Meitheal Aonair

Mícheál Ó Ruairc
Meitheal Aonair

markwickham.org

Níor chodail Proinsias Ó Muimhneacháin oiread agus néal amháin an oíche san.

É ag corraí trína chodladh agus smaointe fánacha á dteilgean féin gan stad gan staonadh ar scáileán a aigne.

Fiú ní fhéadfadh sé cuimhne a mhic a bhrú i leataobh. I gcoinne a thola bhí air é a ligint isteach i measc na gcuimhní eile. É thall i Londain le dhá scór bliain faoin tráth san. Dá mbeadh sé imithe ar shlí na fírinne, cuirfeadh duine éigin scéala chuige nó an gcuirfeadh?

É imithe ar seachrán ar fad um an dtaca seo, ag cur faoi in árasán beag brocach éigin i Kilburn. É ón láimh go dtí an béal agus ar an drabhlás seacht lá na seachtaine.

Neamhchosúil lena dheirfiúracha, ní raibh éirim aigne ná oibre riamh ann. Ní raibh uaidh riamh ach an drabhlás agus an réicíocht. Bhailigh sé leis go Londain in aois a sheacht mbliana déag agus ní fhéadfadh sé féin faic a dhéanamh chun stop a chur leis.

D’impigh sé air ar a ghlúine fanacht mar a raibh aige ach bhí sé fuar aige.

Chuir sé an milleán air féin ar feadh na mblianta faoi mar a d’éirigh sé amach ina choinne agus é fós sna déaga. Thugadh sé cead a chinn dó agus ba bheag argóint a bhíodh eatarthu ach sa chás go dtagadh sé abhaile dallta ar meisce i rith na bliana sular imigh sé. Ná níor leag sé lámh riamh air.

Chroith sé a cheann go gruama. Ghoill sé air fós gur imigh sé uaidh agus gur fhág ar an trá fholamh é. A bheirt iníonacha a bhí thall san Astráil le fada an lá i gcónaí ag cur ar a shúile dó nárbh é ba chúis leis. É féin agus é féin amháin ba chúis lena mhí-ádh, dar leo siúd. Cailleadh a mháthair ina bean óg agus é fós ina theallaire ach ba bhean chaoin chneasta í a dhein peata críochnaithe de lena beo. Ró-cheanúil a bhí sí air, b’fhéidir.

B’fhinné é Proinsias an mhaidin áirithe seo ag druidim le deireadh na Bealtaine don dorchadas ag tréigint an tseomra leapa agus don ghrian ag éirí ag bun na spéire trasna an bhá uaidh. Líon a chroí le háthas mar a líonadh i gcónaí ar fheiscint an radhairc san dó.

D’éirigh sé agus ghlac le bricfeasta leite mine agus scadáin shaillte.

Ansan chuir sé a chuid giuirléidí i dtoll a chéile go cúramach. Leag sé cliabh anuas ar an mbord agus chuir sáspan, bosca tae, mugaí, spúnóga, sceana, builín aráin, bainne, im, cuinneog bheag uisce agus ceathrú mhairteola fhuarbhruite isteach ann. D’aimsigh sé cúig cinn de phlugaí tobac ón gcupard agus chuir isteach ina dteannta iad.

Amach leis go dtí an gort beag os comhair an tí ina raibh an t-asal ar féarach. Chuir sé ceanrach air agus thug isteach sa chlós é. Nuair a bhí sé gléasta aige agus curtha faoin chairt, chuir sé sleán, rámhainn agus píce trí bheann isteach ann. Isteach sa tigh leis ansan agus thóg an cliabh ón mbord agus chuir isteach sa chairt é chomh maith.

Ní raibh sé fós ina lá agus é ag gabháil tríd an tsráidbhaile ar a bhealach go dtí an portach ach fós féin bhí solas lasta i dtigh anseo is ansiúd. Mar sin féin d’fhéadfadh sé fir a chloisint ag saighdeadh madraí chun oibre sna bailte fearainn thart timpeall.

Deacair mórán eile a chloisint le tormán na rothaí iarainn ar chlocha an bhóthair agus trup trap cos an asail ina dteannta.

An té a bheadh ag breathnú ar an tiománaí os íseal déarfadh sé go raibh a bhláth curtha aige, a sheal tugtha aige, go raibh sé ina sheanfhear críochnaithe. Agus bheadh cuid den cheart aige. Bhí Proinsias anonn go maith sna blianta faoin am seo, an ceithre scór ag teannadh air ach é teann téagartha fós mar sin féin. An turas a bhí á dhéanamh aige an mhaidin san bhí sé déanta ag a shinsear go rialta ag dul siar i bhfad roimh aimsir an Ghorta Mhóir.

