Ní féidir Trump a chur as an gcomhaireamh 

Ní féidir Trump a chur as an gcomhaireamh 

Labhair Máirtín Ó Catháin le daoine ó chúlraí éagsúla i Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi thoghchán cinniúnach an fhómhair

Níl mórán muiníne ag Bora Kazmirci as an mbeirt iarrthóirí i dtoghchán na hUachtaránachta sna Stáit Aontaithe.

‘Feicim fear scanrúil agus seanfhear san iomaíocht, iad ag caitheamh sáiteán chuig a chéile agus gan mórán tráchta ar pholasaithe.’ Ní thabharfaidh sé vóta do cheachtar acu. I gcathair Charlotte i Stát Carolina Thuaidh atá cónaí ar Bora Kazmirci, fear meánaosta a bhfuil ciste láidir airgid saothraithe aige agus bealach maith maireachtála leis féin, a bhean chéile agus a n-iníon. Ach ní ghabhfaidh sé gar don bhoth vótála ar an 3 Samhain seo chugainn. ‘Ní bheidh mé ag vótáil beag ná mór,’ arsa Bora. Comhairleoir gnó é Bora do chomhlachtaí móra sna Stáit Aontaithe. Moslamach é a rugadh sa Tuirc. Tá an domhan siúlta aige ina chuid oibre agus an Rúis agus an tSín i measc na dtíortha ar leag sé cos iontu go minic. Leag sé cos freisin i gConamara. Ba as an oileán Máisean siar ó chósta Chonamara sinsir a mhná, Jacquelene Curran. Cuireann sé iontas air, a deir sé, nach féidir le tír a bhfuil 320 milliún duine inti beirt níos cumasaí do phost an uachtaráin a chur os comhair an phobail.

’Sé Trump an fear ‘scanrúil’, sé Biden an ‘seanfhear’ sa gcoimhlint san leagan amach atá ag Bora ar an scéal agus is cuma cé acu a bheidh buacach, a deir sé. ‘Is neamhspleách mé ó thaobh páirtithe de. Tuigim go bhfuil dualgas saoránachta ar dhuine a dhul ag vótáil ach tá mé ag staonadh ar bhun coinsiasa an iarraidh seo.’

In Boston in Massachusetts, tá Jimmy King, as Carna i gConamara ó dhúchas, ar mhalairt tuairime. Glacann sé leis go bhfuil an chosúlacht ar Joe Biden scaití go bhfuil sé ag éirí buille tuirseach. San am céanna is fearr go mbeadh seisean sa Teach Bán ná Donald Trump, arsa Jimmy, agus sé an bealach is fearr leis an athrú sin a dhéanamh ná vótáil do Biden.

Daonlathach láidir mar is dual d’fhear ceardchumainn é Jimmy. Tá sé ina shaoiste ar Cheardchumann na nOibrithe Tógála agus is col ceathracha é féin agus Méara Bhoston, Marty Walsh. Is iad na Daonlathaigh is fearr don fhear oibre, a deir Jimmy. Ach ní chuireann sé Trump as an gcomhaireamh sa toghchán seo fós, beag beann ar na conspóidí uilig a bhaineann leis.

‘Tá aithne agam ar roinnt daoine a thacaigh le Trump an uair dheireanach. Tugaim faoi deara go bhfuil athrú intinne ar chuid bheag acu – ach is cuid bheag acu é.’

Díríonn sé aird ar staitistic nach n-athraíonn. ‘Cuimhnigh,’ a deir Mac an Ríogh, ‘go bhfuil ag bordáil ar 40% atá dílis go Trump sa tír seo. Sin tacaíocht bhunúsach atá an-láidir. Is cosúil gur cuma céard a déarfaidh sé ach tá siadsan ag seasamh leis.’

Trí mhíle míle siar as Boston, atá cónaí ar an Dr Connolly, síceolaí, arb as Conamara a dhream roimhe. Is leis an tseirbhís síceolaíochta ar a dtugtar Connolly Counselling agus tá sé cinn de chlinicí acu in Los Angeles agus ar fud dheisceart California. Cloiseann an Dr Bob go leor mar chuid dá ghairm. Aontaíonn sé le Jimmy King.

