Scoil an Chogaidh
Gearrscéal nua le Colm Ó Ceallacháin
Chlis ar mo phósadh sula raibh muirear ar bith agam féin is Ciara. Nuair a bhíomar ag scaradh, mhol mo dhlíodóir dom taifead a choimeád d’aon easaontas a tharlódh eadrainn, ar eagla na míthuisceana nuair a rachaimis chun cúirte. Anois agus mé ag amharc siar tar éis na mblianta fada ar an méid atá breactha síos agam, chuirfinn geall leis nár tharla a leithéid seo nó siúd d’argóint riamh. I mbeagán focal, is reacaire mí-ionraic mé. Ach fós caithfear mo scéal a reic, agus más ceadmhach dom léimfidh mé siar ar dtús go dtí na laethanta sin nuair nach raibh aithne curtha agam ar Chiara in aon chor. Siar linn mar sin go dtí an lá gur thuirling mé den bhus i gCóbanhávan. Beagán le cois an tríocha bliain a bhí mé an uair úd, mé ag tarraingt ar an leathchéad anois. Scéal deiseanna é le blianta anuas, deiseanna á dtapú agus deiseanna, níos minice ná a chéile, á gcailliúint agam.
Tá Ciara i gCeanada anois, dála an scéil. Í ag déanamh go maith di féin faoi mar a chloisim é. Bhí sé de cheart agam féin bailiú liom freisin ach is brionglóidí mé, lán cainte (cuid mhaith di mí-ionraic, mar a luaigh mé). Thaitin gníomhartha le Ciara seachas briathra, agus is gníomhaí go smior é Barry, an fear atá ag siúl amach léi faoi láthair (is a bhí freisin, agus muid pósta). Caithfear maireachtaint ar rud éigin, mar sin féin (níor thaitin an fear sin liom ó thús), fiú anseo ar an trá fholamh. Ag brath ar ioncam suarach go maith atáim i láthair na huaire (níor thaitin fiú a ainm liom – cé a chuirfeadh iontaoibh i nduine darb ainm Barry?). Is ar choimisiúin a mhairim, i ndáiríre, seachas ar thuarastal, sa phost is deireanaí agam de shraith fada postanna, gach ceann acu níos measa ná a chéile. Ach táim ag teacht romham anois, cé nach bhfuil Cóbanhávan dearúdta agam, nó scoil an chogaidh ach an oiread. Scéal an neamhurchóidigh ag dul i dtreo na contúirte atá anseo agam i ndáiríre, amhail Hansel agus Gretel i lár na foraoise nó fiú cuairt na bhFiann ar Bhruíon Chaorthainn. Scéal gaiscíochta é, dá bhrí sin, cé nach aon ghaiscíoch mise, is níl sé leath chomh spéisiúil le ceachtar den dá scéal eile sin, is baolach.
Os mo chomhair amach tá Fearghus, mo chomhoibrí, ag clabaireacht le cliant agus ar thaobh na láimhe deise den mbord tá Jerry i mbun an ghnó chéanna. Méarchlár, scáileán ríomhaire agus péire cluasán an duine againn. Ní fhéadfá ionad glaonna a thabhairt ar sheomra beag amháin ar an gcúigiú hurlár de bhloc oifige is gan ach an triúr againn ag obair ann, ach is fear uaillmhianach é Jerry agus sin é go díreach a thugann sé air. Call centre, murar miste leat. Is é Jerry úinéir, cathaoirleach, bainisteoir agus oifigeach caidreamh poiblí an chomhlachta seo. Is fear uaillmhianach é, mar a deirim, é de shíor ag moladh cainteoirí spreagúla agus comhdhálacha gnó dúinn le feabhas a chur ar ár modhanna oibre. Ina dhiaidh sin is uile, is i mbun mangaireachta atáimid, ag mealladh custaiméirí (iad críonna go maith, go minic) ó chomhlacht amháin go ceann eile. Fochonraitheoirí sinn, ag obair ar son fhochonraitheoirí eile, ag brú conarthaí ar chustaiméirí gurb fhearrde go mór iad gan na conarthaí céanna sin a shíniú. A laghad ráite faoi is ea is fearr, ach le rá gurb ann a tháinig mé, de thaisme, ar mo chéad tagairt do Georgina leis na blianta.
