Dán nua le hEibhlís Carcione

Tír ina Caor Thine/ Athair Cráite


Tá Gaza ina caor thine,
na tithe dóite
na pubaill dóite,
na scoileanna
is na hollscoileanna dóite,
na hiarsmalanna
is na leabharlanna dóite.

Sciurdann Mohammed Abu al-Qumsan
óna árasán sealadach
chun teastas breithe
a fháil dá bhába nuabheirthe,
is nuair a fhilleann sé
tá Asser agus Ayssel
i dtaiséadach an bháis.
Craoltar a aghaidh chráite
i gceannlínte nuachtáin
ar fud an domhain,
ach is ionann
a dheora is
braoiníní fearthainne ar fhuinneog,
caisirnín deataigh sa dorchadas,
cleite an cholúir
ar mioneitilt
sa smionagar.

Gearrchaile Gaza



Tá cailín beag bídeach
ag tochtaíl goil
sa bhfothrach in al-Maghazi,
a súile chomh donn le cnónna an fhómhair
a craiceann chomh bán le bainne,
a dlaoithe chomh dubh le gloine ópalach.

Croitheann sí a lámha
anonn is anall
go fíochmhar
ag lorg cúnaimh,
ach ritheann na sluaite thairsti
le fuadar is dithneas.

Ionsaí aeir eile
is tá sí slogtha faoin smúdar,
gan ainm, gan adhlacadh
mar bhábóg bhriste