Eta

Eta

(In ómós do Pheig)

Raphael Darcy

Bhí Eta scanraithe. Ba é an chéad uair di a bheith amuigh sa spás. Bhí an spásárthach grianchumhachtaithe ag gluaiseacht ar aghaidh gan tumadh gan preabadh, ach bhí doimhneacht as cuimse an spáis i ngach treo timpeall uirthi. Bhí solas ón réalta dhúbailte frithchaite i seolta ollmhóra an árthaigh. Os a gcomhair amach bhí gealach an phláinéid a bhí fágtha acu. Ba í an ghealach an tsatailít ar a mbeadh sí ag cur fúithi i gcuideachta na ndaoine a bhí ina gcéad dúchasaigh cheannródaíocha ann.

Deich lá roimhe sin ab ea a tháinig a deartháir Bar ar ais ón mbaile mór agus scéala aige di.

- Nuacht chleamhnais a chailín! a dúirt sé.

- A Dhia na bhfeart! Cé hé an fear? arsa Eta.

- Buachaill mín macánta ón tsatailít, fear maith. Beidh siad anseo oíche éigin go luath.

Ní raibh éinne ann a raibh níos mó measa aici air ná a deartháir, agus bheadh iontaoibh aici as, is cuma cén t-ábhar a bhí i gceist. Bheadh sí sásta cibé rud a d’inis sé di a dhéanamh.

An oíche dár gcionn tháinig triúr fear chun a tighse. Fir óga ab ea an triúr. Ní raibh a fhios ag a hathair go raibh siad ag teacht, ach ba mhaith ab eol dó cad a mheall ann iad. Bhí duine amháin díobh tar éis buidéal a tharraingt amach, rinne duine eile amhlaidh ina dhiaidh, agus sar i bhfad fágadh nach raibh aon cheal cainte orthu. Cé gur shíl sí an dúrud de gach aon duine den triúr, chaith sí roinnt mhaith ama ag iarraidh a dhéanamh amach cén duine díobh a bhí á hiarraidh, ós rud nach raibh aithne aici ar éinne díobh go dtí sin. Rinneadh an cleamhnas, áfach, gan mórán moille, le ‘Téanam’ agus ‘Táim sásta’.

Sa deireadh, tháinig a hathair anonn chuici agus dúirt:

- Ardaigh do cheann. Cad é do rogha? An bhfuil tú chun dul go dtí an tsatailít?

- Níl aithne agam féin ar lucht na satailíte, ach tá aithne agatsa orthu agus déanfaidh mé pé rud is áil leat.

Ba mhór an ceiliúradh trí lá ina dhiaidh sin, nuair a pósadh roinnt lánúna, lena n-áirítear Pád agus í féin. Anois bhí sí ar an mbealach leis go dtí an tsatailít s’aigesean ar a árthach grianchumhachtaithe féin. Bhí eagla uirthi, ach bhí a fhios aici go raibh sí slán sábháilte agus a fear céile nua, lena chuid cairde, ar an stiúir. Is iomaí turas a bhí déanta acu i gcomhar a chéile ar spásárthaigh díreach mar an gcéanna leis an gceann seo.

Bhí láthair thuirlingthe na satailíte dubh le bunadh na háite a bhí ann chun fáilte a chur rompu. Conas ar domhan a d’éireodh léi riamh aithne a chur orthu go léir?

- ‘Céad míle fáilte romhat, a Eta,’ arsa athair Pháid. Lúbaire righin láidir ab ea é - Beo an leasainm a bhí air.

Tháinig leanaí sna sála orthu suas go dtí an teach ag súil le go mbeadh milseáin acu dóibh.

Bhí máthair a céile ina céad cuid timpeall uirthi. Bhain sí culaith Eta di agus chroch ar chrúca, a bhí déanta as nítríd, a bhí socraithe ar an mballa, í.

Bhí an ceart aici déanamh de réir mar a mhol a deartháir - daoine maithe ab ea na daoine seo.

Bhí na feistis tí ann simplí. Ach fós féin bhí siad déanta as nítríd a bhí diasraithe ó fhoirnéisí fiánta an spáis, rud a d’fhág go raibh cuair leitheadacha orthu. Ar dtús tháinig na seanmhná le chéile chun fáilte a chur roimh Eta, ansin tógadh na bairillí isteach, tháinig na daoine eile go léir isteach ina dhiaidh sin, seandaoine agus daoine óga araon, go dtí go raibh an chistin ollmhór dubh le daoine, ach amháin gur fágadh neart spáis i lár an tseomra. Lean an rí rá ar aghaidh go dtí an mhaidin le ceol, le rince agus le hamhráin.

Daoine gan talamh ab ea muintir na satailíte. Bhíodar gan talamh mar ní raibh a leithéid de rud ann agus seilbh talún, ní raibh ann do na háitritheoirí ach áitíocht agus slí mhaireachtála. Bhí nósanna saoithiúla na cianaoise, sin le rá an modh maireachtála a bhí ag muintir na machairí ar Domhan, le brath sa tslí inar mhair na daoine.