Sular luigh an tseanaois air bhíodh sé mar nós aige dul go dtí an tigh tábhairne gach oíche Dhomhnaigh gan teip. Ach ó ghortaigh sé a chos chlé bliain roimhe sin, rud a d’fhág bacach go maith é, d’éirigh sé as an nós san. Ar an ábhar san ní ró-mhinic a théadh sé amach i measc na ndaoine. D’fhanadh sé aige baile ina aonar ag breathnú isteach in aibhleoga dearga na tine féachaint an raibh freagraí le fáil iontu ar a chuid trioblóidí.

Caithfidh nár nochtaigh siad faisnéis ar bith dó i dtaobh a chinniúna féin mar bheadh sé marbh laistigh de bhliain agus ba é seo an uair dheireanach dó móin a bhaint sa phortach ar a raibh a thriall an mhaidin san. Thitfeadh sé anuas ar leaca an dorais maidin fhuar fheannaideach ag druidim le deireadh Eanáir agus é ag iarraidh paiste feilte a dhaingniú ar pholl sa díon. D’fhanfadh sé ann ar feadh trí lá agus trí oíche sula dtiocfadh comharsa a bhí ag gabháil thar bráid ar a chorp seargtha.

D’fhillfeadh a bheirt iníonacha abhaile don tsochraid agus shilfidís deora géara goirt os a chionn agus é faoi chlár sínte sa bhathlach de thigh beag inar rugadh agus tógadh é. Tásc ná tuairisc ar a mhac ní bheadh ann agus ní chuirfeadh éinne ceist ach an oiread mar go mbeadh fios maith acu canathaobh ná raibh sé i láthair.

Laistigh de choicís bheadh an glas curtha ar an doras, doras a d’fhanfadh iata go dtí go dtiontódh an tigh ina fhothrach sceirdiúil, tréigthe.

Chuirfí an tigh agus an fheirm ar ceant lá éigin sa todhchaí agus thógfaí tigh samhraidh in áit an fhothraigh agus bheadh an fheirm ligthe ar cíos ag dlíodóir le post sa bhaile mór.

Ní raibh duine ná deoraí fairis agus é ag gabháil suas Bóthar an Phortaigh. Bhí an lá ag gealadh faoin tráth seo agus na braoiníní drúchta ag spréacharnaigh ar an bhféar agus ar na bláthanna faoi sholas na gréine.

Nuair a bhain sé an portach amach, scoir sé an t-asal agus thug seans dó dul ar féarach i measc na dtortóga féir agus fraoigh thart timpeall. Nuair a bhí na giuirléidí go léir curtha in ord is in eagar aige, bhailigh sé beart bhrosna agus roinnt fód móna agus las tine. Shuigh ansan ar chlaí beag agus chuir a phíopa i bhfearas agus dheargaigh.

B’in mar a dhéanadh a athair, a sheanathair agus a shin-seanathair roimhe. A bheith ann roimh ghiolcadh an ghealbhain ionas go mbeadh gach rud eagraithe nuair a thiocfadh an mheitheal. Bheadh fonn orthu bolgam tae a ól agus cúrsaí an tsaoil a chur trí chéile sula dtosnóidís ag obair.

Bheadh air an barrfhód a bheith bainte aige freisin faoina gcomhair.

Rug sé ar an rámhainn agus seo leis i mbun oibre. Nuair a bhí sé críochnaithe bhí air na barrfhóid scrathacha a chaitheamh siar uaidh as an tslí leis an bpíce.

Stad sé ar feadh tamaillín chun breathnú timpeall air. Bhí ceo éadrom an phortaigh ag éirí aníos go mall agus bhain bodhaire na maidine stangadh aisteach as. Chúlaigh na scamaill siar agus ligeadar don ghrian soilsiú ar a caoithiúlacht.

Gan choinne, dhein sé barr an phortaigh a thomhas faoi thrí. Nuair a bhí san déanta aige, sheas sé go tostach gan bhogadh ar feadh tamaill bhig ag déanamh a mhachnaimh. Ansan chroith sé a cheann cúpla uair agus lig osna chléibh.

D’fhéach sé i dtreo Bhóthar an Phortaigh. Ní fhéadfadh sé éinne a fheiscint ag druidim le barr an bhóthair san.

‘Táid mall ag teacht,’ ar seisean leis féin os íseal, ‘ba cheart go mbeidís chugam faoin am seo. Cén mhoill atá orthu, n’fheadar?’

D’adaigh an tine.

Shuigh ar an gclaí agus dheargaigh a phíopa.

