Logainmneacha agus an dinnseanchas

Liam Ó hAisibéil
Logainmneacha agus an dinnseanchas

Mark Wickham

Féachann Liam Ó hAisibéil le léargas ginearálta a thabhairt ar an nasc atá idir logainmneacha na hÉireann agus traidisiún liteartha agus scéalaíochta an dinnseanchais

Cuid lárnach de thraidisiúin litríochta agus béaloidis na Gaeilge is ea an dinnseanchas, ina bhfeidhmíonn an logainm mar eochair eolais chun scéal a insint. Comhfhocal is ea dinnseanchas, atá bunaithe ar na focail dind ‘áit ard, áit shuntasach nó cáiliúil’ móide an focal senchas ‘seanscéal, saíocht, nó traidisiún stairiúil’. Is ionann an dinnseanchas agus cineál scéalaíochta faoi ghnéithe den tírdhreach ina ndéantar iarracht brí nó bunús ainm na háite a mhíniú trí bhíthin scéil, nó eile, trí chuntas a thabhairt ar eachtra a tharla san áit atá ainmnithe, bíodh an scéal sin i bprós nó i bhfilíocht nó sa dá chuid, nó go deimhin ó bhéal ach oiread leo.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Liam Ó hAisibéil