Deichniúr Filí Sáinnithe

Deichniúr Filí Sáinnithe

do Michael Miller

Deichniúr filí sáinnithe,

ag cumadh ina n-aonar,

ghlac duine acu post sa bhanc,

ní raibh ansan ach naonúr.

Naonúr filí sáinnithe,

gach duine acu tochta,

thug duine acu cuairt ar theiripeoir,

ní raibh ansan ach ochtar.

Ochtar filí sáinnithe,

chomh driseogach le cachtas,

chum duine acu aoir róghéar,

ní raibh ansan ach seachtar.

Seachtar filí sáinnithe,

ag iarraidh dánta a dheisiú,

fuair duine acu sparánacht taistil,

ní raibh ansan ach seisear.

Seisear filí sáinnithe,

ag stróiceadh a gcuid gruaige,

d’fhigh duine acu sealán as,

ní raibh ansan ach cúigear.

Cúigear filí sáinnithe,

gan iontu ach cnámha is leathar,

fuair duine acu bás le hocras,

ní raibh ansan ach ceathrar.

Ceathrar filí sáinnithe,

is iad uilig i bpúir,

chuaigh duine acu le ceol tuaithe

ní raibh ansan ach triúr.

Triúr filí sáinnithe

ina suí faoi cheirt,

bhuail duine acu le spéirbhean,

ní raibh ansan ach beirt.

Beirt fhilí sáinnithe

ag strácáil leo le dán,

glactar le duine in Aosdána,

ní ann anois ach file amháin.

File aonair sáinnithe,

ag iarraidh teacht ar a ghuth,

freastalaíonn sé ar cheardlann

is cumann sé an dán seo.