‘Nóiméad amháin,’ a deir Fearghus, ‘nó go labhróidh mé leis an dteicneoir.’
Caitheann sé a chluasáin ar an mbord ansin, faigheann eochair an leithris, is bailíonn leis amach an doras. Idir an dá linn táimse ag treabhadh liom trí liosta d’uimhreacha gutháin a thug Jerry dom. Agus leathchluas le héisteacht agam le freagraí na gcustaiméirí, caithim súil ar an ríomhphost is deireanaí atá seolta chugam ag Jerry. Ag fógairt comhdhála atá sé, seafóid nua-aoiseach éigin ar shaothrú ár dtualainge, is táim ar tí é a scrios nuair a leagaim súil ar phortráidí na gcainteoirí. Cé nach bhfuil sí feicthe agam le fada an lá, aithním Georgina láithreach. Roic bheaga lena súile, dath buí ar a gruaig anois, ach is í an Georgina chéanna i gcónaí í. Agus i bhfianaise teideal a cainte, ‘Saothrú an Dóchais’, glacaim leis go bhfuil sí fós ag iarraidh an domhan a tharrtháil.
Nach mór leathbhliain a bhí caite san Iorua againn sular imíomar go Bergen. Márta 2002, is gan an choscairt tagtha chomh fada leis na sléibhte go fóill, theitheamar ón mbáine shíoraí sin a bhí dom’ thiomáint as mo mheabhair. I seanóstán a bhí cónaí orainn, hytte, scioból galánta a bhíodh in úsáid lá den saol ag lucht sciála. D›fhágamar é, mé féin is Georgina, go moch ar maidin is de shiúl na gcos, ag dul le fána ar chosán cúng trí fhoraois phéine. Thíos ag bun an ghleanna bhí an abhainn ag cur thar maoil le leá an earraigh, í ag búiríl faoin droichead le hais an mhótarbhealaigh, ach shíneamar amach ár n-ordóga agus níorbh fhada sinn á fágáil inár ndiaidh. Ag éalú ar feadh an lae a bhíomar, trí tholláin agus conairí sléibhe, nó gur shroicheamar faoi dheireadh fiordanna an iarthair. Ba é éalú mórthéama na tréimhse sin i mo shaol, murarb é fós. Ag éalú ó laincisí an bhaile a bhí mé, ó jab gan tairbhe ar chaith mé gach deireadh seachtaine á ruaigeadh as mo chuimhne i ráig dí is drugaí nó go mbéarfadh sé de ghreim scrogaill orm Dé Luain arís. Bhí bean ar an bhfód freisin, is fíor, ach bhí a cuid trioblóidí féin aici siúd, agus is achrannach an timpeall a ghabh mé le héalú uaithi, chomh fada le sléibhte na hIorua. Fógra beag a chonaic mé sa nuachtán a mheall anall mé, fógra ó eagraíocht charthanach a bhí ag obair ar son na mbocht.
Ag lorg oibrithe deonacha a bhí siad, oibrithe a bheadh sásta leathbhliain a chaitheamh ag bailiú airgid ar fud Chríoch Lochlann. Bhí dílleachtlann san Áise, a dúradh linn, is nuair a bheadh ár ndóthain airgid bailithe againn rachaimis ann lenár ngaois a roinnt ar leanaí an deiscirt. Níor bhailigh mise a ndóthain airgid riamh (bhailigh mé cuid mhaith, is fíor, ach chun mo leasa féin a chuaigh sé. Beidh a thuilleadh faoi sin agam ar ball). Cineál aisling a bhí sa dílleachtlann chéanna sin nach eol dom go fóill arbh ann nó as di, ach ba leor í mar aisling le mé a ghríosadh le dul ó dhoras go doras, ag lorg déirce ó phobail fhlaithiúla an tuaiscirt.
