Ar leithlis

Ar leithlis

Mark Wickham

Nuair a thiocfaidh na blianta orainn

agus go n-imeoidh cuimhní ar strae

cuimhnímís

ar ghrian mhilis earraigh

ar thráín tréigthe

cosc ar an bhfuadar

agus gach rud práinneach

ar ceal.

Suite in íocshláinte na táimhe

ar úrghaineamh meala

gan farainn ach draíocht na dtonn

is duileasc rua ag drithliú

ar charraig thais,

tá citeal stáin ag caitheamh tobac

ar thine cipíní raice

blas deataigh ar chupán tae

atá níos saibhre ná aon Americano.

Cuimhnímís ar shiansa na n-éan

i seilbh arís ar ríocht na spéire

ceol cruinne ag séideadh

osna mhín

ar bhachlóga torracha

is a mbláthanna ag pléascadh.

As allas ár gcnámh

na prátaí síl ag síneadh a gcos

sna hiomairí

ár mbuíochas measctha tríd

an ithir mar éarlais uainn

do thál

na bliana seo chugainn.

Cuimhnímís ar gheallúintí an earraigh úd

nuair ba Dhomhnach ár n-óige

arís gach dálach

tost an tsuaimhnis ar an dúiche

agus insan easnamh,

flúirse.