Biden v Trump

Biden v Trump

Tá teacht aniar iontach déanta ag Joe Biden, ach an bhfuil an mianach ann dúshlán Donald Trump a thabhairt. Labhair Máirtín Ó Catháin le Gaeil Mheiriceá

‘Cén chaoi a dtarlaíonn sé go bhfuil Bernie Sanders ag scuabadh faoi agus thairis i gcoimhlint seo na nDaonlathach?’

I ndeireadh mhí Feabhra a chuir mé an cheist sin ar bheirt a bhfuil scaitheamh maith blianta caite acu ag saothrú don Pháirtí Daonlathach, beirt Ghael-Mheiriceánach.

Deich mbliana fichead a chaith Jack Connolly ina Chomhairleoir Baile in Somerville i mBoston. Tá bróicéireacht árachais aige agus ag éirí go maith leis. Roinneann sé a chumas leis an bpobal in aisce. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Fhéile Scannán Bhoston.

Síceolaí é a chol ceathrar Bob Connolly. Sé cinn d’ionaid uilig atá aigesean ag cleachtadh a ghairme in Southern California. Tugann sé cúnamh go deonach sa gcoláiste ina raibh sé féin ina mhac léinn.

Daonlathaigh go smior an bheirt. Ba as Conamara a chuaigh seanmhuintir Bob agus Jack go Meiriceá. Col seisireacha liom féin iad an bheirt acu agus is maith na samplaí iad do dhaoine ar éirigh thar cionn leo sa saol; clann mhac Mheiriceá agus fuil na hÉireann iontu. Aisling Mheiriceá.

Labhair mé leo beirt tráth a raibh ag éirí thar cionn le Sanders sna chéad réamhthoghcháin.

Cén chaoi a dtarlaíonn sé, a d’fhiafraigh mé féin, go bhfuil fuadar faoi fhear atá ag maíomh gur Sóisialach é i gcoimhlint seo na nDaonlathach? Cheap mé nár bhain an branda sin leis an tír sin.

‘Níl an sruth seo atá le Sanders ag dul ag seasamh,’ a deir Jack Connolly. ‘Daoine atá roinnt óg is mó atá ag tacú leis, bheidís idir 20 agus 40. Tuigfidh daoine ar ball nach é polasaí Sanders is fearr a fheileann do shaol Mheiriceá. Tuigfidh siad freisin nach mbeadh sé in ann ag Trump i dtoghchán na hUachtaránachta.’

‘Mórán mar sin a d’fheicfinnse an scéal freisin,’ a deir Bob Connolly, ‘sílim gur ag Biden a bheidh an geall sa deireadh.’

Bhí cineál amhrais orm faoi thairngreacht mo chol seisireacha ar an taobh eile den Atlantach.

Tháinig sé sa déanamh gan mórán achair gurbh fhearr an tuiscint a bhí ag na Connollys ar intinn an phobail ná a bhí ag cuid acu siúd a bhí ag maíomh go poiblí - agus sa bpreas - go raibh rith an rása le Bernie Sanders, an iarraidh seo.

In South Carolina a tharla an t-athrú mór. Scuab Biden leis 48% de na vótaí.

Tá pobal láidir den chine gorm ansin agus tá cion acu ar Joe Biden. Ar ndóigh, bhí Biden ina Leas-Uachtarán in éineacht le Barak Obama ar feadh ocht mbliana, agus níl sé sin gaibhte amú ar an bpobal sin.

Ach, bhí níos mó ná sin i gceist.

Bhí an scéala ag scaipeadh as éadan go raibh ar Dhaonlathaigh a theacht ‘ar ais ar a gcéill’ agus a dhul go lár an bhóthair sa bpolaitíocht. Ina dhiaidh sin féin, is iomaí duine ar nós Bob agus Jack Connolly atá ar fud na Stát.

Ba léir don saol go raibh eagrúchán déanta ar an ócáid in Texas roimh Mháirt Mhór na réamhthoghchán nuair a tháinig Amy Klobuchar, Pete Buttigieg agus Beto O’Rourke in éineacht ag tacú le Joe Biden. Ba ag an bpointe sin a lig an páirtí traidisiúnta Daonlathach an eite chlé le sruth; ní raibh aon mhuinín acu as iarrthóir ‘sóisialach’.