Cá bhfios cén aisling a mheall Georgina anseo, mura raibh aici siúd freisin cúis éalaithe as a dúiche féin. Sa dosaen bliain a bhí gafa thart ó thit an balla, bhí an cúinne áirithe sin d’oirthear na Gearmáine inar fhás sí aníos ann ligthe i ndearmad ag buaiteoirí an chluiche mhóir. Na mianaigh a dhún a thúisce is a chlis ar an gcóras a chothaigh iad, bhí siad ag déanamh meirge os comhair a súl anois, locha truaillithe ag brúchtadh aníos san áit ina mbíodh gual á thochailt roimhe sin. Éinne le héirim, theith siad go cathracha an iarthair, ach ní raibh fonn ar Georgina córas lofa amháin a mhalartú ar cheann eile, mar ab fhacthas di é. Throid sí ar feadh i bhfad i gcoinne thruailliú na timpeallachta, ach ní raibh cosaint aici i gcoinne an truaillithe eile sin, an náisiúnachas borb nua a d’airigh sí ag fás i measc a comhaoiseach. Chlis ar a foighne ar deireadh thiar agus theith sí féin ansin, ach ó thuaidh. Fiche a trí bliain d’aois a bhí sí, deich mbliana níos óige ná mé, cruas agus idéalachas fite go dlúth lena chéile inti.
Réitíomar lena chéile ó thús, beirt chorr fiú i measc an dosaen aisteach sin a bhí caite le chéile ar learg sléibhe. Déanta na fírinne bhíomar as láthair níos minice ná a chéile, mar gur seoladh chun bealaigh sinn inár mbeirteanna le hairgead a bhailiú. Ba mhinic mé féin is Georgina i bhfochair a chéile i rith an gheimhridh sin, ag taisteal ón gCrios Artach go dtí an Mhuir Bhailt, na laethanta ag dul i ngiorracht is muid ag díol irisí ar son na dílleachtlainne. Gach uair a d’fhilleamar ó thuras éigin b’ísle arís réim na gréine sa spéir, sa chaoi is gur ar éigean a thaispeáin sí í féin thar mhullach na sléibhte faoi dheireadh. Níor chreid Morten in airgead a chur amú ar chostais taistil, agus go hiondúil is leis an ordóg a bhaineamar ceann scríbe amach. Fear caol, aclaí a bhí i Morten, cabhail an sciálaí trastíre aige agus fuinneamh docheansaithe dá réir sin. Eisean a chéadtosnaigh an eagraíocht seo tar éis dó seal a chaitheamh ag taisteal ar fud na hÁise, is bhí an méid sin ama caite aige i measc iarsma na gcomún ansin go raibh béarlagair hipí na seascaidí ar a thoil aige. Fear gnó den scoth ba ea é, mar sin féin. Brionglóid a bhí á reic aige, brionglóid na dílleachtlainne, is bhíomarna, na hoibrithe deonacha, tofa leis an mbrionglóid sin a dhíol. Sladmhargadh a bhí sa bhrionglóid dar liom féin, gan de phraghas uirthi ach náire phobal an Iarthair, agus seal faoin ngrian ag dul dúinne mar luach ar ár saothar.
Níor stad an bháisteach i rith na coicíse a chaitheamar in Bergen. Ag codladh ar thoilg i halla eaglaise a bhíomar, is ag brath ar chineáltas na mbialann áitiúil dár mbéilí. Mar sin féin bhí stór maith airgid cnuasaithe againn a bhuíochas le muintir fhial an bhaile a cheannaigh ár n-irisí gan choinníoll. Chuireamar an t-airgead i dtaisce is thugamar aghaidh ar Osló ansin mar a raibh cúpla lá breise déirce eagraithe ag Morten dúinn go léir.
Ar thaobh an bhóthair a bhíomar is an oíche ag titim, muid ag lorg síbe aniar an iarracht seo. Ba léir nach sroichfí Osló anocht, is bhíomar ar tí ár málaí codlata a shíneadh faoi bhéal tolláin nuair a chualamar torann gluaisteáin. Stad sé taobh linn, is léimeamar isteach go gasta sula dtiocfadh an tiománaí ar athrú poirt. Ní raibh sa charr romhainn ach é féin, is chuir sé é féin in aithne dhúinn is muid ag tiomáint tríd an tollán fada bóthair. Steinar ab ainm dó, é ag filleadh óna shealaíocht ar na rigí ola, is cé nach raibh sé ag dul chomh fada le hOsló thairg sé leaba na hoíche dúinn ina theach féin. Tar éis mhí chrua fhadálach a bheith caite aige sa Mhuir Thuaidh bhí fonn ólacháin air, is chomh luath is a shroicheamar baile tharraing sé an bhiotáille amach. D’fhágamar sínte ar an tolg é go maith amach san oíche, is gan ar ár gcumas é a dhúiseacht. Thugamar aghaidh ar an seomra breise ansin, mar a raibh dhá bhunc cóirithe aige dúinn.
