Is deacair léamh ar Leo

Máirín Ní Ghadhra 
Is deacair léamh ar Leo

markwickham.org

Is ar éigean a chreid duine ar bith go mairfeadh an socrú idir Fianna Fáil agus Fine Gael an fad seo ach seans nach fada eile a sheasfaidh sé, a deir Máirín Ní Ghadhra

Tá beagán faoisimh ag polaiteoirí na hÉireann ar na saolta seo ó tharla sprioc an Bhreatimeachta a bheith curtha siar go Samhain. Tugann sé deis dóibh agus iad fillte ar Theach Laighean do théarma an tsamhraidh díriú níos mó ar an bpolaitíocht logánta, ar an réiteach don olltoghchán agus ar an mbail atá ar a gcuid páirtithe féin.

Chaithfeadh sé go bhfuil cathú uafásach ar Leo Varadkar dul chun na tíre. Léiríonn na pobalbhreitheanna, den chuid is mó, go bhfuil rath ar Fhine Gael agus tacaíocht sheasta réasúnta ard acu i measc an phobail. Go hiondúil agus trí bliana tugtha ag páirtí i rialtas bíonn an tacaíocht a bhíonn acu i measc an phobail níos éiginnte. Ar ndóigh ní hionann an múnla rialtais atá againn faoi láthair agus aon rialtas a bhí againn riamh cheana. Is gearr go mbeidh caint arís ar an síneadh a cuireadh leis an gcomhaontú muiníne agus soláthair. Tiocfaidh tréimhse an tsocraithe sin chun críche tar éis an Bhuiséid. Idir an buiséad féin, an bille airgeadais agus an reachtaíocht a bheidh le rith is féidir a rá go mbeidh Fianna Fáil ag tacú le Fine Gael go dtí deireadh na bliana. Má bhíonn socrú éigin déanta faoin mBreatimeacht faoin tráth sin beidh fonn ar Leo Varadkar toghchán a fhógairt as a stuaim féin seachas ligean d’Fhianna Fáil an deis a thapú.

Is deacair léamh ar Leo Varadkar. Tá beagnach dhá bhliain caite aige ina Thaoiseach agus cé go bhfuil moladh go leor faighte aige as a chuid oibre i dtaobh an Bhreatimeachta, is minic freisin é cáinte as an mbealach atá leis. Fear é a deir rudaí a thugann le fios gur beag tuiscint atá aige ar an bpobal. Breathnaigh ar an méid a dúirt sé le gairid faoi mharbhlann Phort Láirge, nuair a thug sé le fios nach raibh aon fhianaise ann go raibh drochbhail ar an áit in ainneoin a raibh ráite ag ceathrar comhairleoirí. Fear é a mbíonn an chuma air go minic nach maith leis a bheith ag caint le daoine, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon ghean aige ar an stocaireacht. Duine cúthaileach é seachas polaiteoir sa seanmhúnla traidisiúnta a bhíodh sa tír seo. Ní shamhlaím é ag maíomh faoin méid sochraidí agus ócáidí pobail a dtéann sé chucu. Is léir go bhfuil muinín ag an bpáirtí as ach is deacair a mheas cén chaoi an dtéann sé i bhfeidhm ar an bpobal.

Tá corraíl go leor i bhFianna Fáil faoi láthair. Chuir triúr Teachtaí Dála iad féin chun cinn mar iarrthóirí Eorpacha ainneoin é a bheith ráite go soiléir ag Micheál Martin nár theastaigh uaidh a bheith ag tarraingt fothoghcháin air féin. Cé go bhfuil téarnamh áirithe déanta ag an bpáirtí ó aimsir na géarchéime tá go leor anois de na seanfhondúirí míshásta leis an socrú muiníne agus soláthair. Creideann siad go bhfuil dochar á dhéanamh don pháirtí gach lá dá mbíonn an socrú sin i réim agus an páirtí ag seasamh le Fine Gael. Cloistear go minic ó pholaiteoirí na hEorpa go bhfuil moladh tuillte ag polaiteoirí na hÉireann as a bheith stuama agus leas na tíre a dhéanamh le linn tréimhse éiginnte an Bhreatimeachta. Ach má bhíonn an cheist sin réitithe faoi Oíche Shamhna mar atá beartaithe, beidh brú as cuimse ar Mhicheál Martin éirí as a bheith ‘stuama’ agus droim láimhe a thabhairt leis an gcomhaontú muiníne agus soláthair.

Ní maith le polaiteoirí a bheith ag stocaireacht sa ngeimhreadh ach cloisim ó go leor de mhuintir Fhianna Fáil gur cuma leo cén tráth bliana atá i gceist ach éirí as an socrú seo. Bheinn den tuairim gur gearr go mbeidh athrú ceannaireachta á phlé freisin cé nach bhfuil aon léiroidhre ar Mhicheál Martin.

