaire (Ros Muc); Josie Ó Giobúin (Camas); Coilmín Tom Ó Donncha (Tír an Fhia); Ruairí Ó Conchubhair (Leitir Móir); Willy Pháidín Mac Donncha (An Cheathrú Rua); Micheál Mac an Iomaire (Ros a’ Mhíl) agus Pádraig Willy Mac Donncha (Na Mine). Ní raibh aon duine ainmnithe ón Spidéal, ó Leitir Mealláin ná ó Na Forbacha, de réir mo thuisceana.

Léadh litreacha tacaíochta ag an gcruinniú tionscnaimh: bhí ceann ó Desmond Fennell ag moladh go mba cheart ‘Údarás Áitiúil, Comhairle Iarchonnacht’ a bheith ar an bpríomh-éileamh a bheadh ag an ngluaiseacht nua.

An bhileog a scaipeadh faoin gcruinniú poiblí i Scoil an Chnoic ar an 23 Márta 1969, cruinniú ag ar socraíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a bhunú.

Aidhmeanna na Gluaiseachta

Socraíodh cruinniú eile a thabhairt le chéile i nDoire an Fhéich le haidhmeanna a phlé is a shocrú. Seo é an liosta aidhmeanna ar glacadh leo, le moladh Desmond Fennell ar bharr an liosta.

1. Údarás Áitiúil Pleanála agus forbartha d’Iarchonnachta – Gaeltacht Chonamara – ar a mbeidh baill tofa as gach ceantar....

2. Cosc a chur le Imirce....

3. Deireadh le díol mhaoin an phobail go neamhshrianta le fiontraithe... ina theannta sin nach gcaithfí airgead stáit ar an dream seo atá ag cabhrú le creimeadh an tsaoil Ghaelaigh.

4. Aistriú cheanncheathrú na n-eagras Gaeilge go dtí an Ghaeltacht.

5. Tabhairt ar ais na gceart iascaireachta – farraige agus intíre – don phobal.

6. Plean cuimsitheach oideachais don cheantar.

7. ‘Iosrael in Iar-Chonnachta’ – mionscrúdú a dhéanamh ar an bplean seo.

8. Stáisiún raidió do Ghaeilgeoirí na tíre ar fad sa Ghaeltacht.

Seo é liosta na n-aidhmeanna a bhí ar an gcéad leathanach den iris Comhar, Bealtaine 1969. Scaipeadh bileog le liosta na n-aidhmeanna taobh amuigh de na séipéil i gConamara. Ar chúis éicint Seosamh Ó Cuaig agus Ruaidhrí Ó Tuathail na hainmneacha a cuireadh le liosta na n-aidhmeanna, agus ní ainm an chathaoirligh, Peadar Mac an Iomaire.

Anois agus aidhmeanna aontaithe, chuir an ghluaiseacht nua roimpi na haidhmeanna a mhíniú do mhuintir Chonamara. Chuige sin foilsíodh iris ar ar tugadh Tuairisc a bhí curtha le chéile ag úsáid stionsail agus í priontáilte ar Gestetner Cyclograph, a bhí aimsithe ag Cian Ó hÉigeartaigh. Is cosúil gur i mBaile Átha Cliath, i dteach Uí Éigeartaigh, a chuirtí an iris le chéile i dtosach ach gur bogadh an trealamh go teach an scríbhneora Johnny Chóil Mhaidhc i gCois Fharraige tar éis píosa. Bhí an-tóir ar an iris taobh amuigh de na séipéil agus bhíodh sé á dhíol i mBaile Átha Cliath i gClub Chonradh na Gaeilge chomh agus ag ócáidí gaelacha, cé go raibh an cló sách deacair a léamh.

Is ceart a rá go raibh grúpa tacaíochta láidir ag an ngluaiseacht nua i mBaile Átha Cliath: Mary Ann Val Ní Fhlathartaigh ón gCeathrú Rua, na deartháireacha Ruaidhrí agus Seán Ó Tuairisg ón Lochán Beag; Cian Ó hÉigeartaigh agus a dheirfiúr Aoileann; Caitlín Maude ó Ros Muc; Treasa Ní Loideáin ó Roisín na Mainiach agus an scríbhneoir is an poblachtánach Máirtín Ó Cadhain.

‘Iosrael in Iar-Chonnachta’

Tugann Seosamh Ó Cuaig an chreidiúint do Desmond Fennell as roinnt de na haidhmeanna ar an liosta: ‘stáisiún raidió do Ghaeilgeoirí na tíre ar fad sa Ghaeltacht’; ‘aistriú cheanncheathrú na n-eagras Gaeilge go dtí an Ghaeltacht’ agus ar ndóigh an t-aitheantas a tugadh do phlean Fennell ar ar tugadh ‘Iosrael in Iar-Chonnachta’.

Maidir le ‘Iosrael in Iar-Chonnachta’, seo smaoineamh a cuireadh os comhair an phobail den chéad uair sa bhforlíonadh speisialta a d’fhoilsigh an Irish Times ar an 21 Eanáir 1969, i gcuimhne ar thionól na Chéad Dála 50 bliain roimhe sin. San alt a scríobh Desmond Fennell, dúirt sé go neamhbhalbh go raibh teipthe ar athbheochan na Gaeilge oiread is sráid amháin i mBaile Átha Cliath a iompú ar an nGaeilge agus ba é an rud a bhí le déanamh, dar leis, ná imeacht as Baile Átha Cliath agus saol nua-aimseartha trí Ghaeilge a chruthú i nGaeltacht Chonamara, mar a rinne na Giúdaigh sa bPalaistín. Go bunúsach ba é an smaoineamh a bhí aige go n-eagrófaí lucht na Gaeilge le dul chun cónaí i nGaeltacht Chonamara agus a gcuid scileanna a thabhairt leo, mar a rinne na Giúdaigh a chuaigh ag cónaí in Iosrael. Bunaíodh eagraíocht ar ar tugadh ‘Iar-Chonnachta 1985’ ar a raibh Seosamh Ó Cuaig ina Rúnaí, le seo a eagrú.