‘Múch an solas,’ a dúirt Georgina a thúisce is a bhí an doras druidte agam, ‘agus fág na cuirtíní ar oscailt.’
Bhí cúpla braon faoin bhfiacail againn beirt faoi seo, rud a chuir, is dócha, le draíocht na hócáide, ach bhí draíocht a dhóthain lasmuigh den fhuinneog ar aon nós. Bhí an gleann ar fad le feiceáil ag síneadh fúinn, é ag glioscarnach anocht faoi chorrán niamhrach na leathghealaí.
Ag titim i mo chodladh dom sa bhunc uachtarach, d’airigh mé gíoscán na leapa sula bhfaca mé cruth Georgina ag barr an dréimire.
‘Táim fuar,’ ar sí, ag sleamhnú isteach taobh liom.
Shantaigh mé í, ón gcéad lá b’fhéidir gur leag mé súil uirthi, ach bhíomar ag dul i dtaithí ar thír aineoil chomh maith lena chéile is tuigeadh dom gur chairdeas platónach a bhí uaithi siúd. Anois áfach, in áilleacht sceirdiúil an ghleanna seo, bearnaíodh an fál teorann a bhí dár gcoinneáil óna chéile.
Ba iad a lámha a shantaigh mé i dtús báire, a méara fada seanga, is ní túisce í faoin bpluid nó b’eo mé á gcuardach. D›aimsigh mé iad go gasta ach ní fada nó go raibh sí ag treorú mo lámh féin ansin, thar iomaire mothallach a láir, síos i dtreo eithne bhog thais a rúndachta.
‘Táim fós fuar,’ ar sí, ag casadh i mo threo.
Go moch ar maidin chualamar Steinar ag cleatráil thart sa chistin, is níorbh fhada nó go raibh bricfeasta breá réitithe aige dúinn. Ina dhiaidh sin, is an chuma air nach raibh sé ag fulaingt póite ar bith faoi seo, thiomáin sé chomh fada leis an mótarbhealach sinn. Bhíomar in Osló faoi mheán lae. Ar Karl Johans gate thángamar ar ár gcomhghleacaithe is iad ag bailiú airgid ar fud na sráide. Ba nós le Morten lóistín saor in aisce a lorg in aon chathair ina rabhamar lonnaithe, lán a bhéil bhoicht á thabhairt aige d’eaglaisí is d’institiúidí eile agus é ag tathant orthu trua a ghlacadh don dream beag seo a bhí ag obair ar son na mbochtán. Níos déanaí an lá seo bhailigh sé sinn ina mhionbhus agus dea-scéal aige dúinn, nó bhí toradh lena phlámás aon uair amháin eile. Nuair a chonaic mé na seomraí a bhí faighte aige dúinn chuir siad seomraí codlata i scoil chónaithe i gcuimhne dom, ach go raibh an áit ar fad nach mór tréigthe. Bhíomar le cúpla oíche a chaitheamh sa krigsskolen, scoil an chogaidh mar a d’aistrigh Georgina dom í, acadamh míleata na hIorua. Ba laethanta stairiúla iad seo, a dúradh linn, agus thuigeamar go raibh airm na hIorua gafa go hiomlán sa ghnó. Operation Enduring Freedom. Is ar éigean a bhfuil cuimhne ar bith air inniu, agus fiú ag an am ní raibh de thoradh ar an teideal mórchúiseach sin dúinne ach go bhfuaireamar leaba le haghaidh na hoíche anseo, leaba a bhí tréigthe, mar a shamhlaíomar, ag oifigeach éigin a bhí ar a shlí chun na hAfganastáine.
