Toghchán agus tairní…
Bhí sé d’ádh ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta gur glaodh olltoghchán mí na Bealtaine 1969, mar gur thug sé fócas don eagraíocht nua agus deis chun a gcuid aidhmeanna a chur os comhair an phobail. Bhí Fianna Fáil i gcumhacht ó 1957, ach bhí glúin nua polaiteoirí nár bhain le Cogadh na Saoirse tagtha chun cinn sa pháirtí faoi Sheán Lemass: Charlie Haughey, George Colley, Kevin Boland, Brian Lenihan agus Jack Lynch a bhí ar an stiúir ó d’éirigh Lemass as i 1966. Bhí béim mhór ó aimsir Lemass ar fhorbairt eacnamaíochta agus i súile go leor daoine bhí Fianna Fáil ag tarraingt siar ón dá aidhm mhór náisiúnta a bhí ag an bpáirtí: athaontú na tíre agus athbheochan na Gaeilge.
Faoin mbliain 1969 tuigeadh go forleathan nach raibh polasaithe an stáit i dtaobh na Gaeltachta ag obair. Bhí airí rialtais ó Fhianna Fáil sásta é a admháil, fiú amháin. De réir tuairisce a bhí san Irish Times ar an 28 Márta 1969, ag cruinniú a bhí ag Cairde Fáil i mBaile Átha Cliath, dúirt an tAire Rialtais Áitiúil Kevin Boland nach raibh ag éirí le polasaithe an stáit dul i ngleic le díothú na Gaeltachta agus ‘unless a major effort on a national scale can be produced urgently the sorry ending of Ireland’s long struggle will be that the achievement of partial independence resulted in the elimination of the real Irish nation’. Ba mhór an rud ag aire rialtais de chuid Fhianna Fáil an méid sin a admháil.
Thuig gluaiseacht na Gaeilge go raibh géarchéim ann ach bhí deighilt mhór idir dhá ghrúpa faoin gcur chuige ab fhearr. Bhí achrann ann, mar shampla, faoi achainí ar an Taoiseach, a d’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Gael Linn agus a shínigh 600 duine ‘measúla’. Shocraigh an grúpa feachtais Misneach ‘Frithachainí’, a eagrú a bhí sínithe ag ‘gnáthÉireannaigh'. (Eagraíocht radacach teanga ab ea Misneach, a d’eagraigh stailc ocrais i 1966 taobh amuigh d’Ardoifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill faoi chás na Gaeilge le linn chomóradh Éirí Amach 1916, seachtain na Cásca 1966).
An tuairim a léiríodh sa bhFrithachainní, nach raibh in Achainí na ‘daoine measúla’ ach an ‘béal bán agus tóna’. De réir tuairisce san Irish Times ar an 31 Márta 1969, bhí Misneach den bharúil go mba cheart iarrthóirí a chur san iomaíocht in aghaidh Fhianna Fáil san olltoghchán a rabhthas ag súil leis gan mhoill, mar a bhí molta ag Ó Cadhain sa phaimfléad Irish Above Politics [1964].
Mac an Iomaire ina iarrthóir
Níl sé soiléir cé a smaoinigh ar Pheadar Mac an Iomaire mar iarrthóir ach aimsir na Cásca 1969 tháinig daoine chuige, Seán Ó Tuairisg ina measc, ag iarraidh air seasamh san olltoghchán nach raibh fógartha fós. Seans gur Ó Cadhain agus Misneach a smaoinigh ar cheist a chur ar Rúnaí Chumann Forbartha Chois Fharraige, agus, níos tábhachtaí fós, cathaoirleach bunaidh Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Bhí Peadar Mac an Iomaire 24 bliain d’aois ag an am agus é ag múineadh sa Ghairmscoil i dTuaim, baile ina raibh roinnt eile de cheannairí na Gluaiseachta ag teagasc chomh maith. Ba ghnách leo – Peadar, Coilmín Mac Donnacha; Máirtín Mhaidhc Ó Conghaile agus Tomás Ó Ráighne, taisteal le chéile mórán gach lá ar an N17 ó Chois Fharraige go Tuaim.
