Ceiliúradh an scríbhneora…

Pádraic Breathnach
Ceiliúradh an scríbhneora…

Mark Wickham

Agus na ceithre scór bliain á cheiliúradh aige an mhí seo caitheann Pádraic Breathnach súil siar ar a rogha féin saothair

Gearrscéalta

Tá corradh le dhá chéad gearrscéal foilsithe agam ó sheascaidí an chéid seo caite i leith. Seo a leanas sleachta fánacha as ceanna díofa:

BEAN AONAIR:

Bean luath-mheánaosta í Siobhán Ní Chléirigh, ar múinteoir scoile freisin í, atá ina cónaí léi féin sa chathair. Is í an oíche í agus tá Siobhán ina luí ar an leaba ag cuimhneamh siar ar an lá agus ar a saol nuair a bhí sí óg. Gur casadh ar Pheadar í an lá roimhe seo agus tá coinne aici bualadh arís leis ach ar dhóigh tá sí éiginnte, éadóchasach, faoi seo de bharr an chaoi ar chaith an saol léi go dtí seo. Aon duine amháin eile, Séamas, a bhí mar bhuachaillchara aici ach gur imigh seisean leis ar imirce go Meiriceá agus tá sé pósta thall le muirín faoi seo. Go n-airíonn Siobhán uaigneach, maoin shaolta aici ach ar an trá fholamh ar mhodhanna eile. Cluineann sí traonach ag gairm i móinéar tamall óna teach agus cuireann sin ar bhóithríní difriúla smaointe í. Idir shealanna dóchais is duaircis ag tiomsú ina meabhair.

“An traonach meidhreach! Ba leis an domhan! Fearúlacht ann thar éan ar bith eile. Ag léamh a fhorógra! Slócht air á fhógairt go dúshlánach tréan.

D’éireodh léi anois! D’éireodh léi a machnamh a dhéanamh, faoin traonach, agus faoi Pheadar. Bhlaisfeadh sí eachtraí an tráthnóna leis, anois faoi lóchrann na gealaí.

“Dé Sathairn mar sin!” B’shin a dúirt sé.

Ó, ‘Pheadair, a chuid! Ní bheidh ann ach tusa feasta. Tusa i leaba Shéamais!

Áthas go raibh ort, a Shéamais! Cibé cén áit den domhan ina bhfuil tú, guím rath ort, suaimhneas, sonas. Buachaill mánla a bhí ionat; i bhfad ó shin.

Ní thréigfidh tusa mé, a Pheadair? Ní réabfaidh tú an saol orm? Ná déan! Ná déan!

Dé Sathairn beimid in éineacht arís. Cá rachaimid? Chuig an tábhairne arís? Más áil leat, is cóir duit! Má fhiafraíonn tú díom céard a dhéanfaimid, cá ngabhfaimid, freagróidh mé go dílis: bíodh do rogha agat, a Pheadair. Chuig an tábhairne, a Shiobhán? Chuig an tábhairne céanna, a Pheadair.

Is fada an t-achar é don Sathairn sa teach liom féin; toitíní mar chomhluadar. Seachtain ramhar oibre romham. Sea, tá mo leabhair agam. Tá mo ghairdín agam. Tá teilifíseán agam. Dáiríre, níl dada agam; ach tusa, a Pheadair. Is bean aonair mé! Ach tuigeann tú seo! Tuigeann tú gur bean aonair mé? Cloisim coiscéimeanna ar an urlár adhmaid sa teach teorantach. Cloisin caint: glór glan mná óige; guth domhaim fir á freagairt. Tá siad ag réiteach don leaba. Tá siad ag gáire. Sin a mbíonn de chaidreamh agam bunáite na n-oícheanta! Sin, maille le glothar is crónán lionn dubhach na bpíopaí uisce. Murach portaireacht seo na bpíopaí uisce bheinn an-deoranta. Caithfidh mé a rá go bhfuil sí mar chineál leannáin agam faoi seo. Is cuid díom í. Ní ruaigeann léamh leabhar an cumha gach uair. Éiríonn duine iontach fuafar leo amanta. Tagann fonn mire ormsa babhtaí mo leabhair go léir a dhó. Cuirtear ámhailleacht orm: téim agus stróicim seanlitreacha, bileoga páipéir, le díocas nimheanta mínádúrtha.

An mbíonn tusa uaigneach, a Pheadair? An ndéanann tú caoineadh mar a dhéanaimse? An éisteann tú le madraí ag tafann san oíche? An mbíonn scáth ort?

Is tú an chéad duine, a Pheadair, a thug suntas dom le blianta. Mhol tusa mé, a Pheadair. Mhol tú mé agus bhí tú dáiríre. Bhí tú dáiríre nuair a mhol tú mé? Ó, a Pheadair, tá sin tábhachtach!