Ní raibh príobháideachas ar bith againn sna suanliosanna seo ach bhí seift, mar is gnách, ag Georgina. De bharr méid an airgid a bhí bailithe againn in Bergen, i bhfad níos mó ná mar a bhí ag aon bheirt eile, mheas sí go raibh saoire tuillte againn. Bhí sí chun an mionbhus a bhréagadh ó Morten, dá bhrí sin, ar feadh ceithre huaire fichead. Le linn an ama sin bheimis in ann an t-airgead a bhí bailithe ag gach éinne a chur sa bhanc dó, agus éalú ansin chomh fada lenár seanóstán sna sléibhte i gcomhair na hoíche. Ár ndúil sásaithe ar feadh seal eile againn, d’fhillfimis ar Osló le dul i mbun bailiúcháin arís. Plean baoth a bhí ann, ach cén rogha eile a bhí againn? Shiúil mé chomh fada le seomra Morten léi, is ag caochadh súile orm d’imigh sí isteach. Bhí mé ag súil í a fheiceáil ar ais sa suanlios sar i bhfad, is nuair nár chuala mé uaithi chuaigh mé á lorg. Chnag mé ar dhoras Morten ach ní bhfuair mé freagra, is nuair a thriail mé é bhí sé faoi ghlas. Chaith mé an chuid eile den oíche á mhallachtú, ag caitheamh eascainí le scoil dhamanta seo an chogaidh agus le pé laoch a bhronn a leaba fuar folamh orm, ba chuma é in Tora Bora anois nó in Valhalla.
‘Cá raibh tú?’ a d’fhiafraigh mé di, nuair a shleamhnaigh Georgina isteach sa seomra ar maidin.
‘Bhí sé níos stuacánta ná mar a shíl mé. Ach gléas,› ar sí i gcogar, ag caitheamh eochair an mhionbhus chugam. ‹Ní chreidfeá cad a bhí le déanamh agam le hí seo a mhealladh uaidh. Agus níor bhain mé taitneamh as, a deirim leat. Bhuel, cuid bheag éigin de, b›fhéidir,› ar sí, meangadh ar a béal aici.
Ag dul le haer an tsaoil a bhí sí, ag cur thar maoil le gean don uile dhuine. Ghoin a hionracas mé mar gur thug sí le fios go neamhbhalbh dom nach mbeadh eadrainn ach píosa spraoi, ach cén ceart a bhí agamsa seilbh a ghlacadh uirthi, idir anam is chorp? Nuair a rug mé ar an eochair ba léir go raibh glactha agam leis na coinníollacha a bhí leagtha síos aici dár ngaol, ach faoin am gur chuir mé san inneall í bhí aiféala tagtha orm. As seo amach ní thuigfinn i gceart cad a bheadh ar bun agam, ach amháin gur theastaigh uaim plean Georgina a mhilleadh ar bhealach éigin. Faoin am gur shroicheamar teorainn na Sualainne bhí a fhios aici go rabhamar ag dul an treo contráilte, ach nuair a stadamar ag stáisiún peitril ní dhearna sí ach ciste an bhainc a thógáil as a sparán.
‘Pé áit a bhfuil ár dtriall,’ ar sí ag tabhairt an airgid dom, ‘ní ráineoimid í ar thanc folamh.’
Aisling sin na dílleachtlainne a bhí dár gcothú le leathbhliain anuas, mhilleamar d’aon ghuth í anois. Pé bóthar a bhí le tógáil againn as seo amach, is ag satailt ar an aisling scriosta sin a bheimis ar feadh an bhealaigh.
Titeann rudaí amach go gasta nuair nach mbíonn coinne agat leo. Nuair a shroicheamar Göteborg d’fhág mé eochair an mhionbhus faoi shuíochán an tiománaí fad is a chuir Georgina scairt ar Morten. Ba shásamh éigin dom a chlamhsán a chloisteáil agus Georgina ag míniú dó cá dtiocfadh sé ar an mionbhus.
‘Go réidh, a stór,’ ar sí leis. ‘Tóg an bus. Is turas álainn é.’
