Anois ar imeacht an tsamhraidh ...

Anois ar imeacht an tsamhraidh ...

D’fhéadfadh go bhfillfidh páirtithe an Rialtais ar a ndúchas i ndiaidh an tsamhraidh, a deir Eoin Ó Catháin

Chuaigh an Dáil ar scor an mhí seo caite agus faoi láthair tá polaiteoirí fud fad na tíre ag ligean a scíthe agus ag déanamh neamhaird den siar agus aniar polaitiúil a choinnigh muid ag caint ó thús na bliana.

Agus an t-alt seo á scríobh agam, tá Sabina Higgins, bean an Uachtaráin, go mór i mbéal an phobail mar gheall ar litir dá cuid a foilsíodh ar shuíomh an Uachtaráin inar mhol sí don Úcráin agus don Rúis dul i mbun idirbheartaíochta le theacht ar shos cogaidh – seasamh nach dtacaíonn an rialtas nó an Roinn Gnóthaí Eachtracha leis.

Déarfainn féin gur iomaí osna faoisimh atá ligthe le seachtain anuas ag lucht Thithe an Rialtais go bhfuil aird an phobail – agus tráchtairí polaitíochta - ag díriú ar Áras an Uachtaráin seachas ar Theach Laighean na laethanta seo – go háirithe i ndiaidh an dá shamhradh deacair atá curtha tharstu acu.

Le dhá bhliain anuas, chuaigh rudaí go tóin poill le linn an tsosa – d’fhreastail polaiteoirí agus daoine mór le rá ar dhinnéar a bhí eagraithe ag Cumann Gailf Thithe an Oireachtais ar an gClochán mí Lúnasa 2020 – rud a chuir deireadh le haireacht Dara Calleary agus le Coimisinéireacht Eorpach Phil Hogan. Anuraidh, tháinig sé chun solais go ndeachaigh an t-iar aire leanaí Katherine Zappone i mbun feachtais chun ról a fháil mar Thoscaire ar na Náisiúin Aontaithe agus ba léir go raibh an rialtas sásta í a cheapadh sa ról go dtí gur tarraingíodh an oiread sin clampair faoin gceapachán agus faoin bhfabhar a bhain leis, dar le go leor daoine.

I mbliana, go dtí seo, tá éirithe leo an cloigeann a choinneáil síos - agus is cosúil go bhfuil ciall cheannaithe ag polaiteoirí an chomhrialtais. Nuair a bhí astaíochtaí carbóin na hearnála talmhaíochta á bplé le déanaí, níor sheas aon pháirtí comhrialtais siar go dtí gur thángthas ar chomhréiteach. Nuair ba chosúil go raibh teipthe ar cheannairí an chomhrialtais sprioc a bheadh sásúil do lucht na feirmeoireachta agus lucht na haeráide a bhaint amach - dúshlánach go maith – bheartaigh an rialtas leanúint leis na cainteanna. B’fhéidir gur thuig siad nár cheart an comhghéilleadh a chur ar an méar fhada ar fhaitíos go dtabharfadh sin deis eile don fhreasúra an t-easaontas inmheánach - nó marbhántacht – a cháineadh.

Ar ndóigh, tá sé thar am ag an rialtas ciall a bheith acu.

Giniúint aisteach a bhí ag an Rialtas céanna - trí pháirtí ag teacht le chéile i lár paindéime - páirtí amháin díograiseach (Fianna Fáil), páirtí eile amhrasach (an Comhaontas Glas) agus páirtí eile i ndeireadh na feide (Fine Gael).

Bunchloch a bhunaithe ná a chinntiú nach mbeadh cumhacht ag Sinn Féin. Is ag dul ó mhaoil go mullach atá siad ó shin: an ghéarchéim sláinte, an ‘Nollaig mhór’ nach raibh ach an teip i ndán di, frustrachas an phobail agus briseadh na foighne ar chách.

