I ndilchuimhne Sheáin Garvey  

Dairena Ní Chinnéide

Idir chnoc is farraige

lá brothallach Bealtaine

d’éalaigh fathach isteach sa chiúnas

rian binn a ghuth

ag maisiú na scamall

meoin umhal, níos uaisle

ná cogar mogar an lae

cantaireacht chorraitheach

ag crochadh óna ghuaillí caola

tost éisteachta

uainne an slua a thug ómós dhuit

le grá dílís daonna

go geal os do chionn

is do ghuth chun suan.

*Le comhbhrón ó chroí lena chlann,
a pháirtí, gaolta agus cairde.

Dairena Ní Chinnéide

Is file í Dairena Ní Chinnéide.