An grá is an bhá

Ní leor léacht faoin litríocht agus an chogaíocht – is gá machnamh ‘le gean is le báúlacht’, a deir Róisín Ní Ghairbhí

Sa tsraith alt ‘Litríocht Mhionlaigh agus/nó Litríocht Dhomhanda’ a foilsíodh san iris seo i mí Eanáir 2015, d’áitigh an tOllamh Máirín Nic Eoin go raibh deis ann samhail nua a chur chun cinn don Ghaeilge:

Má athraímid an fócas ó bhonn, áfach, agus má fhéachaimid ar litríocht na Gaeilge mar nasc leis an domhan mór, b’fhéidir gur féidir linn éalú ar feadh seal - nó éalú ar fad - ó chuid de na seancheisteanna (ceisteanna faoin ngaol idir litríocht na Gaeilge agus na pobail agus na timpeallachtaí a léiríonn sí, mar shampla) agus ceisteanna nua níos spreagúla a chur ina n-áit. Sílim go bhfuil an t-athchoincheapadh seo riachtanach faoi láthair, go háirithe má chreidimid go bhfuil ról ag na healaíona i mbuanú na teanga nó go bhfuil ról buan le bheith ag an teanga mar mheán cruthaitheach féintuisceana agus féinanailíse.

Ba mhaith liom tús machnaimh a dhéanamh anseo ar bhealaí leis an ról nua sin a chur chun feidhme. An Ríordánach a d’fhógair nach raibh ‘áit ar fud na cruinne nach ann a saolaíodh sinne’. Cloistear go minic faoin mbá atá ag Gaeil le cás an té atá basctha ag cogaíocht agus iad faoi chois an choilínitheora. Ach tá a mhalairt de shúil eile ar fáil chomh maith, mar a thuig an Ríordánach go maith. Ach machnamh seal, ‘le gean is le báidhíocht’ ar son na bpobal atá basctha ag cogadh an amhlaidh gur féidir fíorchiall cuid de chanóin na litríochta Gaeilge a thuiscint as an nua, nó í a thuiscint ar bhealach a bhfuil brí agus cumhacht léi arís?

Tá focail áirithe sa Ghaeilge calctha nó tá a mbrí tréigthe ceal úsáide nó ceal comhthéacs. Cé a thuigfeadh focail mar ‘meirdreach’; ‘deorach’, ‘créachtach’, ‘buartha’ agus Éire anois, de réir dealraimh, báite le hairgead? Tuigimid éirim na bhfocal seo ach an dtuigimid an bhrí agus an tionchar a bhain leo tráth go raibh Éire suaite, basctha, brúite? Is samhail dheoranta é sin dúinn. Is deacair dúinn ionannú leis, agus dá bhrí sin, is deacair dúinn fíorbhrí dánta agus sleachta áirithe a thabhairt linn. Ach geit nua a bhaint as na dréachtaí canóna seo, trínár samhlaíocht a chur ag obair ar bhealaí nua, d’fhéadfaí aisghabháil a dhéanamh ar oidhreacht litríochta a bhfuilimid, dar liom, scoite amach uaithi de bheagán.

Ach an tsamhlaíocht a adhaint trí mhachnamh, le ‘gean is báidhíocht,’ ar phobail bhasctha ár linne féin, is fearr a thuigimid brí dánta na mórfhilí Gaelacha. Bhain an file Michael Hartnett geit nua as seandán nuair a leag sé béim ar an mbrí agus an mothú a bhraithfeadh éisteoirí a aoise féin as línte ó ‘An Longbhriseadh’ le Dáibhí Ó Bruadair.

d’imircibh leanbh is mbanaltran mbuaidheartha
ó Sionainn go Leamhain fá ainimh ag ualfartaigh, (Dáibhí Ó Bruadair, 17ú haois)

And women and children, sorry refugees

From Limerick to Kerry crying out in fear

(aistrithe ag Michael Hartnett i 1985)