Rachaimid go dtí an tábhairne, a Pheadair – go dtí an tábhairne céanna. Suífidh mé le do thaobh, ar an stól ard ag an gcuntar. Breathnóidh mé ort ag ól piontaí. Aontaím leat ar fad: is caitheamh aimsire fearúil é an t-ól. Ón Léigiún Mhuire a fuair mé an nós eile. Ach níl mé sa Léigiún níos mó.”

(Lgh 78-79 in Bean Aonair & Scéalta Eile, 1974)

BUICÉAD POITÍN:

Buachaill óg agus a uncail atá sa scéal seo. Bíodh is, dáiríre, nach iad ach an poitín an phríomhphearsa ann. Ar mhodh ceilte cuid mhaith, is í dúil an bhuachalla sa deoch mheisciúil seo is príomhábhar ann. An t-am ina bhfuil an scéal lonnaithe bhí an dlí go tréan in aghaidh dhéantúis seo bhainne glas na heornan, dlí na hEaglaise chomh maith le dlí na tíre. Drochmheas ag a athair air chomh maith céanna. Ainneoin seo, agus dá bharr b’ fhéidir, bhí meas mór ag an mbuachaill ar Dhanann Mharcais, stiléara seo na dTamhnacha Arda, agus bhí ríméad air a bheith ag triall go dtí é an tráthnóna deireanach seo lena uncail Eoin. Bhlais an buachaill don deoch spreacúil le linn dóibh a bheith i dteannta Dhanainn Mharcais. Fuaireadar roinnt buidéal den bhiotáille le tabhairt leo. Ar a mbealach abhaile an oíche sin, ámh, léiríonn a uncail imní agus insíonn sé gur alcólach (ar a théarnamh) é athair an bhuachalla. Cuireann an t-uncail na buidéil i bhfolach, lena gcrochadh leis lá arna mhárach, ach go luath maidin an lae sin go ndearna an buachaill iarracht ar a ngoid. Crá áirid ar an mbuachaill nach bhfuil smacht aige air féin.

“Réitigh bean Dhanainn tae dúinn agus fad is a bhí muid á thógáil chuaigh seisean amach. Níor rófhada amuigh é, ámh. Bhí buicéal mór alúmanaim ar nós an chinn do bhleán bó, ina dheasóg aige nuair a tháinig sé ar ais, buicéal a leag sé ar an mbord. Siar leis sa seomra agus thóg aniar slám buidéal a bhí folamh; agus chuir sé ar an urlár ina seasamh iad. D’ardaigh sé an buicéad ón mbord, agus shuigh síos. Chrom sé ar bhuidéal a líonadh.

“Poitín den togha é seo anois,” ar sé go réchúiseach.
Léim mo chroí. Ba phoitín a bhí sa bhuicéad. Dia linn! Bhí ríméad agus iontas orm go ndearna sé an obair seo i mo láthair, ach bhí a iníon féin ar lú í ná mise sa chomhluadar freisin.

An lacht a rith isteach sa bhuidéal bhí sé cosúil le fíoruisce. Ainneoin gur chuala mé é ráite go minic go raibh dath an uisce ar phoitín níor shamhlaigh mé riamh é chomh glan glé leis seo.

“Dheamhan cos a nigh sé sa stuif seo ach go háirithe!” arsa mise liom féin agus mé cineál in amhras ach go mb’fhéidir an béas seo a luaigh m’athair ag Danann.

“Stuif maith é seo, a deirim,” arsa Danann arís, ag cur corca ar an mbuidéal. “‘Bhfeiceann tú na súilíní sin ar a bharr? Sin comhartha maith!”

Líon sé ar aghaidh nó go raibh sé bhuidéal lán aige. Nuair a bhí corca san uile bhuidéal aige, d’fhill sé suas i seanpháipéar nuachta iad – mar a dhéanadh mo mháthair le huibheacha don mhargadh – agus chuir sé isteach i mála grósaera m’uncail Eoin iad.

“Braon maith é sin,” arsa Danann Mharcais don tríú huair ag cur a luach isteach ina phóca.
“Bhí sé go maith i gcónaí agat, slán a bheas tú,” arsa m’uncail go séimh.
“Is fearr é sin anois,” arsa Danann.

Bhí braon sa bhuicéad fós agus líon Danann amach dhá ghailleog mhóra. Chuir sé siúcra isteach iontu agus scaird d’uisce bruite.

“Is fearr liomsa puins a dhéanamh as,” arsa Danann.
Bhaineadar failmeacha astu.
“Tá sé go maith le him ann freisin – cnapóg ime,” arsa m’uncail.

“M’anam fhéin ach go bhfuil agus le bainne bláthach,” arsa Danann.

Nuair a bhíodar dhul ag ól an dara gloine d’fhéach Danann go rúnda ceisteach ar m’uncail, agus labhair sé go híseal leis.

“B’fhéidir go mba mhaith leis an bhfear óg seo braoinín beag a ól?”

Níor dhúirt m’uncail tada ach chrap a bheola go smaointeach.

