Abair liom cad ba léir do na draoithe…

Gabriel Rosenstock

Tanka le Gabriel Rosenstock ag freagairt do shaothar ealaíne sa MET, Nua-Eabhrac

Is é tanka an seánra filíochta is sine dá bhfuil ann, i measc na seánraí sin atá fós á gcleachtadh inniu. Téann sé siar breis is 1,300 bliain. 31 siolla a bhí sa tanka clasaiceach – 5-7-5-7-7 – ar nós an tsampla seo a leanas de chuid Saigyō:

nagamu tote

hana ni mo itaku

narenureba

chiru wakare koso

kanashikarikere

nuair a fheicim iad

braithim an-chóngarach

do na blátha seo

titfidh siad go léir ar ball

och monuar nach trua an scéal

Ealaíontóir: Henry Farrer

sular nocht tú dhom

níor bhog aon ní an uile ní ciúin

reoite a bhí mo chroí

taoi ann anois tá gach ní beo

an uile ní ciúin ciúin

Ealaíontóir: Honoré Daumier

ólaid chun dearmad a dhéanamh ort

ar do ghuth

is ar do scéimh

ar maos sa dorchadas

faoi mar nach raibh aithne riamh acu ort

Gabriel Rosenstock

Is file agus aistritheoir é Gabriel Rosenstock