An cás ar son Comhar ...

Áine Ní Ghlinn
An cás ar son Comhar ...

Tá molta ag Foras na Gaeilge gur ar líne amháin a bheadh iris seo na nGael feasta. Seo agaibh an cás ar son Comhar ag scríbhneoirí éagsúla...

Réaltán Ní Leannáin

Théadh siorradh tnúthánach tríd an seomra ranga i dtólamh nuair a thagadh an múinteoir Gaeilge isteach agus carn beag cóipeanna de Comhar nua na míosa sin ina lámha aici. Na seachtóidí. An chéad rud a rinne beagnach gach duine sa rang ná a gcóip féin a ardú chuig a n-aghaidh, an boladh úrchlóite ag líonadh ár scamhóg, an clúdach snasta á chuimilt ag ár méara, ár súile sáite san íomhá nua don eagrán sin.

Geallaim go ndéanaim an rud ceannann céanna inniu, caoga bliain níos moille.

Tá i bhfad níos mó in iris chlóite ná focail . . .

An clúdach snasta
á chuimilt…

Alex Hijmans

Ní ar Comhar a foilsíodh an chéad phíosa ficsin de mo chuid dár cuireadh i gcló riamh, ach gan dabht ar bith is í Comhar an iris liteartha ba mhó a thug tacaíocht dom síos tríd na blianta agus slí bheatha á baint amach dom féin agam mar scríbhneoir Gaeilge.

Thosaigh an dlúthcheangal a mhothaím le Comhar thiar sa bhliain 2000, nuair a ghlaoigh cathaoirleach an bhoird orm gan choinne ag tairiscint phost an eagarthóra dom. Ní raibh mé ach 25 bliain d’aois, nuachainteoir ón iasacht a bhí ionam, agus ní raibh ach bliain nó dhó caite agam leis an iriseoireacht; níor shamhlaigh mé riamh go mbeinn i m’eagarthóir ar iris liteartha a raibh stair chomh fada sin ag baint léi. Ba mhór millteach an onóir dom a bheith i m’eagarthóir ar Comhar agus cé nár chaith mé ach bliain go leith sa phost ba dheis iontach dom é a bheith ‘ar an taobh eile’ ar feadh seala; ag coimisiúnú alt agus ag déanamh scagadh ar shaothair litríochta ó scríbhneoirí eile seachas a bheith ag cur scéalta chuig iris mé féin ag súil go bhfoilseofaí iad.

B’éigean dom éirí as post an eagarthóra nuair a d’éiligh cúram eile a bhí orm ag an am iomlán m’airde, ach lean mé orm ag cur gearrscéalta chuig Comhar agus bhí lúcháir orm chuile uair dár foilsíodh ceann acu. Tá draíocht ar leith ag baint le saothar litríochta de do chuid féin a fheiceáil i gcló, ar pháipéar, in iris liteartha aitheanta den chéad uair agus go deimhin an dara huair, an tríú huair agus gach uair ina dhiaidh sin. Níor mhaith liom go gceilfí an pléisiúr sin ar an nglúin scríbhneoirí Gaeilge atá ag teacht in inmhe anois. Imíonn dánta, gearrscéalta nó píosaí prós-iriseoireachta a fhoilsítear ar-líne (mar atá á mholadh ag Foras na Gaeilge) isteach i gcartlann dhigiteach tar éis míosa. Nuair a chuirtear deireadh, cheal maoinithe, leis an bhfoilseachán leictreonach a d’fhoilsigh iad bíonn siad imithe ar fad. Is féidir iris chlóite a thaispeáint do do gharchlann.

Bhí lúcháir orm
chuile uair dár foilsíodh ceann acu

Gabriel Rosenstock

Is cuimhin liom go ndúirt Cathal Ó Searcaigh liom uair amháin (an file Éireannach is mó ó aimsir Yeats im’ thuairimse) gur spreag mo chéad iarrachtaí beaga filíochta ar COMHAR é - gur thuig sé go raibh an Bhé beo i gcónaí agus go mb’fhiú dó a shaol a chaitheamh feasta mar fhile Gaeilge.

Dáiríre, d’fhéadfadh éinne againn a bheith ina lóchrann do dhaoine eile. Ní thuigimid - agus ní thuigfear go deo - an éifeacht a bheadh ag síol amháin, dán nó scéal nó léirmheas ar Comhar, abraimis, ar dhuine amháin, agus an t-eagrán sin á léamh aige ar a shuaimhneas, sea, iris chlóite ina lámha aige! Agus éist leis seo: is leor duine amháin!

Ní gá a bheith ag breathnú ar fhigiúirí ná ar algartaim an t-am ar fad. Bíodh an diabhal acu!

Má spreagtar duine amháin, file amháin, scannánóir amháin, cumadóir amháin, intleachtóir amháin, gníomhaí amháin - ba leor sin!