‘Ní féidir leat Trump a chur as an gcomhaireamh fós,’ a deir Bob Connolly. ‘Is fíor go bhfuil lucht leanta aige atá fíordhílis dó. Ach, ina dhiaidh sin féin, chaithfeadh sé a bheith in ann slám réasúnta suntasach vótaí a mhealladh ó dhaoine a bheadh idir dhá chomhairle. Bheinn san amhras go bhfuil sé in ann é sin a dhéanamh an iarraidh seo.’

Ansin a bheidh an buille agus tá vótaí le buachan fós. Tá níos mó daoine ag cur suim sa toghchán seo in California ná mar a chonaic an Dr Bob Connolly ariamh roimhe seo. Mar shíceolaí, cuireann sé suim sa gcaoi a bhfuil daoine corraithe go mór faoin toradh.

‘Tugaim imní agus teannas faoi deara,’ a deir an Dr Bob. ‘Tá cineál dearcadh ar chaon taobh acu gurb é ‘deireadh an domhain’ é ag an dream a bheidh caillteach. Déarfainn go mbeidh vótáil throm sa Stát seo.

‘Creidim gur beag a bheidh idir an dá iarrthóir ar fud na tíre ach sílim gur ag Biden a bheas an Teach Bán sa deireadh.’

Thoir i Stát Carolina Thuaidh ceapann Bora Kazmici go mbeidh an vótáil íseal an iarraidh seo ach go gcuireann sé aguisín leis an gcaint sin. ‘Sé an t-aon bhealach a bhfeicfinn vótáil réasúnta láidir ann ná go dtiocfadh go leor den dream óg amach agus is do Biden a thabharfadh a dtromlach siúd vóta, ach ní ghabhfainn i mbannaí air go mbeidh siad sách spreagtha leis an mbeart sin a dhéanamh,’ a deir sé.

Ach céard iad na hábhair a mbeidh aird orthu ag teannadh níos gaire do lá na vótála?

Cúig bliana fichead ó shin, rinne James Carville, comhairleoir de chuid an Uachtaráin Bill Clinton ráiteas a mhaireann fós i bhfoclóir na polaitíochta: ‘it’s the economy stupid.’ Eacnamaíocht na tíre agus an eacnamaíocht phearsanta, sa deireadh thiar b’in í an tslat tomhais, a deir Clinton.

Cé nach mbeidh sé ag vótáil, ceapann Bora Kazmirci, an comhairleoir idirnáisiúnta gnó i gCarolina Thuaidh gur fearr an láimhsiú a dhéanfadh Trump ar an eacnamaíocht ná Biden agus gur mó muinín a spreagfadh sé i measc lucht gnó. ‘Sílim go bhfuil an dearcadh atá aige i leith na Síne go maith,’ arsa Bora. ‘Ní fiú trácht ar a bhfuil de dhéantúsaíocht ar bun sna Stáit Aontaithe anois.’

‘Tá na Sínigh ag díol ar phraghas níos ísle; tá gadaíocht déanta acu ar chuid mhór de chórais déantúsaíochta na Stát ar bhealaí mífhéaráilte agus sin rud atá feicthe agam le mo dhá shúil féin. Níl siad ag iarraidh go mbeadh Trump ina Uachtarán. Bí cinnte go bhfuil siad ag tacú le Biden ar bhealach ar bith is féidir leo.’

Tugann torthaí pobalbhreithe léargas ar dhearcadh Bora Kazmirci. I Stát Wisconsin, ceann de na coimhlintí móra sa toghchán seo (d’éirigh le Trump ansin in 2016), tá tacaíocht 48% ag Biden faoi láthair agus 43% ag Trump. Ach nuair a ceistíodh daoine faoi cé acu ab fhearr a dhéanfadh láimhsiú ar an eacnamaíocht, dúirt 51% gurbh fhearr a chruthódh Trump.

Ar ndóigh, tá aguisín le cur faoi láthair le chuile scéal faoi eacnamaíocht Mheiriceá, agus tíortha eile, sa méid agus go bhfuil go leor dochair déanta ag an gcoróinvíreas. Ina dhiaidh sin féin, tá an bhail a bhíonn ar an stocmhalartán aitheanta go minic ar an tslat tomhais is fearr ar chúrsaí geilleagair tíre.

Beag beann ar an gcoróinvíreas d’fhan innéacs Dow Jones láidir i gcaitheamh an tsamhraidh, rud a thabharfadh le fios go bhfuil lucht gnó, tráchtála agus tionsclaíochta dóchasach as a bhfuil i ndán don tír.

