spéir ina tost in memoriam Sinéad O’Connor

Ceaití Ní Bheildiúin

luite go dlúth le titim is éirí na dtonn eitlím
níl uaim nach bhfuil agam
corraíonn comhairle an éinín im chuimhne

sióg d’ór thú trí shraitheanna mo mheabhrach
is leagann tú cosán solais romham
a siúlaim air cosnocht go réidh

thar an aigéan is ar aghaidh trasna fásaigh
trí shráidbhailte tréigthe ag éirí ar sciathán arís
os cionn na reiligí na dtuamaí an bháis

an spéir ina tost
gach dath ag iompú go gorm