Tugaimis misneach dá chéile. Bímis ag léamh is ag scríobh. Tá airgead mór caite ag an bhForas ar chúrsaí foclóireachta, mar is ceart. Ar fhéach siad ar an bhfocal comhar le déanaí? An sainmhíniú atá ar an bhfocal sin ná combined work, mutual assistance. co-operation, partnership. Gréasán is ea saol na Gaeilge. Nó clár míreanna mearaí. Má chailltear píosa amháin, lagaítear an t-iomlán.

Caillfear Comhar, dar liom, má imíonn an leagan clóite de.

Éist leis seo, is leor
duine amháin!

Laoighseach Ní Choistealbha

Don scríbhneoir úr Gaeilge, ní féidir tábhacht Comhar a chur i bhfocail. Tugann an iris, agus foireann na hirise, deis don fhile agus don scéalaí is déanaí sa Ghaeilge a gceirdeanna a chleachtadh os comhair lucht léitheoireachta – rud atá riachtanach agus tú ag iarraidh stíl agus leagan amach do chuid scríbhneoireachta a fhorbairt. Dom féin, thug Comhar – leagan clóite den iris, is fiú a rá – deis dom mo chuid dánta a fheiceáil sa chló. Is mithid a rá gur thug an t-eispéireas sin ardú croí dom – file nua mé, nár fhoilsigh oiread is líne amháin as Gaeilge roimhe sin.

Cinnte, tá ceisteanna eile anois againn freisin, maidir le teicneolaíocht agus fiúntas na meán go ginearálta, agus faoin eitic a bhaineann leis an teicneolaíocht i saol an duine.

Cad a chailltear nuair a chuirtear scáileán idir an litríocht agus an duine? Cad a chailltear nuair a éiríonn an teicneolaíocht, an ríomhaire agus an scáileán ina n-idirghabhálaithe do gach eispéireas? Cinnte, is deas an éascaíocht a bhaineann le rudaí a fháil ar líne, ach tá íobairt le hofráil: ceangal an duine leis an saol intadhaill.

An gcailleann muid rud ársa – an litríocht inbhraite, an litríocht inláimhsithe? Chun súil a chaitheamh ar eitic na scáileán ar an iomlán, creimeann gach uair os comhair scáileáin ár sláinte mheabhrach. An gcaithfidh muid achan rud a bhrú ar líne? Nach bhfuil rud ar bith slán ó choncas na teicneolaíochta?

B’fhéidir go mbeadh aithne ag cuid agaibh ar an tsraith dánta de mo chuid a d’fhoilsigh an iris seo le déanaí – Aisling Theicneolaíoch. Sna dánta, scrúdaigh mé na fadhbanna agus na coinbhinsiúin nua atá againn mar gheall ar an teicneolaíocht. Más ceadmhach tagairt do líne amháin ó dhán na sraithe,
an gcaithfidh muid achan rud a bhá sa teicneolaíocht – an mbeidh orainn, mar léitheoirí Comhar, ‘stánadh isteach i linn dhomhain leictreach [ár] ngutháin’ chun an litríocht is fearr
a léamh feasta?

Cuireadh mo dhán i gcló

Anna Heussaff

Nuair a thagann Comhar isteach doras an tí chugam, bainim an barrchlúdach agus osclaím an iris go bhfeicfidh mé cad é is túisce a léifidh mé. Laistigh de sheachtain nó dhó, is iondúil go mbíonn formhór na hirise léite agam. Nuair a thagann irisí liteartha eile chugam mar nasc idirlín ar ríomhphost, deirim liom féin go léifidh mé lá éigin iad ach is fíorannamh a dhéanaim sin, dá fheabhas iad. Is minic mé ag léamh míreanna nuachta is tuairimíochta ar an ríomhaire agus ar an nguthán póca ó Tuairisc.ie, the Irish Times, the Guardian agus foinsí eile. Agus caithim mo shúil ó am go chéile ar nuachtlitreacha iomadúla a fhaighim mar rphost ó eagrais chultúir agus ó fheachtais teanga, timpeallachta is cearta daonna. Cén difríocht, más ea, idir an dá chineál gníomhaíochta?

