Martin gan Mhurchadh gan Mhánas

Máirín Ní Ghadhra 
Martin gan Mhurchadh gan Mhánas

markwickham.org

Cén fhad eile a bheidh cosmhuintir Fhianna Fáil sásta a bheith faoi ordóg Fhine Gael? a fhiafraíonn Máirín Ní Ghadhra

Cén uair a bhrisfidh ar fhoighid Theachtaí Dála Fhianna Fáil? Tá siad ar an bpáirtí is mó sna húdaráis áitiúla go ceann cúig bliana eile agus tá a n-ainm ar ais ar liosta na bhFeisirí i bParlaimint na hEorpa. Ina dhiaidh sin féin agus ainneoin a bhfuil de chorraíl i measc a gcuid ionadaithe tofa, tá Micheál Martin diongbháilte go gcloífear leis an socrú muiníne agus soláthair. Tá tacaíocht geallta acu do cháinaisnéis amháin eile agus tarlóidh sé sin. Beart críonna nó feall ar an bpáirtí is mó a bhí i rialtas ó bunaíodh an Stát?

Tá sé de cháil ar Mhicheál Martin go bhfuil sé cúramach mar pholaiteoir. Fear ar bith nár ghéill don bhrú ina pháirtí féin, ón bhfreasúra agus ó chuid mhaith den phobal droim láimhe a thabhairt leis an rialtas le linn an scannail faoi na líomhaintí in aghaidh an tSáirsint Maurice McCabe caithfear a rá go bhfuil foighid aige. Fear ar bith nach raibh cathú air an socrú ar fad a chaitheamh i dtraipisí nuair a bhí an phraiseach faoi chostas ospidéal náisiúnta na leanaí i mbéal an phobail, caithfear a rá go bhfuil sé deacair é a chur le báiní.

Foighid agus críonnacht mar gheall ar an méid atá ag tarlú sa mBreatain an míniú a thugann ceannaire Fhianna Fáil ar an straitéis atá aige. Tá an iomarca práinne ag baint le ceist an Bhreatimeachta go mbeadh muidne anseo in Éirinn ag plé le polaitíocht na bpáirtithe, a deirtear. Agus tá go leor sa bpáirtí a déarfadh go bhfuil an ceart aige cé go mbriseann sé a gcroí a leithéid a rá.

Ach fírinne an scéil go bhfuil muid chomh fada ó Bhreatimeacht inniu agus a bhí muid trí bliana ó shin nuair a reáchtáladh an reifreann sa mBreatain. Agus seachas a bheith ag maolú is ag treisiú atá an éiginnteacht. Cén fhad eile a bheidh cosmhuintir Fhianna Fáil sásta glacadh le bheith faoi ordóg Fhine Gael, mar a fheictear dóibhsean é. Cén fhad eile a bheidh siad sásta fanacht ar a gceannaire deireadh a chur leis an scéal ar fad agus a mhuinín a chur sa bpobal? Is gearr sin, déarfainn.

Tá cluiche iomána eile le himirt ag Micheál Martin anseo. A oidhreacht féin. Ní raibh ceannaire riamh ar Fhianna Fáil nár chaith seal ina Thaoiseach ó bhunaigh Éamon de Valera an páirtí i mí an Mhárta 1926. Is é Micheál Martin an t-ochtú duine a raibh an cheannaireacht aige ó ceapadh é i mí Eanáir 2011. Tá dhá olltoghchán caillte ag an bpáirtí go dtí seo – ceann tubaisteach in 2011 nuair a bhí an tír ar a tóin agus baint mhór ag droch-chinntí de chuid Fhianna Fáil leis an riocht ina raibh sí. Cúig bliana dár gcionn, rinne an páirtí aiséirí de bheagán ach an teachtaireacht ba mhó a thug an pobal an babhta sin gur beag muinín a bhí acu in aon pholaiteoir acu. An ‘nuapholaitíocht’ a tháinig as a dheireadh sin. Rialtas mionlaigh ina bhfuil Fianna Fáil ag tacú le Fine Gael agus grúpa neamhspleách.

Fágann sin Fianna Fáil gan Mhurchadh gan Mhánas i ndáiríre. Níl siad i gcumhacht - agus is maith le Fianna Fáil a bheith i gcumhacht - ach tá suáilcí an fhreasúra géillte acu freisin. Fírinne an scéil gur mó cosúlacht freasúra a bhíonn ar Shinn Féin go minic.

Tá Sinn Féin, nó bhí go dtí le gairid, ag déanamh an-imní d’Fhianna Fáil mar is léir ó imeachtaí na Dála. Is minice an
dá pháirtí mór sa bhfreasúra ag díriú na ngunnaí ar a chéile
ná ag troid leis an rialtas. Déarfadh lucht a cháinte gur mó
imní a bhíonn ar Mhicheál Martin faoi Shinn Féin ná faoina pháirtí féin.

