An Ghaillimh mar atá Saothar Phádraig Uí Chiobháin

Peter Weakliam
An Ghaillimh mar atá Saothar Phádraig Uí Chiobháin

PictiÚr: Máire Uí Mhaicín/Portráidí.ie

Is é Ré an Charbaid an t-úrscéal is fearr a scríobhadh riamh faoi chathair na Gaillimhe, a deir Peter Weakliam

Is íorónta an rud é gur ó pheann Ciarraígh a tháinig an t-úrscéal is fearr a scríobhadh riamh faoi chathair na Gaillimhe. Is é Ré an Charbaid le Pádraig Ó Cíobháin atá i gceist agam, úrscéal a tháinig amach in 2003, agus nach bhfuil a mhacasamhail le fáil i nGaeilge ná i mBéarla. I léirmheas a foilsíodh in Feasta, maíonn Mícheál Mac Craith gurb é ‘Ulysses Chathair na dTreabh’ é (2003: 17). Áitíonn Breandán Ó Cróinín gur ‘úrscéal cathrach, Eorpach den chéad scoth’ is ea é, agus go bhfuil faillí déanta ag lucht critice na Gaeilge ann go nuige seo (2020). Is é a chuirim romham anseo tógáil ar anailís na beirte sin agus tuilleadh iniúchta a dhéanamh ar Ré an Charbaid. Mar a dhéanann Mac Craith agus Ó Cróinín araon, díreoidh mé ar an gcaoi a léirítear cathair na Gaillimhe sa leabhar, ach beidh mé ag scagadh gnéithe den léiriú sin nach bhfuil pléite ag aon chriticeoir eile go fóill. Baineann caibidlí áirithe de Ré an Charbaid le heachtraí stairiúla a thit amach sa gcathair sa mbliain 1493, agus faightear léargas maith iontu ar ‘an Ghaillimh mar a bhí’, chun focla an Chíobhánaigh féin a úsáid (2003: v. Ní luafar ach uimhir leathanaigh feasta.) Cheal spáis, ní chíorfaidh mé anseo ach na codanna den úrscéal a bhaineann leis an ré chomhaimseartha.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Peter Weakliam

Is scoláire dochtúireachta é Peter Weakliam