An bhliain seo caite tháinig cúigear: Maitiú de Lóndra, Stíofán Mac Mathúna, P.J. Ó Néill, Márthan Ó Loinsigh agus ‘Dúil’ Ó hAirtnéide. Bhí Márthan Ó Loinsigh caillte ó shin ach nach bhféadfadh a mhacsan, Séamus, teacht ina áit? Fear óg lúfar, láidir, bail ó Dhia air, agus é ag gabháil timpeall le spéirbhean óg éigin sa Morris Minor a bhí ceannaithe aige. Nach raibh sé ag labhairt le P.J. ag Aifreann na Gine um Nollaig agus gheall sé dó go mbeadh sé féin agus a chomharsa béal dorais, Maitiú de Lóndra, ann gan teip.

‘An áit chéanna ag an am céanna, is dócha, a Phroinsias! An lá roimh Dhéardaoin Deascabhála, ab ea?’

‘Sin agat é, P.J. Agus má chasann tú ar Stíofán agus ar ‘Dúil’, abair leo é, más é do thoil é.’

‘Déanfaidh mé é sin. Ní baol duit, a Phroinsias!’ arsa P.J. go leathmhagúil.

Ar ndóigh, ní fhéadfadh sé féin dul i meitheal féir Mhic Mhathúna an samhradh seo caite de bharr go raibh a chos gortaithe agus bhí air meitheal Uí hAirtnéide a sheachaint ní b’fhaide anonn nuair a bhí an coirce á bhaint aige ar an gcúis chéanna.

Ach níor chaill sé meitheal mhóna riamh. Ba chuma cad a bhí cearr leis dhéanfadh sé deimhin de i gcónaí go mbeadh sé ar thosach na meithle ag dul go dtí an portach. Thaitin uaigneas na gcnoc agus na bportach leis.

D’fhan sé tamall eile ag amharc i dtreo Bhóthar an Phortaigh. Ní raibh duine ná deoraí le feiscint in aon áit. Ní raibh le cloisint ach méileach ard na gcaorach níos faide suas uaidh ar shleasa na gcnoc agus méileach íseal na n-uan á bhfreagairt.

Líon sé an sáspan le huisce ón gcuinneog bheag agus chuir ar an tine. Nuair a bhí sé beirithe, chuir sé spúnóg tae isteach i muga agus líon le huisce é. Chuir sé bainne isteach agus siúicre agus shuigh ar an gclaí arís. B’fhéidir go rabhadar go léir ag éirí ró-shean ar a dhála féin chun dul i meitheal a thuilleadh, an smaoineamh a rith leis. Iad go léir imithe anonn go maith sna blianta agus a gcuid fuinnimh ag teip orthu. Agus an cleas óg bailithe leo thar loch amach ceal oibre.

Bhain an smaoineamh stangadh uafásach as. Chuir sé uaidh an muga agus rug ar an sleán a bhí ina sheasamh i gcoinne na cairte. Chuaigh sé go barr an phortaigh agus thosnaigh ag gearradh, na fóid dhubha á gcaitheamh aige suas ar bharr an phortaigh. De réir mar a bhí sé ag ísliú ón mbarr chuaigh an obair chun déine. Bhí air an sleán a leagan anuas agus breith ar an bpíce trí bheann chun na fóid a chaitheamh suas uaidh go dtí an barr. Ansan arís, bhí air dul suas agus iad a scaipeadh uaidh ar fud na háite le go dtriomóidís.

Obair asail!

Mar sin féin lean sé ar an dóigh seo go raibh an ghrian go hard sa spéir. Bhí faobhar ar a ghoile. Shuigh sé ansan agus d’ith béile ag breathnú timpeall air ar áilleacht an cheantair máguaird. An radharc ab ansa lena chroí.

Smaoinigh sé siar ar laethanta a óige agus an comhluadar a bhíodh ag teacht go dtí an portach ag an am san. Na scórtha fear óg agus iad nocht go craiceann ag gearradh, ag scaipeadh agus ag cnuchairt i ngach aon bhall. Agus an spraoi agus an spórt agus iad i mbun oibre, ba gheall le balsam é. Agus an cleas óg ag déanamh na bhfolachán ar fud na dtortóga féir agus fraoigh.

Ghoill an tseanaois ar Phroinsias. Ghoill sé níos mó air nár tháinig oiread agus duine amháin chun lámh chúnta a thabhairt dó. B’fhéidir gurbh é a bhí ann nach raibh sé ag triall ar an tigh tábhairne a thuilleadh ba chúis leis nó go raibh sé éirithe as nós na bothántaíochta istoíche?

Chroith sé a cheann. Cén mhaith dó dul chuig an tigh tábhairne nuair ná beadh éinne dá aois féin ann chun caint leis? Agus ní raibh aon tigh sa chomharsanacht ná raibh an doras druidte ann ag muintir an tí tar éis a naoi a chlog gach oíche. Bheadh sé fuar aige a bheith ag tathant orthu é a ligint isteach agus iad go léir bailithe le chéile sa chistin ag éisteacht leis an raidió. Ní bheadh sé ach ag cur isteach orthu.

