Tumadóireacht Ghealaí

Dubhán Ó Longáin

Sa loch seo romham

A chonaic mé an ghealach tharam ar dtús.


Anois,

Ní thugaim ach sracfhéachaint suas –

Chomh láidir sin an loch.

Anseo, anocht, tá mé ag tochailt na gealaí,

Sluasaid mo chéimeanna ag éirí níos doimhne.

Ciúin i mo thimpeall –

Is tostach an domhan,

Séimhithe ag mo lapadaíl.

Is geal an solas –


Ach dá ghile an ghealach tharam

Is suaimhní an t-uisce fúm.

Fúm, anocht, a fheicim a bhfuil tharam

Agus leanaim liom anois –


Ag siúl ar an ghealach.