Drámadóir Chonamara saothar Mhichíl Uí Chonghaile Saothar Mhichíl Uí Chonghaile

Seán Mac Risteaird
Drámadóir Chonamara saothar Mhichíl Uí Chonghaile Saothar Mhichíl Uí Chonghaile

Tá Michéal Ó Conghaile ar dhuine de mhórscríbhneoirí próis na Gaeilge, ach léiríonn a dhrámaí go paiteanta leis a thuiscint ar Chonamara, a deir Seán Mac Risteaird

Tugann an criticeoir mór le rá Philip O’Leary faoi staidéar cuimsitheach ar dhrámaíocht na Gaeilge ina théacs An Underground Theatre: Major Playwrights in the Irish Language 1930-80 (2017). Sa téacs féin, tugann O’Leary foláireamh dúinn, go bhféadfadh drámaí comhaimseartha na Gaeilge dul i ndísc nó mar a deir sé féin, ‘sink into the oblivion’, de thoradh ar stádas agus ar sheasamh na drámaíochta sa teanga. Ní hiontas gur cuireadh drámadóirí móra na Gaeilge, Máiréad Ní Ghráda, Eoghan Ó Tuairisc, agus Críostóir Ó Floinn ina measc, san áireamh i dtréimhse staidéir an chriticeora. Ach ba san iarfhocal a rinneadh tagairt do dhrámaíocht Mhichíl Uí Chonghaile, seánra a bhíodh á chleachtadh go minic ag an scríbhneoir sa tréimhse 2003-2009. Mar ghearrscéalaí Gaeilge Chonamara is mó a aithnítear Ó Conghaile ach ní hé sin le rá nach bhfuil fiúntas agus tábhacht ag baint lena shaothar drámaíochta. Pléifear agus déanfar léirmheas téamach ar dhrámaí Uí Chonghaile san aiste seo, ag díriú ar thrí dhráma a tháinig óna pheann; Cúigear Chonamara (2003), Jude (2007), agus Go dTaga do Ríocht (2009). Drámaí iad seo ‘[that] explore social issues in contemporary Connemara in stark and unrelenting fashion.’ (Ó Conchubhair 2016). Cé go bhfuil an baol ann, de cheal spáis, léamh tanaí a dhéanamh ar dhrámaí an scríbhneora seo, feictear dom go seasann téama amháin chun tosaigh sna drámaí seo uilig: gur carachtair ar an imeall iad príomhcharachtair na dtéacsanna seo a léiríonn Conamara ar bhealaí éagsúla. Is é Conamara suíomh na ndrámaí seo ar fad, agus léirítear saol na Gaeltachta iontu i dtéarmaí comhaimseartha. Go cinnte, is iomaí téama a chíorann an Conghaileach ina shaothar drámaíochta agus éiríonn leis a chuid carachtar a léiriú ar bhealach réalaíoch, inchreidte. Bíodh go bhfuil cáil ar an gConghaileach mar mháistir cheird na gearrscéalaíochta, níl aon dul as ach cumas an drámadóra seo a aithint mar dhuine de dhrámadóirí tábhachtacha ár linne agus mar dhuine de dhrámadóirí móra comhaimseartha Chonamara.

Cuireadh an chéad dráma de chuid Uí Chonghaile, Cúigear Chonamara (á stiúradh ag Darach Mac Con Iomaire), ar stáitse in 2003 sa Taibhdhearc agus ghnóthaigh sé duais Stewart Parker. Sular stáitsíodh an dráma thug Róisín Ní Ghairbhí (2003) faoi deara go raibh ‘[…] scríbhneoireacht ar ardleibhéal’ á mealladh go dtí an Taibhdhearc agus, dar léi, go mbainfidh téama an dráma áirithe seo ‘geit’ as luch féachana na Gaeilge. Le blianta beaga anuas, tá tuiscint úr ann maidir le féiniúlachtaí inscneacha agus le féiniúlachtaí tras-inscneacha, ach fiú trí bliana déag ó shin ba chonspóideach an t-ábhar é téama an dráma úd. Cúrsaí inscne is mó a phléitear ann agus déantar Danny, príomhcharacthar an dráma atá ina thrasfheisteoir, a phlé go mion lena linn. Déanann Danny iarrachtaí as cuimse a rún a choinneáil slán, go háirithe óna theaghlach agus ó mhuintir na háite. Ach éiríonn a dheartháir Darach, agus baill eile an teaghlaigh, fiosrach maidir le Danny agus a nósanna ‘Bhuel, […] an dtuigeann tú, níl aon chead a’msa dul isteach i seomra Daniel so ní bheadh fhios a’m céard atá istigh ann is céard nach bhfuil. Privacy, an dtuigeann tú! Duine an-phrivate é Danny s’againne.’ (Ó Conghaile 2003). Nochtar an teannas a bhíonn le brath idir an carachtar atá ar imeall na sochaí agus é ag iarraidh a rún a choinneáil mar atá.