Le blianta beaga anuas bhíodh eolaithe ag cuardach neacha neamhshaolta chomh fada amach sa spás is ab fhéidir leo lena dteileascóip. De réir mar a tháinig foinsí nua cumhachta chun cinn chun spástaisteal gan teorainn a dhéanamh - innill ianacha mar shampla - tharla nach do thurasóirí amháin an spástaisteal. Bhí cuspóir nua anois leis - an cuardach chun pláinéad a aimsiú ar a mbeadh eisimircigh ón Domhan in ann maireachtáil. Bheadh na coinníollacha go léir a mbeadh gá leo chun maireachtáil ar an bpláinéad saorga ionas go mbeidís in ann saol simplí nádúrtha a bheith acu ann, saol nach raibh le fáil ar Domhan go deo feasta. Bhíothas chun éiceachóras nua a chruthú ar an bpláinéad coilíneach seo, bhíothas chun éiciréim nua, ceann níos fearr, a bhunú ann.

Ba é an t-uisce a baineadh ó na hastaróidigh foinse an atmaisféir. Agus ansin gineadh an saol éiceolaíochta le cuidiú ón dá speiceas is lú ar Domhan - feithidí agus baictéir. Ba é réalta dhúbailte lár na cruinne seo ina raibh sliocht na n-inimirceach a tháinig ón Domhan. Roghnaíodh an réalta seo mar gheall ar a haois, aois lenar gealladh go mbeadh sí ann mar bhaile do na hinimircigh ar an bpláinéad a d’fhásfadh aníos laistigh dá réimse domhantarraingthe. Anois bhí gealach an phláinéid á coilíniú, an tsatailít ar a raibh sí ar tí maireachtáil le Pád agus a gcuid leanaí, agus leis na daoine breátha a bhí ag éirí mór léi.

Ní bhíodh easpa comhluadair uirthi riamh ar an tsatailít. Maidin amháin agus í ag siúl go dtí an plota gairdín in aice lena tigh, casadh ógbhean, Clina, léi.

- Móra duit ar maidin, a Eta! ar sise. Nach moch atá tú i bhfeighil do chuid oibre!

- An riach dom, a Chlina, gurb é atáim a chuimhneamh ná gur teanntaithe an áit é seo. Tá an spás sin amuigh ag cur eagla orm. Is amuigh sa spás sin, a Chlina, a chaithfidh m’fhear céile leath a shaoil feasta!

- Is mar sin atá anseo, a dhalta! Ach ná bíodh aon tinneas ort i dtaobh an spáis. Tá Pád, d’fhear céile-se, an-chliste agus níl aon teacht anuas ar an eolas atá aige air. Is é a chloisimse
ó mhuintir mo thighse féin ná nár chuir a mháistir árthach spáis riamh ar siúl ach do Phád amháin. Nár chualais riamh
an dán molta a dhein Sán Sab dó nuair a thug sé an chraobh leis lá an ráis?

- Mhuise, is mór an sásamh aigne dom go bhfuil gach aon duine á mholadh, pé scéal é, arsa Eta. D’éirigh Clina ina cara ba dhlúithe aici ar an tsatailít.

B’iomaí lá a chaith Eta ag feitheamh ar a fear céile go dtagadh sé abhaile ó éigríoch an spáis a shealbhaigh sé in árthach gréine beag lena sheolta ollmhóra, ag sáinniú na n-astaróideach a bhí chomh flúirseach ins na sruthanna imtharraingthe os cionn na réaltaí cúpla. B’fhoinse iad na hastaróidigh do mhianraí luachmhara dála an chóbailt agus an diospróisiam chomh maith le tearc-chréanna. Chomh tábhachtach céanna a bhí na léicin a mhair orthu, díreach mar a mhair léicin ar fhásaigh laibhe ar Domhan, agus iad ina bhfoinsí bia don daonra.

D’fhanadh sí féin agus a bheirt chlainne, Mur agus Cáta, go heaglach go dtí go bhfilleadh a n-athair óna thurais. Uaireanta thugadh sé amach dóibh nuair a bhídís ag troid faoi rud speisialta a thugadh sé ar ais dóibh - léicean blasta nó cloch lómhar álainn.

Bhí aon rud amháin ann a raibh eagla a mbeatha ar na sealgairí roimhe i gcónaí - go mbuailfeadh astaróideach, a bhí róbheag le brath, ina n-éadan amhail piléar as gunna, agus go gcruthódh sé sceitheadh aeir a d’fhágfadh go mbeadh siad in éineacht leis an bhfásach marfach i bhfolús an spáis. Ach ní eachtra chomh drámata sin a thóg céile Eta - le galar ó víreas spáis a fuair seisean bás. Níor théarnaigh sé riamh – scaoileadh a chorp amach sa spás i dtreo na ngrianta.

