An seanreacht ag imeacht

Máirín Ní Ghadhra 
An seanreacht ag imeacht

Ach a mbeidh cúrsaí buiséid réitithe, níl aon amhras ach gur ar na toghcháin ar fad atá beartaithe an bhliain seo chugainn a bheidh na polaiteoirí ag díriú, a deir Máirín Ní Ghadhra

Beidh muid ar fad ag réiteach an fómhar seo do dhúshláin an gheimhridh – páistí ag filleadh ar an scoil, costais fuinnimh, costais bhreosla agus dorchadas na n-oícheanta fada, gan trácht ar gheimhreadh fada tar éis na báistí ar fad. A fhearacht sin ag na polaiteoirí a bheidh ag filleadh ó bhriseadh an tsamhraidh ar an 20 Meán Fómhair. Tá liosta le háireamh de cheisteanna a gcaithfear díriú orthu.

Beidh an chaint i measc an phobail cloiste acu sna seachtainí seo caite. Beidh tuairim níos fearr acu de na ceisteanna agus na nithe atá ag déanamh tinnis dóibhsean a mbeidh siad ag súil le vótaí uathu gan achar rófhada. Beidh léargas níos fearr acu – má éisteann siad – ar na háiteanna a bhfuil an bhróg ag luí ar dhaoine. Níl aon amhras ach go raibh ceist na tithíochta ar an gceist ba mhó a ndearnadh trácht uirthi sa bpolaitíocht le cúpla bliain anuas. Ní léir, ainneoin a ndeir an rialtas, go bhfuil cúrsaí feabhsaithe rómhór ar an ábhar sin. Tá líon na ndaoine gan dídean ag ardú go leanúnach. Ag an tráth seo bliana, lóistín nó ganntanas lóistín do scoláirí tríú leibhéal an cheist is mó, chomh maith leis an gcíos scannalach a ghearrtar a thionóntaí.

Tá sé dhá bhliain ó d’fhoilsigh an rialtas Tithíocht do chách agus tá daoine, go háirithe páirtithe an fhreasúra, cáinteach ar a laghad dul chun cinn atá déanta. Seo na páirtithe céanna a deir go dteastódh cúig bliana uathu féin leis an ngéarchéim a réiteach.

Beidh súil le bearta sa bhuiséad faoi cheann roinnt seachtainí le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna le tithíocht agus easpa dídine. Beidh súil ag daoine atá ag obair le ciorruithe cánach – bunaithe ar ghealltanais atá á dtabhairt ag an Taoiseach agus roinnt airí de chuid Fhine Gael. Beidh súil ag teaghlaigh atá faoi bhrú as costais fuinnimh agus bhreosla le tacaíocht mar a tugadh anuraidh.

Bíonn an Roinn Sláinte chomh maith leis an Roinn Oideachais ag iarraidh airgead breise. Tá ospidéal leanaí le críochnú sula n-ardaíonn an costas mórán eile. Theastódh athchóiriú a dhéanamh ar scoileanna a ndearnadh faillí orthu nuair a thit cúrsaí as a chéile cúig bliana déag ó shin. Tá infheistíocht ag teastáil le haghaidh spriocanna aeráide agus eagraíochtaí cultúrtha.

Cén dochar? a deir tú. Nach bhfuil neart airgid againn? Tá an ciste a thagann ón gcáin chorparáideach flúirseach go fóill. Tá, go deimhin, nó go mbeidh a mhalairt amhlaidh. Deir saineolaithe airgeadais go bhfuil muid ag brath an iomarca ar an gciste céanna. Deir cuid de na polaiteoirí an rud céanna. Teastaíonn ó na h-airí sa Roinn Airgeadais a bheith ciallmhar leis an airgead atá againn agus cuid de a chur de leataobh do lá na coise tinne.

Tá sé an-deacair ag aon pholaiteoir, cuma cé chomh stuama agus atá sé nó sí, diúltú d’éilimh ó mhuintir a ndáilcheantair tráth a bhféadfadh toghchán a bheith ar na bacáin gan mhoill. Deir an Taoiseach linn nach mbeidh toghchán ann go mbeidh tréimhse an chomhrialtais reatha rite, ach cá bhfios?

Tá an rialtas gan móramh cé is moite den tacaíocht a fhaigheann siad ó Theachtaí neamhspleácha. Ní dream iad sin a bhíonn ag iarraidh toghcháin luath ach ní féidir riamh a bheith cinnte cá dtarlóidh botún nó timpiste a chuirfidh cúrsaí de dhroim seoil.

Beidh conspóid RTÉ ag fanacht leis an rialtas agus leis na Teachtaí Dála nuair a fhillfidh siad ar Thithe an Oireachtais. Tá an scéal ligthe i ndearmad de bheagán le roinnt seachtainí ach beidh fearg i measc an phobail má fhógraítear sa gcáinaisnéis go bhfuil leithdháileadh mór breise le fáil ag an gcraoltóir náisiúnta mar go bhfuil daoine éirithe as íoc a gceadúnais teilifíse.