Cúis amháin, dar liom, ná fad agus téagar an ábhair. Is furasta míreanna gearra a léamh ar líne ach is beag an sásamh dhá nó trí mhíle focal a léamh ar scáileán, pé acu gearrscéal nó alt tuairimíochta nó sraith léirmheasanna. Cúis eile ná go gcaithim seal rófhada den lá ag obair ar an ríomhaire – agus gur sos dá réir sin é imeacht go bord na cistine ag am lóin, nó amach faoin aer lá breá, agus iris chlóite nó nuachtán i mo ghlac agam. Cúis eile fós ná an pléisiúr súl agus an tadhall láimhe atá le fáil ón iris chlóite – go háirithe agus í deartha go snasta – nach bhfaightear ó ghlioscarnach na bhfocal ar an scáileán. Níor ruaig na ríomhleabhair na leabhair chlóite mar a tuaradh ar dtús agus ar an dóigh chéanna, is maith linn leathanaigh irise a iompú agus ligean dár n-amharc fálróid ar leathanach iomlán san am. Ní daoine bunaosta amháin a thuigeann an méid seo, ach an dream óg a deir liom go bhfuil stádas agus fiúntas ag an earra clóite nach mbeidh choíche ag síorshruth an idirlín.

Ní scrios ná díbirt sa chibearspás atá tuillte ag Comhar ach tacaíocht agus treisiú.

Ní díbirt sa chibearspás atá tuillte ag Comhar

Celia de Fréine

Faoi phlean Fhoras na Gaeilge moltar go gcuirfí iris liteartha amhail Comhar ar fáil ar líne amháin, gan ach €60,00 in aghaidh na bliana chun é sin a chur i gcrích, leath an mhaoinithe atá ar fáil don iris san am i láthair. Dá gcuirfí deireadh leis an leagan clóite den iris sheanbhunaithe seo, scríbhneoirí agus léitheoirí na Gaeilge a bheadh thíos leis. Gan trácht ar an dochar a dhéanfaí don Teach Foilsitheoireachta Comhar agus don iomaí abhras ar a gcoigeal acu, ina measc LeabhairCOMHAR, ComharÓG, ComharTaighde, agus Portráidí. Chuirfí an teach féin, an branda, an oifig agus postanna i mbaol. Rud a bheadh mífhreagrach, go háirithe agus teach foilsitheoireachta fadbhunaithe eile á thabhairt chun críche sa phríomhchathair i mbliana. Ar ndóigh, ba chóir dom a fhógairt go bhfuil leas agam sa teach céanna: foilsíonn LeabhairCOMHAR leabhair liom.

Ba chóir dom a fhógairt freisin, cé nach scríobhaim go rómhinic don iris, is maith liom í a léamh. Is maith liom an fhuaim a chloistear nuair a phlabann sí isteach sa bhosca litreach. Is maith liom an pár a bhrath idir mo chorrmhéar agus m’ordóg. Is maith liom a bhfuil idir an dá chlúdach a léamh in aon áit gur mian liom. Sa leaba. Ar bord eitleáin. Is maith liom go gcuirtear ar mo chumas plúr na scríbhneoireachta a iniúchadh, teacht in inmhe an scríbhneora úir a leanúint. Is maith liom an léirmheastóireacht agus an cead aighnis. Caithim an iomarca ama os comhair scáileáin. Ní dóigh liom go mbacfainn an iris a léamh mura mbeadh an leagan clóite ar fáil. Ní dóigh liom go léifeadh mórán daoine eile í ach oiread. Táim cinnte nach léifeadh grúpa amháin í, sin daoine nach bhfuil leathanbhanda ar fáil sna ceantair ina bhfuil cónaí orthu nó daoine nach bhfuil ríomhairí acu, nach bhfuil eolach ar ríomhairí. Dhéanfaí leithcheal ar na daoine sin.

Tuigtear dom go gcaithfidh Foras na Gaeilge an cur chuige is éifeachtaí a aimsiú maidir le hearnáil na hiriseoireachta Gaeilge. Ní trí mhaoiniú Comhar a ghearradh ina dhá leath a chuirfí é seo i gcrích.

Molaim go láidir cúrsaí a fhágáil mar atá nó feabhas a chur orthu. I bhfianiaise a bhfuil idir lámha ag Foras na Gaeilge, is cosúil nach bhfuiltear ag breathnú ar an ‘bpictiúr mór’. Go bhfuiltear ag iarraidh tuí na háithe a chur ar an muileann. Mar nach léir céard a dhéanfaí leis an €60,000 a bhainfí de Chomhar. Ní léir cé dó a dhéanfaí leas. Má ghlactar leis an moladh seo, beidh feall á imirt ag Foras na Gaeilge ar scríbhneoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge. Buille marfach a bheidh ann.

Póilín Ní Chiaráin

Ar an meánscoil, Coláiste Mhuire i dTuar Mhic Éadaigh, a bhí mé nuair a tháinig mé ar Comhar i dtosach. D’fhágadh an sármhúinteoir Máiréad Nic Dhonncha cóip den iris sa leabharlann bheag a bhí againn. Bhí iris na míosa sin ann agus sean-eagráin freisin. Mhúscail an t-eagrán reatha mo dhúil sna seanchóipeanna.

Saibhreas.

