Walk with Gandhi: Bóthar na Saoirse
le Gabriel Rosenstock agus Masood Hussain
15O bliain ó bhreith Athair na hIndia Nua-Aoisí, Mohandas Karamchand Gandhi
Ar an dara lá de Dheireadh Fómhar i mbliana ceiliúrfaimid 150 bliain ó rugadh ceannaire eagnaí polaitiúil, pátrún Lá Idirnáisiúnta an Neamhfhoréigin, athair agus gúrú na hIndia nua-aimseartha - Mahatma Gandhi. In aeráid nimhneach an náisiúnachais fhoréignigh a bhíonn ag bagairt ar noirm shóisialta a bunaíodh go forleathan in Iarthar na hEorpa tar éis uafáis an Naitsíochais, bíonn teagasc agus eiseamláir bheatha an tsaoi Indiaigh seo faoi conas éagóir, fuath agus mí-úsáid chumhachta a shárú trí bhíthin modhanna síochánta gach pioc chomh hábhartha agus chomh hiomchuí inniu mar a bhí sé le linn laethanta fuilteacha impiriúlachas na Breataine san India.
Ná déanaimis dearmad choíche ar na cosúlachtaí idir brú faoi chois mhuintir na hIndia agus na hÉireann le linn ansmacht agus anfhorlann Impireacht na Breataine. Amhail an anbhroid agus an ciapadh a d’eascair as cur i bhfeidhm na bpéindlíthe agus bású na milliún de dheasa an Drochshaoil sa tír seo, tharla gortaí treascracha inar cailleadh na milliúin Indiach trí pholasaithe urchóideacha inseachanta Impireacht na Breataine. Tharla sléachtaí suaracha gránna agus imríodh gach uile shórt leatrom agus cruálacht ar phobal na hIndia a bhí bochtaithe ag gátar agus easnamh. In Éirinn bhí dlíodóir, síochánaí agus gníomhaí polaitiúil dár gcuid féin againn - an ‘Fuascailteoir’ Daniel O’Connell (1775 –1847) agus beagnach céad bliain níos déanaí san India tháinig dlíodóir, síochánaí agus gníomhaí polaitiúil eile ar an saol a bhí ina fhuascailteoir agus ina threoraí don Domhan ar fad - Mohandas Karamchand Gandhi (1869 - 1948)
Cén file níos fearr nó níos eolaí le díriú ar Gandhi ná Gabriel Rosenstock; file a thug suas cuid shuntasach dá shaol liteartha d’fhorbairt an Haiku agus Tanka. File a rinne staidéar domhain ar na scríbhinní is ársa den Hiondúchas ar ar bhunaigh Mahatma Gandhi modus vivendi agus modus operandi a bheatha féin. Sa chnuasach cumasach dátheangach seo Walk with Gandhi: Bóthar na Saoirse tugann an file sinn ar thuras draíochta trí shaol Gandhi agus stair na hIndia. Ón aimsir inar osclaíodh súile Gandhi ar an leatrom agus an éagóir nuair a bhí sé ag obair san Afraic Theas, trína fhulaing phearsanta uile agus a choimhlintí fada foighneacha le fórsaí frithghníomhacha an ansmachta, go dtí a fheallmharú tragóideach i 1948 agus oidhreacht ollmhór a bheatha a fágadh ina dhiaidh dá mhuintir féin agus don domhan iomlán.
Tá an leabhar dátheangach seo leagtha amach mar fhoinse ilfheidhmeach ar shaol an laoich Indiaigh. Mar aon le haiku’nna Rosenstock, tá an leabhar feistithe go fairsing le pictiúir uiscedhatha lasánta beo ón ealaíontóir agus línitheoir acmhainneach, Masood Hussain a rugadh agus a chónaíonn fós in Srinagar sa Chaismír. Tugann pictiúir de chuid Masood an fear féin agus imeachtaí trámacha a aimsire chun beatha os ár gcomhair arís, go minic le cúpla buille oilte dá scuab. Le gléine na ndathanna agus le déine íomhánna a chuid pictiúr, is minic go mbaineann Masood geit thobann asainne le loime luaineach a stíle. Tugtar reacaireacht ghonta as Béarla freisin do na heachtraí a bhíonn á léiriú ar leathanaigh an leabhair agus ó am go chéile cuirtear ceisteanna cliste a lorgaíonn breis mhachnaimh agus tuairimí meáite ón té a bhíonn á léamh.