Déanfaidh sé maith dhó, tá an oíche fuar,” arsa Danann.

“Ar mhaith leat braoinín poitín – fliúchadh do bhéil?” ar sé.

Mhaistrigh mo chroí go tréan mar bhí fhios agam go maith céard air a rabhadar ag caint. A dhona is a bhíos níor mheas mé go mbeinn in ann tada a rá ach labhair mé i ngan fhios dom féin mar sin féin. “Ba mhaith!” ar mé.

“Maith a’ buachaill!” arsa Danann.

D’airigh mé an lacht do mo dhó, ach bhí ríméad orm. Bheinn ar meisce cinnte ach ba chuma liom. Bhrúcht allas ar mo bhaithis. Poitín! Bhí mé ag ól poitín! Cé chreidfeadh é? Ba dhoiligh a chreideachtáil! Mise tigh Dhanainn Mharcais ag ól poitín! D’éireoinn seafóideach ar meisce, an éireoinn? An mbeinn chomh dona le Maidhc Learaí? An mbeinn ag déanamh mo mhúin ar an mbóthar – mún mór fada?

Céard déarfadh m’athair anois dá gcloisfeadh sé faoi seo? Mharódh sé mé. Mharódh sé m’uncail Eoin freisin. Chomh cinnte leis an lá mharódh sé muid. Rachaidh sé glanoscartha as a mheabhair le fearg,” (Lgh 138-139 in Buicéad Poitín & Scéalta Eile 1978)

CÍRLE MÁ GUAIRLE:

An ag brionglóidigh nó ag rámhaille atá san siar is aniar smaointe seo? Nó sin tinneas? Is cosúil, cinnte, gur intinn ar corr atá ag
obair ann.

“Ó, a Mhaighdean, nár mé an bailséire! Breathnaigh anois mé. Nár mé an leibide! Cad chuige féin ar choinníos orm ag dul chun cinn, nach raibh fhios agam go maith nach raibh aon bhealach ann, nach bhfeicfeadh an t-amadán ba dhaille an méid sin? Mé ag cur mo chairr ar aghaidh agus gan aon spás do mo charr ann. Taobh le soilse tráchta thar áit ar bith! Shacálfainn mé féin isteach sa chúinne faoi dheis, sea a dúirt mé liom féin, le nach gcuirfí ding i mo charr. Mise ag cur stop i lár an bháthair ar an gcarr eile. Fanaidís ansin, tuilleadh diabhal orthu! Ní bhreathnóinn ar an gcarr eile, ní bhreathnóinn cé bhí ann, nuair a scaoilfí na soilse bheimis imithe óna chéile gan aithne nó tuairisc go brách.

Thugas spléachadh go fáilí, ámh, ar mo chéile comhraic. Muise, Dia linn, cé bheadh agam ann ach Bean Bheoláin is a fear socair! Uan d’fhear ar dhoiligh leis tada olc a rá. Bhíodar ag beannachan anall agam. Ba go cairdiúil a bhíodar liom, rí-chairdiúil, seachas a bheith drochmhúinte. Níor naimhde ar bith iad, mhaitheadar dom. Ach ar ndóigh bhí aithne acu orm, bhí sise, Bean Bheoláin, ag múineadh le mo bhean.
“Dia dhaoibh!”

Amach go dtí an choill a bhíodar ag imeacht níorbh fholáir, sin nó ag tíocht aisti. Bá ghnás leo dul ag siúl sa choill, Coill Bhun an tSléibhe. Bhí an gnás céanna agamsa.

D’athraigh na soilse. Bhíomar bailithe linn. Spléachadh dar thugas sa scáthán d’airíos gur isteach faoi chlé a bhí an carr eile casta, isteach ascal an tí le hais an chúinne. Níorbh shid é teach Bheoláin. Thar bhalla ornáideach isteach a chuaigh siad. Go seolta isteach thar chlaí i leaba a dhul isteach an geata adhmaid dúnta. Níor bhualadar an balla a dhuth nó a dhath. An scríob féin. Ní raibh clóic ar an ngluaisteán galánta. Fainic, a mhac, níorbh iad na Beoláin a bhí sa charr chor ar bith. Níor leo an carr ach oiread is ba leo an teach. B’é Pádraig de Bhailís é. Gan sa charr ach é féin. É éirithe amach as an gcarr, óltach ata. Allas ina mhúnóga air. “Cé ghnóthaigh Corn an Domhain, a Phádraig?”

“Cé ghnóthaigh Craobh na Mumhan, Corcaigh nó Ciarraí?”

“Ciarraí le bunáite scór cúilíní!”

“Ó, muise, bhí mé ag ceapadh! Níl foireann ar bith i gCúige Mumhan cés moite de Chiarraí! Cé mar gheall ar Chonnacht?”

“Maigh Eo aríst!”

“Bhuel, foc Gaillimh! Agus foc Ciarraí!”

“Voulez-vous le voir?”