Is cuimhin liom gur tháinig mé ar ‘Ár Ré Dhearóil’ agus ‘Stoite’, filíocht Mháirtín Uí Dhireáin a bhí úr agus nua mar a bhí an-chuid den saothar a foilsíodh i gcaitheamh na mblianta. Seans nach raibh taisce luachmhar litríochta san iris gach mí ach ba mhinice ná a mhalairt dán nó gearrscéal den scoth, smaointeoireacht dhúshlánach, aistí critice neamhspleácha, conspóid agus idir shúgradh agus dáiríre inti.

Bhí mórscríbhneoirí na Gaeilge de gach glúin in Comhar ó bunaíodh é 77 bliain ó shin; Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Tuama, Máire Mhac an tSaoi, Breandán Ó hEithir, Caoilfhionn Nic Pháidín, Breandan Ó Buachalla, Liam Ó Muirthile, Nuala Ní Dhomhnaill, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Áine Ní Ghlinn gan ach beagán a lua. Chothaigh Comhar an nuascríbhneoireacht.

Iris thábhachtach ab ea agus is ea Comhar a thuill gradam agus stádas. Mar dhuine a mbíonn corr-alt agam ann feictear dom gur onóir mhór an cuireadh chun ábhar a sholáthar d’iris chomh forásach léi.

Má fhágtar ar an bhfaraor géar é, na pingineacha suaracha a bhí aige roinnte idir é agus mionscéimeanna trialacha is deacair a shamhlú conas a mhairfidh Comhar. Sa mullach ar chiorrú an bhuiséid, buille feille a bheadh ann an iris a chur ar an idirlíon amháin.

Tá a fhios ag gach léitheoir an chaoi a bpreabann an croí nuair a thagann sé in athuair ar sheod de leabhar nó iris, an tógáil croí a bhaineann leis an dán a léamh arís as an nua. Is annamh a tharlaíonn sé sin ar an idirlíon, ach is minic a tharlaíonn le Comhar, idir shean agus nua. Caomhnaímis ár stór ar pháipéar.

Máirtín Coilféir

Gaois de chuid na linne seo é gur sláine, gur buaine, gur saoire an earra ar líne ná an earra ar láimh. Tá go maith – sin é nós na haimsire agus tuigeann seanmhadraí na sráide cén chaoi a mbainfí an tátal sin as an scéal.

An áit a bhfuil an gad ná gur leithne, gur gradamúla, gur tábhachtaí an iris Comhar ná faisean luaineach na linne bige seo amháin. Is é Comhar an lárionad litríochta d’údair na teanga agus an léiriú is cruinne ar scríbhneoireacht na Gaeilge trí chéile le beagnach céad bliain anuas.

Dlitear don scríbhneoireacht sin earra a diongbhála. Earra í sin ar féidir lámh a leagan uirthi, ar féidir í a fheiceáil agus a cheannach i siopaí na gcathracha ar fud na tire, ar féidir í a thabhairt ar iasacht is a roinnt. Earra phobail í, sa deireadh, a fhágann a rian sa domhan seo a maireann muid ann, seachas in uiscealach de spás fíorúil nach bhfaca éinne riamh.

Tá caint mhór ar nósanna léitheoireachta a bheith ag athrú, ar dheireadh ré bheith buailte leis an gcló. Is bréag é sin, gan amhras: níl ann ach go bhfuil an scáileán agus an pár araon anois ann. Ní imeoidh an sean-nós léitheoireachta ar throigh gan tuairisc agus tá le rá ar a shon go maireann a mheán: rud fadsaolach is ea an iris pháipéir.

Ní fios go fóill céard atá i ndán do na focail uile sna clabhtaí.

Argóintí iad sin a phléann leis an bhfealsúnacht is leis an bpleanáil amach anseo, b’fhéidir. Is é an t-áitiú is simplí an ceann is láidre liom i gcónaí: nár cheart go mbeadh ár gcuidne scríbhneoireachta ar comhchéim foilsithe le gach dream eile?

