IDIRNÁISIÚNAÍ GAELACH

‘Arm intinne’ ag Breandán Ó Doibhlin ab ea an Ghaeilge agus an Fhraincis araon, a deir Éamon Ó Ciosáin

Ceapadh Breandán Ó Doibhlin ina ollamh le nuatheangacha i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, i 1958. Bhí céim sa diagacht ón Róimh aige agus deascán de theangacha na mór-roinne tugtha leis aige faoin am sin. Níorbh ollamh le Fraincis amháin a bhí ann, de réir a theidil: bhí leithead ina chuid léinn agus fairsingeacht ina thuiscint ar chúrsaí cultúir, mar atá a fhios ag duine ar bith a chaith tamall ina chomhluadar. Thug sé ‘arm intinne’ ar theanga na Gaeilge (leasú ar ‘arm aigne’ an Athar Peadar?). Ba ansa leis an Fhraincis mar arm intinne chomh maith agus tharraing sé an dúrud smaointe as a theagmháil le litríocht, saíocht agus teanga na Fraince.

D’insíodh sé féin scéal faoi mar a chuir litríocht na Fraince cor ina chinniúint féin. Ina chléireach óg i Maigh Nuad, rugadh air ag léamh leabhar as Fraincis. Leabhar neamhurchóideach le Alphonse Daudet a bhí i gceist, ag am a raibh cosc ar léamh úrscéalta agus litríocht shaolta, agus drochamhras ar an té a bheadh tugtha dá leithéid. D’fhág sé Maigh Nuad agus chuaigh chun na Róimhe, le tacaíocht a easpaig, a deireadh sé, lena chúrsa léinn a chríochnú ann. Shúigh sé isteach teangacha agus saíocht Mhór-Roinn na hEorpa le linn dó a bheith ann.

Thug sé an chreach intleachtúil sin abhaile go hÉirinn agus chaith sé dúthracht á roinnt ar a chuid mac léinn agus a chuid léitheoirí. Mar dhlúthchuid d’oidhreacht agus de chultúr beo na hEorpa a dhearc an Doibhlineach ar an bhFraincis – agus ar an nGaeilge. Chreid sé go láidir i bhfís Eorpach, Eoraip a raibh Éire Ghaelach ina lánchuid di riamh, go háirithe an tréimhse a raibh Éireannaigh scaipthe ar fud na mór-roinne agus coláistí acu sa bhFrainc agus i gcríocha eile. As an tuiscint sin a tháinig an obair mhór a rinne sé le Coláiste na nGael i bPáras a athoscailt.

Mar fhianaise ar a thiomantas dá ghairm, ní raibh sé i bhfad ina ollamh nuair a rinne sé cúrsa oiliúna do léachtóirí Fraincise i bPáras. Cúrsa leathan ar ardleibhéal a bhí ann, as ar bhain sé an-chuid adhmaid ar feadh a shaolréim teagaisc. Leag sé béim láidir ar ar fhoghlaim sé trí Fhraincis maidir le scileanna na léitheoireachta ar thaobh amháin, agus mar is léir óna chlár saothair, ar an scríbhneoireacht chomh maith. Chreid sé sa teagasc trí mheán na Fraincise, nós nach bhfuil sna hollscoileanna Sasanacha ná i gcorr-ollscoil sa stát seo. Ba mhír thábhachtach dá chúrsaí cleachtadh an aistriúcháin. Níorbh ollamh taighde é den chineál a fhoilsíonn altanna in irisí léannta amháin nó a chuireann seantéacsanna in eagar. Ba nua-aoiseoir é a raibh tuiscint agus meas aige don traidisiún stairiúil. Bhí leithead ina dhearcadh a d’eascair as a eolas ar a liacht teanga agus cultúr: mar a dúirt comhghleacaí, ba ollamh idirdhisciplíneach é ‘avant la lettre’, sula raibh trácht ar a leithéid.

Maidir le leabhra léannta a chur os comhair an phobail, is fíor nach i bhFraincis a scríobh sé formhór a shaothar critice. Ach bhí meas air i gcomhluadair éagsúla sa bhFrainc, mar is léir ó na gradaim a bronnadh air. Thuairimeoinn féin gur samhail eile den ollúnacht seachas an leagan traidisiúnta a bhí aige, de réir a ghníomhartha: teagascóir a rinne iarracht leathnú a dhéanamh ar intinn a chomhdhaoine agus ar dhíospóireachtaí trí tharraingt as na samplaí a bhí ar fáil aige sa bhFraincis. Chuir sé cuid de na samplaí sin ar fáil do phobal léite na Gaeilge – agus na hÉireann, bhí súil aige – trí mheán cuid mhór aistriúcháin.

