An clampar sa thunderdome digiteach ...
Is é fírinne an scéil é nach mbíonn mórán iriseoirí cróga ann, a deir Pól Ó Múirí
Níor chuala mé iomrá ar an iris Harper’s go dtí go bhfaca mé an litir sin ó Harper’s a raibh an teideal bladhmannach ‘A Letter on Justice and Open Debate’ uirthi. Seans mór nach dtabharfainn aird ar litir ar iris nárbh eol dom murach go raibh an litir sínithe ag scríbhneoirí agus gur mheall siad lena síniú mé.
Bhain cuid cuid mhór acu go dlúth le saol acadúil intleachtúil na Stát Aontaithe agus, dá réir sin, ní raibh tuairim agam cérbh iad. Mar sin féin, ní raibh mé chomh haineolach agus a cheap mé agus d’aithin mé údar nó dhó a bhí ar an tseilf agam féin: Martin Amis; Margaret Atwood; Noam Chomsky agus, amharc, John Banville s’againn féin! D’aithin mé duine nó dhó eile i measc lucht na hollscoile, Helen Vendler, mar shampla, scoláire a rinne cion mná le filíocht Seamus Heaney a chur i lár an aonaigh intleachtúil. Thairis sin, meeehhhh.
A bhuíochas leis na huaisle, ghin an litir ar iris nárbh eol dom neart poiblíochta ar líne agus níorbh fhada go raibh na meáin shóisialta líon lán le teachtaireachtaí faoi – roinnt daoine ar son na litreach agus roinnt ina héadan.
Tá ábhar machnaimh inti gan amhras, lucht a scríofa imníoch go bhfuil bata agus bóthar á thabhairt d’eagarthóirí as altanna conspóideacha a fhoilsiú, leabhair a bheith á dtarraingt siar; cosc a bheith á chur ar iriseoirí scríobh faoi ábhar áirithe; ollúna bheith faoi bhagairt mar gheall ar ráitis a thabhairt as saothar liteartha: ‘Whatever the arguments around each particular incident, the result has been to steadily narrow the boundaries of what can be said without the threat of reprisal. We are already paying the price in greater risk aversion among writers, artists, and journalists who fear for their livelihoods if they depart from the consensus, or even lack sufficient zeal in agreement.’
Sea, is í an chéad chaibidil eile í i gcogadh an chultúir thall, cogadh nach mbíonn rófhada uainn abhus in am ar bith.
Seans, mar sin de, go bhfaigheadh an litir bás murach gur cuireadh cor sa scéal. Ag tús mhí Iúil a cuireadh an litir ar líne ach cuireadh litir, ahem, eile sa bharrach, nuair a d’fhoilsigh iriseoir sinsearach leis an New York Times, Bari Weiss, alt agus í ag éirí as a cúram leis an nuachtán cháiliúil sin. Níor chuir Weiss fiacail ann agus í ag cur síos ar theipeanna, laigí agus ar fhimínteacht a hiarfhostóra.
Dhamnaigh sí an NYT á rá: ‘Twitter is not on the masthead of The New York Times. But Twitter has become its ultimate editor. As the ethics and mores of that platform have become those of the paper, the paper itself has increasingly become a kind of performance space.’
Dúirt sí nárbh fhiú eagar a chur ar ábhar dúshlánach ‘only to go through the numbing process of making it ideologically kosher, when we can assure ourselves of job security (and clicks) by publishing our 4000th op-ed arguing that Donald Trump is a unique danger to the country and the world?’
Bhí ‘self-censorship’ i dtreis sa nuachtán: ‘What rules that remain at The Times are applied with extreme selectivity. If a person’s ideology is in keeping with the new orthodoxy, they and their work remain unscrutinized. Everyone else lives in fear of the digital thunderdome.’
Mhúscail a litir féin mórán clampair sa ‘digital thunderdome’ – agus nach iontach an íomhá í? Níorbh fhada go raibh lucht a molta agus lucht a cáinte ag iomrascáil ar líne. Ní raibh de dhíth le caidhp an bháis a chur ar imeachtaí ná Mad Max féin a fheiceáil agus Tina Turner sa tóir air.
