Aighneas ó thuaidh
Faoin bhliain 1989 bhíothas ag ceiliúradh ceithre bliana ó síníodh an Comhaontú Angla-Éireannach ach ní raibh aon mhaolú ar an aighneas ó thuaidh mar is léir ó cháipéisí rúnda an stáit a scaoileadh saor le déanaí. Amharcann Breandán Delap ar a bhfuil iontu
I 1988, fuair státseirbhíseach de chuid na hÉireann radharc ar cháipéis rúnda a léirigh dímheas Arm na Breataine dá rialtas agus do chúirteanna na tíre chomh fada is a bhain sé le cúiseanna a bheith curtha i leith a gcuid ball a bhí ar seirbhís sa Tuaisceart. Go deimhin léirigh an cháipéis seo gur éirigh leis an arm droim láimhe a thabhairt leis an chóras dlí is cirt, beag beann ar an dochar a dhéanfaí don chaidreamh idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine. Díol spéise í an cháipéis seo go háirithe i bhfianaise dhearcadh an airm agus go leor de pholaiteoirí na Breataine i leith ‘Saighdiúir F’ a bheas ag dul ar a thriail as James Wray agus William McKinney a dhúnmharú ar Dhomhnach na Fola agus as iarracht a dhéanamh ceathrar eile a mharú.
Fonn léitheoireachta ort?
Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.
Tá síntiús agam!
Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.
Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.
Sínigh isteachBa mhaith liom síntiús a fháil
Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!
Ceannaigh síntiús