Ní dóigh liom go bhféadfaí modh filíochta níos oiriúnaí a roghnú ná an Haiku chun portráid d’fhíorlaochas Gandhi a léiriú go liteartha. Ba chuid dílis den fhear féin an loime agus an bharainne. Bhí a bheatha phearsanta gan aon só an tsaoil seo agus b’iondúil go raibh a chuid ráiteas poiblí go gonta beacht freisin. Tugtar samplaí de na ráitis ba cháiliúla ó bhéal Gandhi ar leathanaigh 72- 73 den leabhar. Is é an t-aon locht amháin atá agamsa ar an leabhar álainn seo ná nach bhfuil na ráitis sin aistrithe go Gaeilge mar a rinneadh le gach haiku sa leabhar - go healaíonta cruinn.
caite amach as an traein…
caol díreach isteach san oíche
ionat féin
chucked out of the train…
into the dark night
of the soul
Cuirtear tús le turas an tsaothair seo le haiku atá ag cur thar maoil le híomháineachas, meafair mar aon le macallaí gonta dá mbeadh i ndán don Indiach óg i gcaitheamh a shaoil. Úsáideann Rosenstock an traein mar shiombail den bheatha féin. Níl ‘spás’ ar an traein shómasach seo do Gandhi, ní bheidh turas compordach ar fáil dósan go ceann scríbe a shaoil. Níl in Gandhi ach paisinéir aonair i gcomparáid le méid agus cumhacht na traenach cumasaí agus údarás an iarnróid. Caitear amach san oíche é, amach sa dorchadas fuar, amach as an áit a raibh solas, compord, treo, agus cuideachta a chomhphaisinéirí. Duine é gan modhanna ar bith aige go bhféadfadh sé é féin a chosaint ar an éagóir - duine síochánta gan acmhainní cuí aige in aghaidh fhórsaí an fhoréigin - nó b’fhéidir ‘ní mar a shíltear a bhítear’. Chreidfeadh duine ar bith nach mbeadh seans dá laghad ag an bpaisinéir díbeartha seo, amuigh san oíche dhorcha, dul i ngleic le traein, gan trácht ar an lámh in uachtar a fháil ar an ‘traein agus ar an gcomhlacht uile’ sa deireadh thiar thall.
Aimsíonn Rosenstock in Haiku eile diongbháilteacht lucht na siúlóide iomráití a d’eagraigh Gandhí i 1930 óna Aisream i Sabarmati go dtí an baile beag Dandi (thart ar 385 km) chun salann a bhailiú mar agóid in aghaidh phéinchánacha an rialtais choilínigh faoin am.
a mhaide bheannaithe!
an tslí ar fad go Dandi
id’ theannta
blessed staff!
with you all the way
to Dandi
Mar a mheabhraítear dúinn i nóta faoin Haiku sin, maide siúil caol a bhíodh ag Gandhi óir nár theastaigh uaidh dochar ar bith a dhéanamh do na míolta beaga a bhí faoina chosa agus é ar a shlí go Dandi. Siombalaíonn an maide leochaileach caol seo íogaire agus goilliúnacht an dúlra a bhíonn i gcónaí go láidir inár dteannta agus brí théagartha anam an duine ar féidir leis gach cruatan agus bráca a sheasamh chun an ceart a bhaint amach, ní hamháin don chine daonna ach do na mílte milliún de mhíolta beaga a thriallann de shíor faoinár gcosa.
Haiku tréan corraitheach eile a sheasann amach go tochtmhar sa chnuasach is ea:
gairdín
in Amritsar…
deora fola ó na bláthanna
a garden
in Amritsar…
flowers weep blood
Ionannaítear de ghnáth ‘gairdín’ ar bith le háit shuaimhneach lán faoisimh, go minic ar chúl an tí -‘áit álainn trína chéile’ b’fhéidir… le luascáin, le gáire leanaí, le héanlaith na spéire ag canadh agus le deora drúchta na maidine úire dár mbeannú… ach bristear na híomhánna íogaire sin san haiku ‘in Amritsar’ mar in ionad deora drúchta is iad na ‘deora fola ó na bláthanna’ atá satailte i ngairdín Amritsar. Ceann de na heachtraí ba náirí i stair na Breataine sléacht Jallianwala Bagh, ar dtugtar Ár Amritsar go forleathan inniu. Tharla Ár Amritsar in Aibreán na bliana, díreach céad bliain ó shin.
Ba é Sir Michael O’Dwyer as Tiobraid Árainn a bhí ina ghobharnóir faoin am sin agus ba é a scríobh litir fhormheasa ar imeachtaí míchlúiteacha an lae chinniúnaigh sin inar mharaigh caoga saighdiúir de chuid na Breataine, i gcaitheamh deich nóiméad, breis is 380 sibhialtach neamharmtha idir fhir, mhná agus pháistí. Díríonn Ronan McGreevy ár n-aire ar an méid Éireannach a bhí páirteach i ndrochghníomhartha an impiriúlachais sa Raj ina alt iontach spéisiúil san Irish Times ‘India’s Amritsar’ - alt gur fiú é a léamh.
Rud a idirdhealaíonn an fíorlaochas ón laochas áitiúil is ea an tslí a bhfeictear gníomhartha an laoich chéanna na blianta fada i ndiaidh a bháis. Tarraingíonn Rosenstock ár n-aird ar an fhírinne sin nuair a mheabhraíonn sé in Haiku eile sa leabhar focail mhaslacha Winston Churchill i leith Gandhi:
féach, féach!
fakir leathnocht ceannairceach
tagtha
look, look!
a half-naked seditious fakir
has come to town!