Caibidil eile eile i gcogadh an chultúir ach seans go mb’fhéidir gur cheart dúinn níos mó airde a thabhairt ar litir seo Weiss. Bhain an chaint sin ar ‘self-censorship’ ceol as an chuimhne s’agam féin.
Agus í ag scríobh sa leabhar Scéal Scéil: rúndiamhra na meán (Cois Life, 2014, in eagar ag Breandán Delap), cuireann an t-iriseoir, Póilín Ní Chiaráin, síos ar chuid de na deacrachtaí a bhí aici féin agus í ag plé le cúrsaí a thuairisciú sa Tuaisceart faoi Alt 31, mír dlí a cheadaigh cinsireacht. ‘Cothaíodh,’ a scríobhann sí, ‘meon na féinchinsireachta’ sa stáisiún agus is minic a dúradh ‘liomsa agus mo leithéidí nach raibh inár naimhdeas d’Alt 31 ach ‘crypto-provoism’.
Ní nach ionadh, chothaigh na deacrachtaí sin ‘drogall agus ba mhinic a cinneadh nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid’.
(Is fiú, sa chomhthéacs sin, leabhar The Lost Revolution: the Story of the Official IRA and the Workers’ Party (Penguin) le Brian Hanley agus Scott Millar a léamh. Déanann siad cur síos spéisiúil stuama ar stair an IRA Oifigiúil agus ar thionchar Pháirtí na nOibrithe ar chúrsaí iriseoireachta go ginearálta agus ar RTÉ ach go háirithe.)
Agus í ag scríobh in Scéal Scéil fosta, déanann an t-iriseoir, Máirín Ní Ghadhra, cur síos cruinn ar thionchar na meán sóisialta ar an iriseoireacht: ‘Is deacair sárú ar na figiúirí ach tá sé soiléir – go háirithe i gcás Twitter – go gcreideann an commentariat go bhfaigheann an scéal aird má théann sé ar líne. Sampla eile é seo b’fhéidir den chaidreamh compordach idir na meáin agus lucht tráchtaireachta agus an pholaitíocht.’
Sé bliana ó shin a scríobhadh an méid sin agus ní bréag a rá gur in olcas, nó i dtreise, atá an caidreamh compordach sin i ndiaidh a dhul.
Is é rud is mó faoin chomhfhreagras thall go dtugann sé léargas ar na meáin chumarsáide agus ar iriseoirí abhus. Scríobhann Weiss: ‘If a piece is perceived as likely to inspire backlash internally or on social media, the editor or writer avoids pitching it. If she feels strongly enough to suggest it, she is quickly steered to safer ground. And if, every now and then, she succeeds in getting a piece published that does not explicitly promote progressive causes, it happens only after every line is carefully massaged, negotiated and caveated.’
Is é fírinne an scéil é nach mbíonn mórán iriseoirí cróga. Níl ionainn ach hamstair le bheith fírinneach. Cuirtear ar roth muid agus casann muid an roth lenár gcrúba lá i ndiaidh lae. Bogann muid an roth ach ní éalaíonn muid as an chaighean. Cinnte, bíonn roinnt iriseoirí cróga ceanndána ann agus maireann an chuid eile againn ar a gcrógacht. Sea, is iontach an boc é X, a deir an t-iriseoir os ard – sula ndeir sé, os íseal, ach ní rachainn féin faoi scairt asail den scéal sin.
An gcreideann duine ar bith nach bhfuil na coinníollacha céanna oibre le fáil i nuachtáin agus i measc chraoltóirí Éireannacha?
Nó é seo ag Weiss arís: ‘The paper of record [NYT] is, more and more, the record of those living in a distant galaxy, one whose concerns are profoundly removed from the lives of most people.’
An mbeadh duine ar bith in ann a rá, go fírinneach, go bhfuil nuachtáin Bhaile Átha Cliath, abair, ina scáthán dílis ar phobal na hÉireann, go dtugann siad léargas cothrom ar gach aon aicme sa tír? Cá bhfuil an té a chliseann as a chodladh ar maidin agus deifir air le nuachtán a léamh?