Ar bhonn eitice chomh maith, ní mór dúinn an dúshlán samhlaíochta a shárú. Tá tuiscint ó dhúchas ag lucht éigse ar ról na litríochta an fhírinne a fhógairt agus a dheimhniú. Féach gurbh iad oirfidigh na hÉireann a bhí chun tosaigh agus baghcat ar siúl ar Fhéile cheoil SXSW, féile a raibh ceangal aige le lucht soláthar airm. Agus an bhuíon ceoltóirí ag fógairt gur chóir soláthar airm a choimeád glan ó shaol an cheoil agus na héigse, bhíodar ag cur snáithe eile le tuiscint éigse Gael nach dual do na healaíona foréigean. Is tearc na téacsanna Gaeilge a dhéanann móradh ar fhoréigean agus ar chos ar bolg.

Braithim gur le pictiúr dár gcomhbhráithre agus ár gcomhshiúracha agus iad ar a dteitheadh ina slua coisithe ó shléacht Gaza nó ag teitheadh ar thraein ón Úcráin is cóir tosú ar mhúineadh ábhar litríochta na seachtú haoise déag agus na tragóidí a dtráchtar iontu inti. Abraimis ‘dílárnú pobail’, téarma comhaimseartha UNCHR, agus sinn ag caint ar a bhfuil faoi thrácht i bhfilíocht na seachtú agus ochtú haoiseanna déag. Pléimis dílárnú pobal agus sinn ag léamh Gluaiseacht, sárshaothar Alan Titley faoi dhuine óg a theitheann ó chogadh agus a ndéantar teifeach de. Bainimis leas as focail Uí Bhruadair ansin le cabhrú linn machnamh, le gean is le báidhíocht, ar an mbascadh agus éagóir agus caillteanas a thagann i gceist nuair a chímid ar Sky News ollscoil buamáilte nó teampall réabtha nó leabharlann dóite go talamh.

D’aithle na bhfileadh dár ionnmhas éigse is iúl is mairg do-chonnairc an chinneamhain d’éirigh dhúinn; a leabhair ag tuitim i leimhe ‘s i léithe i gcúil ‘s ag macaibh na droinge gan siolla dá séadaibh rún.

(Ó Bruadair, 17ú haois)

Tá impleachtaí anseo don teagasc chomh maith. Ní leor léacht; is gá machnamh le gean is le báidhíocht. Is gnách liom féin anois léachtaí ar an nGaeilge sa naoú haois déag agus ar thráma an Ghorta a thosú trí íomhánna físe ó Ghorta na hAetóipe sna hochtóidí a chur faoi bhráid na mac léinn. Tá an fhulaingt inchomparáide: cailleadh os cionn milliún duine sa dá Ghorta. Toisc nach bhfuil grianghrafanna ar fáil den Ghorta, agus toisc gur thug formhór de mhuintir na hÉireann cúl leis an teanga a bhain lena bpobal féin a d’fhulaing, tá mar a bheadh bac samhlaíochta ann le fada, bac comhbhá a bheith againn lenár muintir féin. Is gaire dúinn an leanbh ar bhosca Trócaire ná an ball dár muintir féin a cailleadh ar thaobh an bhóthair agus gan iontu ach na cnámha. Nuair a iníslítear do na mic léinn gur mar sin a bhí Éire, baintear stangadh astu. Nuair a insím dóibh, agus an stangadh sin fós le mothú sa seomra, faoin méid a dúirt PW Joyce (agus a thuairiscigh Breandán Ó Madagáin ina dhiaidh) maidir leis an gciúnas in Éirinn tar éis an Ghorta, nuair a d’éirigh pobail áirithe as canadh amhrán, is fearr a thuigeann na mic léinn gur tharla tráma oidhreachtúil a d’fhág scoite amach iad féin ón oidhreacht shaibhir agus ón aigne chruthaitheach ba dhual dóibh. Is ansin atá siad réidh le tuiscint a fháil ar an lón cruthaitheach a ceileadh.