“Peut-etre demain!”

“ ‘Peut-etre demain!’ Scairt mé amach ag gáire. Cúrsa linguaphone, há, há, há! “Bhfuil tú dul ag pósadh?” “‘Peut-etre demain!’” Scairt mé amach ag gáire. Cúrsa linguaphone, há, há, há! “ ‘Bhfuil tú dul ag pósadh?’” “‘Peut-etre demain!’” “‘Pósfaidh mé amáireach mura mbí sé ag báisteach!’” (Lgh 13-14 in Ar na Tamhnacha 1987)

M’ÓGBHEAN GHLÉGHORM:

Is í Sailchuach Nic an tSamhraidh an ógbhean atá i gceist anseo. Go bhfeiceann an t-ógfhear go fánach ar an tsráid í lena madra beag ar éill aici. Go gcasann sé siar is go leanann sé í ó shráid go sráid is ó shiopa go siopa. Giúmálaí! Ar ball, ámh, go mbuaileann sé bleid uirthi agus bhfaghann sé cárta uaithi lena seoladh is a huimhir ghutháin air. É faoi gheasa aici is go nglaonn sé babhta i ndiaidh a chéile uirthi. Gan í á fhreagairt. An lá seo go bhfanann sé saor óna chuid oibre is go dtriallann sé fad leis an seoladh atá tugtha ar an gcárta. Ag brú an chnaipe in unsain an dorais dó gurbh í an neamhaird fholamh chéanna a fhaghann sé. Go bhfágtar suaitheadh intinne is mearbhaill air.

“Ag tíocht anoir trí chlós an tséipéil a bhí sí nuair a chonaic mé i dtosach í: a gruaig ghorm gona fabhraí dubha. Bhí maidrín bídeach mothallach a raibh ribín ar a chloigeainnín ar iall aici, agus í ag coisíocht go crochta tomhaiste.

Chas mé siar ina diaidh ar an toirt arae bhí mo chroí ag múscailt scéilíní, nár chóir deis a ligean. Ógbhean shlím.

Amach an geata léi, trasna na sráide, a bróga ag baint cnaga rithimeacha triopallacha as na leacracha. Suas an t-ard le hais na bhfothrach. Í seolta gleoite. An maidrín ag sodar is ag smúrthacht. Maidrín dubh. Iall an-fhada an-tanaí óna mhuineál go dtína lámh sise, a ciotóg nó a deasóg mar a d’fheil.

Níor chóir deis a ligean. Ní chaillfinn mo dheis. Thapóinn í dá mba ghá.

D’iompaigh sí faoi chlé ag béal na sráide móire. Príomhshráid. Sráid a raibh siopaí go leor uirthi, trácht agus daoine. San áit seo ba ríméadach í gluaiseacht a cos is a bróg.

Culaith thriopallach uirthi, siúl triopallach fúithi, lámha triopallacha aici. A gruaig go triopallach: cocán le lúbán móide bior. A gruaig chomh gléghorm leis an spéir maidin bhreá shamhraidh.

Chas isteach go clóchasach siopa poitigéara. Bhí fógra ‘cosc ar mhadraí’ go feiceálach ar an doras ach b’éard a rinne mo bheainínse a maidrína chrochadh suas ina gabháil, an maidrín gona ribín ar nós babóigín.

Isteach liomsa ina diaidh. Cheannóinn boiscín zúb.

Áit é siopa poitigéara is maith liom, ar a néatacht. Bíd i gcónaí an-néata. Áit bhanúil é: na cailíní gléasta go hálainn ann. Bíd chomh gléasta eagraithe lonrach ann leis na maidí beola atá chomh suntasach sin ar na cuntair.

‘Gus bíonn na cailíní an-chúirtéiseach sna siopaí poitigéara; chomh cúirtéiseach céanna is atáid álainn...” (Lgh 104-106 in Na Déithe Luachmhara Deiridh 1980)

AN UBH CHÁSCA:

Tá seo ar na gearrscéalta liom is minice a iarrtar orm a léamh. Mar thoradh ar é a bheith chomh gearr, is dóigh, ach freisin, sílim, de bharr gur scéilín corraitheach é. Buachaill óg a ngealltar ubh Chásca dó, ubh sheacláide; ar deacair aige an cineál seo uibhe a shamhlú. Ach, faraor, nach bhfaghann sé í mar go ndeachaigh an té a gheall dó í ar imirce go Meiriceá roimh ré. Uafás ar an mbuachaillín, faitíos a anama air, go n-éagfaidh an sicín, a dúrthas leis a bheith san ubh, cheal aeir.

Ubh ba mhó ná ubh chirce ná ubh lachan, chomh mór le hubh ghé. Bhí ubh ghé mór. Ba mhinic an ghé ag breith amuigh, gan nead ar bith aici ach an ubh a ligean uaithi ar an talamh.

“Beidh sí i mbosca, páipéar geal timpeall uírthi, clúdach
ar an mbosca!”

