An Spidéal curtha ina thost ...
Léiríonn ar tharla i sráidbhaile amháin in iarthar na hÉireann gur mór an dúshlán atá roimh an Aire nua Ealaíon an dearcadh atá againn faoin gcultúr agus a ról sa tsochaí a athrú, a scríobhann Toner Quinn
Cúpla mí roimh an bpaindéim osclaíodh foirgneamh nua sa Spidéal i gcontae na Gaillimhe ar a dtugtar Gteic. Mol digiteach agus nuálaíochta atá sa bhfoirgneamh geal galánta seo atá feistithe le deascanna sealaíochta, seomraí cruinnithe agus seomraí ar leithligh inar féidir le cian-oibrithe, lucht gnó na háite agus gnóthaí nua oibriú. Tá Gteic an Spidéil ar cheann den 30 acu atá á mbunú i gceantair Ghaeltachta agus ar oileáin chun an fhiontraíocht a spreagadh. Creidim féin gur maith ann iad.
Tá Gteic oscailte sa Spidéal ach tá bail aisteach ar an sráidbhaile Gaeltachta seo.
Ó tháinig mise ag cónaí anseo ceithre bliana déag ó shin tá ciúnas buailte ar an Spidéal agus ciúnas dáiríre atá i gceist agam. Cultúr ceoil an bhaile a thug orm teacht anseo ag obair agus ag maireachtáil. Bhíodh an spraoi agus an chuideachta le brath i gcónaí ar an Spidéal, a bhuíochas do na seisiúin cheoil a bhíodh le fáil Tigh Hughes, an teach ósta mór le rá i lár an bhaile. Tigh Hughes a thosaigh De Dannan, a chas na Waterboys a gcuid ceoil agus iad ag taifeadadh a n-albam Fisherman’s Blues, a taifeadadh eagráin den tsraith teilifíse Bringing It All Back Home agus Máirtín O’Connor, Adam Clayton ón mbanna U2 agus Sharon Shannon ina n-aíonna. Ba ann freisin a bhíodh seisiún ceoil ag Johnny Connolly, beannacht leis, ar feadh blianta fada. De réir a chéile thosaigh tithe ósta eile ag eagrú seisiúin cheoil agus nuair a shocraigh mise síos anseo in 2006, bhíodh rogha imeachtaí ar siúl i rith na seachtaine, ní sa Spidéal amháin ach ar fud an cheantair. Is iontach go deo an ócáid é seisiún maith ceol traidisiúnta agus bhíodh neart acu sa Spidéal tráth. Chothaigh an fuinneamh seo gníomhaíochtaí eile i ndeisceart Chonamara: TG4, Raidió na Gaeltachta, Ros na Rún, comhlachtaí léirithe teilifíse agus tuilleadh nach iad.
Ní ceol amháin a bhíodh i gceist leis na seisiúin seo. Ar chrosbhóthar atá Tigh Hughes agus is ann a chasadh muintir na háite, daoine a bhí nua sa gceantar agus cuairteoirí ar a chéile. Is ann a thosaíodh daoine ag comhrá, a chuirtí daoine in aithne dá chéile agus go minic is ann a thosaítí ag plé smaointe nua. Chothaigh na comhráite sin spleodar is fuinneamh cultúrtha sa sráidbhaile. Chuiridís ócáid shóisialta ar fáil le Gaeilge a labhairt. Feictear domsa go bhfuil nasc idir cultúr ceoil Chonamara agus labhairt na teanga.
Ach de réir a chéile i ndeireadh bhlianta an 2000, thosaigh rudaí ag athrú. Bhí tionchar ag na dlíthe nua maidir leis an tiomáint agus an t-ól ar thithe ósta. Níl aon locht agamsa ar na dlíthe sin ach bhí iarmhairtí troma orthu agus ba mhór an fhaillí é nach raibh socruithe déanta le déileáil leosan roimh ré. Bhuail an tost na cúig theach ósta sa Spidéal (ceithre cinn acu ina mbíodh seisiúin cheoil agus ceann a bhíodh dírithe ar chraoltaí spóirt). Bhí níos lú daoine ag teacht ag éisteacht leis an gceol, ba lú seisiúin a bhíodh ann agus d’fhan na ceoltóirí sa mbaile. Taobh istigh de chúpla bliain dúnadh Tigh Hughes. Anuraidh dhún teach ósta mór ceoil eile, Tigh Giblin. Tá bainisteoirí athraithe ag an tríú ceann cúpla geábh. Ní osclaíonn an t-óstán san áit sa ngeimhreadh ar chor ar bith anois. Tá dhá scoil cheoil agus dhá shiopa uirlisí ceoil dúnta agus ní bhíonn an scoil cheoil samhraidh ar siúl níos mó.
Tá íoróin áirithe ag baint leis an scéal mar is dóigh nach raibh oiread ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí i gConamara riamh. An chúis is mó atá leis sin gur bhog go leor daoine go dtí an ceantar agus theagasc siad daoine eile sular thosaigh an meath. Bíonn an sráidbhaile lán le ceol ar feadh trí lá ag féile Traidphicnic gach mí Iúil. Bhí mé ar dhuine de na tuismitheoirí a thosaigh seisiún ceoil do na gasúir cúpla bliain ó shin agus tá na scórtha ceoltóirí óga ag teacht in inmhe anois agus iad ag casadh scoth an cheoil faoin ainm Ceoltóirí Óga Chois Fharraige. Ach cá gcasfaidh na ceoltóirí seo a gcuid ceoil amach anseo?
Éiceachóras Cultúrtha
Tá scéal seo an cheoil agus an Spidéil á insint agam lena léiriú nach ceoltóirí amháin a mhealltar go ceantair a bhfuil ainm an cheoil orthu. Mealltar daoine cruthaitheacha den uile chineál – scríbhneoirí, aisteoirí, lucht scannán agus teilifíse, drámadóirí, dearthóirí, aisteoirí, ailtirí, lucht eagraithe is feachtais, craoltóirí, grúdairí beaga, agus fiontraithe sóisialta, bia agus teicneolaíochta agus cuireann siad sin ar fad le fuinneamh agus saol an cheantair. Mar sin féin is é an ceol an eochair agus fad a bhí an Spidéal á chur ina thost de réir a chéile, níl aon dabht ach go ndearnadh cúngú ar eiceachóras cultúrtha an cheantair. Tá ceachtanna anseo do Catherine Martin, an tAire nua Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt, agus Gaeltachta.
Dá mhéid fáilte atá roimh Gteic, ní leor mol nuálaíochta a bhunú mura ndéanfar an cúram céanna don eiceachóras cultúrtha agus intleachtúil a chothaíonn leis an nuálaíocht chéanna. Níl an timpeallacht sin chomh follasach ach ní hé sin le rá gur lú a tábhacht. Agus mé ag breathnú ar fhoirgneamh Gteic á thógáil, rith sé liom a íorónta agus a bhí sé go raibh ionad gnó á thógáil sa sráidbhaile a bhuíochas do cháil an cheoil, an chultúir agus na teanga atá ar an gceantar ach gur fánach an áit atá ann le bheith ag ceol agus nach bhfuil aon mhol ceoil pobail ann ina bhféadfadh ceoltóirí teacht le chéile ag cleachtadh, ag obair i gcomhar lena chéile, ag taifeadadh agus ag casadh.
Ní hé dán an Gaeltachta amháin é seo, is mar seo atá an saol in Éirinn faoi láthair. Le mo linn féin, ceapadh riamh gur gné roghnach den saol a bhí sna healaíona agus sa gceol, ach go raibh fiontair ghnó agus theicneolaíochta riachtanach. Tuigimid anois go mbíonn an dá rud ag brath ar a chéile agus tá sé sin glan soiléir ar an Spidéal.
An míniú is fearr atá agam air gur geall le habhainn chultúir í an ghníomhaíocht cheoil is ealaíne, í ag rith léi agus í lán le smaointe, spreagadh agus fuinneamh. Is féidir linn oibriú ar smaointe in oifigí ach ní oifigí a chruthaíonn iad. Gintear smaointe nuair a bhíonn an timpeallacht spreagúil. Nár thug aon duine eile faoi deara go raibh raidhse ceoil is ealaíon i ngach áit inar lonnaíodh mol teicneolaíochta? Thóg sé blianta fada ar chultúr an cheoil fás is bláthú go horgánach ar An Spidéal. Rinneadh neamhshuim de agus an Spidéal atá thíos leis. Níor chóir dúinn an dearmad céanna a dhéanamh arís.
Bunús an gheilleagair
San am a caitheadh, rinne rialtais éagsúla infheistíocht sna healaíona, ach i gcomparáid le hearnálacha eile, ba go gortach agus go doicheallach a rinneadar é nuair a chuirtí brú ollmhór orthu. Níor thuig airí riamh an acmhainn atá sa saothar cruthaitheacha agus níor bhac siad le cás cuimsitheach ilghnéitheach a dhéanamh ar a son. Bhíodar cáiréiseach toisc gur chreideadar nach raibh sna healaíona ach ‘rud breise’ seachas a bheith mar bhunús leis an ngeilleagar. Caithfidh Catherine Martin an seanmheon sin a athrú.
Ní haon smaoineamh nua é seo. Rinne an bheirt fhear léinn Finbarr Bradley agus James Kennelly an cás ina gcuid leabhar The Irish Edge: How Enterprises Compete on Authenticity and Place (2013) agus Capitalising on Culture, Competing on Difference (2008) go raibh sé in am athsmaoineamh a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar tionscail na tíre seo a fhorbairt. Ábhar den chineál céanna a bhí á phlé ag an Meiriceánach Richard Florida ina chuid leabhar faoin ‘aicme chruthaitheach’ agus cathracha.
Go bunúsach is é atá á rá acu gurb é an cultúr agus an difríocht a mheallann agus a spreagann an nuálaíocht agus gur as pobail chruthaitheacha a fhásann siad. Déantar infheistíocht dháiríre sa gceol agus sa gcultúr agus tiocfaidh rath agus borradh faoi mhoil ghnó Gteic. Déantar faillí san éiceachóras cultúrtha agus ní bheidh sna moil dhigiteacha ach fothracha costasacha folmha. Chosain Gteic an Spidéil €550,000. Ní raibh de bhuiséad ag Ealaín na Gaeltachta do chúrsaí ealaíon ar fad sa nGaeltacht ó Dhún na nGall go Port Láirge ach €365,000. Is amhlaidh an scéal i ngach baile beag is mór agus cathair sa tír ar fad.
Ní mór don Aire Martin fís nua a leagan amach do na healaíona agus don chultúr in Éirinn agus cás a dhéanamh ar son an t-éiceachóras cultúrtha a chur ar an mbonn céanna le cultúr an ghnó agus na teicneolaíochta. An dteastaíonn ualach eile taighde lena chur ina luí ar lucht an amhrais go bhfuil gá leis sin? Más amhlaidh an scéal déanaimis sin. An argóint níos casta agus níos caolchúisí atá le déanamh? Is ea ach ná seachnaímis í.
Gheobhaimid amach go bhfuil bráití cultúir mar an Spidéal i bhfad níos cumhachtaí ná mar a cheapamar riamh.
- Foilsíodh leagan den alt seo ar dtús ar The Journal of Music