An ar chúrsa reiligiúin nó cúrsa eitice nó cúrsa faoin bpolaitíocht chomhaimseartha is fearr a bhainfear brí as dánta áirithe Gaeilge feasta? An le linn tuairisce ar RTÉ faoi phobal buartha Gaza a aimseoimid an lastas samhlaíochta a ligfidh dúinn brí a bhaint as saothar ár bhfilí féin, nó an trí fhriotal Uí Bhruadair a thuigimid anchás phobal Gaza? Nó cad faoi Aogán Ó Rathaille?

Tír bhocht bhuaidheartha, is uaigneach céasta!
Tír gan fear, gan mac, gan chéile!
Tír gan lúth, gan fonn, gan éisteacht!
Tír gan chomhthrom do bhochtaibh le déanamh!...

Baintreabhach dheorach leointe léanmhar
Staithte brúidhte cúthail créachtach!

(Aogán Ó Rathaille, ‘An Milleadh D’imthigh ar Mhór-shleachtaibh na hÉireann’)

D’aithin an Duinníneach gurbh é an suaitheadh a bhain d’Éirinn ba phríomhábhar do liricí Uí Rathaille:

Most of his lyrical pieces that have reached us are concerned with his country’s sufferings and wounds then bleeding flesh, the decay of her strength, the usurpation of her lands by foreigners, and the expulsion of the old nobility. His mind is never off this theme.

Nár chóir dúinn labhairt ar théama seo Uí Rathaille, agus ar chíoradh filí agus scríbhneoirí eile ar thionchar na cogaíochta ar an gcruthaitheacht agus ar an daonnacht ar bhealaí níos leithne ná ‘an comhthéacs stairiúil’ nó eagráin a chur i gcomparáid? Nár chóir dúinn machnamh ar an saothar mar a bheadh acmhainn meabhraithe eitice ann?

Tá cúis eile eiticiúil ar chóir dúinn tabhairt faoin athmhachnamh comparáideach ilmheáin seo. Cuimhnímis gur chrom Gaeil ar an litríocht mar shlí le buanú a dhéanamh ar luach a sibhialtachta. Mura mbeadh ann ach meabhrú gur cóir luachanna daonna a fhógairt go cruthaitheach is fiú sin. In am na géarchéime, an ‘supreme crisis’ a d’aithin an Duinníneach a bheith i gceist i ré Uí Rathaille, bhí fírinní á bhfógairt i bhfocail a mhisnigh glúnta a bhí fós le teacht ar an saol.

The mission of the Irish ollamh in those troubled days, and in the dark night of the penal times which followed, was to proclaim in words of fire the injustice that was being committed, to divert the people’s attention from present troubles by pointing to a glorious past, and, lest they should fall into despair, to kindle hopes of future deliverance.

Mar an gcéanna léamh Refaat Alaleer ar chumhacht na litríochta:

Má fhaighimse bás,

ní mór duitse fanacht beo

chun mo scéalsa a insint

(…) chun go mbeadh radharc aige

ar an eitleog, m’eitleogsa a dheinis-se, ar foluain in airde,

agus ceapfaidh sé ar feadh meandair gur aingeal é

atá ag tabhairt an ghrá ar ais leis.

Má fhaighimse bás,

bíodh an dóchas tríd,

bíodh sé ina eachtra.

(Refaat Alareer, a dúnmharaíodh
ar an 6 Nollaig 2023, aistrithe ag Gabriel Rosenstock)

Is géire fós an gá le hathfhilleadh ar bhóithre na báidhíochta tráth go bhfuilimid ár mbodhrú ag cleasaíocht focal a cheileann éagóir (‘claon’ ‘gleo’ ‘glafarnach’, ‘fake news’, ‘foireann an Bhéarla’). Sin cúis eile le litríocht na Gaeilge a tharraingt chughainn féin, agus cúis eile lena hathroinnt go cruthaitheach. Tá eitic daonnachta i dtéacsanna áirithe Gael. Fillimis ar an litríocht sin, agus bíodh sí mar ghéarú ar ár a radharc agus mar mhearú ar ár gcoinsias.