Bosca dronuilleogach cairtpháipéir mar bhosca a mbeadh bróga ann. Fear ag oscailt an bhosca, ag cur an pháipéir siar, ag léiriú na mbróg. Ach gur ubh in áit bhróg a bheadh ann.

“Ubh sheacláide a mbeidh sicín inti!” a dúirt sí.

Ubh sheacláide! Míorúilt. Draíocht. Cén chaoi a dtiocfadh le hubh a bheith ina hubh sheacláide? Cén chaoi a dtiocfaidh le sicín a bheith inti is gan ceann ar gor uirthi? Cén chaoi a dtiocfadh le cearc a bheith ar gor uirthi mé bhí clúdach ar an mbosca? Ba dheacair ,agam ubh sheacláide a shamhlú. Sicín buí istigh inti. A clúmh buí chomh mín le síoda, goibín pinc uirthi, súile bídeacha dorcha, cosa beaga. Í ag cur scoilb ar an mblaosc lena goibín, biogaíl bheag ar siúl aici, ag tabhairt le fios í réidh len í féin a léiriú.

Ar rothar a chuaigh Treasa síos chun a cuid oibre, Peige in éindí léi. Chuadar síos go luath, Ní ba luaithe i bhfad ná mar a chuaigh mise ag an scoil. Bhíodar imithe amanta, bhí sé ráite, sula raibh solas an lae ann. Ba mhaith liomsa sin. Soir thar an teach seo againne a chuadar, siar thar an teach seo acusan a chuaigh mise. Mé ag tabhairt canna bainne ag an teach acu. Ba cheárta a bhí acusan is ní raibh bó nó cearc acu.

Níorbh í Treasa nó Peige, ar ndóigh, ach a máthair a thógfadh an bainne. Tráthnona Sathairn nó maidin Domhnaigh, amháin, a d’fheicfí Treasa nó Peige. Ba mhaidin Domhnaigh é nuair a gheall Treasa an ubh sheacláide dom.

“Beidh sí agam dhuit faoi Cháisc!” a dúirt sí.

Bhí cúthaileadas orm.

B’fhada liom an Cháisc. Uibheacha go leor á n-ithe Domhnach Cásca. Seastán uibhe an duine ar an mbord, ubh ann agus ubh eile ar chlár an bhoird lena ais. Bheadh ubh mhór sheacláide a mbeadh sicín buí inti i mbosca a raibh clúdach air agamsa. D’osclóinn an bosca go cúramach. Chuirfinn an clúdach de leataobh go cúramach, ligfinn siar an páipéar geal, bheadh chuile dhuine ag breathnú orm ach ní ligfinn d’aon duine acu a mhéar a leagan ar an ubh nó ar an mbosca.

Tháinig Domhnach Cásca ach níor tugadh an ubh dom an mhaidin sin. I gcaitheamh an lae sheasainn ar an mbóthar ag breathnú siar. Shonraigh mé chuile chor. Bhí diomua agus ceannfaoi orm. Tháinig imní orm go gcaillfí an sicín mura mbeadh aer aici. D’éireodh sí lag, thitfeadh sí ar a cliathán i bhfanntais, gheobhadh sí bás san ubh. Ba gheall an ubh ansin le glogar.

Cruimheanna ag teacht chun na huibhe, iad ag ithe a súl as an sicín. Péisteacha, míolta, gearraí gabhláin, deargadaoil, d’íosfaí a coirpín beag néata as a chéile. Bheadh a clúmh mín buí mar chaonach liath. Bhí an uaigneas orm.

Ní bhfuaireas tuairisc na huibhe sin riamh. Ní bhfuaireas tuairisc Threasa nó Pheige go ceann i bhfad ach oiread. Nuair a fuaireas an tuairisc sin b’í go rabhadar imithe go Meiriceá.

(Lgh 63-65 in An Pincín agus Scéalta Eile, 1996)

Úrscéalta

Tá ceithre cinn d’úrscéalta foilsithe agam. Seo a leanas sleachta as trí cinn acu:

AS NA CÚLACHA:

Siar i dtús sheascaidí an chéid seo caite, nuair a bhí an imirce as Éirinn go dona, atá an t-úrscéal seo lonnaithe. I Londain atá an dream Éireannach seo, ar thír í Sasana, go háirid an phríomhchathair inti, a bhí an-liobrálach le hais a dtíre dúchais féin, ar dhialathas go bunúsach an t-am sin í. Daoine gan mórán oideachais scoile orthu atá i bpearsana an leabhair seo, obair anróiteach ar bun acu, iad ag baint a ngaisnis as a saoirse ó bhaile; ar mhodh dreabhlásach óil is craicinn. Ar ndó, sa bhfadthéimhse, is mífholláin an caitheamh saoil acu é, agus níor bhealach maireachtála é a réitigh ar fónamh riamh leis an bhfear óg arb é príomhphearsa an scéil é. Cliseann ar a shláinte siúd agus i ndiaidh dó píosa ama a chaitheamh in ospidéal thall tugtar ar ais go hÉirinn é le téarnamh a dhéanamh.