Is tábhachtaí Comhar ná faisin luaineach na linne bige seo amháin

Máirín Nic Eoin

Is geall le buille sna putóga an scéal go bhfuiltear ag smaoineamh ar an tacaíocht don iris mhíosúil Comhar a ghearradh agus an iris a ruaigeadh ó dhomhan nithiúil na foilsitheoireachta clóite go dtí réigiún néalmhar na meán digiteach. Is cuid lárnach dár saol na meáin dhigiteacha agus tá tábhacht ar leith ag baint leo i gcomhthéacs cumarsáide mionteanga, ach ní féidir leo ná níor chóir iarraidh orthu gach riachtanas atá ag an bpobal teanga a chomhlíonadh. Tá rath na mórthionscnamh digiteach ar fad ag brath ar phósadh samhlaíoch agus éifeachtach idir an tseanlitearthacht, agus an scoláireacht ardchaighdeáin a chothaigh sí, agus feidhmiúlacht chruthaitheach na nua-mheán leictreonach. Seasann Comhar don chuid is fearr den tseanlitearthacht sin. Is scáthán í an iris ó 1942 i leith, ní hamháin ar shaol na linne ach ar na forbairtí a bhí ag tarlú i réimsí na hiriseoireachta agus na heagarthóireachta, agus i réimsí na litríochta agus na léirmheastóireachta sa Ghaeilge. Is scáthán í freisin ar mhórfhorbairt cheird agus ealaín na foilsitheoireachta féin, idir chló agus dhearadh agus leagan amach. Le blianta beaga anuas tháinig Comhar i dtír ar an teicneolaíocht dhigiteach: forbraíodh suíomh gréasáin mar láthair eolais agus mhargaíochta, féachadh chuige go mbeadh cartlann Comhar ar fáil don aos acadúil ar ardán JSTOR, agus bunaíodh ríomhiris acadúil phiarmheasta chun scoth na scoláireachta comhaimseartha a chur ar fáil i bhfoirm saor-rochtana ar líne. Cuireadh tús le Comhar Óg agus foilsíodh mar iris chlóite agus ar líne é; bunaíodh LeabhairCOMHAR agus foilsíodh mórshaothair litríochta agus chritice. Ba í an iris mhíosúil, agus spiorad an chomhair a chothaigh sí thar na blianta, an dúshraith ar ar tógadh na tionscnaimh eile sin ar fad. Níl léamh ná scríobh ná insint béil, gan trácht ar thuairisc cuntasóra, ar an obair a rinneadh de thoil dheona agus i spiorad na meithle de bharr gur chreid daoine i bhfís agus i gcur chuige Comhar.

Ba dheacair domsa domhan liteartha na Gaeilge a shamhlú gan an iris Comhar agus ní dóigh liom gurb é an rud céanna a bheadh ann dá mba fhoilseachán ar líne amháin a bheadh i gceist. Agus mé i mo mhac léinn Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag deireadh na 1970idí, ba ailt in Comhar cuid mhaith de na hailt chritice a léigh mé. D’fhoilsigh mé mo chéad alt in Comhar i mí Aibreáin 1982, agus ba mhór an spreagadh riamh ó shin é go raibh iris mar í ann, iris a thug buanardán d’fhilí agus do thráchtairí polaitíochta, do scéalaithe agus do scoláirí litríochta araon. Ba chóir an iris a fhorbairt, agus an teicneolaíocht dhigiteach a úsáid le cur lena feidhmiúlacht agus lena feiceálacht, ach ba thubaiste amach is amach a bheadh ann deireadh a chur le foilseachán clóite a bhfuil gean ag an bpobal air agus fís agus fuinneamh na nglúnta ar a chúl.



Pól Ó Muirí

Breis agus 30 bliain ó shin a rinneadh mo chumann le Comhar. Agus mé i m’fhochéimí ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, thit sé ar mo chrann an iris a dhíol ar an champas. Óglach ar son na hirise a bhí ionam. Obair dheonach a bhí inti agus pianpháis leis ag duine chomh ciotach cúthail liom féin bheith ag dul thart ar na ranganna uilig: ‘An bhfuil fonn ar bith ort Comhar a cheannach?’.

De réir a chéile, thosaigh mé ag scríobh gearrscéalta agus eile don iris mar gur bhastard truacánta mé agus bhí spéis agam sa scríbhneoireacht. Bhí daoine cineálta cumasacha ag plé leis an iris agus thug siad cuidiú dom. Mhol siad an óige nó bhí mé óg an t-am sin agus lean mé liom. Bhain mé ceol as an cheird agus fuair mórán eile deiseanna chun pinn le dreamanna eile a bhí éigiallta go leor le horlach ar leathanach a chur ar fáil: Fortnight; The Andersonstown News; The Irish Times; The Belfast Telegraph; Anois; Foinse; Magill...

Bhí dhá sheal i mbun na hirise mar eagarthóir agam agus bhí obair mhór mhaslach i gceist leis sin. Chlisinn as mo chodladh go minic leis an strus a bhain leis an obair. B’fhurasta gan an obair a dhéanamh. B’fhurasta an cúram a fhágáil faoi dhaoine eile, leithscéal a chumadh agus imeacht liom. Ach bhí daoine cineálta cumasacha ag plé leis an iris; thug siad cuidiú dom; mhol siad an óige agus, bhuel, níl éalú ar an dualgas mhorálta.

Tá daoine cineálta cumasacha ag plé leis an iris go fóill. Tá obair mhór ar siúl acu le blianta móra fada agus an obair sin déanta ar bheagán acmhainní daonna agus airgid. Tá tacaíocht tuillte acu, maoiniú fial, an cineál saibhris a thabharfadh ríthe agus prionsaí dá ngrá geal. Níl éalú ar an dualgas mhorálta.

