Sleachta as Comhar
Donncha Ó hÉallaitheSleachta as Comhar – eagráin mhí Eanáir leis na blianta Donncha Ó hÉallaithe
1946
In eagrán Márta 1944 cuireadh dán leis an bhfile Seán Ó Riordáin i gcló i gCOMHAR den chéad uair, i bhfad sula raibh a thábhacht mar fhile nua aitheanta. Seanlitriú dá ainm Seán Ó Ríoghbhardáin a d’úsáid sé i dtosach. Ar chúis éicint, botún eagarthóireachta, ní raibh ainm Sheáin curtha leis an dán seo thíos ach ba é a chum
AN DOIRCHEACHT
Ag luighe dhom im’ leabaidh anocht
Is daille na h-oidhche ar mo shúilibh,
Smaoiním gan feirg gan tocht,
Gan oiread is deór ar mo ghruadhnaibh,
Ar na soillse do mhúchadh im’ shaoghal:
Gach solas dár las ann do mhúchadh
Le tubaist do-chreidte do shéid
Mar an ghaoth so ag béicigh im’ chluasaibh.
Is ait liom gur mise an té
A chaill gach aon dóchas a fuair sé,
Is ait liom go rabhas-sa indé
Go dóchasach aindeis im’ bhuachaill,
Ach tá an doircheacht codladhtach séimh,
Níl cúram ar bith ar mo shúilbih,
Is ní saoire na buile an ghaoth
Ná an té tá gan solas le múchadh.
1955
Cur síos atá san alt thíos ar Éirí Amach a bhí in Iarthuaisceart Mhaigh Eo i lár na gcaogaidí, scríofa ag an múinteoir áitiúil Harry Ó Corrduibh (1914 - 1982). Ag an am ní raibh aon áisíneacht stáit ag plé leis an nGaeltacht. Go gairid ina dhiaidh sin bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956 agus Gaeltarra Éireann i 1958. Bhí Harry páirteach sa bhfeachtas, gan na cánacha bóthair ná rátaí a íoc le Comhairle Chontae Mhaigh Eo, mar geall ar dhrochstaid na mbóithre i gceantar Cheathrú Thaidhg/Ros Dumhach. Cuireadh Harry sa bpríosún mar nach raibh cáin íoctha aige ar a charr .
NÍ ÍOCFAR RÁTAÍ NÁ CÁNACHA
I nGAELTACHT MHAIGH EO ANNRAOI Ó CORRDUIBH
Sa gcoirnéal thiar thuaidh de Chondae Mhuigheó ar bhord na fairrge tá Gaeltacht bheag dhearóil anróiteach suite. Fíor-annamh a chloistear rud ar bith fén nGaeltacht seo - tá daoine sa tír nach bhfuil fhios acu go bhfuil a leithéidí ann ar chor ar bith.
Timpeall 1,400 duine atá san áit seo uilig. Tá trí scoil, trí oifigí poist agus teach pobail amháin ann. Léitear Aifreann gach Domhnach agus lá saoire i scoil amháin san gceantar seo - scoil Cheathrú Thaidhg.
Na trí príomhbhailte atá ann – Ros Dumhach, Ceathrú Thaidhg agus Port Urlainn...
Deighilte Amach
Cuirim ceist oraibh - cén chaoi a maireann muintir na Gaeltachta seo? Inseoidh mé an méid seo daoibh - chomh beag an dole agus airgead na Gaeilge agus allúntaisí na bpáistí dheamhan go leor cuma a bheadh ar an gcuid is mó acu. Agus ar ndóigh dá mbeadh siad i muinín an méid sin ann fhéin bheadh ocras go minic orthu, bíodh siad buíoch go bhfuil Sasana in ann saothrú a thabhairt dhóibh. I gceantar scoile amháin níl ach an 1/6 de na scoláirí fágtha anois i ndiaidh an méid imirce a rinneadh le suim bhlianta anuas. Tá an chuid eile acu sa gcoigrích - cuid i Meiriceá agus cuid eile acu i Sasana.
Ní hionadh ar bith é go bhfuil an scéal seo amhlaidh mar níl saothrú fónta le fáil acu sa mbaile. Dá mbeadh bóithre á ndéanamh agus á ndeasú thabharfadh sé sin saothrú do chuid mhaith acu. Níl oiread agus bóthar amháin tarráilte san áit. Na bóithre atá ann bheadh drochmhisneach ar dhuine a chairt agus a bheithíoch a chur orthu. Ní féidir siúl fhéin i gceart orthu gan easonóir mhór. Tá na bóithrí chomh holc sin is nach féidir an mhóin a thógáil as an áit...
Agóid
Cuartaíocht agus imirt chártaí is mó a bhíonn ag na daoine mar chaitheamh aimsire. Bíonn an t-aos óg ar na bóithrí agus cé thógfadh orthu é - níl faiche imeartha ná pictiúirí ná rud ar bith eile dá leithéid acu. Níl siad ach a’ fanacht le teacht in aois le himeacht go Sasana nó go Meiriceá...