Bhí lúcháir orm nuair a dúradh liom go mbeinn ag dul ar ais go hÉirinn cé nach raibh a fhios agam céard a bhi romham. Cuimhním go maith ar an gcéad mhaidin sin san áit nua a ndeachaigh mé sios chuig an loch ann. Meathdhorcha go maith a bhi sé agus mé ag dul sios. Bhi sciar mór de cheo na hoiche i réim i gcónai agus bhraith mé cineál aisteach. Neamhshaoltacht éigin. Cé go raibh a fhios agam nach raibh chuile dhuine eile ina chodladh mar go bhfaca mé an corrchuirtín ag corraí.

Loch mór go maith atá ann, cé go bhfuil sé ráite nach bhfuil sé an-domhain, crainnte ag fás ar nós crú capaill thart air. An t-áras a raibh mé ann tá sé ar chnocán os cionn an locha. Thug mé an loch faoi deara tri na crainnte is mé ag teacht isteach an t-ascal ansin an chéad uair agus is cinnte gur chuir sé go mér leis an áit. Gné eile a thaithnigh liom ba ea frámaí dearga na bhfuinneog.

An loch, an cnocán, na frámaí dearga, ba iad a mheall mé. Cé gur moladh dom a bheith cúramach faoin loch is gan aon turas a thabhairt láíthreach air. Ní scaoilfi ann mé. Ba bheag a cheap mé ach oiread go mba ar thráth chomh luath seo a thabharfainn mo chéad turas go dti é.

Liathdhorcha go maith. Liathdhorcha a bhi na gleanntáin agus ciumhaiseanna na coille. Mullai na gcnoc máguaird, ní raibh ann ach go rabhadar á léiriú féin go mall faoi choinne
an lae.

Bhi píosa fada caite agam i mo sheomra ar shlat mo dhroma ag faire theacht na maidine, agus ba é a bhi mall. Chuaigh mé cúpla babhta chuig an bhfuinneog ach níor airigh mé aon chlaoch1ó. Ansin, de dhoirte dhairte, bhi leid ann go raibh an t-athrú ag tarlú.

Bhí mo mheanmna ard faoi gur ligeadh amach mé, gur ligeadh amach liom féin mé, cé nár mhóide go rabhas ag súil go dtriallfainn amach chomh luath. Mo sheomra féin agam agus gan aon ghlas air. Gan aon ghlas ar an dorchla uaidh ná garda ar bith go follasach ar an dorchla. Ach bheadh banaltra ag faire, bhíos ag ceapadh, ag coinneáil faire go fáili faichilleach, bhfos ag ceapadh. Chuirfeadh mo gheábh idir imní is shásamh uirthi, bhíos ag ceapadh.

‘Ná bac leis an loch inniu. Beidh neart ama agat amach ‘Tabharfar ag an loch thú amach anseo!’

Ba é seo an ‘amach anseo’. Cén ‘tabharfar’ a bhí ag teastáil?

Pé ar bith é, níor cuireadh bac orm.

Úire na maidine, chuir sé mo bhaile i gcuimhne dom. Geábhanna luatha a thugainn ag baile ar aonach no i ndiaidh beithioch no ag an loch againn féin i gcoinne uibheacha.

B’fhada roimhe sin ó mhothaigh mé maidin chomh húr. Ní hionann chor ar bith maidin mhoch faoin tír agus maidin mhoch sa chathair.

Ní hionann chor ar bith an loch sin is Loch na Sioböige againn féin. Bhi a fhios agam sin On gcéad amharc. Ach ba loch é. Sa sliabh mér atá Loch na Siobóige, a bhruacha chomh saor leis an aer cé is moite den ghiolcach, cé go bhfuil clocha mora ar a chladai ar a mbeireadh na faoileáin. In airde ar na clocha móra sin a dhreapainnse nuair a théinn ag iascadh. Gan oiread is crainn ar chladaí Loch na Siobóige murab ionann is an locha ó thuaidh ar chrainnte ar fad iad; ag fás anios as a uisce ionann’s. Is cuimhneach liom a bheith ag breathnú ar an loch sin agus mé ag fiafraí díom féin cén deis iascaigh a bheadh ag duine. Gan deis ar bith cé is moite den phort báin ar aghaidh an árais mar a raibh áit suite is seasaimh, a raibh boird bheaga is suiocháin ann. Caladh beag is bád iomartha ann. Bhios ag rá liom féin nárbh fhiú a bheith ag iascach ansin, an t-uisce róthanaí ann. Cén t-iasc, an luathóg féin, a thiocfadh isteach ann? Cé gur dhúras liom féin go bhféadfai péirsí agus ráisti, má bhíodar ann, a mhealladh isteach le fataí bruite.