Cuireadh fáilte chroíúil roimh mhaolú na srianta. Chomh luath is a thuig an rialtas go raibh an t-athraitheach ba choitianta den víreas corónach i bhfad níos laige ná na ráigeanna a tháinig roimhe, chuir siad fuadar faoin athoscailt dheireanach – agus bhí siad ag súil le leas polaitiúil a bhaint as. Is minic a bádh bád taobh le cuan, áfach. Má bhí áthas ar an bpobal, níor mhair sé i bhfad – chuir díocas an phobail le hairgead a chaitheamh i ndiaidh na dianghlasála brú ar an slabhra soláthair, thug an Rúis fogha faoin Úcráin ag deireadh mhí Feabhra na bliana seo agus ardaíodh costais fuinnimh dá bharr. Ba léir nach raibh an córas eacnamaíochta domhanda in ann smacht a fháil ar an ráta boilscithe.

Tá comharthaí beaga na míshástachta ag teacht chun cinn níos minice agus níos minice. Ní haon iontas go bhfuil polaiteoirí sásta lena sos agus imeacht ó na ceannlínte nuachta ar feadh píosa.

Tá síolta na míshástachta curtha san earrach, mar sin, ach céard a bhainfear san fhómhar?

Tá foláireamh tugtha ag an Aire Airgeadais ciallmhar stuama Paschal Donohue go mbeidh an geimhreadh seo ‘dúshlánach’, agus an ráta úis ardaithe den chéad uair le hos cionn deich mbliana. Níl an tsaoirse chéanna ag an rialtas airgead a chaitheamh le gaoth in iarracht fadhbanna a leigheas is a bhíodh. Tá faitíos ar an Eoraip go gcuirfidh an Rúis deireadh le soláthar gáis sa gheimhreadh – rud a fhágfas muintir na hEorpa sa bhfuacht, gan aon áibhéil a dhéanamh den scéal. Tá pleananna práinne dréachtaithe anois ag an gCoimisiúin Eorpach d’fhonn an úsáid a bhaintear as gás Putin a laghdú ar an mór-roinn – plean ar glacadh go doicheallach leis i bpríomhchathracha an Aontais. Gearrfar siar ar úsáid leictreachais, beidh éileamh níos mó ar pé gás a bheas ar fáil dúinn agus ardófar praghsanna dá bharr.

Tuigeann na polaiteoirí atá i gcumhacht go mbeidh an pobal spréachta leo, ach níl an dara rogha acu ach glacadh leis an bhfearg seo.

Tá na mílte teifeach ón Úcráin ag teacht chugainn seachtain i ndiaidh seachtaine, agus tá laigí an chórais tithíochta léirithe go soiléir. Bhí ar Úcránaigh agus teifigh eile fanacht in ionad sealadach san aerfort agus i bpubaill mhíleata i mBaile Mhic Gormáin fad is a chuaigh an Stát ag lorg lóistín dóibh le linn an tsamhraidh. Spéisiúil go leor, cé gur mhaith le muintir na hÉireann go gcuirfí fáilte roimh na teifigh atá ag éalú ón gcogadh, thug móramh ollmhór le fios i bpobalbhreith a rinneadh an samhradh seo go bhfuiltear den tuairim gur cheart go mbeadh teorainn áirithe i gceist. Céad míle fáilte (bhuel, go pointe).

Níor ghlac an rialtas leis seo, áfach, agus go dtí seo is beag cáineadh atá déanta ag lucht an fhreasúra faoi sheasamh an rialtais ar an gceist. Ach an athróidh daoine nó polaiteoirí a n-intinn i bhfuacht an gheimhridh, go háirithe má chuirtear tuilleadh brú ar sheirbhísí poiblí?

