Teannas agus troid

Breandán Delap

Tugadh breithiúnas fíor-ionraic ar a leochailí is a bhí an caidreamh idir Rialtas na hÉireann agus na Breataine le linn sraith de bhéilí idir státseirbhísigh ón dá thír 30 bliain ó shin. Tá cur síos ar a ndúradh le léamh anois i gcomhaid rúnda stáit a scaoileadh le déanaí, a deir Breandán Delap

Thug státseirbhísigh shinsearacha de chuid na Breataine le fios dá gcomhghleacaithe i státseirbhís na hÉireann go mbeadh an Chomhdháil Idir-Rialtasach Angla-Éireannach go mór i mbaol dá leanfadh taobh na hÉireann den Chomhdháil leis an chur chuige trodach a bhí acu. Dúradh gurb ionann an chomhdháil agus seomra céastóireachta do Státrúnaí an Tuaiscirt, Peter Brooke. Dúradh gur fear lách tuisceanach a bhí i Brooke ach tugadh foláireamh go raibh sé i ndeireadh na feide agus go dteipfeadh ar a chuid foighde go luath. Ba lú i bhfad an fhoighid a bhí ag an Phríomh-Aire, Margaret Thatcher, a tugadh le fios.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Breandán Delap

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4 agus údar é Breandán Delap.