Ba chainteoir poiblí maith é Peadar, a bhí ábalta a chuid argóintí a chur os comhair an phobail ar bhealach tarraingteach. Bhí bua eile toghchánaíochta aige: an sloinne céanna le Joe Mór Mac an Iomaire, Comhairleoir Contae neamhspleách ó cheantar Ros an Mhíl, a fuair bás tobann ag cruinniú den Chomhairle Contae, tús Aibreán 1969. Fuair Joe Mór 1,640 vóta i nGaillimh Thiar nuair a sheas sé in olltoghchán 1961 do Chlann na Poblachta.
Phléigh Peadar an scéal le baill eile na gluaiseachta. Socraíodh go seasfadh sé ach go gcoinneofaí an scéal ina rún go bhfógrófaí an toghchán. Ní cinneadh tobann a bhí ann mar sin, ach smaoineamh a bhí pléite roimh ré ag ceannairí na gluaiseachta. Ba dheis a bheadh i dtoghchán do Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a marc a dhéanamh agus a cuid aidhmeanna a chur os comhair an phobail.
Maidin Déardaoin, an 22 Bealtaine, fógraíodh go raibh an 18ú Dáil scortha agus go mbeadh olltoghchán ann ar an 18 Meitheamh 1969. An oíche chéanna bhí cruinniú ag baill na gluaiseachta i dteach Pheadair Mhic an Iomaire le socruithe a dhéanamh. Chuir an sagart áitiúil, an tAthair Seán de Bláca, a ainm le foirm ainmniúcháin Pheadair. An Satharn dár gcionn chuaigh Peadar go Baile Átha Cliath in éineacht le Máirtín Ó Cadhain agus Seán Ó Tuairisg agus chas siad le Dónall Ó Móráin, Ceannasaí Gael Linn. Thug an Móránach seic £200 dóibh agus dúirt sé go n-íocfadh Gael Linn as póstaeir a phriontáil, rud a rinne. Cuireadh Coiste Tacaíochta ar bun i mBaile Átha Cliath a raibh Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Laighin agus Seán Ó Tuairisg ina rúnaithe air.
An Feachtas Toghchánaíochta
Bhí pictiúr de Pheadar Mac an Iomaire ar an gcéad leathanach den iris Comhar (Meitheamh 1969) leis an teachtaireacht ‘MAC AN IOMAIRE Ag Seasamh Don Ghaeltacht’ agus iarradh ar léitheoirí san eagarfhocal tacaíocht a thabhairt dó. Foilsíodh achainí ón iarrthóir san eagrán céanna. D’iarr sé síntiúis agus d’iarr sé ar dhaoine ‘dul siar go dtí an dáilcheantar – ar feadh cúpla lá nó deireadh seachtaine, chun canbhasáil dó, nó lá an toghcháin féin, le carr nó gan charr, chun obair ag ionad vótála’.
Bhí Peadar ag achainí ‘ar chairde na Gaeilge’
airgead agus tacaíocht a thabhairt dá fheachtas.
Cé go raibh baint mhór ag Conradh na Gaeilge le bunú na heagraíochta mí roimhe sin, bhí droim láimhe tugtha le Conradh na Gaeilge ag an nGluaiseacht, a raibh Peadar ina chathaoirleach air.
Tháinig an tacaíocht don toghchán ó Mhisneach, ó Scéim na gCeardchumann agus ó lucht na Gaeilge i nGluaiseacht na Poblachta. Bailíodh idir £500 agus £600 mar shíntiúis, an chuid is mó díobh i mBaile Átha Cliath. Ba mhór an méid é, thart ar €10,000 in airgead 2019. Chuaigh daoine siar le cúnamh a thabhairt don fheachtas. Deireadh seachtaine amháin tháinig an seanphoblachtánach Peadar O’Donnell go Cois Fharraige in éindí le Máirtín Ó Cadhain le comhairle a chur ar lucht na gluaiseachta faoin mbealach ab fhearr le croí a chur sa bhfeachtas agus le canbhasáil a dhéanamh go héifeachtach. Taobh amuigh dá pharóiste féin is beag aithne a bhí ar Pheadar Mac an Iomaire agus ní raibh daoine ar fáil i mórán áiteanna le dul in éindí leis ar an gcanbhas, mar a mhol Peadar O’Donnell dhó.
