Buille na bachaille

le Paul Ó Colmáin

“Ár Nathair atá ar Neamh,”

a ghuínn go soineanta

gach maidin ar scoil.

Ní raibh mórán meas agam

ar Naomh Pádraig.

Bhíos sásta leis an lá saor ón scoil, ar ndóigh,

agus rud is fearr ná sin arís,

bhaineas an-taitneamh as na milseáin

a bhí cead againn a ithe an Lá sin,

diospansáid ó throscadh an charghais.

Ach, chomh maith leis sin,

taobh amuigh de m’Eiriceacht Dhúchasach,

neamhbheartaithe,

chreideas go raibh na scéalta

roimh theacht Phádraig

níos fearr ná iadsan ina dhiaidh.

Agus rud eile,

bhí na sagairt chomh cinnte sin,

i gcónaí,

deimhneach,

- rud b’ait domsa,

mar aon uair a d’fhéachas

ar bhachall an easpaig,

ní fheicinn ach

comhartha ceiste.