‘Foc an áit seo! Foc Conamara!’ a screadann sé luath go leor sa dráma, rud a léiríonn nach sásta atá sé bheith ina chónaí ann lena rún agus an brú a bhaineann leis. Scaoiltear an cat as an mála faoi dheireadh agus is ansin a dhéanann sé a dhícheall a chás a mhíniú do Cynthia, a pháirtí. Feictear thíos tábhacht an cheantair dá rún agus an chaoi a mbraitheann sé gur duine ar an imeall é dá bharr:

Ba chóir dom a bheith macánta leat níos túisce agus labhairt amach díreach faoi mo chás. Ach ansin tá rudaí ann agus tá sé deacair iad a rá amach díreach, (Sos) go háirithe i gConamara. (Gáire beag) In aon áit, b’fhéidir, mar nach é Conamara an áit is iargúlta sa tír níos mó. Ach mar a dúirt mé leat, nó mar a shíl mé a rá leat anocht, tá mar a bheadh duine eile istigh ionam.

Is léir go bhfuil Danny ag iarraidh brú an phobail a sheachaint agus go bhfuil sé mar sprioc aige Conamara a fhágáil le go mbeadh saoirse inscneach aige thar lear. Filleann muid anseo ar mhóitíf Uí Chonghaile den deoraí collaíoch nó inscneach agus gan an dara rogha ag Danny ach an ceantar a fhágáil. Is mar charachtar ar imeall na sochaí a dhéantar Danny a chur os comhair an léitheora agus éiríonn leis an gConghaileach bá a chothú idir an léitheoir agus an príomhcharachtar dá bharr.

Céadstáitsíodh Jude (2007) sa Taibhdhearc i mí an Mhárta 2007 (á stiúradh ag Seán Ó Tarpaigh). Cuireadh leagan clóite de Jude ar fáil in 2007, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Sa dráma féin díríonn Ó Conghaile go bríomhar ar chaidreamh casta an phríomhcharachtair Jude lena hiníon Gráinne agus an teannas mór atá le feiceáil eatarthu. I gcroílár an téacs, déantar ionramháil éifeachtach ar théama an teaghlaigh sa phíosa, téama a scagann an scríbhneoir ildánach seo go mion minic ina shaothar liteartha éagsúil. Smaoiním go háirithe ar Sna Fir (1999), Sa Teach Seo Anocht (2019), agus fiú luath-ghearrscéalta Uí Chonghaile in Mac an tSagairt (1986). Ní go rómhinic a bhíonn bancharachtair mar phríomhphearsa ag an gConghaileach ina shaothar liteartha ach éiríonn leis na snáitheanna céanna a bhaineann leis an teaghlach a phlé arís anseo. Mar is dual don Chonghaileach, léirítear carachtair atá ar an imeall sa dráma seo; ar charachtair a théann i gcoinne easa agus a thugann aghaidh ar noirm na sochaí ina maireann siad. Conair Jude mar bhean láidir a thugann droim láimhe do róil inscneacha atá á leanacht sa dráma seo. Tugtar an Bulldozer mar leasainm gránna uirthi toisc go bhfuil spriocanna gairmiúla aici nach mbaineann le ‘róil’ inscneacha na sochaí. Déantar an teannas idir an mháthair agus a hiníon a iniúchadh ina dhiaidh sin toisc go bhfuil Gráinne ag iarraidh dul leis an altracht, rud a chuireann díomá ar a máthair, go mór mór toisc nach bhfuil a leithéid de phost uaillmhianach go leor di (Ó Conghaile 2007). Bhí Jude sásta ród nua dúshlánach sa cheantar a shiúl mar thréidlia, nó mar a deir Gráinne ‘Gan uait ach bheith sna páipéir is i lár chuile agóid. A chruthú go raibh mná in ann seo agus siúd a dhéanamh. (Go searbhasach) Mná na hÉireann’. Téama leanúnach is ea an choimhlint a chruthaítear idir an bheirt agus Gráinne chomh ceanndána lena máthair. Déanann Ó Conghaile an caidreamh idir an bheirt a scagadh ar bhealach thar a bheith réalaíoch; is maith an scáthánú a dhéantar ar shaol an déagóra ag iarraidh coinbhinsiúin an teaghlaigh a shárú. Mar sin, tá cosúlachtaí móra le brath idir Jude agus Gráinne mar charachtair an dráma agus iad beirt ar imeall na sochaí.

