Siarmhíniú...

Fachtna Ó Drisceoil
Siarmhíniú...

Tá daoine in oirthear na hEorpa ag éirí bréan de dhaoine in iarthar na hEorpa a bheith ag míniú cúrsaí dóibh, a deir Fachtna Ó Drisceoil

Ní lia duine ná tuairim ach tá scoláirí agus iriseoirí oirthear na hEorpa éirithe bréan de scoláirí agus tráchtairí ón iarthar ag iarraidh cúrsaí oirthear na hEorpa a mhíniú dóibh gan aon aird a thabhairt ar ghuthanna ón réigiún sin, éirithe bréan de chaint faoin Úcráin agus tíortha eile sa réigiún ar nós gur páistí iad go bhfuil na daoine fásta – Meiriceá/NATO/An Rúis ag troid fúthu, éirithe bréan de nach glacann a lán tráchtairí san iarthar go dáiríre leis an smaoineamh gur tíortha neamhspleácha iad le toil agus mianta dá gcuid féin, éirithe bréan de nach nglactar leis go mb’fhéidir go bhfuil tuiscint éigin acu ar a stair féin agus ar cad tá ar a leas féin i gcúrsaí slándála agus geopholaitiúla. Tá siad tosaithe ag úsáid an téarma Béarla Westsplaining chun cur síos a dhéanamh ar an bhfeiniméin seo. Táimse chun Siarmhíniú a thabhairt air sin san alt seo ach beidh fáilte roimh mholtaí i gcomhair leagan Gaeilge níos fearr.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Fachtna Ó Drisceoil