Liam Mac Con Iomaire
1937 - 2019
Rud nádúrtha é an claonadh a bhíonn ionainn a bheith ag déanamh beagáinín áibhéile nuair a fhaigheann duine bás.
Duit féin is measa má bhíonn tú ag caitheamh anuas ar na mairbh.
Deirtear gur in ‘áit na fírinne’ atá an té atá básaithe, ach ní don bhfírinne a thugtar tús áite i gcónaí agus comóradh á dhéanamh air nó uirthi.
’Sea, bítear breá sásta an fhírinne a lúbadh nó cur léi ar mhaithe le meas agus ómós a léiriú ar na mairbh.
I gcás Liam Mhic Con Iomaire as Casla i gConamara, a bhásaigh níos túisce an mhí seo, ní raibh aon ghá le haon áibhéil ná ní raibh aon ghá cur leis an bhfírinne ná baint di.
Ba dheacair cuimhneamh ar aon duine eile i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta a raibh cion agus meas chomh mór sin ag cách air.
Dúirt an uile dhuine gur fear uasal a bhí ann agus b’fhíor dóibh.
Dúradh gur duine lách, séimh, suáilceach, flaithiúil agus tuisceanach
é agus b’fhíor an méad sin ar fad chomh maith.
B’fhíor gurbh fhear cabhrach é a chuir comhairle chaoin ar aon duine a lorg a leithéid agus gurbh é an dá mhar a chéile aige íochtarán agus uachtarán.
Agus b’fhíor go ndein sé a chion ar son an náisiúin Ghaelaigh.
Mar a dúirt an t-iarchraoltóir Seosamh Ó Cuaig:
Fear Gaeltachta a bhí ann istigh agus amuigh, ach ba Ghaeltacht aigesean coirnéal ar bith den tír a raibh fiú macalla de shaíocht na nGael fanta beo ann.
Cé gurbh fhear ildánach é Liam Mac Con Iomaire a bhain ardchaighdeán amach i réimsí éagsúla, ar shlí ba shaothar mór ar son na teanga a bhí
san obair go léir a dhein sé i gcaitheamh a shaoil.
An craoltóir gan cháim, an t-aistritheoir cáiréiseach ardcheardúil, an teagascóir léannta mórchroíoch, an beathaisnéisí díograiseach paiteanta, an soiscéalaí dílis tuisceanach ar son an tsean-nóis – ar bhealach amháin nó bealach eile, saothar ar son theanga na nGael ab ea na gaiscí go léir a rinne sé.
Ba léir a dhearcadh féin faoi chúrsaí teanga i gcolún beag a scríobh sé don iris Cuisle faoin gcéad leagan a moladh riamh ar Leagan Cainte, an clár raidió faoi cheartúsáid agus saíocht na Gaeilge a mbíodh sé ina chathaoirleach air.
Trí bliana i ndiaidh chraoladh an
chéad chláir sin, thagair sé do litir a fuarthas ó dhuine a d’aontaigh go láidir leis an gcéad leagan sin – ‘fútsa atá sé’ in áit ‘tá sé suas duitse’.
Dar le húdar na litreach, Pádraig Ó Néill, go raibh an ceart ag lucht an chláir fanacht dílis do nádúr na Gaeilge:
…níl sibh ach ag móradh treise agus áilleacht na teanga – agus, i ndeireadh báire, ag inseacht na fírinne. Cineál ceoil í an teanga a labhraímid agus bíonn a port féin ag gach teanga, amhail éanlaith an aeir beagnach. Ní mór cead a cinn a thabhairt don teanga in áit a bheith á sáinniú agus á teanntú.
D’aontaigh Liam Mac Con Iomaire féin leis an tuiscint sin gur teanntú na teanga a bhíonn ar bun nuair a dhéantar beag is fiú dá saíocht agus dá ceol sainiúil.
Is é a dúirt sé ina cholún faoi áiteamh fhear na litreach:
Tá ciall leis an gcaint sin. Níl aon chiall, ná aon chall, le leagan cainte a chloistear sách minic le tamall anuas: ‘Ní dhéanann sé sin ciall’. ‘Níl aon chiall leis’ an bealach nádúrtha le ‘That does not make [any] sense’ a rá, ach cloistear ‘Ní dhéanann sé sin ciall’ – aistriú díreach ón mBéarla agus sampla eile den sáinniú agus den teanntú a bhí i gceist ag Pádraig Ó Néill.
Má bhí aon namhaid ag Liam Mac Con Iomaire, ba é an rud nach raibh ‘ciall ná call leis’, nó aon rud a dhéanfaí ar mhaithe le teanntú a dhéanamh ar an teanga, an cultúr agus an pobal a raibh a chroí iontu.
Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chuir.
Is iomaí craobh a chuir lámh stuama Liam Mhic Con Iomaire.