I measc na ndaoine a chuaigh siar chun cabhrú leis an bhfeachtas, bhí Alan Titley, Séamas Ó Tuathail, Seán Ó Beacháin, Pádraig Ó Snodaigh, Seán Ó hÉalaí agus, ar ndóigh, an Cadhnach. Bhí Halla na Tulaí curtha ar fáil ag an Athair Ó Móráin saor in aisce, mar cheanncheathrú an fheachtais i gConamara agus osclaíodh oifig i nGaillimh ar Shráid Doiminic. Rinneadh canbhasáil chuimsitheach i nGaillimh, faoi stiúir Joe McGarry ó Mhaigh Eo agus Frank Flannery as Baile Átha an Rí, a bhíodh ag leagan amach straitéis toghchánaíochta Fhine Gael, níos deireanaí ina shaol.
Ní raibh aon iarrthóir ag Sinn Féin i dtoghchán 1969, agus dá bharr sin bhí tacaíocht ar fáil ó phoblachtánaigh. Sheas Fursey Breathnach le Peadar: ba fear é a raibh ardmheas air i gcathair na Gaillimhe mar geall ar a chuid oibre leis an ITGWU ach chomh maith leis sin ba mhac é le Michael Walsh, a mharaigh na Dubhchrónaigh i nGaillimh i 1920.
‘Gaillimh Thiar’
Seo na cúig phointe a bhí luaite ina bhileog toghcháin ag Mac an Iomaire: (1) Obair sa mbaile; (2) Tithe do chuile dhuine; (3) Cearta Uisce agus Talamh; (4) Seirbhís Shóisialta Cheart gan Fabhar; (5) Údarás Forbartha agus Pleanála do Chonamara. Díol spéise nach raibh ‘Stáisiún Raidió do Ghaeilgeoirí’ luaite ná ‘Aistriú cheanncheathrú na nEagras Gaeilge go dtí an Ghaeltacht’, dhá aidhm a bhí ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.
Ar an Irish Times ar an 13 Meitheamh 1969, foilsíodh alt faoin toghchán i nGaillimh Thiar, le Michael Heney. Dírithe ar Pheadar Mac an Iomaire agus ar an bhfeachtas ar a shon a bhí 75% den alt. “Mac an Iomaire himself is a slightly paunchy 24 year old, a fresh faced, almost cherubic, native speaker, who teaches in Tuam and drives an ancient Volkswagen. Enthusiasm is certainly not lacking in this campaign,’ a scríobh Heney. Chomh maith leis an díograis sin bhí samhlaíocht ag baint leis an bhfeachtas. Mar shampla, luaitear san alt gur sheol
Mac an Iomaire teileagram chuig an Taoiseach ag iarraidh ‘free transport for those emigrants in Britain who wish to return to vote...’
Foilsíodh alt fada ó pheann Mháirtín Uí Chadhain faoin bhfeachtas toghchánaíochta i Comhar mí Lúnasa, faoin teideal ‘Gaillimh Thiar’. Seo é an cur síos a rinne sé ar Pheadar Mac an Iomaire:
Taobh amuigh de na Cearta Sibhialta ní raibh aon eolas ar Pheadar, is é sin an cineál eolais a bheadh fóinteach le vótannaí a bhréaga ó dhaoine. Ní raibh sé sách fada ar an saol le go bhféadfadh sé mórán den mhaith, ach oiread le mórán den olc, dhá mba shin é a rún, a bheith déanta aige...Bhíodh sé páirteach i ndíospóireachtaí idir-ollscoile ach ba shin a raibh de cháil na cainte air. Duine réidhchúiseach, duine cuthal, duine beagfhoclach...
Seo mar a chuir an Cadhnach síos ar an atmaisféar i Halla na Tulaí, an cheanncheathrú ina mbailíodh lucht an fheachtais tar éis na canbhasála gach oíche. Ansin phléadh an slua fre chéile, fearacht foireann loinge Rúisí i ndiaidh na Réabhlóide, céard a dhéanfaí, ó dhuine go duine, lá arna mháireach agus dán oíche. Ba mhinic nach scoireadh na cruinnithe sin go an dó agus an trí ar maidin.