Ní hannamh go gcloistear sa lá inniu polaiteoirí de chuid na Breataine ag iarraidh iad féin a shuíomh faoi scáth oidhreacht Winston Churchill ach más laoch é Churchill do mhuintir Shasana, ní laoch ar bith é i súile na nGiúdach nár chabhraigh sé leo nuair a bhí a fhios go maith aige faoin chinedhíothú a bhí ar siúl i sluachampaí báis na Naitsithe; ná do na Polannaigh a thug sé suas do Stalin in ainneoin a ghealltanas uile dóibh le linn an Dara Cogadh Domhanda; ná do na hIndiaigh a fuair bás ina milliúin sa Bheangál i dtosach na ndaichidí nuair a aistríodh an t-aon bhia amháin a bhí fágtha i gceantair an ghorta ar ordú Churchill. I gcodarsnacht le ‘laochra’ amhail Winston Churchill, bíonn fíorlaochra ann, ar ndóigh, mar Nelson Mandela agus Mahatma Gandhi a bhfuil solas a mbriathra agus a ngníomhartha dár dtreorú fós inniu agus a bheidh ina laindéir dho-mhúchta go deo ag glúin i ndiaidh glúine go dtí an lá cinniúnach úd nuair a thiocfaidh thiar aniar.
Thuig Mahatma Gandhi go maith cad ba chiall le fulaingt agus ba mhinic a mhínigh sé cad iad bunchúiseanna an aineolais ba chúis léi. Spreagann pictiúr a chonaic Rosenstock de bhearbóir agus dealg á baint aige as bonn coise Gandhi haiku eile sa leabhar:
maolaigh pian an domhain…
baineann bearbóir dealg
as do chos
take away the world’s pain…
a barber extracts a thorn
from your foot!
Cuireann an haiku seo teagasc a fheictear sa Bhagavad Gita i gcuimhne dúinn nuair a deir Krisnea: ‘Tá sé de cheart agat obair a bheith agat ach ní bhíonn torthaí na hoibre sin de cheart agat choíche.’ - sin teachtaireacht thábhachtach amháin sa haiku álainn seo le Rosenstock ina mbaineann an bearbóir dealg as cos Gandhi. Maolaíonn an Bearbóir pian an domhain le gníomh a dhea-rúin. Ní féidir leis níos mó ná sin a dhéanamh agus is leor é freisin. Déan an rud cuí agus ná bí buartha faoi na torthaí. Chaith Gandhi a lán laethanta dá shaol i bpríosúin éagsúla agus ní hannamh, go deimhin, go raibh éadóchas, díomá, frustrachas agus uafás air de bharr ‘torthaí’ nó easpa torthaí a iarrachtaí síochánta uile ach ansin ‘baineann bearbóir dealg as a chos’ agus tagann misneach nua ann arís nuair a thuigeann sé gur leor é sin - gur leor dea-rún an bhearbóra.
ó, a Abhainn Yamuna
thugais leat a luaithreach…
cén áit cén áit?
oh Yamuna River
you have taken his ashes…
where oh where? !
Críochaíonn an cnuasach suaithinseach seo le focail ón bheathaisnéisí Stanley Wolpert. Dealraíonn do Rosenstock go dtugann cur síos gairid Wolpert eisint an fhir agus shaol an fhir úd a threoraíonn a thír féin agus an domhan iomlán chun léargais spioradálta le heiseamláir dho-bhásaithe a bheatha.
‘By re-creating himself, through the power of his passion, in the humble, vulnerable, image of India’s poorest starving naked millions, Gandhi could… call upon that unarmed ragged army, whose pain he mirrored and magnified in his own naked body, to follow him barefoot.’
‘..óna athchruthú trí chumas a dhíograise féin ar son pobail umhail, shoghonta, íomhá na milliún ba bhoichte a bhí i nochtaine, agus é ina scáthán ar a gciapadh, d’éirigh le Gandhi… slua sraoilleach gan arm, formhéadaithe ina chorp lom féin a ghairm lena leanúint go cosnochta.’
Is leabhar suntasach an tseoid seo ó Gabriel Rosenstock agus Masood Husain agus earra luachmhar inbhailithe é ina theannta sin. Más oiriúnach ómós cuí a thabhairt don Saoi Mór Indiach seo, Mohandas Karamchand Gandhi, ar a bhfuil agus ar a mbeidh meas an domhain go deo, is feiliúnach go mór freisin an cnuasach ‘Walk With Gandhi: Bóthar na Saoirse’ mar chomhartha ómóis d’fhear agus dá ghníomhartha a bheidh cinnte dearfa aere perennius.
- Lainseálfar leabhar Gabriel Rosenstock, Walk with Gandhi: Bóthar na Saoirse, maisithe ag Masood Hussain as an gCaismír agus foilsithe ag Gandhi150, i Halla na Saoirse, Baile Átha Cliath, 6.30, 6 Deireadh Fómhair. Beidh ceolchoirm Indiach-Ghaelach san ionad céanna ar 8.p.m. Beidh oíche ómóis do Ghabriel Rosenstock ar siúl mar chuid de Imram – Féile Litríochta Gaeilge sa Sugar Club, Sráid Leeson ar an 8ú Deireadh Fómhair ar a 8i.n.