Ceolghlór triúr an toradh

Ceolghlór triúr an toradh

Tá an ealaín bhéil de dhlúth agus d’inneach oidhreacht Joe Steve Ó Neachtain, dar le Ray Mac Mánais

Ag Oireachtas an Daingin sa bhliain 1987 a chonaic mé Joe Steve Ó Neachtain i mbun agallaimh bheirte den chéad uair. Bhí mé féin agus Joe Ó Dónaill i ndiaidh an chéad agallamh beirte riamh a rinne muid le chéile a chur i láthair i halla Scoil na mBráithre. Ar ár mbealach anuas ón stáitse a bhí muid nuair a casadh Joe Steve agus Máirín orainn ar na céimeanna. ‘Nár laga Dia sibh, a chomrádaithe,’ a bheannacht orainn agus muid ag dul thar a chéile. ‘Ádh mór oraibh,’ a d’fhreagair muid.

Más sásta a bhí muid lenár gcur i láthair féin, ní rófhada a mhair an sásamh i ndiaidh dúinn Joe Steve agus Máirín a fheiceáil i mbun a gceirde. Bearradh gruaige a bhí de dhíth ar Joe Steve, ach bhí Máirín ar a dícheall ag iarraidh sean-bhréagfholt gioblach a dhíol leis lena phlait a cheilt.

Ceacht den scoth a bhí ann do na tosaitheoirí seo. Má bhain muidne gáire nó dhó as an lucht féachana deich mbomaite roimhe sin, bhí siad ag briseadh a gcroí ag gáire ag achan dara líne as béal na beirte a tháinig inár ndiaidh. Bhí cúpla pionta againn le Joe Steve an oíche sin agus faoin am a bhí muid ag dul a luí ba shaibhre go mór an tuiscint a bhí againn ar an ealaín bhéil thraidisiúnta a chleacht sé féin agus a sheacht sinsear roimhe. Bhí an t-agallamh beirte de dhlúth agus d’inneach oidhreacht chultúrtha Joe Steve. Ba bheag an beann a bhí aige ar threoracha ná rialacha a leag daoine síos faoi chumadh an agallaimh. Ag iarraidh daoine a chur ag gáire a bhí sé; bhí an cumas sin sa dream aige agus bhí sé fial i mbun a roinnte.

Oíche eile, ag Oireachtas eile roinnt blianta ina dhiaidh sin, bhí sé de dhánacht agam ceist na bhfocal Béarla a chaitheadh sé isteach sna hagallaimh go rialta a ardú. D’amharc sé amach orm faoina mhalaí agus dúirt ‘Nach dtuigeann tú, a mhac, gur ag magadh fúm féin a bhím?’ Tá an magadh sin go tréan san agallamh seo ‘Goirm is Gairm’ ina bhfuil an cailín ag impí ar a máthair í a ligean ar shiúl go Baile Átha Cliath:

Cailín:


Ach scaoil Bleá Cliath ar feadh tamaill mé,

Is tabhair mo chomhairle fhéin dhom,

Bhuel, caithfidh tú scaoileadh liom am eicínt

Mar ní gasúirín gan chéill mé.

Ó thaitneodh soilse cathrach liom,

Na discos is an latest,

Is bheadh party sa bhflat gach seachtain a’m,

Is bheadh holidays a’d féin liom.

Caint na ndaoine a chuir sé i gcónaí i mbéal na gcarachtar ina chuid agallamh. Bhí sé dílis dá dhúchas i gcumadh na n-agallamh beirte sa mhéid is nár úsáid sé focail nár dhual do mhuintir Chonamara, fiú ar mhaithe le rím a chruthú. Fiú na focail Bhéarla thall is abhus, ní ar mhaithe le rím a chaith sé isteach iad, ach siocair iad a bheith níos fóirsteanaí go mór sa chaint ná a gcomhionann i nGaeilge. Féach na véarsaí seo as An Biúró Pósta. Tá fear an bhiúró agus bean an tí ag caint faoin teas lárnach, focal nach gcluintear mórán i gConamara. Ag caint ar an central heating atá an bheirt seo, agus is fearr leo an focal scraitseáilscríobadhscrábáil féin.

Bean:

Anois, i gcead an chomhluadair

Ní scéal é ar cheart a inseacht.

Tá an diabhal lán le dreancaidí,

Bowdies is míolta críonna;

Á únfairt is á scraitseáil féin.

Ní chodlaím néal san oíche leis.


Ara, croch leat i dtí an diabhail ’un bealaigh é

Agus gheobhaidh mé central heating.

Fear:

Nach maródh tú na dreancaidí

Le slám den DDT sin?

Nó croch isteach sa mbathroom é

Agus triail lena níochán;

Tabhair leat burla sandpaper

Is cuimil síos dá dhroim é;

Is saoire leathphunt galaoireach

Ná bheith ag íoc ar central heating.

