Anois teacht na Samhna ...
Agus lá an Bhreatimeachta ag teannadh linn, bímis ag súil go leanfar de leas na hÉireann a chosaint, a deir Máirín Ní Ghadhra
Mar is eol dúinn ar fad is í mí Lúnasa an chéad mhí den fhómhar ach i bhfírinne is é Lúnasa anois mí na saoire agus an tsosa. Freisin is í seo mí na seafóide i dtéarmaí nuachta agus is fánach an ráiteas nó an gníomh a dtugtar aird orthu nó suntas dóibh ar mhaithe le nuachtáin agus colúin a líonadh.
Thar bhlianta an tsaoil is mór an chontúirt é sin i mbliana.
Tá an fómhar ag teannadh linn, mar a mbeidh an t-amhras agus an imní chun cinn sa saol polaitiúil.
Tugadh luach £500 punt de chlog isteach go hUimhir a 10 Sráid Downing le déanaí leis na laethanta atá idir muid agus an Breatimeacht a chomhaireamh. Dá laghad ama atá fágtha, is lú ná sin a bheidh fágtha faoin am go bhfillfidh Parlaimint Westminster ar an obair an 3 Meán Fómhair. Tá móramh an rialtais laghdaithe arís eile agus tá sé ag éirí soiléir nach bhfuil de phlean ag Boris Johnson agus a rialtas nua ach airgead a chaitheamh in iarracht na dúshláin atá rompu a shárú. Ó aimsir FDR i leith cuirtear an-bhéim ar an gcéad 100 lá in oifig ag ceannaire nua. I gcás Johnson is iad na laethanta idir a cheapachán agus Oíche Shamhna, lá an Bhreatimeachta, an chéad 100 lá. Tugann sin léargas eile, má theastaigh sé, ar chomh gann agus atá an t-am le teacht ar réiteach.
Cheana féin, ó toghadh Johnson ina Phríomh-Aire tá a chuid cainte ag éirí níos láidre agus níos trodaí. Tá an chosúlacht air nach dteastaíonn uaidh réiteach a dhéanamh, ach go dteastaíonn uaidh aithris a dhéanamh ar a laoch, Churchill, agus neart na Breataine a dhearbhú in athuair.
Ní hé Johnson féin atá ag déanamh na cainte i gcónaí ach an oiread. Tá an dearcadh nua seo ag leibhéal an rialtais sa Bhreatain ag déanamh dochar do chaidrimh idirnáisiúnta go leor ach go mór mór don chaidreamh idir lucht Londan, lucht Bhaile Átha Cliath agus lucht Bhéal Feirste. Tá leas bainte ag leithéidí an DUP as toghadh Johnson le cur i leith rialtas Leo Varadkar go bhfuil meon trodach acu maidir le ceist an Bhreatimeachta agus na hidirbheartaíochta. Tá sé á chur i leith Shinn Féin go bhfuil siad trodach i leith na gcainteanna maidir le hathbhunú Stormont agus i leith cheist athaontú na hÉireann. Deir Sinn Féin nach bhféadfaí gan vóta faoin teorainn a reáchtáil sa chás go mbeadh Breatimeacht crua ann.
Tá an Taoiseach agus an Tánaiste diongbháilte de go bhfuil cur chuige tomhaiste agus ciallmhar acu in ainneoin a bhfuil curtha ina leith. Dúirt Leo Varadkar le gairid go bhfuil sé réasúnta a bheith faiteach faoin méid a chiallódh Breatimeacht gan mhargadh, agus tá tuarascálacha, meamraim agus cáipéisí go leor á bhfoilsiú lá i ndiaidh lae ag cur síos ar an dochar a dhéanfadh a leithéid anseo agus sa Bhreatain. An rud is aistí faoi gur as an mBreatain agus ó státchóras na Breataine atá go leor den eolas seo ag teacht. Cén chaoi nach bhfuil sé ag dul i gcion ar bhunaíocht an chórais pholaitiúil in Westminster? Tá réiteach na Breataine don Bhreatimeacht faoi cheannas Michael Gove. Sin míniú amháin.
Idir an dá linn, deir Boris nach labhróidh sé leis an Eoraip gan geallúint a fháil go bhfaighfear réidh leis an gcúlstad.
An Bhreatain féin a chum agus a cheap an cúlstad mar atá agus é bunaithe ar ‘línte dearga’ Theresa May. Rinneadh sin le freastal ar éileamh an DUP nach mbeadh teorainn i bhfarraige idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór. Cén chaoi mar sin a bhfuil an milleán á chur ar rialtas na hÉireann faoin gcúlstad? Tá Whitehall den tuairim dá rachadh rialtas na hÉireann i mbun cainte leis an mBreatain astu féin go ndéanfaí socrú níos oiriúnaí.