Níl éalú ar an dualgas morálta



Marcus Mac Conghail

Tá ealaíontóir ar m’aithne a phéinteálann muirdhreacha – tonnta is ólaithe na farraige. Samhlaím nach aon dóithín é a leithéid a dhéanamh. Ní hionann aon dá thonn agus ní hionann aon dá réimse farraige. Ó Shruth na Maoile go Muir Éireann, ón Mhuir Cheilteach go dtí an tAigéan Atlantach – níl aon cheann des na farraigí seo ar aon dul. Is uisce iad go léir, an t-uisce céanna go léir, ach tá a chanúint féin ag gach muir. Tá a dhearcadh féin agus a scéal féin ag gach tonn. Tá ainmneacha ar chuid acu – Tonn Tóime is Tonn Chlíona ó dheas, Tonn Ruairí is Tonn Tuaithe ó thuaidh. Baineann frámaí is pointí tagartha ar leith le huiscí na tíre. Dá gcuirfeá Muir Éireann ar chanbhás ach cósta Chorca Dhuibhne a bheith chun tosaigh sa phictiúr d’aithneofaí an iarlais. Dá mbainfeá earraíocht as imir den ghlas mícheart agus an tAigéan Atlantach á léiriú agat thabharfaí sin faoi deara, measaim. Agus maidir leis an bhfocal sin, glas, baintear bríonna éagsúla as – rud a chur mearathal go minic orm. Ach de réir mar a thuigim anois is ionann glas agus dath an uisce, agus toisc go n-athraíonn an dath sin de shíor ag brath ar a bhfuil lasnairde nó laistíos de, athraíonn an dath ar a dtugtar glas air. Muna mbeadh radharc agat ach ar réimse uisce amháin, agus muna mbeadh ach dath amháin ar an uisce i gcónaí is leamh mar a bheadh an saol. Ní hionann an t-alt a scríobhadh duine do Chomhar, abair, agus a scríobhadh sé do Nós. Mar an gcéanna le Tuairisc agus Feasta agus an Timire. Tá feidhmeanna éagsúla, agus lucht léite ar leith, ag gach ceann daoibh. Ní hé nach léann an duine céanna blúirí as gach foilseachán – ach bítear ag súil le rudaí ar leith uathu. Éistear le Tonn Chomhair, Tonn Nóis, Tonn Thuairisce, Tonn an Timire agus na tonnta nár cloiseadh fós. Ná báitear smaointe na tíre faoi thonn tuile gan trá.

Ná báitear smaointe na tíre faoi thonn tuile gan trá



Áine Ní Ghlinn

Agus mé san ollscoil foilsíodh dánta de mo chuid in Comhar. Daithí Ó hÓgáin a bhí ina eagarthóir ag an am agus thug seisean (agus thug foilsiú na ndánta) tacaíocht, misneach agus spreagadh dom. Agus mé ocht mbliana déag d’aois bhíos anois i mo fhile foilsithe in iris a raibh an-cháil uirthi i measc scoláirí ollscoile agus lucht léinn.

Chuaigh foilsiú na ndánta i bhfeidhm chomh mór sin orm go bhfuil an t-eagrán áirithe sin de Comhar agam fós!

Ó shin i leith tá Comhar á léamh agam beagnach gach mí. Nílim ag rá go léim gach uile focal nó gach uile alt. Uaireanta tugaim sciuird an-tapa tríd agus stopaim pé áit a bhfeicim alt nó dán a gcuirim spéis ann. Casaim na leathanaigh siar is aniar.

Go hiondúil bíonn sean-eagrán nó dhó faoin suíochán sa ghluaisteán – ar eagla go mbeinn i mo shuí ansin ag fanacht ar dhuine éigin. Bíonn eagrán nó dhó eile ar an deasc agam. Osclaím iad ar bhonn randamach agus léim alt anseo, léirmheas ansiúd. Is minic a bhíonn argóint bhreá agam le pé léirmheastóir nó scríbhneoir a bhíonn i gceist.

An ndéanfainn é seo dá mbeadh Comhar ar fáil ar líne amháin? Ní dhéanfainn. Ní hionann iris ar líne agus iris chlóite. Ní fhaigheann tú boladh an pháipéir ar líne. Ní féidir leat dul siar is aniar ar an gcaoi chéanna. Ní féidir leat do mhéar a fhágáil in áit amháin mar go bhfuil tú ag iarraidh teacht ar ais chuige i gceann cúpla nóiméad.

An gceannóinn Comhar dá mbeadh sé ar líne? Ní dóigh liom é.