Ach ní ghlacann Jimmy King, fear an cheardchumainn in Boston, leis an léamh sin ar an scéal.

‘Cén chaoi a bhfuil an borradh sin faoin stocmhalartán agus an oiread seo daoine as obair agus an cruatan atá ar dhaoine go leor de bharr an choróinvíris?’ a d’fhiafraigh Jimmy. ‘Chaithfeadh sé gur cluiche do dhaoine saibhre atá ann. Céard faoi réimsí eile den phobal agus don daonra? Pé ar bith duine a dúirt gur fearr airgead a chur i bpócaí daoine atá ar theacht isteach íseal, b’fhíor dó é. Caithfidh na daoine sin an t-airgead agus rachaidh sé ar fud na heacnamaíochta uilig. Is fearr polasaí na nDaonlathach ar an gcaoi sin; cuidíonn sé le daoine a bhfuil lámh chúnta ag teastáil uathu agus scaipeann an t-airgead sin ar fud na heacnamaíochta uilig.’

Ach arb é ‘it’s the economy stupid’ bun agus barr an scéil sa toghchán seo?

Ar bhealach sé. Creideann Bora Kazmirci i gCarolina Thuaidh go bhfacthas Donald Trump mar shlánaitheoir i measc an phobail i stáit a bhí buailte go dona cheal tionscal agus cheal oibre. Cur i gcás Chrios na Meirge [‘Rust Belt’ Pennsylvania, Ohio, Michigan, Illinois, Indiana agus na ceantair máguaird] tá lagan ollmhór ar an tionsclaíocht ansin. ‘Tugadh aitheantas do Trump ansin mar fhear a labhair amach go neamhbhalbh in aghaidh chóras rialaithe agus riaracháin na tíre in Washington agus a thug aird ar dhaoine a bhí fágtha gan glór’.

Tá an Dr Bob Connolly, an síceolaí in California ar an intinn chéanna. ‘Bhí daoine ann a bhí fágtha ar deireadh sa tréimhse deich mbliana sular tháinig Trump isteach sa Teach Bán. D’airigh na daoine sin go raibh cara acu sa deireadh. Tá sé gaibhte chomh mór sin i gcion orthu – agus tá an bua sin aige – go bhfuil siad sásta tacú leis pé ar bith rud a dhéanfaidh sé nó a déarfaidh sé. Níl aon chiall leis scaití.’

Tá bearna mhór idir na daoine sin a fágadh ar deireadh in áiteanna ar nós ‘Chrios na Meirge’ agus lucht an rachmais atá i gcampa Trump freisin. Meascán neamhghnách atá ann. Agus na pobalbhreitheanna ag taispeáint go bhfuil Trump ag breith suas roinnt ar Biden, tá an cheist ann fós, an féidir leis na Daonlathaigh coinneáil chun cinn agus an fear is sine ariamh a thosódh amach mar Uachtarán a chur sa Teach Bán?

Fite fuaite sa scéal uilig, tá múnla saoil Mheiriceá agus an idé-eolaíocht a bhí mar bhunchloch ag na Stáit Aontaithe. Creidtear go forleathan go bhfuil dúshlán á thabhairt don mhúnla saoil sin anois, go háirithe tar éis na n-agóidí i measc an phobail dhuibh agus an míshuaimhneas faoin mbuille mór a fuair roinnt pobal mionlach ón gcoróinvíreas.

An dream atá ag tuar ‘deireadh an tsaoil’, de bharr thoradh an toghcháin seo, is ag tagairt atá siad don bhunfhealsúnacht saoil sna Stáit. I bhfocla simplí ba é sin – ‘déan do dhícheall agus éireoidh leat agus mura n-éiríonn leat, ní dhearna tú do dhóthain agus chlis ort féin. Ná bí ag brath ar an Stát ná ar an Rialtas murab é am an ghátair é.’

Tá dream ann atá imníoch go ndéanfaí lagan ar shaol traidisiúnta na Stát Aontaithe agus go dtiocfadh branda éigin den sóisialachas i réim. Tá siad imníoch go dtarlódh sin de bharr an t-athrú atá ar an gcoibhneas daonra agus imircigh agus a sliocht tagtha as cuimse tíortha ar fud an domhain. Tá imní orthu faoi choiriúlacht agus, sna stáit ó dheas go háirithe, go ndéanfaí lagan ar an stádas reiligiúin agus moráltachta, mar a fheictear dóibhsean é. Luaitear an baol sin le Joe Biden.

