An Gníomh Aithrí

An Gníomh Aithrí

Darragh Ó Caoimh

Do chaithemar ceimicí ar a craiceann mín

mar bhaochas dá torthúlacht,

is do mharaíomar a giollaí

idir bheacha is fheithidí.


A féile is a flaithiúlacht

a thug dúinn beatha is brí,

ach do loiteamar an féasta,

do chacamar ar na huibhe.


Go maithe sí dúinn ár bpeacaí

- an loit, an scrios, an feall -

is déanaimis ár ngníomh aithrí,

sinne clann Ádhaimh an fhill