Thug sé faoi leathnú a dhéanamh ar réimse smaointe an Chaitliceachais in Éirinn trí thrácht ar smaointeoireacht ón Fhrainc: leithéidí Blaise Pascal ón 17ú aois agus Jacques Maritain sa 20ú aois agus trí Smaointe Phascal a aistriú, dúshlán casta a sháraigh sé go slachtmhar. Má bhí fríd den dúshlán san obair sin do dhaoine, níor mhiste leis sin. Téacsanna i gcanóin liteartha na Fraince cuid mhaith dár thiontaigh sé: Gargantua Rabelais, aistí Montaigne, Pascal, fabhalscéalta La Fontaine, dánta iomráiteacha na Fraincise (sa gcnuasach Ón Fhraincis, Cló an Lagáin/Fortnight, 1994). Ba mhian leis múnlaí stíle, ábhar agus toise Eorpach a chur ar fáil trín obair sin.

Tá an-chuid ráite agus scríofa faoina shaothar i ngort na Gaeilge ach níorbh ollamh le Gaeilge ar strae sa Fhraincis a bhí ann. Chruthaigh sé cnuasach de leaganacha Fraincise de shaothair thábhachtacha Gaeilge ón 16ú haois go dtí an 20ú haois mar chuid d’fhiontar ollmhór an Patrimoine Littéraire Européen, a foilsíodh in 12 imleabhar (2000). Chuir sé oiliúint ar mhic léinn dá chuid le bheith ina gcriticeoirí i ngort na Fraincise, daoine ar nós Pádraig Ó Gormaile agus Mícheál Ó Duibhir a shaothraigh réimse na litríochta Caitlicí as Fraincis. Bhí an curaclam a leag sé féin roimh na mic léinn leathan agus bunaithe ar chanóin litríochta na Fraince ó aimsir an Renaissance aniar, gan aon chol le scríbhneoirí ar nós Voltaire, lucht an tsoilsithe nó lucht an eiseachais.

Agus a shaothar as Gaeilge faoi chaibidil, is dócha nach n-aithnítear a mhéid agus a tharraing sé múnlaí Fraincise chuige. Is í an tsamhlaoid chéanna atá mar bhunús le Citadelle le Antoine de Saint-Exupéry agus Néal Maidine agus Tine Oíche, ceannaire ag machnamh ar dhálaí a mhuintire. Foilsíodh alt comparáide idir an dá shaothar ar Irisleabhar Mhá Nuad. Níos deireanaí thiontaigh sé Le Petit Prince le Saint-Exupéry freisin. Lean An Branar gan Cur eiseamláir La Modification le Butor - cuntas ar thuras traenach cinniúnach, inste sa dara pearsa.

Bhí súil aige ar Dictionnaire analogique Larousse agus Gaoth an Fhocail-Foclóir Analógach á chur le chéile aige. Sraith téacsleabhra litríocht Fhraincise Lagarde et Michard, uirlis atá coitianta sna scoileanna thall, b’inspioráid agus ba mhúnla don tsraith Manuail de Litríocht na Gaeilge. An cur chuige céanna iontu araon: comhthéacs agus cur i láthair an tsaothair agus an údair, sliocht, ceisteanna agus cleachtaí. Sárshaothar é seo, inar chuir an Doibhlineach léargas uileghabhálach ar stair litríocht na Gaeilge ó 1500 ar aghaidh ar fáil, ag tarraingt ar fhoinsí neamhfhoilsithe nuair ba ghá. Gheofar ann léargas úr ar stair na hÉireann, go háirithe i mblianta an ghabháltais, toradh machnaimh fhadtréimhsigh an Doibhlinigh ar na ceisteanna crua a bhain leis. Chuir sé sleachta as saothair Eorpacha isteach sna himleabhair, mar léiriú ar a cheangailte agus a bhí cumadóireacht na Gaeilge agus tíortha eile. Tharraing Breandán ar an taighde a bhí déanta aige le haghaidh an Patrimoine littéraire agus é ag cur a rogha téacsanna i dtoll a chéile.

Ag féachaint siar ar na saothair Franca-bhunaithe seo (mar a déarfaí inniu), ba é tionscadal an Doibhlinigh uirlisí machnaimh agus foinsí úra a thabhairt isteach sa nGaeilge, agus as sin, isteach i saol na hÉireann. Smaointeoireacht chórasach, modh criticiúil, nua-aoiseachas, comparáid idirchultúrtha agus idirnáisiúnta (Eorpach go háirithe, Críostaí freisin), is iad sin tréithe an chonair a d’fhág sé mar oidhreacht ag a lucht léite agus éisteachta. Ag oscailt fuinneog in Éire an 20ú haois a chuaigh sé; go deimhin ba chuid dá sprioc athoscailt fuinneoga a raibh cuirtín orthu ó mhaolaigh ar imirce na nÉireannach chun na mór-roinne tar éis an 18ú haois. B’idirnáisiúnaí é. Chuaigh sé go dtí na tíortha iasachta agus don Fhrainc thar thír ar bith acu ‘ag déanamh an eolais chun an tobair seo do Chlanna Gael’ mar a dúirt Ultach eile.