É ráite fianna a bheith ina gcónaí i measc na gcrann. Shantaigh mé na fianna go cíocrach. Bhi a fhios agam iad a bheith an-sceiteach ach go raibh sé ráite go bhféadfaí tarlú orthu gan choinne go luath ar maidin.

xIs iad na madraí uisce agus na faoileáin is mé atá le feiceáil ar chladaí Loch na Siobáige, agus lachain fhiáine lena gcois.

(Lgh 7-9 in As na Cúlacha)

DEARGADAOIL I mBÁD FÓ THOINN:

Úrscéal campais é seo, ar bheag dá chineál atá sa Ghaeilge, má tá ceann ar bith eile inti. Ar ndóigh, tá sé suite i gcoláiste ollscoile ach ní haon choláiste ar leith atá faoi thrácht ann ach cumasc de choláistí. Idir fhoireann acadúil, fhoireann leabharlainne, fhoireann chléireachais is eile faoi chaibidil ann. Móide mic is iníonacha léinn. I bhfoirm chomhrá is mó go mór atá an leabhar scríofa, ar thréith í sin a éascaíonn go luainneach do léitheoirí é. Leabhar barrúil spraíúil. An clúdach féin, tá sé spraíúil! Creidim
go n-aireoidh tú fuinneamh fuadrach gluaiseachta ó leathanach
go leathanach.

I dtaca leis an gCorcaíoch, Alastar Acmhainneach, bhí a chleasaíocht seisean suimiúil: a charr á pháirceáil chuile mhaidin aige chomh cóngarach is a dfhéad sé do na boic. Súil aige, dá léireodh sé a dhíograis, go mbéarfadh sin toradh fóintiúil dó lá níos faide anonn. Agus rug. Ceapadh ina ollamh é.

Ag coisíocht leis óna charr an mhaidin seo cé d’éirigh amach roimh Aodh ach an fear ceannann céanna sin, Alastar.
“Móra dhuit ar maidin, a Aodh!” ar sé.

De bharr na preibe a baineadh as, Alastar a bheith chuige, d’fhéach Aodh ar ais arís ar an gcarr suntasach a raibh Alastar tagtha amach as.

“Go mba hé dhuit, a Alastair! Leatsa an t-áilleagán sin? Bhuel, bhuel, bhuel, fear a bhfuil airgead aige!”
“Níl a fhios agam fé san anois, a Aodh!”

Cé nár mhórán suime i gcarranna a bhí ag Aodh, bhuail smaoineamh i dtobainne é go raibh aige tuilleadh spéise a léiriú i gcarr Alastair óir ba charr nua é agus ba dhuine é Alastar a bhí mórálach as carranna.
“Sid é an chéad charr nua atá feicthe i mbliana agam,” arsa Aodh, é ag stopadh ina bhealach agus ag dearcadh siar.

Ní dhearna Alastar ach a shainmheangadh.

“Bhuel, go maire tú é, a Alastair!”

Faoi nach raibh Aodh cinnte cén déanamh cairr a bhí ann agus nár theastaigh uaidh sin a ligean air d’Alastar shiúil sé ar ais arís agus timpeall nó go bhfaca sé an déanamh a bhí scríofa air. Opel Frontera. Roth mór breise greamtha go tóstalach dá chúl. É téagrach, ard, cumhachtach.

“Frontera! Four-wheel drive?” ar sé.

Frontera! Ba bhreá an t-ainm é.

“Ionsaí ar chríocha inti sin, a Alastair, a dheartháir. Í sin chomh tréan le bulldozer!”

Na busanna turasóireachta a théadh siar thar an teach acu féin fadó, a meabhraíodh d’Aodh. É féin is a mháthair ina seasamh sa tsráid ag breathnú le halltacht ar na busanna údaí. Iad ag samhlú airgid leo seo a bhí sna suíocháin. Siar Dúiche Sheoigheach go dtí an fharraige, a deireadh a mháthair. Na daoine saibhre sin, chroithidís a lámha leo. Iadsan ag croitheadh a gcuid lámh ar ais leosan. A mháthair ag rá go mbeidís sin ag caitheamh dinnéir thiar in óstán galánta agus go mbeidís ina dhiaidh sin ag tógáil aeir ar an trá. Dúirt sí go mb’aoibhinn léi féin a dhul siar go luath ar maidin, an lá a chaitheamh thiar, agus a theacht aniar arís tráthnóna.
“SUV!” arsa Aodh. “An ‘C’ go mórálach agat uirthi ar chuma ar bith, a Chorcaígh, a mhic!”

Meangadh neafaiseach, mar dhea, ar ghnúis Alastair. Caithfidh go raibh tú ag feitheamh le breith ar chéad bhradán na bliana? É geafáilte le laethanta agat, is dóigh? A mheangadh beag neafaiseach arís ar Alastar.
“Ceithre bliana déag i mbliana atá mo charrsa!” arsa Aodh. “Dáiríre píre, cuma liomsa cén carr ach í a bheith in ann imeacht!”
“Mise mar an gcéanna!” arsa Alastar.