Timpeall mí ó shin tháinig na daoine le chéile go borb feargach i halla beag sa Ros lena gceist a phlé go hoscailte agus i dteannta a chéile.
Bhíodar go léir ar aon fhocal nach ndearna Rialtas ar bith a bhí ann le deich mbliana fichead rud ar bith fónta dóibh. Dúradar go raibh siad tuirseach de gheallúintí lucht polaitíochta agus go raibh sé thar am acu féin buille a bhualadh ar son a gcirt. Bhíodar toilteanach a dhul go príosún lena gceart a fháil dá mbeadh orthu a leithéid a dhéanamh. Tá daoine beo sa gceantar go fóill a bhfuil cuimhne acu ar éirí amach den chineál seo a rinneadh trí scór go leith bliain ó shin. Ins an scliúchas sin maraíodh triúr - beirt fhear agus bean, ach b’fhéidir le cúnamh Dé nach dtarlóidh a leithéid arís......
Níor mhór theacht i gcabhair ar an áit nó ní bheidh scór duine ann i gceann suim eile blianta. Tá na daoine á tréigean chuile lá mar níl i ndán dóibh san gcoirnéal uaigneach seo ach bata is bóthar.
Má tá rialtas na tíre seo i ndáiríre faoi athbheochaint na Gaeilge agus slánú na Gaeltachta tá sé in am acu toisiú lom láithreach, sé sin mura bhfuil siad ach a’ cur i gcéill. Ná bíodh siad a’ cur dalladh mullóg ar na daoine.
Agus an t-am chuige - b’fhéidir gur fearr go mall ná
go brách.
1964
Cuireadh pleananna le chéile anois is arís le cainteoirí Gaeilge a thabhairt le chéile in eastáit tithíochta do Ghaeilgeoirí: Gaeltacht chathrach a chruthú. Níor éirigh le haon scéim den chineál seo seachas le scéim a bunaíodh i mBéal Feirste ar Bhóthar Sheoighe sa bhliain 1969.
Bhí plean uaillmhianach ann sna 1920idí le Gaeltacht a chruthú ar an taobh thuaidh de Chathair Bhleá Cliath, i gceantar Dhroim Conrach. Bhí sé i gceist 80 teach do Ghaeilgeoirí, chomh maith le séipéal, dhá scoil, páirc imeartha agus halla a thógáil ar shuíomh a bhí faighte ‘mar bhronntanas ó Choimisinéirí na Cathrach’.
Is ag Seán Ó Cuill (1882-1958) a bhí an smaoineamh. B’as Cúil Aodha do Sheán, a bhí ag obair leis an státseirbhís ag an am. Bhailigh sé roinnt daoine eile le chéile chun an Ghaeltacht Chathrach a bhunú. Cláraíodh Nua-Ghaeltacht Átha Cliath Teo le Oifig na gCumann Carthanachta. Tógadh roinnt tithe, deich dteach mar thús, ach thit an plean as a chéile. San alt seo i gComhar tá cur síos cuimsitheach ar ar tharla.
PÁIRC NA GAELTACHTA
AODH Ó CANAINN
TÁ SÉ INA SCÉAL coiteann anois go bhfuiltear le eastát beag tithe do Ghaeilgeoirí a bhunú i mBéal Feirste agus tá dream daoine i gCorcaigh ag plé na ceiste céanna le tamall. Tá caint ar phlean eile i mBaile Átha Cliath nach bhfuil ar aon dul leis an dá áit eile ach a bhfuil a mhacasamhail de chuspóir aige - daoine atá ag tógáil clainne le Gaeilge a bheith ina gcónaí in aice a chéile....
Trí mhíle amach ó lár Bhaile Átha Cliath ar an taobh ó thuaidh tá ceantar ar a dtugtar Gaeltacht Park. Ní hé sin an t-ainm atá scríofa ar an chomhartha sráide áfach ach Bóthar Uibh Laoire. Tugtar Gaeltacht Park ar an áit i gcuimhne an lae úd fadó a chuir Risteard Ó Maolchatha tús le sraith tithe ar cheart dó a bheith ina Ghaeltacht faoin am seo dá n-éireodh leis mar a ceapadh san am...
Bheadh tithe le fáil ag lánúna agus ag daoine singil ach dá bpósfadh duine singil duine gan Ghaeilge chaithfeadh sé an teach a thabhairt ar ais don chumann taobh istigh de ráithe agus thabharfaí ar ais dó pé airgead a bhí díolta aige. Níor deineadh dhá leath de riail na Gaeilge; ní bheadh cead Béarla a labhairt le duine ar bith - le comharsa fiú amháin - ar láthair an bhaile Ghaelaigh.....
Go luath i 1929 bhí na tithe ullamh ach ní dheachaigh na daoine isteach iontu go dtí an samhradh. I rith an ama bhí ag teip ar an choiste custaiméirí a fháil don deich dteach ar fad. Cheana féin bhíothas ag loiceadh agus bhí baol ann go bhfágfaí tithe ar lámha acu gan díol. Ar dtús nuair a tharraing daoine siar fuarthas Gaeilgeoirí eile chun dul ina n-áit ach sa deireadh tugadh tithe do dhaoine nach raibh Gaeilge ag a gclann agus i gcás amháin do chlann nach raibh Gaeilge ag duine ar bith acu....