Nuair a thosnaigh sé ag screadaíl arís chuir sí críoch leis an nglaoch. Cheannaíomar dhá thicéad do bhus na hoíche go Cóbanhávan ansin, is gan a fhios ag ceachtar againn go fóill cad a bhí ar bun againn. Bhí kroner Ioruach le tiontú go kronor Sualannach againn, is faoin am gur aistríodh iad sin arís go kroner na Danmhairge bhí ár gciste bradach tar éis dul i laghad go mór. Nuair a shroicheamar Cóbanhávan mar sin, chinn Georgina ar leanúint ar aghaidh chomh fada leis an nGearmáin. Bhí sí chun filleadh ar an saol a bhí sí cleachta air, ag streachailt léi ar bheagán pá ar son na timpeallachta. Bheadh fáilte romham teacht léi a dúirt sí ach i mo chroí uaibhreach, croí a d’éiligh lán a dílseachta, bhí feall á bheartú agam di. Nuair a bhí sí sa leithreas, agus cúram a sparáin fúmsa, chuaigh mé chomh fada le hoifig na dticéad is cheannaigh ticéad singil go hAmstardam. As sin, dhéanfainn mo bhealach féin abhaile tríd an mBreatain. Bhreac mé nóta gairid di, ‘súil agam gur bhain tú spraoi as’ nó rud éigin dá leithéid, is d’fhág mé costas ticéid chun na Gearmáine ina sparán in éineacht leis. Thóg mé féin ansin a raibh fágtha den chiste. Nuair a d›fhill sí thug mé an sparán di, ag rá léi go raibh gá agam féin leis an leithreas. Amach liom ansin go clós na mbusanna, mar a raibh bus Amstardam ar tí imeacht. Bhí sí le feiceáil sa halla feithimh agam ó fhuinneog an bhus, mo chion di go róshoiléir anois agus an feall curtha i gcrích agam. Rógaire mná is í ag imeacht le haer an tsaoil, rud nach raibh ar mo chumas a mhaitheamh di i mo chroí gonta binbeach istigh.
Chuaigh mo thréimhse san Iorua i bhfeidhm orm i bhfad thar mar a bhí tuillte ag achar chomh gearr sin, thar mar a chuaigh mo phósadh lochtach féin i bhfeidhm orm ina dhiaidh sin. Ba é an feall a d’imir mé uirthi buaic mo chaidrimh le Georgina, ach ba é an t-aiféaltas a lean é is mó a d’fhág a lorg orm. Agus nach mór scór bliain céille ceannaithe agam idir an dá linn, is mé tar éis íoc go daor astu, bhí an deis á fáil faoi dheireadh agam cúiteamh a dhéanamh as an bhfeall sin. Ócáid bheag a bheadh i gcomhdháil Georgina, in aon lá amháin, cé nach raibh Jerry sásta fiú mo chuid táillí a íoc chuici.
‘Bí de shíor ag cur feabhais ar do mhodhanna oibre,’ a mhana, ach go gcaithfeá íoc as na feabhsúcháin sin as do phóca féin.
Bhog sé chomh fada sin le lá saor a thabhairt dom ar deireadh, ach bhí sé ag súil mé a fheiceáil i mbun oibre an lá dár gcionn is mé forbartha go mór mar theileamhangaire.
I bhfianaise a raibh cruthaithe go dtí seo agam sa phost sin, ní bheadh sé sin deacair. Seachas an teideal, ‘Saothrú an Dóchais’, níor thug mé suntas ar bith d’ábhar na cainte a bhí sí le tabhairt. Ní raibh uaim ach cead cainte léi, seans a fháil an caidreamh briste a dheisiú.