Bhí bua glan ag Biden ar Sanders an Mháirt Mhór. Chuir sé feachtas an tSeanadóra Elizabeth Warren ó rath an lá sin freisin. Thug sé an svae leis ina Stát baile, Massachusetts. Idir an dá linn, chlis Mike Bloomberg – théis a raibh d’airgead aige – agus níl fanta idir Joe Biden, 77 bliain d’aois anois ach Bernie Sanders, 78. Is díol spéise cúrsaí aoise féin san gcoimhlint.

Mura dtarlóidh eachtra éigin neamhghnách – tá an saol an-chorrach de bharr an choróinvíris – tabharfaidh Joe Biden an geall leis ag Coinbhinsiún na nDaonlathach in Milwaukee i mí Iúil, más féidir Coinbhinsiún a reáchtáil faoin tráth sin. Tá an baol ann go mbeidh an ráig den choróinvíreas an-tréan fós i lár an tsamhraidh. Sa gcás sin, níl le rá ach gur maith an scéalaí í an aimsir.

An bhfuil an cinneadh ceart á dhéanamh ag na Daonlathaigh agus céard faoi Joe Biden mar iarrthóir in aghaidh Donald Trump mí na Samhna?

‘Shíl mé gurbh fearr an rud go roghnódh muid duine óg nó bean mar iarrthóir,’ a deir an Seanadóir Stáit, Margaret Craven in Maine. Mairéad Ní Chonghaile a bhí ar an Seanadóir Craven sular fhág sí an baile i Leitir Ard i gConamara. Tá sí ar dhuine de na Daonlathaigh is aitheanta sa bParlaimint Stáit in Maine.

‘Bhí go leor cruinnithe againn ar fud an Stáit seo,’ a deir an Seanadóir Craven. ‘Bhí muid idir cheithre chomhairle, ar a laghad. Dá mba fúmsa an rogha, is í Kamala Harris as California ab fhearr liom. Tá sí cliste, óg, dea-labhartha agus brí, bunús agus bealaí nua ag baint lena cuid polasaithe. Ansin bhí an Seanadóir Elizabeth Warren ann agus bhí muinín agam aisti siúd.’

Sa deireadh ní raibh ach duine amháin i bhfabhar Warren ag an ‘caucus’ a raibh an Seanadóir Craven páirteach ann. Chuir sin beagán iontais uirthi. I ndeireadh na cúise, shocraíodar gurbh fhearr tacú le Joe Biden.

‘Caithfear Trump as chur as an Teach Bán agus caithfidh muid uilig sna Daonlathaigh tacú le Biden, beag beann ar cén dearcadh a bhí againn go dtí seo. Tá meas air sa bpobal dubh agus i measc na mionlach agus tá taithí na mblianta aige ar na rungaí is airde cumhachta sa tír seo.’

Creideann an Seanadóir Craven gur cheart go roghnódh Joe Biden an Seanadóir Kamala Harris as California mar iarrthóir leas-uachtaránachta ina theannta. ‘Ar an gcaoi sin bheadh idir stuaim na haoise agus fuinneamh na hóige ar an ticéad sin againne. Sin agus fear agus bean,’ a deir sí.

Tá aois na nDaonlathach ina hábhar spéise ó thosaigh an feachtas seo. Go dtí le gairid bhí ceathrar a bhfuil 70 bliain slánaithe acu sa rás: Biden (77), Sanders (78), Michael Bloomberg (78) agus Elizabeth Warren (70). Ba mhór i gceist go raibh Ronald Reagan ag breith suas ar 70 nuair a toghadh é i 1980. Ar ndóigh, tá Donald Trump beagnach 74 ach is beag aird ar chor ar bith a tarraingíodh ar a aois siúd aimsir an toghcháin dheireanaigh. Go deimhin, tá Trump ag séideadh faoi Joe Biden faoi chúrsaí aoise. I gceann de na ráitis ba ghreannmhaire, dúirt an tUachtarán Trump go gcaithfí Biden a chur i dteach altranais dá dtiocfadh sé go dtí an Teach Bán.

