‘An bhfuil an cogadh uainn sa Rúis?’

‘An bhfuil an cogadh uainn sa Rúis?’

Chun eolas cuí a fháil ar phobal ar bith, caithfimid a gcuid litríochta a léamh. Is amhlaidh i gcás na Rúise, a deir Garry Bannister

Táim pósta le Polannach le beagnach caoga bliain anois agus is cuimhin liom go maith conas mar a chaitheamar na chéad ocht mbliana dár bpósadh i Moscó. Cé gur annamh na laethanta suaite seo go dtéimidne ar ais chun na Rúise, is minic fós go mbímid ar saoire i Vársá le cuairt a thabhairt ar ár ngaolta agus ar chairde ann. Mar sin, tá taithí measartha fada agam, mar Éireannach, ar an chaidreamh nó ar an easpa caidrimh, atá le sonrú idir an Pholainn agus an Rúis. Ach mar ‘leoithne isteach’ mar a déarfá, is féidir go mbeadh súil eile agamsa ar chúrsaí staire agus ar an gcaidreamh idir an dá thír ná mar a bheadh ag mo chairde
ón Pholainn.

Tá sé fíor gur shínigh Stalin agus Hitler conradh i 1939 a d’áirigh ionsaí trúpaí na Sóivéide ar oirthear na Polainne, ach caithfimid cuimhneamh fosta nach raibh sé ach bliain roimhe sin ó ghlac an Pholainn féin páirt i mbriseadh suas na Seicslóvaice nuair a ghabh sí an réigiún Zaolzie di féin.

Ag deireadh an chogaidh, in ainneoin cúnamh Arm Saor na Polainne ar son na gComhghuaillithe, dhíol Churchill na Polannaigh lena n-ollnamhaid, Stalin, ag fágáil na Polainne faoi ghreim thionchar na Rúise ar feadh na mblianta fada go dtí gur thit an tAontas Sóivéadach as a chéile um Nollaig 1991.

Scríobh filí ar nós Wisława Szymborska, Czesław Miłosz, agus Zbigniew Herbert faoi streachailt na Polainne ar son a saoirse polaitiúla agus an dóchas a bhí acu an Pholainn a shaoradh ó chuing throm na Sóivéadach. Agus bhí a lán den chultúr pobail Polannach sna seachtóidí agus sna hochtóidí freisin a bhí thar bheith míshásta leis an suíomh polaitiúil sa tír. Scríobh an popcheoltóir Jacek Kaczmarski an t-amhrán ‘Mury’ ‘Ballaí’ ar a raibh an-cháil sna seachtóidí:

Wyrwij murom zęby krat,

Zerwij kajdany, połam bat.

A mury runą, runą, runą,

I pogrzebią stary świat!

Stoith fiacla barraí na mballaí,

Bris na slabhraí ‘s lasc an lae.

Scrios na ballaí, scrios, scrios, scrios,

Go gcuirtear an seansaol seo fán chré!

Ón uair gur ghoid Stalin tailte na Polainne ar a ngabh sé seilbh de réir an phrótacail rúnda idir é féin agus Ribbentrop i Lúnasa 1939, níor tugadh riamh na tailte goidte sin ar ais don Pholainn agus ba mhinic roimh shaoradh na Polainne ó chuing throm na Sóivéide i 1989 go gcloistí rainn aoracha amhail: Jedna bomba atomowa, znów wrócimy się do Lwowa/ ‘Buama amháin mór adamhach is fillfimid arís go Lvov!’ Bhí ansmacht Stalin ina thréimhse uafáis do na Polannaigh gan aon dabht.

Ach má tá cúis ag na Polannaigh eascairdeas a chothú i leith na Rúise, tá an dá oiread sin de chúiseanna ag na hÚcránaigh. Ní gá dúinn ach cuimhneamh gasta a dhéanamh ar na tríochaidí scanrúla nuair a d’eagraigh Stalin gorta uafásach ar fud na hÚcráine ar a dtugtar an Holodomor. Idir na blianta 1932 agus 1933, d’fhág Stalin an pobal Úcránach le bás millteanach a fháil ón ocras trí bhíthin gorta a chur i gcrích inar maraíodh thart ar sheacht milliún duine.