Is léir ón méid a scríobh Ó Cadhain go raibh neart oibrithe ar fáil ach gan mórán eagair orthu, rud a d’fhág cuid mhaith den Dáilcheantar gan canbhasáil. Deireann sé san alt go raibh ‘áiteacha go leor’ i bhfad ó Chois Fharraige’ nár éirigh leis an bhfeachtas ‘póistéara amháin a chur suas’.
Le linn an fheachtais bhíodh meitheal i mBaile Átha Cliath Cliath ag teacht le chéile thuas staighre Tigh Ryan i Sráid na bhFíníní, mar a mbíodh siad ag scríobh amach clúdaigh don ‘Litir um Toghchán’ ina bhféadfaí bileog toghchánaíochta a chur amach sa bpost saor in aisce.
Eachtra na dtairní agus carran Taoisigh
De réir mar a bhí an feachtas ag dul ar aghaidh d’éirigh sé níos binbí agus níos nimhní idir lucht tacaíochta Johnny Geoghegan (FF), an Teachta Dála ó Charna, agus lucht tacaíochta Pheadair Mhic an Iomaire. ‘Stróic plandóg d'inín le Johnny Geoghegan ár gcuid billeogaí as comhair an phobail taobh amuigh de shéipéal Chárna,’ arsa an Cadhnach i Comhar.
Ach ba é scéal na dtairní a leagadh ar an mbóthar roimh charr an Taoisigh, Jack Lynch, is mó a tharraing aird ar an bhfeachtas go náisiúnta agus droch-chlú ar na lucht na gCearta Sibhialta go háitiúil. Bhí Jack Lynch i gCárna an lá sin mar chuid dá chamchuairt, áit ar cuireadh fáilte mhór roimhe. As sin tháinig sé chomh fada leis an gCeathrú Rua, áit a raibh lucht na gCearta Sibhialta ag fanacht air. Dhiúltaigh siad cead cainte a thabhairt do na hiarrthóirí ó Fhianna Fáil go dtí to bhfreagródh an Taoiseach roinnt ceisteanna. (An Domhnach dár gcionn, taobh amuigh de Shéipéal Ros a’ Mhíl áit a raibh cainteoir ar son Pheadair Mhic an Iomaire ag iarraidh tacaíocht an phobail, dúirt bean leis, más fíor an scéal, ‘Níl sibh ceart agus níl sibh sibhialta’.)
Gar don áit a bhfuil ceanncheathrú TG4 i mBaile na hAbhann a tharla eachtra na dtairní. Seo an cur síos a bhí ag Ó Cadhain ar an eachtra ar Comhar:
Cuireadh cosa faoi scéal na dtáirní a spréadh ar an mbóthar roimh an Taoiseach ar a aistir isteach ón gCeathrúin Rua go Gaillimh.... Ag Droichead na Tulaí, pas cúng den bhóthar, a rinne duine, ar a údarás féin amháin, na tairní a spré...Bhí amharc cúpla míle siar an bóthar ón droichead to dtí Barr Loch an Iolra, ag an bhfear, Spré sé na táirní nuair a chonaic sé an chóisir charrannaí aniar chuige ag an gcrosbhóthar. Isteach leis thar cladha ansin ag déanamh anonn ar theach, mar dhóigh dhe gur duine é a bhí ag tóraíocht vótannaí, dalta an Taoisigh féin. Cho luath is a chrap an chóisir leo soir ar a n-aistir aríst bhí sé amuigh ar an mbóthar nó gur scuab sé an bhrat táirní den bhóthar le fána síos sa bhfiodán. Ní fhéadfaidís aon charr eile a lot.
Dar le Mac an Iomaire, chaill sé cuid mhaith vótaí de bharr na heachtra. Níor thaitin na rudaí diúltacha a deineadh le linn an fheachtais leis ná lena Stiúrthóir Toghchánaíochta, Maidhc Beag Ó Fátharta. Cuireann sé an locht ar ‘eilimintí de chuid Shinn Féin’ a ghlac páirt sa bhfeachtas ach nach raibh aon smacht orthu.
