An chathair agus a scáth ...

Cárta poist ón mBruiséil le Rua Breathnach

Ba chathair Phléimeannach an Bhruiséil tráth. Tá lorg na bPléimeannach ar dhreach na cathrach fós, in áiteanna—an tsraith tithe crochta ar an Koudenberg; na sráideanna cúnga doirneogacha i lár an tseanbhaile; na clochair, scrínte, agus séipéil; an Grote Markt féin, cé nach bhfuil ansin anois ach façade, sa chiall is leithne den fhocal.

Ba í an Brabants—an cineál Pléimeannaise a labhraítí sa Brabant1—príomhtheanga na cathrach ar feadh na gcéadta bliain. Go deimhin, ní go dtí gur tháinig Ríocht na Beilge ar an bhfód mar thír neamhspleách in 1830—leis an bhFraincis amháin mar theanga oifigiúil ann—gur thosaigh an tiontú in aghaidh na Pléimeannaise sa Bhruiséil. Uaidh sin go dtí deireadh an naoú haois déag, ba í an Fhraincis an t-aon teanga amháin a d’úsáidtí go hoifigiúil sna cúirteanna breithiúnais, sa riarachán poiblí, san arm, sna hionaid chultúir, san oideachas, agus sna meáin. Cuireadh brú sóisialta ar chosmhuintir na cathrach, agus ar na mílte imirceach a phlódaigh isteach sa chathair ón bhFlóndras, ón Vallúin, agus ón gcoigríoch, an Fhraincis a úsáid chun dul chun cinn a dhéanamh sa saol.

Toradh amháin spéisiúil ar an aistriú teanga sin ba ea forbairt an Brusseleer mar nasctheanga idir na pobail teanga éagsúla. Cnámh spairne idir teangeolaithe an t-ábhar seo i gcónaí. Maíonn cuid acu nach raibh ann ach patois den Brabants, le blas áirithe Fraincise agus Vallúinise; agus áitíonn cuid eile gur pidsean a bhí ann a d’úsáideadh díoltóirí Pléimeannacha mar mhodh cumarsáide lena gcuid earraí agus seirbhísí a thairiscint do lucht labhartha na Fraincise—an uasaicme den chuid is mó. Cibé ar bith é, seachas cúpla scigdhráma a scríobhadh ag tús an chéid seo caite, níor fhág an Brusseleer lorg sách buan ar an gcathair le go ndéanfaí teanga liteartha a ghaibhniú as—comhfhriotal roinnte a d’fhreagródh d’fhéiniúlacht mheasctha na Bruiséile.

De bharr an gradam agus an stádas oifigiúil a bhronn an stát nua ar an bhFraincis, agus an neamhshuim a rinneadh den Phléimeannais, is sa Fhraincis den chuid is mó a chleachtaigh lucht pinn na hardchathrach a gceird—fiú amháin na scríbhneoirí a raibh an Phléimeannais mar theanga dhúchais acu. Sampla maith den chlaonadh seo ba ea Camille Lemmonier (1844-1913). Rugadh agus tógadh é i dtimpeallacht chultúrtha Phléimeannach, ach mar aon le gach mac eile de bourgeoisie na cathrach, fuair sé oideachas maith sa Fhraincis freisin. Bhí mioneolas aige ar an dá chultúr agus bhí sé d’uaillmhian aige ina shaol agus ina shaothar an ghné dhúbalta sin dá phearsantacht agus dá chathair a chur in iúl.

Cé go bhfuil saothar Lemmonier ligthe i ndearmad le fada, tá go leor le foghlaim againn ann faoi shaol na cathrach sa leathchéad bliain nó mar sin idir 1860 agus briseadh amach an Chogaidh Mhóir. Gan ach sracfhéachaint a thabhairt ar an lear mór úrscéalta agus leabhar staire a tháinig óna pheann, is furasta a thuiscint cén fáth a nglaoití ‘Zola na mBeilgeach’ air. Seo mar a dhéanann sé cur síos, ina úrscéal Les Bons Amis, ar shaol teaghlaigh an mheicneora Lamy atá ina chónaí lena bhean i seomra beag amháin i gceantar bocht den tseanchathair:

‘Ní raibh ann ach sorn beag ar a n-ullmhaíodh Madame Lamy an bia, bord beag le péint dhearg air, ceithre chathaoir clúdaithe le tuí, cófra inar choinnigh sí na gréithe, agus prios adhmad gallchnó do na héadaí. Os cionn an tsoirn, ar an mhatal, bhí cupán amháin poircealláin, ar a raibh scríte, faoi bhun dhá bhláth ghorma ceangailte le chéile le ribín, an focal ‘Souvenir’ i litreacha móra óraithe.’

Ní hí stíl lom an nádúrachais amháin a chleachtaigh Lemonnier, áfach. Bhí claonadh chun aoire aige freisin. Seo arís é, sa ghearrscéal ‘L’histoire merveilleuse de Tone Knop’, agus cur síos á dhéanamh aige ar ghothaí an laoich—bacach a rinne cnap mór airgid mar shiúinéir—agus é ar a bhealach go dtí an tAifreann maidin Domhnaigh:

‘Seo é anois é gléasta ina chasóg eireabaill, a hata tuí ag lonrú mar scáthán, a bhástchóta oscailte ag an mbarr agus a léine feistithe le cnaipí móra óir. Lena mhiotóga déanta as síoda cadáis, láimhsíonn sé an slabhra atá ag titim anuas óna phóca uaireadóra, agus cloistear gach éinne ag rá agus é ag bacadaíl thar bráid: ‘Sin Tone Knop, fear an airgid’.’

Gan choinne, ag deireadh an scéil, tagann beocht sna cosa maide sprionglódáilte nua atá ceannaithe ag Tone Knop, agus as go brách leis ar fud na cathrach agus trasna na Beilge ag máirseáil i dtreo na bhFlaitheas. Is cosúil gur tagairt é seo den iliomad turas a rinne an t-údar féin sa chathair agus ar fud na tíre de shiúl na gcos agus é ag bailiú eolais dá scéalta agus dá mhórshaothar staire, La Belgique.

Scríbhneoir tábhachtach eile atá ligthe i ndearmad is ea Neel Doff (1858-1942). Ba as an Ísiltír di ó dhúchas, ach tháinig sí chun cónaithe sa Bhruiséil nuair a bhí sí ina déagóir. Duine de naonúr páistí i dteaghlach beo bocht, b’éigean di dul leis an striapachas chun a beatha a shaothrú. D’oibrigh sí freisin mar mhainicín do roinnt ealaíontóirí mór le rá—na péintéirí James Ensor agus Félicien Rops, agus an dealbhóir Paul de Vigne ina measc. Cé gur cainteoir dúchais Ollainnise a bhí inti, nuair a chuir sí peann le pár chun scéal a beatha a insint, is sa Fhraincis a chur sí a cuid smaointe agus mothúchán i bhfriotal. Ainmníodh an chéad pháirt dá dírbheathaisnéis, Jours de famine et de détresse, don duais litríochta is mó cáil sa Fhrainc, Le Prix Goncourt, sa bhliain 1911.

Ag tús an leabhair, agus teaghlach ‘Keetje’—alter ego Doff—ag cur fúthu i gceantar fíorbhocht den chathair, tugtar chun cuimhne eachtra a thugann léargas géarghrinn dúinn ar an drochmheas a bhí ar litríocht na hOllainnise sa chathair ag deireadh an naoú haois déag.

‘Craiceáilte i ndiaidh na léitheoireachta, tháinig frustrachas orm toisc nach raibh mé ábalta an Fhraincis a léamh agus nárbh éasca theacht ar leabhair san Ollainnis. Ar deireadh, d’éirigh liom mo lámh a leagan ar roinnt leabhar den chineál sin, agus léigh mé gach uile ceann acu go cíocrach. Bhí orm an cnuasach beag leabhair seo a chosaint go fíochmhar ionas nach ndíolfaí iad; ach lá amháin, chuir mé na leabhair ar fad isteach i gciseán, agus dúirt mé le mo mháthair go bhféadfadh sí dul agus iad a dhíol i ngailearaí Bortier. Bhíos lánchinnte de go bhfaighimis praghas maith ar na seanleabhair sin, amhail an lá ar dhíolamar mo ghúna chéad Chomaoineach…

Tháinig mó mháthair ar ais abhaile tar éis tamaill.

D’éirigh léi, ach ba mhór an trioblóid a bhí aici, franc amháin agus seachtó a cúig cent a fháil don bheart ar fad.’

***

Cibé acu an de bharr an tráma a bhain leis an gCogadh Mór, nó de bharr theacht i réim an osréalachais mar ghluaiseacht, is cosúil gur chas lucht litríochta na Bruiséile a ndroim leis an gcathair sa tréimhse idir an dá chogadh. Ina ionad sin, dhírigh go leor acu a n-aird ar na hathruithe cultúrtha agus polaitiúla a bhí ag titim amach go hidirnáisiúnta, agus bhí go leor eile gafa lena machnamh a dhéanamh ar iontais na haigne fo-chomhfhiosaí. Go deimhin, is doiligh teacht ar chuntas ealaíonta i gcruth scéil den Bhruiséil sa tréimhse chorraitheach seo. Caithfear cuimhneamh, áfach, gurb í seo an tráth inar tháinig carachtair íocónacha Hergé—Tintin, Quick agus Flupke—ar an bhfód. D’fhéadfá a rá, fiú, gur léiriú atá sna carachtair seo ar an dá dhearcadh chontrártha sin: Tintin ag taisteal ar fud na cruinne ag iarraidh riail agus reacht a chaomhnú, agus an bheirt dailtíní sráide—Quick agus Flupke—i mbun diabhlaíochta sa mbaile.

Níor leor a thuilleadh an nádúrachas chun rithim shuaite an tsaoil chomhaimseartha a chur in iúl, is cosúil. Bhí cathair dhlúth an naoú haois déag ag leathnú amach agus ag athrú as cuimse de bharr thionchar na modhanna taistil nua—an carr, an tram leictreach, soithí olltonnáiste, an t-aerthaisteal. Bhí stádas agus féinmhuinín gnóthaithe ag an gcathair mar lárionad riaracháin ar impireacht choilíneach ollfhairsing sa Chongó. Gné thábhachtach den fhéinmhuinín sin ba ea an fhorbairt gan staonadh a rinneadh ar an gcathair ó ré an Rí Leopold II (1865-1909) ar aghaidh. Ag tosú le clúdach abhainn na Zenne ar mhaithe le sláinte an phobail idir 1867 agus 1871 agus cruthú na mbúlbhard agus na conaire traenach ag nascadh tuaisceart agus deisceart na cathrach (1911-1952), rinne an t-uirbeachas níos mó damáiste do chroí meánaoiseach na Bruiséile ná mar a rinne an dá fhorghabháil mhíleata idir 1914-1918 agus 1940-1945.

Sna blianta beaga roimh Expo ’58—seóthaispeántas a raibh sé mar aidhm aige cumhacht agus nuálachas eacnamaíoch agus cultúrtha na Beilge a chur i láthair an domhain mhóir—bhí Jean Harlez, déantóir scannán óg as an Vallúin, ag cur faoi i gceantar lucht oibre na Marollen. Thar thréimhse trí bliana, ag scannánú i stíl nuaréalach le páistí ón gceantar mar aisteoirí, chruthaigh sé fabhalscéal comhaimseartha den achrann idir mhuintir na háite ar thaobh amháin agus na forbróirí ar an taobh eile. In eachtra amháin sa scannán, feicimid grúpa gasúr cruinnithe le chéile i bpluais. Ag breathnú suas ar dhíon na pluaise atá ag ligean uisce isteach, deir buachaill amháin: ‘Caithfimid caoi a chur ar an díon sin!’ Ag tarraingt as a thoitín, freagraíonn ceannaire na droinge: ‘Tá áit ar eolas agamsa ina bhfuil cláir mhaithe le fáil.’ As go brách leis an drong gasúr chun an t-adhmad a ghoid as láithreán tógála atá suite ar thalamh garbh ina mbíodh siad ag súgradh tráth.

Ní bhfuair Harlez cead ná tacaíocht an scannán, Les gosses du chantier (‘Gasúir an Láithreáin Tógála’), a léiriú ag Expo ’58, dar ndóigh. Níor réitigh an íomhá mhacánta a thug sé de bhochtáin na Marollen leis an bhfís útóipeach a bhí á cur chun cinn ag lucht margaíochta na cathrach. Dá ainneoin sin, ba urchar scoir é le muintir na Marollen a ghríosadh chun gnímh agus is iomaí babhta ó shin a throid agus a bhuaigh siad i gcoinne mheall raiceála na bhforbróirí.

Ceann de na háiteanna a d’éalaigh ón slad is ea Place du Jeu de Balle i gcroílár na Marollen, áit a mbíonn (nó a mbíodh, roimh theacht an choróinvíris) margadh na míol ar siúl chuile lá den tseachtain óna sé a chlog ar maidin go dtí a dó sa tráthnóna. Más ionann an Grand-Place agus lárionad turasóireachta na cathrach, is cineál omfalas den fhíorBhruiséil an chearnóg seo agus na sráideanna cúnga a thagann le chéile ann. Is iomaí scríbhneoir den nualitríocht uirbeach a bhain úsáid as mar mheafar nó mar thopas chun anam na cathrach a mhúscailt i samhlaíocht an léitheora: Michel de Ghelderode, Jean-Baptiste Baronian, Jacques De Decker, David van Reybrouck, gan ach beagán a lua. Tá ráfla ag dul thart, fiú, go mbíonn an Brusseleer—le blúirí Spáinnise, Portaingéilise, Iodáilise, agus Arabaise fite fuaite tríd—á labhairt ann go fóill i measc na mangairí sráide.

***

Anuraidh, rinneadh tríocha bliain Réigiún Príomhchathartha na Bruiséile a chomóradh—an t-aon réigiún amháin sa Bheilg a bhfuil an Fhraincis agus an Ollainnis ar comhchéim go hoifigiúil ann. Thóg sé os cionn 150 bliain, ó bunaíodh an stát, ar na Pléimeannaigh cothrom na Féinne iomlán agus oifigiúil a bhaint amach dá dteanga sa chathair. Cé go bhfuil sciar na dteaghlach sa réigiún ina labhraítear an Phléimeannais amháin ag laghdú i gcónaí—idir 5-7% den daonra iomlán de réir na meastachán is déanaí a foilsíodh (2018)—tá an droch-chuimhne a bhain leis an teanga maolaithe go mór. Ní gá a thuilleadh do scríbhneoirí Pléimeannacha a dteanga dhúchais a cheilt nó aithris a dhéanamh ar mhúnlaí litríochta na Fraincise chun a mbeatha a shaothrú. Go deimhin, tá cuid den scríbhneoireacht uirbeach is bisiúla agus is cumasaí faoin mBruiséil á cur amach ag scríbhneoirí Pléimeannacha le leathchéad bliain anuas, leithéidí Eric de Kuyper (1942-), Geert Van Istendael (1947-), agus Koen Peeters (1959-). Glacann na húdair sin leis nach bhfuil sa Phléimeannais ach ceann amháin den bhreis is céad teanga a labhartar sa chathair anois. Tá dearcadh aibí agus réalaíoch acu maidir le cumas teoranta a dteanga féin, nó aon teanga eile, éagsúlacht fhairsing na Bruiséile a chur in iúl ina hiomláine. I ndán a scríobh Van Istendael, déanann an file an tairngreacht seo a leanas:

Al is de stroom dan stinkend afgedropen,

Fiú má cuireadh an bodharuisce faoi cheilt,

lees deze regels niet als doodsbericht.

ná glac gur bhreith bháis a bhí ann.

De tijden wisselen. Ooit zal het tij verlopen,

An t-am is an taoide, ní fhanann le héinne;

ooit komt de Zenne weer aan het zonnelicht.

spalpfaidh an Zenne amach ón scáth.

Sa Brusseleer, glaoitear ‘Zinneke’ ar dhuine ar bith de mhuintir na Bruiséile. Deirtear go dtáinig an teideal seo ón leasainm a thugtaí ar mhadraí tréigthe a thugtaí slán ó abhainn na Zenne sular cuireadh faoi thalamh í. Feileann an leasainm sin go seoigh d’fhéiniúlacht mheasctha phobal na cathrach sa lá atá inniu ann. Cathair ilchruthach il-eitneach ilteangach agus ilghnéitheach í an Bhruiséil anois. Micreacosma den domhandachas comhaimseartha atá inti; ach í fós ar scála an duine. De bharr lonnú na n-institiúidí Eorpacha sa chathair ó dheireadh na gcaogaidí ar aghaidh, agus de bharr na n-athruithe ollmhóra déimeagrafacha atá ar bun ó na seascaidí i leith, tá sé níos deacra ná riamh radharc uilíoch a fháil ar an gcathair. Cibé peirspictíocht a ghlacann an t-údar, caithfear a thuiscint roimh ré go mbeidh caochspotaí suntasacha ann. Aon scéal comhaimseartha a bhfuil mar nóisean aige anam na Bruiséile a nochtadh, ní mór dó cur chuige a chuimsíonn éagsúlacht chultúrtha na cathrach a ghlacadh. Mura nglacann, ní bheidh ann ach, ar a mhéad, leath an scéil.

Is drámadóir agus údar é Rua Breathnach. Foilseofar a dhán próis, ‘The City Next Door’, sa Bhruiséil i Meán Fómhair na bliana seo