Ní raibh duine ná deoraí i saol na hÉireann slán ó ghéire a phinn. Aorthóir neamheaglach a bhí ann. Ní raibh drogall dá laghad air tabhairt faoin Eaglais Chaitliceach, fiú thiar sna seachtóidí. Seo é ag baint spraoi as cruachás sagairt agus é ag éisteacht faoistine:

Sagart:

’Sé macasamhail an anam

Ach inneall a bheadh i gcarr,

Mura ndéantar seirbhís go rialta air

Is gearr nach n-imeoidh an carr.

’Sí an fhaoistin anois an tseirbhís

A fhágann d’anam ar staid na nGrást

Is beidh an t-inneall sin istigh ionat

Ag obair i bhfad níos fearr.

Bean:

Ara, theastódh reconditioned uaim,

Más féidir aon cheann a fháil,

Mar tá na plugs agus an thermostat

Ag tabhairt uathu le fada an lá.


Meastú, a Athair, an féidir transplant a fháil?

Anam nun ab’fhearr,

Mar níl frig all eile ar a n-aire sin

Ach á thabhairt ’uig garage chuile lá.

Tá gean taobh thiar den ghreann anseo agus, i ndáiríre, is le teann ceanúlachta agus cineáltais a rinne sé an magadh i gcónaí; ní chluintear rian de bhinb riamh in aon agallamh a tháinig óna pheann.

Ceann de na hagallaimh bheirte ba mhó ráchairt a scríobh sé, agus ceann a chuir sé féin agus Máirín i láthair go mion minic, ná an t-agallamh faoin Easpag Éamonn Casey. ‘An t-easpag leis an teaspach’ a thug sé ar Casey. Cé gur bhain Joe Steve na putóga as an easpag ní thiocfadh leat a mhaíomh gur fágadh an Cathasach gan chosaint, nó bhí an t-agallamh breac le freagraí gasta láidre ó Mháirín ina bhfuair an t-easpag cothrom na Féinne gan dabht.

Tá an tsáraíocht, nó an t-aighneas, mar dhlúthchuid den agallamh beirte agus níl ceann ar bith de chuid píosaí Joe Steve gann ar an ghné seo. Bíonn géarchonspóid go minic idir na carachtair, iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile le deisbhéalaí, le habarthacht agus le gliceas cainte. Is iad na gnáth-théamaí a bhí aige i gcónaí: gaol idir céilí; tógáil clainne, cúrsaí pinsin, cúrsaí deontais, cúrsaí suirí agus cúrsaí oibre – gnáthchúrsaí an tsaoil; ach ba iad an tuiscint do mheon daoine, an chlisteacht agus, thar rud ar bith eile, an greann, a chuir úire sna seantéamaí seo i gcónaí. Seo sampla as agallamh beirte ina bhfuil fear an tí ag iarraidh meáchan a chailleadh. Tá sé i ndiaidh tosú ar an jogáil agus ní mó ná sásta atá bean an tí lena chuid iarrachtaí:

Bean:

Is cén neart an diabhail atá agamsa ort

Má tá an teaspach ort i gcónaí,

Tá tú ag léimreach thart nós dreancaide,

Is tú chomh cantalach le miúile;

Níl blas maitheasa dhuit san ealaín sin,

Ach do chnámha ar fad bheith leonta,

Is ó thosaigh tú ar an jogáil seo

Sé’n chaoi a mhéadaigh an tóin ort.

Fear:


Muise, tá neart blonaig ar do bhottom-sa,

Níl ann ach meall sú rósta,


Tá mé sáraithe ag ceannach
corsets dhuit,

Is tú á bpléascadh is á stróiceadh;

Níl aon fhollántas sa mbleadar seo,

A dhiabhail, nach gearr le bó mé,

I bhfad uainn an anachain,
dá bhfaighinn brú fola as,

Cinnte chríochnódh stróc mé.

Bhí mé féin agus Joe Ó Dónaill mór leis i gcónaí, fiú, agus b’fhéidir go háirithe, nuair ba ghnách linn bheith i gcomórtas lena chéile. Tharla go raibh an triúr againn ar an stáitse le chéile ag Oireachtas Ghleann Cholm Cille i 1989 nuair a chuir sé muid in aithne don lucht féachana: ‘A dhaoine uaisle, seo Joe, Ray, Me!’

Triúr eile a bhí i gceist aige nuair a thiomnaigh sé a leabhar Fead Ghlaice dá chlann Aisling, Luisne agus Páid thiar sa bhliain 1986:

‘agallamh beirte an tús,

ceolghlór triúr an toradh.’

Léachtóir, údar agus drámadóir é Ray Mac Mánais