Chaill sí Cáta freisin, ag ocht mbliana d’aois, cailín álainn. Chaoin sí ar feadh trí lá ina diaidh.

Go gairid ina dhiaidh sin dhreap sí in airde ar an gcnoc taobh thiar dá teach. Bhí an réalta dhúbailte ina luí, a glésholas ag crónú ina bhuí de réir a chéile agus an dealramh uirthi go raibh an ghrian is gaire don bpláinéad ag cumasc lena leathchúpla i gcéin. Tháinig scéal an spásárthaigh sin i gcuimhne di, an ceann ar cuireadh deireadh leis i lasracha na réalta seo. De réir mar a dhorchaigh an spéir, léirigh an réaltra Andromeda os a cionn. B’fhada ó thóg sé glóir spéir na hoíche ó Bhealach na Bó Finne. Bhí braislí cruinneogacha a réaltaí cosúil le healtaí móra d’éin mhara agus iad tiontaithe i dtaispeántais reoite solais. Bhí cuma an luasctha ar ghéaga gorma beoga na réaltraí bíseacha agus í ag féachaint orthu.

Tháinig osna óna croí, agus dúirt sí os ard:

- Nach aisteach an rud é duine atá cráite, agus an méid sin d’iontas agus d’áilleacht timpeall orthu ceaptha faoi lámh an Chruthaitheora!

Baineadh geit aisti nuair a chuala sí céimeanna taobh thiar di. Sán Sab a bhí ann, agus dá feiceáil chúlaigh sé cúpla coiscéim amhail is dá mba iontas leis an teagmháil, agus in ómós di. Sin an nós a bhí ag an seanduine.

- Nach bhfuil sé in am duit ’bheith ag dul abhaile, a dúirt sé.

- Is dócha go bhfuil, Sán, ach an fhírinne a rá, níl puinn fonn abhaile orm.

- Ní haon ionadh é sin, a bhean bhocht. Bíonn uaigneas i gcónaí ar an duine tar éis linbh.

Leis sin, ós rud é gurbh fhearr léi iad a bheith ag caint faoi rud éigin eile --

- Féach thall a Shán, féach ar an Domhan!

- Cá bhfuil sé, a dhiabhail, arsa Sán, mar ní raibh ceannach na mionn air. Ach fós chas sé timpeall chun cuardach, mar dhea, i ngach uile threo.

- Nár chuala tú Clina ag rá go bhfaca sí an Domhan, tráth, ón áit seo, lá a bhí sí ag baint sméar?

- Ara, tusa agus Clina! Ach is radharc álainn é ar fad gan aon agó. Thabharfadh duine an leabhar gur talamh éigin fé dhraíocht é.

Ba é an t-árthach a bhí ar cheann de na cinn is nua-aimseartha a bhí ann, agus bhailigh na daoine fásta fiú, chomh maith leis na leanaí, chun é a fheiceáil ag sreabhadh anuas le himtharraingt rialaithe trí na néalta geala buí, le tuirlingt ar imeall chluainte an tsráidbhaile.

Chuir Mur fáilte roimh an triúr a thuirling de agus threoraigh sé an bealach gearr iad go dtí teach Eta. Chuir an bhean scothaosta í féin in aithne, ansin an bhean eile agus an fear. Bhí a fhios ag Eta ó ainmneacha na beirte deireanacha gur róbónna iad. Níor bhuail sí le go leor díobh seo, murach sin d’fhéadfadh sí a nádúr a thomhas ní ba luaithe as a ngnéithe neamhghníomhacha foirfe. Tar éis an chuir in aithne, shuigh siad go léir le chéile timpeall na tine, ag ól tae.

- Muise, tá togha na ndeiseanna agaibh amuigh anseo, arsa an bhean, arbh ollamh í.

Fiú na róbónna, a raibh céadfaí ardaithe acu, is léir go raibh siadsan sásta chomh maith le compord seanaimseartha na cistine. Níorbh fhada go dtí go raibh comhrá bríomhar ar siúl.

- Dhera, b’fhéidir gur cheart dúinn tosú ag an tús, a dúirt an t-ollamh faoi dheireadh.

- Is éard atáim ag iarraidh a rá ná b’fhéidir gur cheart duitse tosú ag an tús!

Bhí ionadh ar Eta nach raibh aon trealamh taifeadta acu, ach dheimhnigh siad di go gcuimhneofaí go hiomlán ar gach rud a dúirt sí. Bheadh ​​siad in ann a rá fiú amháin conas a dúirt sí é le blas agus tuin chainte a hóige.

- Is iad ÁinO agus MicO na héisteoirí is fearr ar domhan, a dhearbhaigh an t-ollamh le meangadh breá suaimhneach.

Stán Eta amach roimpi go sollúnta ag faire sa tine ar feadh tamaill, agus ansin d’iompaigh ina dtreo agus thosaigh sí.

- Bhí mé scanraithe. Ba é an chéad uair dom a bheith amuigh sa spás. . .