Dá holc is atá gníomhartha Stalin in aghaidh shaoránaigh na Sóivéide agus thíortha eile faoina smacht, caithfear a admháil gur beag pobal a céasadh de dheasca foréigin agus cogaí brúidiúla na hEorpa mar a d’fhulaing muintir na Rúise.

Sa Chéad Chogadh Domhanda, maraíodh timpeall 1.8 milliún saighdiúir Rúiseach, agus thart ar 1.5 go 2 mhilliún duine eile de dheasca imeachtaí a bhí gaolmhar leis an gCogadh Mór - gortaí, galair, ionsaithe gáis agus eile.

Sa Dara Cogadh Domhanda (i. ‘An Cogadh Mór Tírghrách’ mar a thugtar air sa Rúis), meastar go bhfuair idir 8.6 milliún go 10.6 milliún saighdiúir Sóivéadach bás, agus is féidir 19 milliún go 20 milliún sibhialtach Sóivéadach a chur leis an uimhir sin fosta; saoránaigh a fuair bás ó ghníomhartha míleata, léigir (m.sh. Léigear Leningrad) agus sléachtanna cinedhíothacha a rinneadh go forleathan.

Mar sin is soiléir cén fáth go bhfuil muintir na Rúise, níos mó ná aon phobal Eorpach eile, ar lorg na síochána buaine lena gcomharsana. Tá tuile mhór de litríocht de chuid na Sóivéide dírithe ar thábhacht na síochána don chine daonna agus do mhuintir na Rúise, ach go háirithe. Sa dán cáiliúil le hEvgení Yevtuhenko Хотят ли русские войны?’ ‘An bhfuil an cogadh uainn sa Rúis?’, labhraíonn an file go soiléir faoin dóchas coitinn úd atá neadaithe go daingean i gcroí a phobail féin. Seo mar a chríochnaíonn an dán sin:

Да, мы умеем воевать,

но не хотим, чтобы опять

солдаты падали в бою

на землю грустную свою.

Спросите вы у матерей,

спросите у жены моей,

и вы тогда понять должны,

хотят ли русские войны.

Sea, tuigimid conas troid le rath,

Ach nílimid ag dréim le cath

le cailleadh laochra fir is mná

Ar son ár muintire i bpéin,

Fiafraigh de mo mháthair-se,

Fiafraigh de mo chéile féin,

Go dtuigfeá go soiléir an chúis,

Nach bhfuil an cogadh uainn sa Rúis.

Deir bolscaireacht mheáin chumarsáide an Iarthair gur ‘Hitler’ nua atá in Putin ach is léir do dhuine ar bith a bhfuil eolas dá laghad aige nó aici ar stair na n-imeachtaí suas go dtí ionsaí na Rúise ar chríocha na hÚcráine, go ndearna Putin chuile rud ab fhéidir leis chun an cogadh sin a sheachaint. Cé gur gheall Rúnaí Stáit Mheiriceá, James Baker, d’Aire Gnóthaí Eachtracha na Sóivéide, Eduard Shevardnadze, tar éis titim Bhalla Bheirlín nach mbogfadh fórsaí NATO ‘orlach níos faide ná teorainneacha oirthear na Gearmáine’, níor chloígh Meiriceá leis an ghealltanas sin agus faoi dheireadh thosaigh NATO ag lonnú a gcuid diúracán ar chríocha na hÚcráine atá díreach feadh líne iarthair na Rúise. Cuimhneoidh éinne atá ar comhaois liomsa an scéin agus an t-uafás a bhí ar fud an domhain i 1962 nuair rinne Khrushchev iarracht roicéid de chuid na Rúise a bhunú sa Chúba. Ba bheag nár cuireadh tús leis an Tríú Cogadh Domhanda ag an am. Rinne Putin Minsk 1 agus Minsk 2 a shíniú le Zelenskí agus na conarthaí síochána sin dearbhaithe ag Seansailéir na Gearmáine, Angela Merkel, ach sháraigh an Úcráin an dá chonradh úd. Ansin, i dtosach an chogaidh i mí Feabhra 2022, níorbh fhada go raibh aontú sealadach aimsithe idir Dmitry Kozak, toscaire na Rúise chun na hÚcráine, agus ionadaithe de chuid na Rúise. Agus arís feicimid go bhfuil an Rúis ar lorg réiteach síochánta a aimsiú. Is ansin a thagann Boris Johnson ar an láthair chun an chaidhp bháis a chur ar an dóchas deiridh síochána sin fosta.