Níorbh é sin an t-aon obair shalach a cuireadh i leith na gluaiseachta le linn an fheachtais. Cuireadh ráfla amach an tráthnóna roimh an vótáil go raibh Johnny Geoghegan, iarrthóir Fhianna Fáil, caillte. Chreid Peadar Mac an Iomaire an scéal ar feadh píosa agus moladh dhó dul siar go Carna agus a bhás a chásamh lena bhean chéile. Bheadh an ráfla inchreidte mar gur tharla sé cheana i gConamara gur bhásaigh Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil ón gCeathrú Rua, John Keane, an lá roimh an toghchán i 1948, agus gur coinníodh an scéal ina rún go raibh an toghchán thart. Go dtí an lá inniu ann, níl fhios cé a tháinig aníos leis an smaoineamh ach cuireadh an locht ar Ghluaiseacht Cearta Sibhialta.
I litir ón nGluaiseacht a foilsíodh sa Curadh Connachtach ar an 4 Iúil faoi ainm Ruaidhrí Ó Tuathail agus Seosamh Ó Cuaig, dúradh nach raibh aon láimh ag an nGluaiseacht sa ráfla faoi bhás Johnny Geoghegan. Chuir siad ceist sa litir freisin: ‘what proof has the Deputy [Johnny Geoghegan] that the nails placed ón the road were placed by Mac an Iomaire supporters?’. Cuireadh i leith Fhianna Fáil sa litir go raibh a gcuid cleasanna salacha féin ar bun acu, le linn an fheachtais: gur scaipeadh litir thart i gCois Fharraige ó Roinn na Gaeltachta ar lá an toghcháin féin ag tabhairt le fios go raibh airgead mór á cheadú le caitheamh ar Chéibh Ros a’ Mhíl;
go raibh ardú fógartha ag Roinn na Gaeltachta sa deontas do na mná tí a bhíodh ag coinneáil scoláirí sna Coláistí Gaeilge agus go raibh litir buíochais a sheol Peadar Mac an Iomaire ag an Teachta Dála Bobby Molloy á léamh amach aige ag cruinnithe poiblí.
Tar Éis an Toghcháin
Is cinnte gur bhain feachtas Mhic an Iomaire creathadh as Fianna Fáil ach aisteach go leor níor chaill an páirtí mórán tacaíochta, mar a léiríonn an tábla thíos do Dháilcheantar Gaillimh Thiar. Cé gur laghdaigh a vóta go náisiúnta bhí ardú beag i nGaillimh Thiar.
Difríocht idir
Páirtí 1965 1969 ‘65 agus ‘69
Fianna Fáil 53.3% 54.1% + 0.8pt%
Fine Gael 39.4% 28.2% -11.2pt%
Lucht Oibre 7.3% 11.4% +4.1pt%
Eile 0 6.4% +6.4pt%
Ach chaill Johnny Geoghegan vótaí a chuaigh go dtí Bobby Molloy, an Teachta Dála óg ó Bhóthair na Trá. Thit vóta Geoghegan ó 6,982 i 1965 go 4,923 i 1969. Mhéadaigh vóta Molloy ó 3,167 go 6,709.
Is mó vótaí a chaill Fine Gael de bharr fheachtas Pheadair Mhic an Iomaire. Tá an chuma ar an scéal gur vótáil lucht tacaíochta Fhine Gael i gCois Fharraige dhó. As an 1,738 vóta a bhí aige nuair a cuireadh Mac an Iomaire as an rás, agus gan aon iarrthóir ó Fhianna Fáil fágtha sa gcomhaireamh, d’aistrigh 485 vóta chuig Coogan (FG), 251 chuig Mannion (FG) agus 283 chuig Tierney (LO). Bhí 729 vóta nár aistrigh chuig duine ar bith. Ba vótaí poblachtánacha riar maith acu sin.
Seo é an briseadh síos a thug Peadar Mac an Iomaire dom le gairid ar na vótaí a fuair sé i gConamara: Bearna 25; na Forbacha 36; An Spidéal 110; An Cnoc 193 (as 300); Tulaigh 88; Ros a’ Mhíl 67; An Cheathrú Rua 93; agus Tuairín 60. Is beag an vóta a fuair sé i Leitir Móir ach bhí vóta maith aige i dTír an Fhia, áit a raibh col ceathrar lena athair agus col seisear leis féin ag canbhasáil dhó. Is beag a bhí aige in Inis Mór ach fuair sé 40 vóta in Inis Oírr agus 36 in Inis Meáin, de réir teailí a coinníodh ag an am.
