Aighneas ó thuaidh

Breandán Delap
Aighneas ó thuaidh

rollingnews.ie

Faoin bhliain 1989 bhíothas ag ceiliúradh ceithre bliana ó síníodh an Comhaontú Angla-Éireannach ach ní raibh aon mhaolú ar an aighneas ó thuaidh mar is léir ó cháipéisí rúnda an stáit a scaoileadh saor le déanaí. Amharcann Breandán Delap ar a bhfuil iontu

I 1988, fuair státseirbhíseach de chuid na hÉireann radharc ar cháipéis rúnda a léirigh dímheas Arm na Breataine dá rialtas agus do chúirteanna na tíre chomh fada is a bhain sé le cúiseanna a bheith curtha i leith a gcuid ball a bhí ar seirbhís sa Tuaisceart. Go deimhin léirigh an cháipéis seo gur éirigh leis an arm droim láimhe a thabhairt leis an chóras dlí is cirt, beag beann ar an dochar a dhéanfaí don chaidreamh idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine. Díol spéise í an cháipéis seo go háirithe i bhfianaise dhearcadh an airm agus go leor de pholaiteoirí na Breataine i leith ‘Saighdiúir F’ a bheas ag dul ar a thriail as James Wray agus William McKinney a dhúnmharú ar Dhomhnach na Fola agus as iarracht a dhéanamh ceathrar eile a mharú.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Breandán Delap

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4 agus údar é Breandán Delap.