Maidir le cogaí iasachta, ní raibh an drogall céanna i gcónaí ar an Rúis, áfach. Ar an liosta fada d’ionsaithe eachtrannacha na Rúise, tá na cogaí líonmhara idir Moscó agus Laitvia sa 14ú agus sa 16ú haois; na cogaí a bhíodh á bhfearadh aici ar thailte na Fionlainne, ina measc: An Cogadh Mór Thuaidh ó 1700 go 1721 agus an Cogadh Rúiseach-Sualannach ó 1788 go 1790, gan trácht ar rannpháirtíocht na Rúise i gcríochdheighilt na Polainne ar feadh 143 de bhlianta ó 1775 go 1918.

Ach tugaimid faoi deara athrú mór ag teacht ar mheon aos léinn agus dána na Rúise, tar éis ionradh Napoleon ar a dtír sa bhliain 1812; ionradh a d’fhág a mharc dodhearmadta ar shochaí, comhfhios agus cultúr phobal uile na tíre sin.

Bhí an scrios agus an fhulaingt dhaonna sa tréimhse iar-Napoleon ina théama suntasach i litríocht na Rúise. Rinne a lán scríbhneoirí iarracht ar dhul i ngleic le himpleachtaí an chogaidh ar a dtír dhúchais. I measc na laochra móra liteartha a chuaigh i mbun an téama sin a fhorbairt ina saothar, bhí Lev Tolstoi. B’fhéidir go mba chruinne dúinn a rá nach bhfuil Война и мир/ Cogadh agus Síocháin le Lev Tolstoi ina úrscéal stairiúil amháin ach ina iniúchadh fada fealsúnachta ar nádúr an duine agus ar fhoinsí an chogaidh a scriosann an bheatha shíochánta. Ar shlí, is tráchtas liteartha é ar bhunchúiseanna na fulaingthe daonna mar a bhaineann siad le cogadh ar bith. Trí imeachtaí i saol a charachtar, cuireann Tolstoi in iúl dúinn an t-uafás dochreidte a bhíonn ag baint le cogadh agus an dola síceolaíoch is mothúchánach a bhíonn le híoc ag an duine agus ag an tsochaí i gcoitinne dá dheasca.

Ceann de na gnéithe is suntasaí den saothar Cogadh agus Síocháin is ea a léiriú ar Chath Borodino. In áit an cath a ghlóiriú, déanann Tolstoi cur síos air mar imeacht anordúil atá gan aon chuspóir fiúntach; ócáid staire thragóideach ina bhfaigheann na mílte duine bás gan fáth ná aon dea-thoradh intuigthe le baint as. Cloisimid smaointe Tolstoi i gcaint an Phrionsa Andrei Bolconscaí atá ar tí bás a fháil óna chuid créachtaí catha agus é ag labhairt lena leannán, Natasha Rostova:

‘Sea, sea, tá chuile rud faoin ghrá,’ a dúirt sé le bua beag agus le muinín chiúin. ‘Agus níl aon rud eile ann... Níl, ann ach an t-aon rud amháin, an t-aon rud luachmhar amháin...,’ agus é ag caint i gcogar léi, ag miongháire. ‘Ach smaoinigh air seo, cad tá cruthaithe acu, cad tá déanta acu? Cad is cogadh ann? Is salachar é, is gránnacht é, is uafás é... Anois feicim go soiléir, tuigim i gceart... tá gach rud gan chiall’.