Mar bharr ar an donas, níl cúrsaí thar mholadh beirte lenár gcomharsa béal dorais ach an oiread. Tá rás cheannaireacht na gCaomhach faoi lán seoil faoi láthair agus an bheirt iarrthóirí, Rishi Sunak agus Liz Truss, i mbun géar-íomaíochta, is cosúil, féachaint cé acu is chuirfidh na polasaithe is áiféisí faoi bhráid bhaill an pháirtí. Toghfar an chéad cheannaire eile mí Mheán Fómhair agus tá an domhan is a mháthair ag tuar gurb í Liz Truss a bheidh ann. Bhí Truss ina ceannaire ar chumann na Lib Dems san ollscoil go dtí gur bheartaigh sí gur coimeádach a bhí inti. Throid sí i gcoinne an Bhreatimeachta roimh an reifreann ach tá sí anois i bhfabhar an Bhreatimeachta. Is crua an iomaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann. Theastaigh uaithi deireadh a chur leis an Teaghlach Ríoga ach tá sí anois ag súil lena cruinniú míosúil leis an mbanríon.

Tá ráite ag Truss nach ngéillfeadh sí ar cheist Phrótocal Thuaisceart Éireann - ise a chuir an t-athrú conspóideach sa bPrótacal os comhair Pharlaimint na Breataine – agus tá caint ann go gceapfaidh sí Sir David Frost (Frosty the No-Man, mar a tugadh air san Eoraip) ina Cheann Foirne amach anseo.

Beidh ualach mór oibre ar thaidhleoirí na hÉireann agus ar an gCoimisiún Eorpach más leo an Comhaontú Breatimeachta a tharrtháil. Mura n-éiríonn leo, is cinnte go gcuirfeadh sin tuilleadh brú ar gheilleagar agus ar mhuintir an oileáin seo.

Ní bhíonn in aon rud ach seal agus tá athrú ollmhór i ndán dúinn i saol na polaitíochta abhus chomh maith. Mí Nollag na bliana seo, tiocfaidh Leo Varadkar, ceannaire Fhine Gael i gcomharbacht ar Mhicheál Martin ó Fhianna Fáil agus cuirfidh ceannaire Fhine Gael tús lena dhara tréimhse mar Thaoiseach. Tuigtear chomh maith go bhfuil airí nua le ceapadh – agus go bhfágfar slán le hairí eile.

Tá meon agus cur chuige difriúil ag Leo Varadkar – agus ní fios go fóill cé chomh compordach is a bheas muintir Fhianna Fáil leis mar Cheannaire an Rialtais. Ba mhinic le dhá bhliain anuas gur chuir Varadkar isteach ar Fhianna Fáil - mhothaigh go leor polaiteoirí gur ag tochras ar a cheirtlín féin a bhíodh sé go minic. Nuair a bhí dea-scéal le fógairt bhí sé breá béalscaoilte ach nuair a bhí drochscéal le roinnt leis an bpobal fágadh an cúram sin ar Mhicheál Martin. Lena cheart a thabhairt do Varadkar, sheas sé taobh leis an Taoiseach ag gach preas-ócáid dhuairc ag ar fógraíodh go raibh tuilleadh srianta poiblí á gcur i bhfeidhm, ach toisc nárbh eisean an Taoiseach níor cuireadh an milleán air.

Tá Varadkar éagsúil ar bhealach amháin eile – tuigeann sé conas aird na meán a tharraingt. Bíonn sé ag súgradh leo mar a bheadh cat le luch. Ní bhíonn aon drogall air abairt spraíúil a thabhairt d’iriseoirí mar léargas ar cheist achrannach nó ar thuairimíocht an rialtais agus barántas aige go mbeidh sé sna ceannlínte an mhaidin dár gcionn.