Teastaíonn ó Londain a thabhairt le fios go bhfuil ceannaire óg gan mórán taithí i bhfeighil ar Éirinn
Ach cé dó?
Tá Leo Varadkar ag seasamh leis an méid atá á rá aige le fada anois – tá margadh déanta ag an Aontas Eorpach leis an mBreatain agus mar chuid de sin tá an cúlstad a ceapadh le cosaint a thabhairt d’Éirinn. Ní theastóidh sé sa gcás go ndéanfar socrú iarBhreatimeachta agus fiú ansin féin, ní mhairfeadh sé ach go dtí go ndéanfaí margadh eile.
Díol imní an dochar atá déanta don chaidreamh ar a bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta bunaithe. Tá an caidreamh idir an rialtas i mBaile Átha Cliath agus an rialtas i Londain thuas seal thíos seal leis na céadta bliain agus go háirithe le céad bliain. Ach tá an caidreamh a raibh athnuachan déanta air á chreimeadh go leanúnach ó bhí an reifreann sa mBreatain trí bliana ó shin. Is léir gur mhaith le Whitehall scoilt a chothú idir Baile Átha Cliath agus an Bhruiséil ar mhaithe le teacht i dtír ar laige na hÉireann, mar a fheiceann siadsan é. Tuairiscítear sa mBreatain go bhfuil comhairleoirí polaitiúla ag tabhairt briefings in aghaidh na hÉireann agus go háirithe in aghaidh Leo Varadkar faoi láthair. Tá scéalta diúltacha faoina mhíréasúnta is atá na hÉireannaigh sa bpróiseas ar fad á bhfoilsiú níos minice sna meáin. Agus mí Lúnasa bíonn fáilte roimh scéal ar bith a líonfadh na colúin.
Go dtí seo, tá Leo Varadkar agus Simon Harris ag feidhmiú go héifeachtach agus lena gceart a thabhairt don aicme pholaitiúil anseo tá siad ag seasamh le chéile ar mhaithe le cás na hÉireann a dhéanamh. Ach tá sin ar bun le fada agus ní mhairfidh an dlúthpháirtíocht go deo. Tá toghchán ar an mbealach agus brisfidh an fhoighid ar na páirtithe ar fad go gairid. Tá an oiread sin fadhbanna eile le réiteach sa tír; tá cáinaisnéis ar an mbealach coicís roimh sprioc an Bhreatimeachta, tá an córas sláinte ina údar náire, tá géarchéim tithíochta ann agus tá rabhadh á thabhairt lá i ndiaidh lae faoi na fadhbanna atá i ndán don eacnamaíocht arís.
Deir Johnson gur feall ar phobal na Breataine é go bhfuil an próiseas seo a bhaineann le himeacht na Breataine gan réiteach tar éis trí bliana. Meas tú nach feall ar phobal na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh é freisin?
Tá amhras go socróidh Johnson olltoghchán a fhógairt sa bhfómhar bunaithe ar an teachtaireacht sin. Má thacaíonn sibh liomsa, cuirfidh mise an Breatimeacht i gcrích. Meas tú an mbeadh cathú ar Leo Varadkar an rud céanna a dhéanamh? Tacaígí liomsa agus cinnteoidh mé go leanfar de leas na hÉireann a chosaint mar atá déanta agam le trí bliana. Agus céard faoi Fhianna Fáil? Tacaígí linne agus déanfaidh muid níos fearr é?
Tá an pholaitíocht thall agus abhus plúchta ag an scéal seo ls tamall anois. Teastaíonn ó Londain a thabhairt le fios go bhfuil ceannaire óg gan mórán taithí i bhfeighil ar Éirinn. Tá Príomh-Aire acu féin a scríobh dhá cholún éagsúla don Daily Telegraph - ceann ar son agus ceann in aghaidh an Bhreatimeachta – agus a rinne suas a intinn faoina dhearcadh i leith an reifrinn bunaithe ar an gceann a roghnaigh sé le foilsiú. Go deimhin, deirtear go mbíonn sé idir dhá chomhairle go minic.
Beidh muid ar fad ag faire an chloig mar sin as seo go ceann trí mhí. Is beag a tharlóidh i mí Lúnasa, cé is moite de chaint agus tuairimíocht a d’fhéadfadh níos mó dochair ná leasa a dhéanamh. Ón 3 Meán Fómhair, nuair a thiocfaidh feisirí Westminster ar ais, beidh súil againn le leide éigin ó Johnson, Gove, Javid et al go bhfuil fuascailt na faidhbe aimsithe acu. Idir an dá linn beidh súil againn nach ngéillfidh an rialtas don cháineadh go bhfuil siad trodach agus míréasúnta ina gcuid iarrachtaí leas na hÉireann a chosaint. Beidh muid ar fad ag súil go mbeidh rath éigin ar na hiarrachtaí sin sa gcás agus go dtiteann an Bhreatain le haill faoi Shamhain.