Ní raibh Tolstoi, áfach, ina aonar mar scríbhneoir ag cumadh saothar in aghaidh na gcogaí míleata a bhí ar siúl ag an Rúis ag an am. Scríobh Vasily Andreyevich Zhukovsky (1787 – 1852), file an-tábhachtach ón 19ú haois, i ndán a bhfuil cáil mhór fós air: ‘Мир’/’Síocháin’: ‘Tá an tsíocháin níos uaisle ná bua ar bith agus níos uaisle ná cogadh ar bith.’

Is iomaí saothar ina scrúdaíonn Fyodor Dostoevskí fadhbanna an fhoréigin – úrscéalta amhail: Идиот/‘An tAmadán’ Братья Карамазовы/ Na Deartháireacha Karamazov agus Преступление и наказание/ Coir agus Pionós. Bíonn na saothair sin uile ag plé le hiarmhairtí tubaisteacha an fhoréigin a eascraíonn as corbadh agus éilliú an duine. Déanann Dostoevskí coimriú cuimsitheach ar a mheon féin sa saothar: Дневник Писателя/Dialann an Scríbhneora ina léimid an ráiteas: ‘Ní mhéadaíonn an cogadh an ghlóir, ach cuireann sé le hanró.’

Agus gan amhras ba é Ivan Turgenev, údar an dráma cháiliúil: Отцы и дети/Aithreacha agus Leanaí is mó a léirigh an déistin nimhneach a bhí aige don chogaíocht agus d’iarmhairtí dosheachanta an fhoréigin ar an gcine daonna nuair a luann duine dá charachtair sa dráma sin: ‘Níl aon rud níos uafásaí ná an cogadh; déanann sé duine neamhdhaonna agus déanann sé scrios ar a anam.’

Inniu sa Rúis, tá imeachtaí an Dara Cogadh Domhanda fós an-bheo i gcuimhne na ndaoine agus go bríomhar le haithint i meon scríbhneoirí nua-aimseartha freisin. Scríbhneoirí cosúil le Liudmila Ulitskaya a leagann béim ar shaincheisteanna a bhaineann le cogadh agus díláithriú, Boris Akunin, scríbhneoir nua-aoiseach a bheadh mar fhreagra na Rúisise ar ár n-údar féin de scéalta bleachtaireachta, Anna Heusseff, agus fosta Vladimir Sorokin a úsáideann aoir bhinbeach ina chuid leabhar chun na contúirtí a bhaineann le maorlathas a léiriú; an meon ‘státseirbhíseach’ úd a chuireann an tsíocháin agus an tsaoirse i mbaol de dheasca na soiniciúlachta agus na neamhairde.

Chun eolas cuí a fháil ar phobal ar bith, caithfimid a gcuid litríochta a léamh, cultúr agus béasa a dtíre a bhlaiseadh, a stair agus a saol dúchais a thuiscint. Chun deireadh an fichiú haois bhí mothú láidir ann go bhféadfaimis a leithéid a bhaint amach. Le titim Bhalla Bheirlín bhí droichid dóchais nua idir pobail an Iarthair agus muintir thíortha an Oirthir tar éis blianta fada den Chogadh Fuar.

Ach, faraor, táimid ar ais arís ag maireachtáil faoi scáth an chogaidh núicléach. Nach soiléir do chách inniu murar féidir linn comhthuiscint chiallmhar a athbhunú eadrainn féin mar chine daonna, go gcaillfimid na taiscí raidhsiúla atá ar fáil i gcultúir iasachta eile an domhain, mar aon leis an deis lómhar úd a sholáthraíonn taithí shaolta na gcultúr sin chun urraim chuí a bhronnadh ar a chéile agus saol sócúlach síochánta a chruthú dúinn féin agus don chine daonna
i gcoitinne.