“Mise mar an gcéanna!” Ní raibh sin. D’athraigh Alastar a charr agus a phort de réir an té a raibh sé ag caint leis.

“Imrímse an diabhal ar mo charr,” arsa Aodh, “faoi go dtógaim ins chuile chineál bóithrín í.
Mise mar an gcéanna!” arsa Alastar.

An “mise mar an gcéanna” sin arís! Níl tú ná é, a bhuachaill.

Cúram, sin é do shainmharcsa. Mise mar an gcéanna!

B’fheasach do chlabairí an domhain nár mhar a chéile.

“Chuile chineál bóithrín dhá chaoile!”

“Mise mar an gcéanna!” “Driseacha, sceacha, clocha géara!” “Mise mar an gcéanna!”

Ó, a Mhuire Mháthair! A Alastair Acmhainnigh, má théann tusa ar bhóithrín caol cam is i gcarr duine éigin eile é!

DIALANN MO MHÁTHAR:

Lánúin óg, Péarla agus Sylvester, a dteipeann ar a bpósadh, atá á gcíoradh sa saothar seo. Is í a n-iníon Éabha reachaire an scéil, ámh, í ag baint adhmaid as dialann de chuid a máthar a dtáinig sí uirthi in áiléar an tí, blianta fada théis dá máthair, a bhásaigh go hóg, a bheith ar shlí na fírinne. Fillte in éadach uaine, leagtha sa chúinne is cúlráidí den teach, is cinnte go mbaineann an t-ábhar sa dialann stangadh as Éabha. Deireann léitheoirí áiride gur leabhar dorcha é seo. Cé nár bhreathnaigh mé féin riamh air mar sin, caithfidh go bhfuil blogh maith den fhírinne ina mbreithmheas arae siúráilte is scéal brónach é. Scéal faoin saol réalach, mar atá agus mar a bhí, cé gur coinníodh claibín an iomarca air mar go raibh dlíthe an ama in Éirinn róbhorb lena chraobhscaoilfí go hard. Pósadh idirchreidmheach a bhí anseo chomh maith, gné a chothaigh deacrachtai dá chuid féin. Is cinnte go dtráchtar anseo ar fhulaingt is ar bhriseadh croí.

Is cinnte, ar aon chaoi, nach raibh súil ar bith aici leis an eachtra a tharla cúpla mí níos deireanaí. Mí Mheán an Fhómhair, Mamó is mo Deaideo ar saoire i bhfad ó bhaile, i dTír na Gréige, gur nochtaigh m’athair do mo mháthair bean eile a bheith aige. Bí ag caint ar stangadh, ar smíste sa phus! Gurbh in mar a a chuir mo mháthair é. Cé go n-abraíonn sí, nár baineadh aon phreab láithreach aisti ach í ar nós duine a dtabharfaí buille d’ord sa chloigeann dó; gur fágadh a meabhair chomh doiléir sin. Gur cuimhneach léi ag coisíocht sall is abhus; ciúin, ag iarraidh tuiscint a bhaint as a raibh ráite ag a fear. Sa chistineach a bhíodar, m’athair ina shuí, muide, gasúir, ag spraoi sa seomra suite; é molta ag m’athair do mo mháthair, sular nochtaigh sé tada di, go raibh aici bualadh fúithi faoi go raibh scéal tromchúiseach le n-inseacht aige.

‘Bainfidh seo cliseadh asat,’ ar sé.

‘Abair leat!’ ar sise.

‘B’fhearra dhuit suí,’ ar sé arís.

Shuigh sí. Murach na gasúir a bheith in aice láimhe, a scríobh sí, bheadh sí ag ceapadh go mba dhrochnuaíocht faoi dhuine éigin againne é. An donacht air féin, ab ea? Pé ní eile é, ar sí léi féin, is mór an mhaith nach aon duine de na gasúir é, dá olcas an scéal seo thiocfadh leis a bheith níos measa, tiocfaidh muid as! Gur chuimhnigh sí ar a tuismitheoirí ansin.

– Mamó is Daideó - arbh aon bharr drochnuaíochta fúthusan é? Gur bhain timpiste sa Ghréig dóibh? Cé nár mhóide gur ag Sylvester s chuirfí an scéala! Níor bhain a fón, ar bhain? Cibé cár fág sí a fón?

‘Níl a fhios agam cén chaoi leis seo a chur,’ arsa m’athair, ag fuirseadh sa chathaoir dó.

Ach go mba é an siar is aniar seo a ghnáthbhealach seisean mura raibh sé le fogha díreach a thabhairt. ‘Theastaigh uaim seo a rá leat le tamall,’ ar sé, ‘ach chinn orm.’

(Lgh 91-93 in Dialann mo Mháthar, 2018)

Pádraic Breathnach

Is scríbhneoir é Pádraic Breathnach