Tá fadhb fhadtéarmach ag Páirtí an Lucht Oibre sa tír seo agus sin nach mbreathnaíonn sé suim a bheith ag an bpobal i bpolaitíocht na heite clé. Tá teipthe ar an eite chlé aon ghluaiseacht nó grúpa polaitiúil a fhorbairt le blianta fada agus iarbhaill de pháirtí an Lucht Oibre iad cuid mhaith de na polaiteoirí ar an eite chlé a bhfuil fealsúnacht níos radacaí acu. Tá an páirtí fós in ísle bhrí mar thoradh ar an olltoghchán deiridh nuair a d’ídigh an pobal a gcuid feirge ar an bpáirtí beag ag bord an rialtais. Is gnách leis an bpobal sin a dhéanamh agus is iad an páirtí beag a bhíonn thíos leis, níos minice ná a mhalairt. Tá ceannaire an pháirtí Brendan Howlin agus urlabhraithe ar nós Alan Kelly gníomhach agus glórach ach ní léir go gciallaíonn sin go bhfuil aon bhorradh mór faoi sheasamh an pháirtí.

Duine cúthaileach é seachas polaiteoir sa seanmhúnla

Díol iontais do go leor a laghad dul chun cinn atá déanta ag Sinn Féin faoi cheannaireacht Mary Lou McDonald. Ar an gcéad dul síos, is mithid a rá gur beag duine a mbeadh sé de mhisneach acu teacht i gcomharbacht ar fhathach polaitiúil cosúil le Gerry Adams. Is beag duine a bhí ag tnúth, ina dhiaidh sin féin, go mbeadh toradh chomh tubaisteach agus a bhí ag an bpáirtí sa toghchán Uachtaránachta. Tá argóintí go leor ann faoi na cúiseanna gur tharla sin ach ba léargas soiléir é nach raibh soiscéal Mary Lou McDonald slogtha ag an bpobal. Tá bean mheánaicmeach as Baile Átha Cliath ina huachtarán ar an bpáirtí ar mhaithe lena gcás a neartú ó dheas den teorainn. Tá ag éirí go maith léi sa Dáil mar urlabhraí freasúra. Tá an sean-naimhdeas do Shinn Féin ag meath, cé go bhfuil rian de ann go fóill. Ach níl an páirtí ag déanamh aon dul chun cinn suntasach cé go bhfuil sé soiléir go bhfuil Micheál Martin ag coinneáil súil ghéar orthu agus go n-airíonn sé faoi bhrú acu.

Thar aon cheist eile sna míonna agus sna blianta seo romhainn beidh an t-athrú aeráide ag croílár an dioscúrsa pholaitiúil. Ba chóir, dá réir sin, go ndéanfadh Comhaontas Glas dul chun cinn. Ach is a mhalairt atá ag tarlú in go leor tíortha eile. Dá mhéid plé ar an ngéarchéim aeráide, is ea is mó a thugann na seanpháirtithe traidisiúnta aghaidh ar an gceist agus glacann siad chucu féin go leor de na polasaithe agus na prionsabail a bhíodh ag páirtithe ‘glasa’ amháin. Go dtí seo, áfach, is mianta agus aidhmeanna atá sna beartais atá á lua i dtaobh an athraithe aeráide agus is beag atá ag tarlú go praiticiúil. Mheasfá ar an mbonn sin gur cheart go mbeadh Comhaontas Glas in ann teacht i dtír ar easpa gnímh na bpáirtithe traidisiúnta.

Níl aon amhras ach go bhfuil tréimhse chorrach eile romhainn go dtí go mbeidh an Breatimeacht tugtha chun críche, bealach amháin nó bealach eile. Is cinnte freisin go bhfuil na páirtithe ar fad ag réiteach d’olltoghchán agus is dona a chreid aon duine go mairfeadh an socrú reatha chomh fada. An ndéanfaidh an Taoiseach a mhachnamh ar chúrsaí i rith an tsamhraidh faoi dhul chun na tíre i dtús an fhómhair ionas go mbeidh an scéal curtha as an mbealach roimh sprioc an Bhreatimeachta faoi Shamhain? Nó an mbeidh sé cúramach agus a chríonnacht á dhéanamh aige agus an measfaidh sé gur fearr fanacht mar atá go hearrach 2020? Sa gcás sin beidh sé ag brath ar thacaíocht ó Fhianna Fáil. Má thagann Micheál Martin faoi bhrú breise deireadh a chur leis an gcomhaontú muiníne agus soláthair, caithfidh sé rogha a dhéanamh. An bhfuil sé sásta fanacht dílis don socrú agus b’fhéidir an cheannaireacht a chailleadh nó an gcuirfidh sé a leas taobh istigh d’Fhianna Fáil chun cinn ar sheasmhacht an rialtais?

Scéal eile ar fad céard a bheidh le rá ag an bpobal leis na polaiteoirí nuair a thabharfar an deis sin dóibh.

Máirín Ní Ghadhra 

Is iriseoir agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra. Tá na leabhair Taibhse an Dá Thaobh, Lámh Mharbh Abú!, scríofa aici, agus aistriúchán déanta aici ar An Cúigear Cróga (The Famous Five): A Lazy Afternoon, agus ar an sraith Dónall Dána (Horrid Henry).