Tar éis an toghcháin ceapadh an bheirt Fhianna Fáileach a toghadh i nGaillimh Thiar, Bobby Molloy agus Johnny Geoghegan, ina n-airí sóisearacha – ardú céime suntasach.
Tá seans go raibh an t-ardú céime ag dul do Bobby Molloy ar aon chaoi mar pholaiteoir óg cathrach den chéad ghlúin eile, ach glactar leis gur tugadh ardú céime do Johnny Geoghegan le greim níos daingne a choinneáil ar shuíochán Fhianna Fáil i gConamara.
Is cinnte gur chaill Peadar Mac an Iomaire tacaíocht áirithe de bharr an bealach nár tugadh cead cainte don Taoiseach Jack Lynch ar an gCeathrú Rua agus de bharr na dtairní a scaipeadh ar an mbóthar roimh charr an Taoisigh. Ar an taobh eile den scéal tugadh poiblíocht náisiúnta don Ghluaiseacht agus tarraingíodh aird na meán ar fhadhbanna Chonamara, de bharr eachtra na dtairní.
Ina cholún rialta ar an nuachtán Amárach ar an 27 Meitheamh 1969 thug Risteard Ó Glaisne le fios gur chuir an bealach ar caitheadh le Jack Lynch as dhó. Seo mar a scríobh sé faoin toghchán:
Duine eile a bhféadfadh báidh mhór a bheith againne Gaeilgeoirí leis ba ea Peadar Mac an Iomaire. Shíl mé féin ábhar beag airgid a chur chun cuidiú leis; go deimhin bhí an seic scríofa amach agam. Ansin ar na páipéir léigh mé cad a thit amach nuair a shiúil Seán Ó Loingsigh Contae na Gaillimhe ag iarraidh vótaí – agus níor chuir mé an tseic úd chun bealaigh.
Tuairisc
Tá an chuma ar an scéal go raibh sos beag ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta tar éis an toghcháin ach i 1970 thosaigh an Ghluaiseacht ag díriú ar a haidhmeanna arís. Eisíodh cártaí ballraíochta i 1970 a raibh na haidhmeanna liostáilte ar thaobh amháin agus na hoifigigh liostáilte ar an taobh eile: Tomás Ó Ráighne, cathaoirleach; Colm Ó Donncha, leaschathaoirleach; Seosamh Ó Cuaig, rúnaí; Pádraig Ó Concheanainn, leasrúnaí agus Seosamh Ó Tuairisc (sic), cisteoir. Tá sé suntasach nach raibh Peadar Mac an Iomaire luaite i measc na n-oifigeach. Tá an chuma air gur sheas sé siar ón gceannaireacht le díriú ar choistí pobail a bhunú ar fud Conamara agus ar chomharchumann nua a bhunú i gCois Fharraige.
Mí an Mhárta 1970 foilsíodh an chéad eagrán den iris Tuairisc. Bhí scéal ar an gcéad leathanach faoin teideal ‘Fuller agus na Rátaí’ a bhain leis an mbille £20,000 a bhí á bhagairt mar rátaí i gceantar Chonamara de bharr an damáiste a deineadh don óstán Teach Furbo nuair a phléasc buama ann mí na Nollag 1969. Faoi na focail ‘Páipéar do Chonamara’ dúradh nach páipéar ‘do lucht léinn agus foghluim é seo’ ach gur páipéar é Tuairisc ‘do chuile mhac máthar agus iníon athar’. Bhí baint mhór ag an scríbhneoir Johnny Chóil Mhaidhc leis an nuachtán nua agus foilsíodh dán nua leis ‘Fir an Iarthair’ ar an gcéad eagrán. San eagrán céanna foilsíodh litir ó fhear a dúirt go raibh sé ag éirí as a bheith ina ionadaí do Bhearna ‘de bhrí nach gcreidim i nGluaiseacht Chearta Sibhialta mar atá sé’. Ní raibh mórán slachta ar an nuachtán a chlóbhuailtí le Gestetner a bhí tugtha anuas ó Bhaile Átha Cliath ag Cian Ó hÉigeartaigh agus a bhí socraithe suas i dteach Johnny Chóil Mhaidhc. Cuireadh caoi níos fearr ar an nuachtán nuair a thóg Seosamh Ó Cuaig ar láimh é níos deireanaí.