Idir mhagadh agus dáiríre, tá daoine ann a déarfadh go bhfuil lagachan tagtha ar chumas fisiciúil agus intleachtúil Joe Biden. Ach, ní mór a chur san áireamh go raibh sé ráite faoi i gcónaí go mbíodh sé ag meascadh a chuid foclaíochta ar uairibh. Tarlaíonn seo nuair a bhíonn sé ag caitheamh focal as a bhéal agus gan script aige. Ní haon eisceacht é an feachtas seo. Ag labhairt dó in Carolina, luaigh Biden gur rás Seanaid a bhí ar bun sa bhfeachtas seo. Ag tráth eile labhair sé faoi ‘Super Thursday’ i leaba ‘Super Tuesday’. Ní rud mór a dhul amú ar Mháirt agus Déardaoin ach tomhaistear chuile fhocal dá gcuireann iarrthóir as a bhéal i bhfeachtais mar seo. B’fhéidir go léiríonn sé tuirse intinne nó tuirse fhisiciúil.

Go deimhin, tá cosúlacht ar a cheann aghaidh scaití go bhfuil Biden roinnt traochta agus tá sé ráite gur chuir a fhoireann moltaí chun cinn gur chóir go mbeadh cathaoireacha ag na hiarrthóirí le linn díospóireachtaí. Shéan an fhoireann é sin.

‘Pé ar bith rud a déarfaidh daoine, tá rud amháin ag baint le Joe Biden agus sin gur aige is fearr atá seans ar Donald Trump a chur as a bhróga,’ a deir Tomás Ó Conaire as Ros Muc i gConamara. Tá cónaí ar Thomás agus a chlann i Massachusetts le 36 bliain. Bhí sé ar dhuine den lucht feachtais ba ghníomhaí a bhí ag Marty Walsh san dá fheachtas do Mhéaracht Bhostúin. Is é Walsh, ar de shliocht Chonamara é, Méara, na cathrach anois agus é i mbun an dara téarma ansin. Cairde móra iad Joe Biden agus Méara Bhoston agus tháinig Biden go Boston ag labhairt ag insealbhú Walsh mar Mhéara don dara téarma.

Tá Tomás Ó Conaire ag tacú go láidir le Biden.

‘Tá daoine ag fiafraí cén t-údar nach raibh muid [Daonlathaigh] in ann iarrthóir níos óige a roghnú. Bhíodar ann, leithéidí Kamala Harris, Beto O’Rourke agus Pete Buttigieg, ach ní raibh sruth láidir tacaíochta taobh thiar de cheachtar acu,’ a deir an Conaireach.

‘Chreid mé ó thús gurb é Joe Biden an t-iarrthóir ab fhearr,’ a deir sé. ‘Tá Bernie Sanders – agus tá ómós agam dó ar bhealaí – rófhada ar chlé sa bpolaitíocht. Tá slám láidir vótaí faighte aige ach tá teorainn leis an méid a bhaileoidh sé sa deireadh.’

Tá Tomás Ó Conaire den bharúil go mbeadh Biden in ann go leor den nimh atá follasach idir na Daonlathaigh agus na Poblachtánaigh in Washington a leigheas. ‘Tá go leor blianta caite ag Joe Biden in Washington,’ a deir sé ‘agus tá a fhios agam go bhfuil cairdeas idir é féin agus go leor Poblachtánach. B’iontach an rud é go mbeadh Uachtarán againn a laghdódh an bhearna sin atá idir na páirtithe ar Capitol Hill. Cuir i gcás, san aimsir a caitheadh, bhí an tUachtarán Reagan agus an Tip O’Neill, a bhí ina Chathaoirleach ar Theach na nIonadaithe, Daonlathach as Stát seo Massachusetts, in ann go leor réitigh a dhéanamh. Teastaíonn an comhoibriú sin uainn aríst.’

