Dán nua le Celia de Fréine
An Raidió in Aimsir Chogaidh
Nuair a cuireadh an bhean dhall amach
as a teach, ba í an bhaintreach le cúigear iníonacha
an t-aon duine toilteanach í a thógaint isteach.
Cé go raibh ar na hiníonacha iad féin
a bhrú isteach in aon seomra leapa
in éindí lena máthair,
bhí ríméad orthu – thóg an lóistéir
a raidió léi. Theagasc sí dóibh
seanchairdeagain a roiseadh,
olann nach raibh smolchaite a athchasadh
i scáinní, is geansaithe, nach raibh ach iad
i mbéal an phobail, a chniotáil.
D’oibrigh siad leo, an raidió
ag cnagarnach sa chúlra, fad a thug
guth tuairisc faoinar gortaíodh, ag áitiú
go raibh an lámh in uachtar ag a dtaobhsa.
Bhí caint faoi na gléasanna troda a úsáideadh,
cur síos ar na buamaí ba dheireanaí –
fíricí nár thug na cailíní nó an bhean dhall
suntas orthu. Chuaigh comharsana
ag obair sa chathair is níor fhill.
Chuir gasúir ó thír iasachta fúthu
ar fheirm siar an bóthar – bhí níos mó
ná cniotáil le déanamh acusan – bhí orthu
díoga a thochailt i gcomhair leithreas, an foirgneamh
inar chodail siad a dheisiú. Glasraí a chothú,
ba a chrú, crainn a leagan i gcomhair brosna.
Ná ní raibh raidió acu le héisteacht leis.
Nuair a chas an buachaill ba shine ón
bhfeirm leis an meániníon ag rang
sa choláiste teicneolaíochta, níor labhair siad
faoi éadaí athchruthaithe, ráitis nuachta
ná tochailt leithreas.
D’inis sí dó faoin gclár inar seinneadh
ceol, a craoladh tar éis an dinnéir
Dé Domhnaigh. Ceol a ndamhsóidís leis
an comhaontú síochána sínithe,
a gcosa á gcoinneáil ón talamh
ag na boinn chairtchláir ina mbuataisí.
A nDóthain
Ní raibh ráfla ar bith roimh na saighdiúirí –
ní fhacthas sa bhaile in aice láimhe iad
mar nár éirigh le haon chime an campa a fhágáil.
Cé gur baineadh an glas den gheata
ní raibh éinne acu sách láidir cur chun bóthair
ná ní bheidís ar an eolas faoi cén treo le siúl.
Nuair a shroich na saighdiúirí an campa, b’ábhar iontais
do na cimí an fógra gur scaoileadh saor iad, an bhratach
a ardaíodh os a gcionn, an cineáltas a rinneadh,
go háirithe ar na páistí. Bhain bronntanas an bhia siar
astu freisin, cé go dtuigfí do go leor acu ar ball nach raibh
ar a gcumas a aithint níos mó nuair a bhí a ndóthain acu.