Déarfadh sé féin go bhfuil an páirtí ag téarnamh, borradh mór fúthu ag leibhéal áitiúil agus iad i gceannas ar go leor d’údaráis áitiúla na tíre.

Beidh na comhairleoirí nua atá tofa dóibh an babhta seo an-áisiúil nuair a thiocfaidh an t-olltoghchán. Tá aiséirí déanta ag an bpáirtí i mBaile Átha Cliath rud a chiallaíonn go bhféadfaidh siad a bheith dóchasach go n-éireoidh leo suíocháin bhreise Dála a fháil san ardchathair san olltoghchán.

Pé uair a tharlóidh sé.

Caithfidh Martin an cheist sin a mheas go cúramach críonna freisin. An mbreathnaítear ar a pholasaí a bheith dílis do gheallúintí an chomhaontaithe soláthair agus muiníne mar ghníomh ag státaire a thuigeann contúirt an Bhreatimeachta? Nó mar bhotún ó pholaiteoir díchéillí atá faoi gheasa ag an méid cumhachta atá aige faoi láthair? Nó mar léiriú ar fhear a thuigeann go rímhaith go mbeidh a rás féin mar cheannaire rite má theipeann ar Fhianna Fáil dul ar ais i rialtas i ndiaidh an olltoghchán? Níor éirigh le haon dream an toghchán deiridh a bhuachan. Rialtas mionlaigh atá againn a shíl go leor nach mairfeadh ach trí mhí. Tá trí bliana déanta acu. Níl an spéir tite ar an talamh. Dá mbeadh toghchán eile amárach cé a chuirfeadh airgead air go n-athródh mórán? Agus mura n-éiríonn le Micheál Martin oifig an Taoisigh a bhaint amach théis an chéad olltoghchán eile, tá sé réidh. Ní bheidh ionadaithe Fhianna Fáil sásta cloí leis níos mó.

Tá fadhbanna go leor sa tír. Tá an córas sláinte ina chíor thuathail. Tá an ghéarchéim tithíochta náireach. Tá róchostas na dtionscnamh poiblí éagsúil ina n-ábhar conspóide. Níl dearmad déanta go fóill ar na táillí uisce. Tá fiosrúcháin ar siúl faoi CervicalCheck, na Gardaí, Siteserv agus ospidéal na leanaí. Níl deireadh rái te fós faoin bplean náisiúnta leathanbhanda. Tá Leo Varadkar dhá bhliain in oifig an Taoisigh agus go leor den snas a bhí air i dtús aimsire imithe de.

Ar cheart do Mhicheál Martin leanacht den straitéis atá aige – go foighdeach, cúramach le súil agus go dtiocfaidh cúpla fadhb eile chun cinn le corraíl intinne a chur ar Fhine Gael agus a chomhghleacaithe neamhspleácha? Agus le súil cur ina luí ar na Teachtaí Dála atá ag éirí mífhoighdeach sa bpáirtí gurb é leas an náisiúin an rialtas reatha
a chosaint ar éiginnteacht an Bhreatimeachta? Nó
an bhfuil amhras ag méadú ina measc nach bhfuil ansin ach leithscéal agus gan an chuma ar an scéal go mbeidh aon fhuascailt ar an éiginnteacht chéanna go dtí i bhfad níos déanaí ná Oíche Shamhna
seo chugainn?

Cé mar sin is túisce a ghéillfidh? Iad siúd atá sásta a bheith dílis don cheannaire agus glacadh leis an gcur chuige atá aige? Nó iad siúd atá amhrasach ón gcéad lá faoi bheith ceangailte le Fine Gael gan a bheith i gcomhrialtas leo? Léirigh na toghcháin le gairid go bhfuil méid áirithe dul chun cinn á dhéanamh ag an bpáirtí go háitiúil. Is deacair a rá gur vóta muiníne sa gceannaireacht atá ansin ó tharla go mbunaíonn daoine a gcuid vótaí ag leibhéal áitiúil ag na pearsana atá ann. Agus theip siad go tubaisteach sa toghchán Eorpach i dtoghlach an Láir Tíre-An Iarthuaiscirt.

Is gearr go scorfar an Dáil don samhradh. Is beag duine ann nach bhfuil ábhar machnaimh acu. An cheist is mó ag Fianna Fáil an gcuirfidh siad a muinín i Micheál Martin go socróidh an rialtas seo olltoghchán a ghairm? Nó an gcuirfidh siad brú go hinmheánach ar an gceannaire bheith níos déine ar an rialtas. An bhfuil sé de mhisneach acu féin bagairt a dhéanamh go gcuirfear deireadh leis mar cheannaire mura mbeidh Fianna Fáil ar ais ag bord an rialtais as seo go ceann sé mhí?

Máirín Ní Ghadhra 

Is iriseoir agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra. Tá na leabhair Taibhse an Dá Thaobh, Lámh Mharbh Abú!, scríofa aici, agus aistriúchán déanta aici ar An Cúigear Cróga (The Famous Five): A Lazy Afternoon, agus ar an sraith Dónall Dána (Horrid Henry).