Ní sheasann Varadkar siar ón gcoimhlint pholaitiúil ach oiread – mar a chonaic muid go rialta le linn díospóireacht na gceannairí. Níor chuir sé aon fhiacail ann agus Sinn Féin, an céile comhraic is mó dá bhfuil fuath ag Fine Gael, á ionsaí aige. Bíonn nimh ann nuair a bhíonn Fine Gael agus Sinn Féin ag díospóireacht lena chéile – feictear dom go measann an dá dhream go gcabhraíonn sé leo le tacaíocht a mhealladh. An script - bíonn Sinn Féin ag labhairt ar son na cosmhuintire agus i gcoinne na ngnólachtaí a mbíonn Fine Gael ag tindeáil orthu. Ar an lámh eile - tá an córas polaitiúil agus tráchtála reatha faoi bhagairt ag Sinn Féin agus is iad Fine Gael amháin atá sásta é a chosaint agus deiseanna a thabhairt d’oibrithe díograiseacha na hÉireann.

Agus Leo Varadkar ina Thaoiseach, beidh achrann agus easaontas níos coitianta i Seomra na Dála, agus beidh lucht polaitíochta na tíre in adharca a chéile níos minice. Beidh tionchar aige sin chomh maith ar an bpobal – i mbliain a bhí chomh corraitheach go dtí seo, an dtaitneoidh an troid leo?

Ar ndóigh, ní féidir labhairt ar an rialtas atá againn gan labhairt ar Shinn Féin.

Tháinig Mary Lou McDonald agus a comhghleacaithe aniar aduaidh ar go leor nuair a ghnóthaigh siad vóta ollmhór sa toghchán in 2020. Go deimhin, tháinig an vóta mór sin aniar aduaidh ar chuid dá bpolaiteoirí féin. Tháinig go réidh do Shinn Féin a bheith ar an bpríomhpháirtí sa fhreasúra, agus is ag dul ó neart go neart atá siad ó shin.

Má bhíonn muintir na Breataine míshásta leis an rialtas, impíonn siad ar an Tory is gaire dóibh litir mhímhuiníne a scríobh faoi pé Tory atá ina P(h)ríomh-Aire ag an am. Má bhíonn muintir na Fraince míshásta lena gceannairí, téann siad ar stailc. Má bhíonn muintir na hÉireann míshásta, cuireann siad glaoch ar Joe Duffy nó insíonn siad do Ipsos/MRBI go gcaithfidh siad vóta ar son Shinn Féin sa gcéad olltoghchán eile. Tá Sinn Féin ag sciobadh vótaí ó gach aon pháirtí anois - ciallaíonn sé sin go bhfuil cloch sa mhuinchille dóibh ag gach páirtí eile.

Níos deireanaí sa mbliain, tosóidh polaiteoirí ag smaoineamh go dáiríre faoin gcéad olltoghchán eile. Tarlaíonn sin go nádúrtha, ar nós teacht agus imeacht na taoide. Bíonn sé i bhfad níos éasca an saol a thuiscint nuair atá toghchán ar na bacáin. Baineann contúirt leis seo, áfach. Go dtí seo, bhí comhoibriú de shaghas éigin i measc pháirtithe an chomhrialtais – mar a chonaic muid sa díospóireacht talmhaíochta. D’éirigh leo sa deireadh teacht ar chomhréiteach. Tuairiscítear go réitíonn ceannairí na bpáirtithe go han-mhaith le chéile - rud a chuir iontas orthu triúr.

Is dóigh liom, áfach, go gcuirfidh na rudaí atá luaite agam go dtí seo isteach ar sheasmhacht an rialtais sna míonna atá amach romhainn. Déanfar dearmad ar an gcairdeas agus fillfidh na páirtithe ar a ndúchas. Cuirfear brú polaitiúil orthu – beidh ar an rialtas an tír a rialú agus iad faoi scáth an chúlaithe eacnamaíochta agus míshástacht an phobail. Beidh Sinn Féin ag dó na geirbe acu ar fad, agus tiocfaidh siad ar an tuiscint nach mbeidh an oiread sin suíochán Dála ann do bhaill an chomhrialtais, agus gur namhaid seachas comhghleacaí Teachtaí Dála eile an rialtais dá bharr.

Is ansin a thosós an cluiche i gceart – agus nach againn ar fad a bheas an spraoi ag féachaint air.