Níor thaitin Desmond Fennell le roinnt mhaith sa ghluaiseacht nua agus bhí amhras áirithe faoi Sheosamh Ó Cuaig chomh maith, de bharr an ceangal a bhí aige leis. Níor chabhraigh sé gur eisigh an LFM ráiteas ag tacú leis an smaoineamh go mba cheart éirí as Gaelú na tíre agus díriú ar dhá nó trí phobal inmharthana a chruthú i nGaeltacht Chonamara ‘wherein the technical and professional skills needed in a modern community would be provided by Gaeilgeoirí from the cities’. Cé go raibh aitheantas tugtha don phlean ‘Iosrael in Iar-Chonnachta’ i measc aidhmeanna na gluaiseachta, is mó naimhdeas ná tacaíocht a fuair Fennell ó bhaill na gluaiseachta ag cruinnithe a eagraíodh leis an bplean a mhíniú.

I litir a chuir sé chuig Seosamh Ó Cuaig, mí na Nollag 1969, léirigh sé an frustrachas a bhí air: ‘Níl talamh faoinár gcosa. Níl ann ach amhras agus easaontas agus beag-intinneacht agus caint bhladhmannach agus taomanna feirge.’

Tháinig deireadh leis an eagraíocht ‘Iarchonnacht ‘85’ ag cruinniú a tionóladh sa bhfómhair 1970.

Briseadh leis an gConradh

Thuig ceannairí na gluaiseachta nua nach mórán tacaíochta a bheadh le fáil go háitiúil dá gcuirfí béim ar chearta teanga. Ina cholún rialta ar an gCuradh Connachtach, seachtain i ndiaidh an phicéid ar Quicksilver, dúirt Seosamh Ó Cuaig nach cúis na Gaeilge an chloch ba mhó ba cheart a bheith ar phaidrín na heagraíochta nua.

Bhí Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Maolsheachlainn Ó Caollaí, i láthair ag an gcruinniú ag ar bunaíodh an Ghluaiseacht i Scoil an Chnoic ar an 23 Márta. Is gearr ina dhiaidh sin go bhfuair Ó Caollaí litir ó Ruaidhrí Ó Tuathail, Rúnaí na Gluaiseachta, a thug le fios nach mbeadh aon fháilte roimhe a thuilleadh ag ócáidí ná ag cruinnithe de chuid na heagraíochta. Cé gurb é Conradh na Gaeilge ba chúis le heagrú an phicéid ar Theach Furbo, as ar eascair bunú na gluaiseachta nua, ba léir go raibh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ag iarraidh aon nasc leis an gConradh a bhriseadh, ar eagla go gceapfaí nach raibh ann ach eagraíocht Ghaeilge, mar a soiléiríodh go poiblí i litir a foilsíodh sa Churadh Connachtach faoin teideal ‘Civil Rights and Gaelic League’. Ainmneacha Ruaidhrí Ó Tuathail agus Seosamh Ó Cuaig a bhí leis an litir ‘thar ceann na gluaiseachta’. Bhí cúig phointe liostáilte a thug le fios “(i) nach raibh Conradh na Gaeilge ‘in any way tied to the Gluaiseacht and in no way influences the actions or policies of the Gluaiseacht’, (ii) nach eagraíocht Ghaeilge eile í an Ghluaiseacht ach eagraíocht a bhí ag plé le pobal na Gaeltachta ‘as a community’; (iii) go raibh ionadaithe na gluaiseachta go léir seachas duine amháin ina gcónaí sa Ghaeltacht; (iv) gurb í an Ghaeilge teanga oibre na Gluaiseachta agus (v) cé go bhfuil bileoga na Gluaiseachta i nGaeilge, ‘ní eagraíocht Ghaeilge í’.

Tar éis a bunaithe thosaigh an Ghluaiseacht ag bailiú nirt. Tugadh raidhse poiblíochta don ghluaiseacht nua go speisialta ar an gclár Gaeilge Féach ar Theilifís Éireann gach Luan. Bhíodh clúdach ar imeachtaí na gluaiseachta ar an dá nuachtán seachtainiúil Gaeilge Inniu agus Amárach, ar an iris Comhar ach chomh maith leis sin sna nuachtáin náisiúnta, go speisialta san Irish Times. Bhí a n-iris féin ag an nGluaiseacht, Tuairisc.

Nuair a fógraíodh go mbeadh olltoghchán ann i lár na bliana 1969, shocraigh an Ghluaiseacht iarrthóir a chur chun cinn. Peadar Mac an Iomaire, a roghnaíodh. Thug an toghchán deis iontach do lucht na Gluaiseacht an tacaíocht a bhí acu i measc an phobail a léiriú, a cuid polasaithe agus aidhmeanna a mhíniú agus aird náisiúnta a tharraingt ar na héilimh is na gearáin a bhí ag dó na geirbe ag glúin óg radacach i nGaeltacht Chonamara a raibh eagar polaitiúil orthu. Bhain feachtas Mhic an Iomaire creathadh as Fianna Fáil i gConamara Theas, go speisialta i gCois Fharraige.

- An mhí seo chugainn beidh sé ag trácht ar na feachtais éagsúla ina raibh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta páirteach leis na haidhmeanna a bhí acu a bhaint amach.