Ó thaobh an ticéid, feictear do Thomás Ó Conaire gurbh fhearr go roghnófaí Beto O’Rourke as Texas mar iarrthóir leas-uachtaránachta. ‘Silim gurb é a chinntigh go mbeadh an ceann is fearr ag Biden sa réamhthoghchán sa stát sin [228 vóta coinbhinsiúin]. Tá sé óg agus ábalta agus fuil mhaith Éireannach ina chuid féitheacha, ach an oiread le Biden féin!’

I bhfad siar in Minnesota atá cónaí ar Doug Berg. Dlíodóir é Doug agus le díol agus ceannach tithe agus talún is mó a bhíonn sé ag plé. Fear meánaosta é agus ba as Conamara cuid dá shinsir trí nó ceithre ghlúin ó shin. Casann sé an bealach seo chuile dhara bliain, ar a laghad. Bhí sé ina Phoblachtánach ar feadh i bhfad ach d’athraigh an saol. Mar a mhínigh sé féin:

‘Poblachtánach a bhí ionamsa ach chuaigh mé leis an Daonlathaigh nuair a toghadh Donald Trump. Fiú nuair a bhínn ag tacú leis na Poblachtánaigh, bhreathnaigh mé orm féin i gcónaí mar Phoblachtánach stuama sa lár nach raibh coimeádach. Vótáil mé le déanaí in Minnesota, áit a raibh orm mé féin a chur i fhógairt mar Phoblachtánach nó mar Dhaonlathach agus is mar Dhaonlathach a chláraigh mé agus fuair mé vóta sa réamhthoghchán.

‘Do Joe Biden a thug me mo vóta sa toghchán sin. Tá súil agam go n-éireoidh leis an t-ainmniúchán a fháil. Is é an fáth ar vótáil mé do Biden mar go bhfuil sé sa lár ó thaobh na polaitíochta agus go bhfuil go leor taithí aige mar Sheanadóir agus mar Leas-Uachtarán le Barack Obama. Creidim gurb é Biden an t-aon iarrthóir atá ag an bpáirtí a bheadh in ann Donald Trump a chur as an Teach Bán.’

Creideann Doug go bhfuil Bernie Sanders rófhada ar chlé. Ceapann seisean go ndearna Sanders go leor dochair dó féin nuair a mhol sé Fidel Castro.

Maidir le cúrsaí aoise agus inscne, feictear do Doug Berg nár mhór do Joe Biden duine óg nó bean a chur ar an ticéad in éineacht leis. Leithéidí an tSeanadóra Amy Klobuchar as Minnesota nó Peter Buttigieg as South Bend in Indiana, beirt a thacaigh le Biden nuair a d’éirigh siad féin as an rás.

Inseoidh an aimsir.

Ach tá gné eile de scéal seo an toghcháin uilig nár facthas sna Stáit Aontaithe cheana. Cén cúrsa a thógfaidh an coróinvíreas agus cén lorg a fhágfaidh an galar gránna seo ar an bhfeachtas agus ar an tír?

An mbeifear in ann sluaite a thabhairt le chéile, cruinnithe móra a reáchtáil agus an mbeidh sé indéanta canbhasáil a dhéanamh go poiblí? An dtroidfear go leor den toghchán ar an teilifís? Cén chontúirt sláinte atá ann do lucht na bhfeachtas agus do na hiarrthóirí féin atá san aoisghrúpa is mó a bheadh i mbaol de bharr an víris.

Tá an baol ann freisin go rachaidh eacnamaíocht na Stát Aontaithe chun deiridh de bharr an víris, rud a chuirfeadh an tUachtarán Trump ag cúlú. Bíonn an-ghaisce aige as chomh láidir agus atá an fhostaíocht agus an geilleagar. Tá sin ar an mámh is fearr atá aige.

Ba mhaith mar a thomhais mo chol seisireacha, Jack agus Bob Connolly, an cúrsa polaitíochta a bhí i ndán do choimhlint na nDaonlathach. Ach níl sé ar dhroim na cruinne an té atá in ann tomhas a dhéanamh ar an lorg a fhágfaidh Covid-19 ar thoghcháin Uachtaránachta Mheiriceá.

Is iriseoir agus craoltóir é Máirtín Ó Catháin