Sa bhliain 1934 tosaíodh ar ghnáth-eastát tithe a thógáil ar an talamh a bhí in áirithe don Nua-Ghaeltacht. Baisteadh ainmneacha ar nós Bóthar Uibh Laoire, Bóthar Inis Meáin ar an eastát nua ach b’shin a raibh de bhlas na Gaeltachta air....
Inniu tá Gaeilgeoir amháin den seandream san áit. Ar theip ar an iarracht? Sílim go raibh toradh na hiarrachta i bhfad faoi bhun an rud a raibh súil ag daoine leis. Ba mhisniúil an dream iad ach ba thruamhéileach mar scéal é. Níl a fhios agam an é gur thosaigh siad róluath nó an raibh siad ródhóchasach ach sílim gur fearr an seans a bheadh ag a leithéid inniu.
Ná cuireadh sé drochmhisneach ar lucht na scéimeanna nua. Má tá ceacht le foghlaim as, bíodh.
1994
Eagrán téagartha a foilsíodh in Eanáir na bliana 1994, le béim mhór ar chúrsaí reatha agus ar cheist na Gaeilge. Foilsíodh ‘100 Bliain ag Fás?’ léacht a thug Gearóid Denvir ag Oireachtas na Gaeilge 1993, ina ndéantar cíoradh cuimsitheach ar stair na hAthbheochana agus ar an aisling ba chúis le bunú Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1893. Tá alt cuimsitheach ann chomh maith dar teideal ‘GAELPHOBAIL: AN DARA CÉAD AGUS AN DARA hALIYAH’ le Pól Breathnach a thugann le fios gur theip ar aisling na hathbheochana agus nach raibh i gComóradh an Chéid ag Conradh na Gaeilge ach ‘réamhléiriú ar thórramh agus sochraid na Gaeilge’.
Ach bhí ábhar dóchais san eagarfhocal sa mhéad is go raibh an chuma ar an scéal go mbeadh cur chuige nua i leith na Gaeilge ag an Aire Micheál D. Higgins, a raibh cúrsaí Gaeltachta, Gaeilge chomh maith leis na Meáin faoina chúram. Creideadh go raibh seans láidir ann go mbunófaí faoi dheireadh TnaG, rud a tharla i 1996.
Micheál D: Scuab Nua do 1994?
D’ainneoin ionsaithe binbeacha naimhde na Gaeilge ar Theilifís na Gaeilge, tá soláthar £9m déanta le haghaidh na seirbhíse nua i 1994 (£6m de sin le bheith mar chostais chaipitiúla tionscnaimh). Tréaslaímid leis an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, Micheál D. Ó hUigínn TD, an méid sin a bheith bainte amach aige agus ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, Baile na hAbhann/An Tulach a roghnú le bheith mar cheanncheathrú Theilifís na Gaeilge.
Bhí an baol ann i gcónaí go mbunófaí an tseirbhís i gceann de na Gaeltachtaí-in-ainm úd a mbeadh buntáistí áirithe bonnstruchtúir ag roinnt leo agus a mbeadh clabhta láidir polaitiúil acu. Ach sa mhéid is gur léir go n-aithníonn an tAire an tábhacht a bhaineann le ethos lánGhaelach a bheith ag an stáisiún ón tús, aitheantas ar údar misnigh agus dóchais ann féin é, níor ghéill sé don bhrú úd......
Ach d’ainneoin na n-ionsaithe ar fad, tá tugtha le fios ag an Aire nach bhfuil aon dul siar ar an gcinneadh atá déanta ag an Rialtas TnG (sic) a bhunú agus go mbeifear ag dul ar aghaidh láithreach leis na socruithe cuí chun an stáisiún a chur ar a chosa. Ba bheag scéal a thug oiread sin ugach do phobal na Gaeilge le tamall fada anuas. Is cinnte go gcuirfidh sé beocht úr i saol phobal na Gaeilge, saol atá éirithe seirgthe stálaithe le tamall anuas agus a bhfuil athruithe ó thalamh aníos de dhíth go géar air.
Is údar misnigh é fosta go n-aithníonn an tAire seo cuid mhór den “chur i gcéill” a bhaineann le cuid de na heagraíochtaí Gaeilge, go bhfuil práinn le hathstruchtúrú bunúsach agus go bhfuil sé thar am ag cuid de na dineasáir (ár dtéarma), a bhfuil greim acu ar na heagraíochtaí céanna, imeacht agus an bealach a fhágáil oscailte do ghlúin nua Gaeilgeoirí.....
Is maith linn go bhfuil tuiscint úr do shaol na Gaeilge ag Micheál D. Ó hUigínn. D’fhéadfadh tréimhse spéisiúil a bheith i ndán dúinn faoina Aireacht seisean agus beimid ag faire le spéis i rith 1994 ar an gcinnfidh sé dreach níos folláine a chur ar shaol na Gaeilge. Má tá scuab nua chugainn, fáiltímis roimpi...
Donncha Ó hÉallaithe