Chláraigh mé san fhorhalla maidin na comhdhála, ach d’éalaigh mé amach arís nach mór láithreach bonn. Ba í Georgina cainteoir deireanach an lae, is ní raibh mé chun cur suas le sraith fhadálach léachtaí nó go dtiocfadh sí ar stáitse. Faoin am gur fhill mé um thráthnóna bhí sí i mbun cainte cheana féin. Ag sleamhnú isteach i gcúl an halla dom, d’amharc mé uirthi den chéad uair leis na blianta. Gléasta go coimeádach i gculaith dhúghorm, bhí sí ag cur síos don lucht éisteachta ar a cúlra. Tar éis di cuid mhaith dá saol a chaitheamh ag gníomhú ar son na timpeallachta, rugadh a haonmhac is í sna fichidí luatha. Threisigh go mór ar a dúthracht, a dúirt sí, ar bhreith a mic. Thóg sí ina haonar é ach ar shroicheadh na ndéaga dó d’éirigh sé amach i gcoinne luachanna a thuismitheora, mar a tharlaíonn le mórchuid déagóirí. I gcás a mic Louis léiríodh a cheannairc tríd an dúil a bhí aige in airgead, rud nár shantaigh a hipí máthar riamh ina saol, a mhaígh sí. Níor chuir sé suim ar bith i dtarrtháil an phláinéid ach bhí spiorad láidir fiontraíochta sa bhfear, pé áit as ar eascair sé. Chaitheadh sé laethanta saoire na scoile ag díol is ag ceannach earraí go rábach mar chuid de mheitheal a bhíodh i mbun margaí sráide ar fud na Gearmáine.
‘Bhí Louis as baile,’ a lean Georgina ar aghaidh, ‘an lá ar ionsaíodh an margadh. A thúisce is a chuala mé an scéal chuir mé scairt air, ach ní raibh mé róbhuartha nuair nach bhfuair mé freagra uaidh óir shíl mé go raibh sé ar an mbóthar abhaile faoi seo. Ar comhaois le Louis a bhí an té a rinne an t-ionsaí, gnáthdhéagóir, de réir gach dealramh, dála mo mhac féin. Cá bhfios cad a thug air dul i muinín an oilc an mhaidin sin? Ina chás siúd, pé scéal é, agus i gcás mo mhacsa freisin, ní féidir eachtraí an lae sin a chur ar gcúl. Ach creidim fós, agus creidfidh go deo, go gcaithfimid an dóchas a shaothrú thar gach uile ní eile.’
Labhair Georgina ina dhiaidh sin ar an bheatha úr a fuair ceathrar de bharr orgáin a mic a bheith bronnta orthu, ach ní raibh mé ag éisteacht níos mó. Luaigh mé cheana nár chuala mé uaithi ón lá sin i gCóbanhávan, ach ní hí sin iomlán na fírinne. Nár dhúirt mé gur reacaire mí-ionraic mé? Cúpla mí ina dhiaidh sin, fuair mé ríomhphost gonta ó Georgina.
‘Táim ag iompar ☺’ a bhí scríofa aici.
Nuair nár thug mé freagra uirthi is dócha gur shíl sí nach raibh suim agam sa pháiste ná i bpé athair a bhí aige, is níor scríobh sí chugam arís. Le himeacht na haimsire, chaill mé a cuid sonraí, fiú dá mbeadh fonn orm dul i dteagmháil léi. Na nithe beaga gan dealramh a rialaíonn an saol orainn, an éagóir a shamhlaímid le daoine eile gur lú ná neamhní é i gcomórtas le fíricí loma na beatha. An lá sin i gCóbanhávan nuair a chuaigh mé i muinín an fhill, níor cheap mé riamh go bhfillfeadh sé orm sa chaoi ar fhill. D’fhill sé orm, tar éis na mblianta fada, nuair a taispeánadh dom cé chomh beag is atá mé, idir mheon is tuiscint. Bhí éiric le híoc, a chreid mé ar an lá sin, ach cén éiric? Steall chraorac ar ghiobal loiscthe éadaigh, is an rud ar fad ar crochadh ar bhíoma briste sa mhargaidh – sin anois agat éiric.
Thart fá sheisear a bhí ag cruinniú thart agus mé ag déanamh ar an doras, Georgina ina measc is í chomh gealgháireach le duine acu. Agus mé ag teacht ina treo d’fhéach Georgina suas, is ag an nóiméad sin thuig mé
nach raibh an mianach ionam is nach mbeadh riamh. Cad atá uainn i ndáiríre, an lomfhírinne nó sciar beag di? Go leor, más ar éigean, le maireachtaint uirthi. Shleamhnaigh mé thairsti, ag imeacht uaithi chomh gasta is a rinne mé na blianta ó shin. Chloífinn le mo leagan claonta féin den fhírinne as seo amach, mo mhailís á ceilt agam orm féin fiú, ualach na bréige sin ag luí chomh héadrom orm le paca pléascán ar dhroim déagóra.