Suite i gConamara an lae inniu, léiríodh Go dTaga do Ríocht (stiúrtha ag Brendan Murray) den chéad uair in Áras na Gaeilge (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) i mí Iúil 2008 agus arís eile i Smock Alley Bhaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair sa mbliain chéanna. Bhuaigh an dráma Duais Liteartha an Oireachtais in 2008 agus foilsíodh in 2009 é. Cuireadh dhá dhráma eile a d’aistrigh an Conghaileach sa chnuasach céanna: Boicíní Bhóthar Kilburn (Kings of the Kilburn High Road le Jimmy Murphy) agus Cripil Inis Meáin (The Cripple of Inismaan le Martin McDonagh). Dráma é Go dTaga do Ríocht ina dtiteann Jimí, ógfhear Gaeltachta, i ngrá le hógfhear cathrach, Keith. Feictear arís eile, gur ar imeall na sochaí a bhíonn an bheirt charachtar sa dráma seo agus iad ag teacht in inmhe na collaíochta agus na mothúchán. Ó thús, feictear an chodarsnacht lom idir an bheirt charachtar; feictear Keith atá ina Ghaeilgeoir aibí oscailte agus é i gcomórtas le Jimí, fear de chuid an cheantair atá ag streachailt le hionchais a athar agus lena chúlra teaghlaigh. Is ó cheantar faoi mhíbhuntáiste é Keith agus feictear cé chomh sona is atá sé i gConamara dá bharr. ‘Ní thuigeann tú, a Jimí. Dá bhfeicfeá an sórt áite inar tógadh mise agus mé i mo pháiste i mBaile Átha Cliath. Kip ceart. Bloc árasán. An séú hurlár. Daoine ina gcónaí i mullach a chéile. Agus an t-eastát ina bhfuil cónaí orm anois. Muid istigh i mballaí a chéile.’ (Ó Conghaile 2009). Faoi mar a phléann Ó Siadhail (2010), caitheann scéal Jimí solas ar Fhinnéithe Iehova i gConamara agus tugtar léargas dá bharr ar na himpleachtaí a bhíonn ag creideamh an teaghlaigh ar fhéiniúlacht an déagóra. Cuireann athair Jimí, Patrickín, brú as cuimse air cuidiú leis an creideamh a scaipeadh agus braitear teannas eatarthu dá bharr. Meabhraítear Jude Uí Chonghaile dom sa mhéid is go bhfeictear an t-athrú caidrimh a thagann idir tuismitheoirí agus a ngasúir agus iad sna déaga ag iarraidh talamh nua a bhriseadh. Tagann buaicphointe sa chaidreamh seo nuair a léiríonn Jimí nach bhfuil sé sásta leis an gcaoi ar fhás sé aníos: ‘In áit mé a fhágáil ag spraoi le gasúir an bhaile tharraing tú leat i do dhiaidh mé ar fud Chonamara, ag sodar le do shála ar nós mada beag a bheadh ar théad, le go mbeinn ag iompar is ag scaipeadh do chuid bileogaí dhuit, ag breathnú ort is ag éisteacht leat ag scaipeadh do shoiscéil.’ Is ansin a thagann Jimí amach mar fhear aerach lena athair cé go dtarraingíonn sé an rud céanna siar tamall ina dhiaidh sin le Keith nuair a deir nach bhfuil sé cosúil leis. Is tábhachtach an sliocht thíos toisc go dtagann dhá rud spéisiúla le chéile: tábhacht an cheantair sa dráma agus an t-imeallú a dhéantar ar an mbeirt charachtar de thoradh ar fhéiniúlachtaí gnéasúlachta:

Jimí: Ar ais le dul ag plé le Gaeilgeoirí, a bhodhráin. Ar ais ag na radharcannaí. Na clocha. Ar ais chuig sean-nós fadálach Chonamara.
Keith (Go teann): Ní thiocfaidh mé ar ais.
Jimí (Iontas air): Ath? Cheap mé gurb é Conamara mian do chroí?
Keith: Tusa, mian mo chroí. Tusa Conamara.
Jimí: Seafóid. Stop is ná bí chomh obsessed sin liomsa.

Cé go bhfuil drámadóirí cumasacha eile againn ón gceantar céanna (smaoiním go háirithe ar Antoine
Ó Flatharta, Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, agus Joe Steve
Ó Neachtain), tá cumas ar leith ag an gConghaileach carachtair agus saol Chonamara an lae inniu a léiriú. Cíorann an scríbhneoir ábhair a bhí cigilteach go maith nuair a stáitsíodh den chéad uair iad ach is cinnte go mbeadh tuairim eile ag lucht féachana comhaimseartha ár linne ar na drámaí céanna. Cé gur féidir a áiteamh gurb í an drámaíocht fós an ghné is laige in ealaíona na Gaeilge, ní hé sin le rá nach bhfuil fiúntas ag baint le drámaí Uí Chonghaile a cuireadh ar stáitse agus a foilsíodh go dtí seo. Tá súil agam gur sos atá á thógáil ag Ó Conghaile ón drámaíocht agus go bhfillfidh sé ar an seánra seo go luath. Idir an dá linn tá na saothair thuas fós againn, téacsanna a léiríonn cumas Uí Chonghaile mar dhrámadóir tábhachtach de chuid an cheantair. Ní mór buanna Uí Chonghaile mar dhrámadóir a aithint agus é ar dhuine de na drámadóirí móra a bhí ar thús cadhnaíochta ag tús na mílaoise seo agus ar dhuine de dhrámadóirí móra Chonamara.

LEABHARLIOSTA

Ní Ghairbhí, Róisín. ‘Cúrsaí Ealaíona: Nua-dhráma sa Taibhdhearc’. Comhar, 73.5. 2003: 15-17.

Ó Conchubhair, Brian. ‘Twisting in the Wind: Irish-Language Stage Theatre’, The Oxford Handbook of Modern Irish Theatre. Eag. Nicholas Grene agus Chris Morash, Oxford: Oxford University Press, 2016: 251-268.

Ó Conghaile, Micheál. Mac an tSagairt, Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht, 1986.

Ó Conghaile Micheál. Sna Fir, Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht, 1999.

Ó Conghaile, Micheál. Cúigear Chonamara, Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht, 2003.

Ó Conghaile, Micheál. Jude, Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht, 2007.

Ó Conghaile, Micheál. Go dTaga do Ríocht, Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht, 2009.

Ó Conghaile, Micheál. Sa Teach seo Anocht, An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht, 2019.

Ó Siadhail, Pádraig. ‘Micheál Ó Conghaile and Contemporary Irish language Queer Prose.’, The Canadian Journal of Irish Studies. 36.1. 2010: 143-161.

O’Leary, Phillip. An Underground Theatre: Major Playwrights in the Irish Language 1930-80, Baile Átha Cliath: University College Dublin Press, 2017.

Seán Mac Risteaird

Is Ollamh Cúnta é Seán Mac Risteaird atá ag obair in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath