In Memoriam Ahmaud Arbery

i ndilchuimhne…

Gealchroíoch is tú ag bogshodar leat

I dtreo chladach Satilla

T-léine ar ghile an tsneachta ort

Briste ’s bróga reatha

Beag beann go raibh fód do bháis

In achomhaireacht

Aclaí, scafánta, slachtmhar

Aghaidh oscailte, gealgháireach

Thabharfá an léine ó do dhroim

Ráite ag do chairde fút

I mbláth do mhaitheasa’s

Dearcadh dearfach don todhchaí

Trucail i lár an bhóthair

Iarphóilín is mac leis romhat

Blas searbh an chiníochais ina mbéal

Cloistear pléascadh na n-urchar

Titeann id’ chnap ar an talamh

An fhuil dhearg ina smál ar do T-léine bhán