Thit an lug ar an lag aige. Conas a bhféadfadh sé an obair seo go léir a dhéanamh ina aonar gan lámh chúnta a fháil ó dhuine dá chomharsana? Bheadh air teacht suas go dtí an portach trí lá as a chéile ionas go mbeadh go leor móna aige go Lá le Pádraig na bliana seo chugainn. Thógfadh sé coicís eile air é a chnuchairt agus a chruachadh gan trácht ar é a thabhairt abhaile, stualainn ar stualainn.

Lig sé osna. Dá leanfadh an aimsir mhaith, d’fhéadfadh sé an beart a dhéanamh gan amhras. Ar a laghad bhí seachtain mhaith nó dhó geallta don mhí seo chugainn agus seans maith go n-éireodh leis cnuchairí a dhéanamh de roimh Oíche Lae Shan Seáin. Ní bheadh sé buartha ansan mar bheadh sé bainte den talamh agus ní bheadh sé caite ar bharr an phortaigh ina lathach tar éis díle báistí. D’fhéadfadh sé é a chruachadh ag am ar bith agus é a thabhairt abhaile ní b’fhaide anonn sa bhliain. Bhí trucail mhór ag Séamus Ó Loinsigh, mac Mhárthain, agus b’fhéidir go dtiocfadh sé siúd i gcabhair air chun é a thabhairt abhaile?

Ba ag an móimint san, móimint bheag bhídeach an dóchais, a d’airigh sé ceol na fuiseoige os a chionn in airde sa spéir. Ait leis nár chuala sé roimhe san é. Déarfadh a sheanathair leis i gcónaí agus é ina theallaire beag nach gcloisfeá bíogarnach na fuiseoige muna mbeifeá istigh leat féin, ar do shuaimhneas nó ar a laghad gan an iomad stró a bheith ort.

Luigh sé siar ar a dhroim ar an bhfraoch bán mar a dhéanadh agus é ina fhear óg agus lig don éan a phort a sheimint i bhfad thuas sa spéir. Bhí sé faoi gheasa aici agus í ag cur di gan stad gan staonadh amach óna croí beag faiteach. Tháinig blianta an tsaoil a bhí caite aige thar n-ais chuige ar nós na dtonn ag briseadh ar thrá fhairsing ghainimh. Thit néal codlata air agus bhí aisling aige ina dtáinig a mhac, Niall, chuige as béal Bhóthar an Phortaigh agus píce ar a ghualainn aige. Miongháire ar a aghaidh agus é ag iarraidh a thabhairt le tuiscint dó go raibh sé tagtha ar an bhfód chun cabhrú leis.

Baineadh stangadh as agus d’fhuascail sé é féin d’aon stracadh amháin as an aisling bhréige san. Shuigh sé suas díreach agus d’éirigh ina sheasamh. D’éist sé arís le hamhrán diamhair na fuiseoige a bhí ag cur di go fonnmhar fós.

D’fhan ina sheasamh gan bhogadh ar feadh tamaillín. Sall leis go dtí an claí ansan agus shuigh síos. Dheargaigh a phíopa agus bhain súmóg mhaith as. Gan choinne, tháinig an gáire leis agus sheas sé suas arís.

Suas leis ar bharr an phortaigh. Bhain de a léine go raibh sé nocht go básta. Ghearr fíor na croise air féin, chaith seile ar a dhá láimh, agus rug ar an sleán. D’fhéach sé in airde sa spéir.

‘Má tán tusa sásta fanacht thuas ansan go mbéarfaidh an déanaí ort, a éinín bhig an chroí mhóir, táimse sásta fanacht anseo i do theannta. Bíodh ina mhargadh!’

Seo leis agus fuadar bainte faoi, a chos ag luí go trom ar chúilín an tsleáin, na fóid mhóna uisciúla, dhubha á múnlú go tomhaiste aige. Seo leis ansan leis an bpíce trí bheann agus na fóid throma ghlioscarnacha á gcaitheamh suas de thuairt bhodhar ar bharr an phortaigh. É ag gach re seal leis an sleán agus an píce ar nós fir óig. É ag bárcadh allais agus ag baint a fhaic amach i ngile an thráthnóna. B’ait an feic é gan aon agó.

Ní raibh le cloisint san áit uaigneach sceirdiúil san agus na scáthanna á leathadh féin thar sleasa na gcnoc mórthimpeall ach glugarnach glag an tsleáin fhaobhraigh ag tumadh san ithir uisciúil agus bíogarnach bhinn an éinín bheannaithe ag cur di in ard a cinn agus a gutha sa spéir.

Mícheál Ó Ruairc

Údar agus file é Micheál Ó Ruairc