Cistin 2005 / Cucina 2005

(Eiléan Ní Chuilleanáin, Dánta Antonella Anedda. Cois Life, 2019)

Dá bhfeicfeadh sé í

dá bhfeicfeadh sé a cruth daonna

ag oscailt amach an chuisneora aréir,

beagnach tar éis dul isteach ann go hiomlán,

isteach i gcorp eaglaise lán de sholas

ag ól bainne ina tost

mar a ólann na scáileanna an fhuil

thaibhsiúil go mór mór di féin

fraoch uirthi chun an braon bán

is í splanctha ag an iarann, ag an gcruach,

ag dó a méaranna leis an oighear

déarfadh sé ní ise atá ann. Ní hí

an neach a d’fhág mé is mé ag fáil bháis

chun go mbuanaí sí mé.