Ní hé gur luddite mé ó thaobh na teicneolaíochta de. Tugaim an Kindle liom agus mé ag eitilt le Ryanair. Nuair a thagaim ar ais abhaile, áfach, tarraingím chugam na leabhair chlóite arís agus cuirim an Kindle bocht isteach sa tarraiceán don chéad saoire eile.

Maidir le mo ríomhaire ní fhéadfainn maireachtaint gan é. Léim nithe áirithe ar an ríomhaire céanna – nuacht, blaganna, Tuairisc.ie agus anois is arís (cé go mbaineann sé le haoisghrúpa eile) léim Nós ar líne.

Cineál eile scríbhneoireachta atá sa scríbhneoireacht ar líne. Ailt ghearra. Splancfhicsean. Blúirí beaga nuachta, blúirí beaga de thuairimí. Ní oireann agus ní oirfeadh an stíl iriseoireachta sin do Comhar ná d’iris litríochta ar bith.

Mar sin, má thagann deireadh leis an leagan clóite, sin – dar liomsa – deireadh le Comhar.

Tá súil agam go mbeidh ciall ag an bhForas agus in ionad cinneadh a dhéanamh a bhaineann le cúrsaí gnó amháin, go léireoidh siad fíorthuiscint ar chúrsaí litríochta agus go leanfaidh siad le maoiniú ar Comhar mar iris chlóite. Mura bhfuil sé briste …

Cathal Mac Coille

Ba léir dom ó d’fhreastail mé an chéad uair ar chruinniú den choiste eagarthóireachta go raibh Comhar á stiúradh ag dream díograiseoirí ar leith. Bhí a samhlaíocht agus a ndúthracht follasach agus ábhar na hirise á phlé acu.

D’fhéadfaí coistí eile a mholadh ar na cúiseanna céanna ar ndóigh. Is ar chúis eile áfach – toradh na hoibre - a shílim gur dream ar leith iad eagarthóirí na hirise agus na díograiseoirí a chuidíonn leo. Níl éagsúlacht ná doimhneacht chomh leanúnach léirithe (admhaím gur mar iar-eagarthóir atáim ag scríobh) in iris Ghaeilge ar bith eile.

Ní raibh mé cinnte riamh mar chomhalta den choiste eagarthóireachta, mar eagarthóir ná mar léitheoir cén freagra cruinn ba chóir a thabhairt ar an gceist: cén sórt iris í Comhar?

Iris litríochta ina gcuirtear béim ar an scríbhneoireacht chruthaitheach agus ar an bhfilíocht? Iris litríochta agus léirmheastóireachta ina gcuirtear spás ar leataobh do thuairimíocht ar chúrsaí reatha? Nó iris ina gcíortar agus ina bpléitear cúrsaí reatha go príomha, ach a thugann aird chomh maith ar chúrsaí litríochta agus léirmheastóireachta?

Thuig mé tar éis tamaill gur oir na trí chur síos thuas, toisc nach ionann comhdhéanamh gach eagráin.

Athraíonn claonadh na hirise ó mhí go mí, nó uaireanta eile má théann eagarthóir nua i gceannas. Is í a hilchineálacht a príomhthréith. Ní Comhar go héagsúlacht.

Thuig mé féin raon agus solúbthacht na hirise nuair a thug an coiste tacaíocht d’eagrán speisialta staire a theastaigh uaim a chur in eagar. Is iomaí eagarthóir eile a fuair tacaíocht dá leithéid chun eagráin fhiúntacha a phleanáil a dhírigh go hiomlán ar théamaí éagsúla.

Trí aidiacht a ritheann liom i gcónaí agus Comhar faoi chaibidil: bríomhar, tomhaiste agus dothuartha. Chuaigh na tréithe sin chun tairbhe don iris agus dá léitheoirí ó thús. Tá géarghá leo i gcónaí, agus leis an iris a chuireann ábhar léitheoireachta chomh fiúntach ar fáil do léitheoirí ar fud an domhain.

Bríomhar, tomhaiste, dothuartha

Ciara Ní É

Bhí mórsheoladh na bliana 2012 sa Leabharlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath. Is maith is cuimhin liom é. Ócáid ghalánta a bhí ann, ag cur clabhsúr le bliain cheiliúrtha Comhar @ 70. Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn i láthair agus i ndiaidh dó óráid a thabhairt, bhronn sé duaiseanna ar bhuaiteoirí Dhuaiseanna Uí Fhlatharta. B’in ba chúis liomsa a bheith i láthair. Tamall roimhe sin léigh mé faoin gcomórtas agus mé ag póirseáil ar Twitter.