Is díol spéise é go bhfuil an t-athrú ollmhór ar an daonra sna Stáit tarlaithe mar thoradh cuid mhór ar an Acht Inimirce 1965, dlí nua san am a bhí múnlaithe roimh a bhás ag an Uachtarán John Fitzgerald Kennedy.

Ar ndóigh, ar an taobh eile den scéal, tá cuid den phobal – cur i gcás lucht leanta Bernie Sanders – ar mian leo go roinnfí an chreach ar bhealach níos cothroime, go gcuirfí smacht ar Wall Street, go mbeadh seirbhísí sláinte níos cuimsithí ar fáil, go ndéanfaí athruithe ar an tseirbhís phóilíneachta, go gcuirfí smacht ar ghunnaí agus tá claonadh i dtreo an liobrálachais iontu.

In Charlotte i gCarolina Thuaidh cuireann Bora Kazmirci comhthéacs idirnáisiúnta ar an scéal agus creideann go raibh ionsaí 9/11 ina chloch mhíle.

‘Téigh siar go dtí ré an Chogaidh Fhuair,’ a deir Bora, ‘bhí an scéal simplí. Bhí an domhan dubh taobh thoir den ‘chuirtín iarainn’; bhí domhan an aoibhnis, na saoirse agus an tsaibhris ar an taobh thiar. Ansin leagadh balla Bheirlín. Bhí muid uilig ag teacht le chéile. Bhí muid uilig ag breathnú chun cinn ar shaol suaimhneach agus ceangal cairdis trasna na cruinne. Ansin tharla 9/11.’

Ceapann Bora gur chuir an eachtra uafáis sin cor sa saol atá ag cothú amhrais, ag cothú deighilte, ag cothú imní idir aicmí agus ciníocha le scór blianta anois. ‘As sin amach bhí na Moslamaigh contúirteach i súile an tsaoil. Chaithfí slándáil a dhaingniú; theastaigh tuilleadh cosanta a chur i bhfeidhm, bhíothas ar an airdeall i dtaobh comhchealg, bhí míshuaimhneas agus scéin go forleathan ar dhaoine ar fud an domhain. Theagmhaigh a lorg sin don pholaitíocht. Náisiúnachas atá tagtha i réim ar bhealach,’ a deir sé, ‘agus lorg an reiligiúin ann amanta. B’fhéidir go bhfuil muid ag filleadh ar an dúchas ar bhealaí.’

Feiceann Bora Kazmirci comparáidí idirnáisiúnta sa scéal uilig.

‘Na daoine a thacaíonn le Trump, tá an t-údar céanna acu lena ndearcadh agus a bhí acu siúd a vótáil ar son an Bhreatimeachta, ar son Bolsanaro sa

mBrasaíl, ar son Rodrigo Duterte sna Filipíní agus neart eile.’

An feachtas féin i Meiriceá, tá sé neamhghnách mar nach féidir mórán canbhasála ná slógaí móra a reáchtáil de bharr an choróinvíris. Mar sin cuirfear suim ar leith sna babhtaí díospóireachta teilifíse atá ag tosú ar an 29 Meán Fómhair.

’Sé Biden is mó a bheadh i gcontúirt sna díospóireachtaí seo. Tá faisean aige focla a chur in aimhréidh scaití agus tá seanchleachtadh ag Trump ar an teilifís.

Tá na pobalbhreitheanna fós ag tabhairt an lámh in uachtar do Joe Biden. Ach tá daoine amhrasach faoi seo. ‘Ní thabharfainn mórán airde orthu,’ a deir Jimmy King in Boston.

‘Bheinn ag súil go bhfuil an ceart acu sa gcás seo ach bhíodar as marc go mór in 2016.’

Mairfidh an éiginnteacht faoin toradh.

‘Fear scanrúil agus seanfhear,’ a deir Bora Kazmirci. Tá, mar a deir Bob Connolly, daoine eile ann atá imníoch faoi dheireadh an domhain ar an 3 Samhain.

B’fhéidir gur cruinne athrú saoil a thabhairt ar an toradh a bheidh ar thoghchán Mheiriceá. Pé scéal é, beidh lorg an athraithe sin ar thíortha ar fud na cruinne.