Ach a mbeidh cúrsaí cáinaisnéise réitithe, níl aon amhras ach gur ar na toghcháin ar fad atá beartaithe an bhliain seo chugainn a bheidh na polaiteoirí ag díriú. Cé nach bhfuil súil ag a bhformhór go mbeidh olltoghchán ann roimh na toghcháin Eorpacha agus áitiúla sa samhradh, beidh siad ag stocaireacht leo go géar agus ag faire na leidí atá le fáil sna toghcháin sin ar thuairimí an phobail.

Ní chaitheann vótóirí mar an gcéanna le toghcháin Eorpacha agus áitiúla. Déantar idirdhealú idir na toghcháin agus na rólanna a bhfuil daoine dá dtoghadh chucu. Mar sin féin, faightear tuairim mhaith faoi chúrsaí ó na toghcháin áitiúla, go háirithe faoi mhianta an phobail agus na réalta nua polaitíochta a bheidh ag teacht ar an bhfód. Is é mo sheanchuimhne iarrthóir óg darbh ainm Leo Varadkar ag fáil trí chuóta nuair a sheas sé den chéad uair do Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas.

An cheist atá le réiteach anois ag na páirtithe atá sa gcomhrialtas reatha ná cén uair is tairbhí dóibh olltoghchán a ghairm ionas go mbainfidh siad tuisle as mianta Shinn Féin. Cé go raibh laghdú ar thacaíocht Shinn Féin i bpobalbhreith ag tús an tsamhraidh, léirigh an phobalbhreith is déanaí go bhfuil téarnamh déanta acu. Measann lucht áirimh na suíochán go bhféadfadh suas le trí scór Teachta a bheith acu sa gcéad Dáil eile. Teastóidh leathbhádóir uathu. Cé go ndeir ceannaireacht Shinn Féin gurbh fhearr leo comhrialtas de pháirtithe ar an eite chlé, tá gach cosúlacht ann gur beag a bheidh fágtha ar an eite chlé má éiríonn le Sinn Féin os cionn 30% den vóta a fháil.

Níl ag éirí leis an Lucht Oibre aon dul chun cinn a dhéanamh faoi cheannaireacht Ivana Bacik; ní léir ach an oiread go bhfuil aon bhorradh réabhlóideach i ndán do na Daonlathaithe Sóisialta faoi cheannaireacht Holly Cairns agus is buille mór do Phobal Seachas Brabús Bríd Smith a bheith ag éirí as. Cá bhfágann sin na roghanna comhrialtais do Shinn Féin? Ní léir go mbeidh an Comhaontas Glas chomh láidir agus go mbeidh siad in ann cuidiú leo agus tá sé róbhaolach a bheith ag brath ar thacaíocht ó dhaoine neamhspleácha.

Fianna Fáil mar sin, nó Fine Gael. Deir Fine Gael nach rachaidh siad i gcomhrialtas le Sinn Féin mar gheall nach n-aontaíonn siad lena seasamh ar cheisteanna eacnamaíochta. Tuigeann muid ar fad go ndéantar dearmad ar an gcineál sin cainte nuair a bhíonn an toghchán thart. Tá sé spéisiúil, mar sin féin, go bhfuil seasamh glactha ag an bpáirtí tamall maith sula mbeidh aon chaint ar vóta a chaitheamh.

Ní hamhlaidh d’Fhianna Fáil. Bíonn an Tánaiste, Micheál Martin, fíochmhar sa cháineadh a dhéanann sé ar Shinn Féin sa Dáil ach níl sé chomh diongbháilte in aghaidh a bheith i gcomhrialtas leo agus a bhíodh. Níl aon bhealach go bhféadfadh an dá pháirtí aontú ar pholasaithe áirithe, a deir Micheál Martin ach níl comhrialtas curtha go hiomlán as an áireamh aige. Tá tuairimí éagsúla taobh istigh den pháirtí freisin – eite amháin den tuairim gurb iad Sinn Féin an rogha is fearr don pháirtí agus eite eile glan ina n-aghaidh. Cé a cheapfadh trí bliana ó shin go mbainfeadh Fianna Fáil agus Fine Gael ceart dá chéile? Tá imní sa dá pháirtí go bhfuil dochar déanta ag an socrú reatha dóibh agus go mbeidh sin le feiceáil i dtorthaí an chéad olltoghcháin eile.

I ndeireadh an lae, caithfear socrú a dhéanamh. Chinntigh Fianna Fáil agus Fine Gael nach mbeadh Sinn Féin i gcumhacht tar éis an toghcháin in 2020. Rinne Sinn Féin botúin a chinntigh nach raibh siad chomh láidir agus a d’fhéadfaidís a bheith. Creideann go leor den phobal, faoi láthair, go bhfuil sé in am fáil réidh leis an seanreacht. An gcreidfidh siad sin i bhfómhar na bliana seo chugainn? An dtabharfaidh siad teachtaireacht sách soiléir do na polaiteoirí? Cuma cén chaint a dhéanfar an fómhar seo, beidh pé socruithe a déantar ag brath ar an méid a chuirfidh an pobal in iúl ag boscaí ballóide as seo go ceann bliana nó mar sin.

Máirín Ní Ghadhra 

Is iriseoir agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra. Tá na leabhair Taibhse an Dá Thaobh, Lámh Mharbh Abú!, scríofa aici, agus aistriúchán déanta aici ar An Cúigear Cróga (The Famous Five): A Lazy Afternoon, agus ar an sraith Dónall Dána (Horrid Henry).