Simplí
Joe Steve Ó Neachtain
teach an óil
nuair ab acmhainn dhóibh
corrphionta;
thaithníodh crua-
nó dea-chaint leo
agus argóint
cois cuntair.
Thosaigh sáraíocht mhór
aon oíche amháin
nó gur cíoradh
ar gach bealach
an Poncánach
nó Sóivéideach
ba thúisce
a ghabhfadh ar an ngealach.
Is iad ag déanamh abhaile
de réir a gcos
tar éis don ósta
dúnadh,
rinne an cúpla stad
le cois an chlaí
ag taoscadh a mbraon
le fána.
Bhí gealach lán
go hard sa spéir,
is aghaidh na beirte
in airde,
ag iarraidh bheith
baint meabhair aisti
a chuirfeadh dallach dubh
ar chairde.
“Óra, tá an ghealach sin
as spás ar fad;
ní thiocfadh fear go brách
ina gaire,”
a deir Micil ag teannadh
ar gcúl ón gclaí
is é ag creathadh
an bhraon beag deiridh.
“Nach bhfuil sé ráite agam,”
a deir Beartla leis
is é fhéin
ag dúnadh cnaipí,
“gur ag amadáin
go seafóideach
atá an t-airgead
sin scaipthe.
“Ag caitheamh billiúin,
le dhul suas ansin?
Is mó meabhair
a bheadh ag collach,
i leaba fanacht
go ngabhfadh sí síos
is dul síos de léim
ina mullach.”