I 1970 eagraíodh roinnt cruinnithe le plé a dhéanamh ar phlean Dheasún Fennell ‘Iar-Chonnachta 1985’. Chuir ceann de na cruinnithe a eagraíodh i Halla na Tulaí lagmhisneach ar Fennell. Tháinig roinnt de lucht tacaíochta na Gluaiseachta i mBaile Átha Cliath ag an gcruinniú i Halla na Tulaí le hionsaí a dhéanamh ar Fennell is a phlean lucht na Gaeilge a mhealladh le haistriú go Conamara.
Ba le linn na bliana 1970 a d’eagraigh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta dhá fheachtas a raibh tionchar an-mhór acu ar shaol na Gaeltachta agus na Gaeilge ina dhiaidh sin: Saor-Raidió Chonamara a cuireadh ar an aer den chéad uair le linn Oireachtas na nGael i Ros Muc faoi Cháisc 1970. Mar thoradh ar an Saor-Raidió bunaíodh Raidió na Gaeltachta i 1972 agus mar thoradh ar Oireachtas na nGael, a eagraíodh mar mhalairt ar Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, eagraíodh Oireachtas na Gaeilge sa Ghaeltacht den chéad uair riamh i 1974, nuair a cuireadh an fhéile ar bun i gCois Fharraige.
Chabhraigh sé leis an nGluaiseacht go raibh poiblíocht le fáil sna meáin náisiúnta réasúnta éasca chomh maith leis na meáin áitiúla. Bhí sé éasca fáil ar an teilifís mar go raibh léiritheoir an chláir teilifíse Féach ar RTÉ, Eoghan Harris, sásta clúdach maith a thabhairt do rud ar bith a bhí ar bun ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Is léir go raibh eagarthóir na hirise Comhar báúil chomh maith. Bhí Seosamh Ó Cuaig ag obair le Inniu, an nuachtán seachtainiúil Gaeilge, agus is iomaí píosa a bhí aige faoin nGluaiseacht. Bhí colún rialta sa Curadh Connachtach aige chomh maith. Bhí an colún Tuarascáil san Irish Times báúil chomh maith. Sa nuachtán sin, ar an 2 Aibreán 1975, rinne Seosamh Ó Cuaig cur síos ar an bpoiblíocht go léir.
Ba rud sárfhaiseanta é Gluaiseacht Chearta Sibhialta ar fud an domhain an tráth sin agus bhí neart poiblíochta le fáil ag ár leithéidí sinne. Bhí a shliocht orainn. Mhair muid ar feadh cúig bliana ar bhlaisteanna flaithiúla poiblíochta ar mhór an sásamh croí iad go pearsanta ach ar bheag a dtairbhe nuair nach raibh an téagar ná an gníomh ag cur leo go minic. Mar sin féin dhúisigh muid an pobal leis na gníomhartha te bruite a rinneamar.
Lean an agóidíocht ar aghaidh. Eagraíodh corr-’Fish-In’. Cuireadh picéad ar oifigí na Roinne Leasa Sóisialaigh nuair a baineadh an ‘dole’ d’fhir shingile, agóid a tharraing neart cainte. Scriosadh le péint an Béarla ar chomharthaí bóthair. Eagraíodh corrchruinniú faoi ‘Údarás Áitiúil’ don Ghaeltacht.
Bhí obair agus agóidíocht seo na Gluaiseachta ag dul i bhfeidhm ar na húdaráis agus ar na meáin, ach an raibh sé ag dul i bhfeidhm ar an bpobal i gConamara?
Nuair a tháinig an chéad toghchán eile, cé gur socraíodh ag cruinniú den Ghluaiseacht gan aon iarrthóir a chur ar aghaidh nuair nach raibh Peadar Mac an Iomaire sásta seasamh, ainmníodh Seosamh Ó Tuairisg le dul san iomaíocht. Ar go leor cúiseanna theip ar an bhfeachtas sin agus níor éirigh leis an nGluaiseacht ach leath den vóta a fháil a fuair Mac an Iomaire sa bhliain 1969.
Ba lag trá é don ghluaiseacht agus níor éirigh leis teacht aniar a dhéanamh ina dhiaidh sin.