B’iníon léinn mé an uair sin i mo bhliain dheireanach i gColáiste na Tríonóide. Bhí staidéar á dhéanamh agam ar an Nua-Ghaeilge agus ar an mBéarla. Dar ndóigh is iomaí iris, leabhar, agus bailiúchán nua a fhoilsítear gach aon lá i mBéarla. Is iomaí scríbhneoir, léitheoir, agus criticeoir atá ag an mBéarla. Níor thuig mé go raibh an fuinneamh céanna sa Ghaeilge, ach é a aimsiú.

Ní raibh mé ach cúpla slat ó Choláiste na Tríonóide ag an mórsheoladh sin in 2012, ach bhí mé i dtír na n-iontas. Ba é Comhar tairseach shaol liteartha na Gaeilge agam. Idir óg agus aosta a bhí i láthair: scríbhneoirí, eagarthóirí, baill den bhord, agus neart daoine eile a bhí bainteach leis an iris i mbealaí éagsúla. Mheall an iris mé, mar léitheoir, scríbhneoir, agus mar bhall den bhord ar feadh tréimhse.

Nár chaille muid Comhar clóite. Cothaíonn Comhar pobal. Léiríonn gach eagrán éagsúlacht agus beocht phobal liteartha na Gaeilge. Ní leor an fhoirm dhigiteach. Gan iris chlóite caillfimid scríbhneoirí. Gan scríbhneoirí caillfimid léitheoirí. N’fheadar an mbeinn ag scríobh i nGaeilge murach an
comórtas sin, murach an bród a bhí orm m’ainm a fheiceáil
i gcló, go háirithe in Comhar stairiúil gradamúil. Nár ghoide muid an deis sin ó ábhar scríbhneoirí eile. Nár chaille muid Comhar clóite.

Nár ghoide muid an deis ó scríbhneoirí eile

Ian Ó Caoimh

B’éigean a chruthú roimhe seo gurbh ghá Comhar a tharrtháil ón mbás, agus cruthaíodh. An gá i ndáiríre dul ag tochailt chun an tseanargóint sin a chur sa tsiúl arís?

Botún a bheadh ann Comhar a bheith ar fáil ar líne amháin. Is amhlaidh do bhrainsí den iris cheana féin – ComharTAIGHDE agus Comhar na nÓg – agus tá rath orthu mar go n-oireann an fhormáid sin dóibh. Earra eile is ea iris Comhar féin. Luafar Tuairisc.ie mar shampla d’fhiontar a bhfuil rath air agus nach bhfuil ar fáil i bhfoirm chlóite. Ach ní slán an tsamhail: nuachtán is ea tuairisc.ie, iris is ea Comhar. Ní hionann cineáI an ábhair a bhíonn ar an dá fhoilseachán, ná ní hionann cineálacha na léitheoirí ar a bhfuil siad dírithe faoi seach, is cuma an dá phobal sin a bheith ag dul isteach ina chéile méid áirithe.

Déan comparáid le cás na ríomhleabhar: b’ionann an cor nua sin sa teicneolaíocht agus bás an ghnáthleabhair, a dúradh ag an am. Ach ní hamhlaidh a bhí. Ghéaraigh ar an éileamh a bhí ar na ríomhleabhair ar dtús, ach tá an t-éileamh sin ag titim go leanúnach le roinnt mhaith blianta anois. Ní hé sin le rá go mbeidh deireadh leis an tóir atá ag léitheoirí ar ríomhleabhair: is léir go bhfuil slí ann don dá shaghas earra agus nach gá go gcuirfeadh ceann amháin deireadh leis an gceann eile. Anuas air sin is léitheoireacht de shaghas eile a bhíonn ar siúl ar líne. Léiríonn taighde eolaíochtúil go scanann súil an duine focail ar scáileán ar bhealach i bhfad níos sciobtha agus níos éadoimhne ná téacs ar phár, nach bpréamhaíonn an t-ábhar leictreonach san inchinn agus go scaoileann an chuimhne le sruth é agus gan ach próiseáil shealadach déanta air go minic.

Tá saoire an tsamhraidh tagtha, agus daoine ag siúl thar aghaidheanna fhathaigh litríocht na hÉireann ar bhallaí arda gloine in aerfort Bhaile Átha Cliath: Oscar Wilde, Edna O’Brien, Máirtín Ó Cadhain. Táirgí na turasóireachta cultúrtha a ndéantar deargmhargaíocht orthu agus tearcinfheistíocht iontu. Sraith de shraitheanna Comhar atá sa litríocht, ach beathaíonn irisí mar í an litríocht, an iriseoireacht, an léirmheastóireacht, cúrsaí polaitíochta, printíseachtaí eagarthóireachta, fo-eagarthóireachta, deartha agus eile, an machnamh príobháideach agus an díospóireacht phoiblí.

Ní theastaíonn an t-athrú seo ón bpobal. Comhlacht stáit is ea Foras na Gaeilge. Riarthóir an stáit is ea an rialtas – thar ceann an phobail.

Áine Ní Ghlinn